An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I Réamhráiteach agus Ginearálta) Ar Aghaidh (CUID III Ilghnéitheach)

12 1970

AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH, 1970

CUID II

Deontas Báis, Pinsean Easláine. Pinsean Scoir, Liúntas (Cúram) Seanaoise agus Liúntas Banchéile Thréigthe

Tosach feidhme Chuid II.

3. —Tiocfaidh an Chuid seo den Acht seo i ngníomh an 1ú lá de Dheireadh Fómhair, 1970.

Leasú ar alt 14 d'Acht 1952 (cineálacha agus rátaí sochair agus coinníollacha ranníoca).

1966, Uimh. 16 .

4. —Leasaítear leis seo alt 14 d'Acht 1952 trí na míreanna seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (h) (a cuireadh isteach leis an Acht Leasa Shóisialaigh (Díobhálacha Ceirde), 1966 ) d'fho-alt (1):

“(i) deontas báis,

(j) pinsean easláine,

(k) pinsean scoir.”

Deontas báis.

5. —Déantar leis seo an t-alt seo a leanas a chur isteach in Acht 1952 mar alt 25B:

Deontas Báis

25B. (1) Faoi réir forálacha an Achta seo, beidh deontas báis iníoctha, le cibé duine nó daoine a bheidh forordaithe, ar bhás—

(a) duine árachaithe,

(b) banchéile nó fearchéile duine árachaithe,

(c) baintreach nó baintreach fir duine árachaithe éagtha, nó

(d) linbh cháilithe,

má chomhlíontar na coinníollacha ranníoca iomchuí, ach ní íocfar ach deontas báis amháin de bhua an ailt seo ar aon bhás áirithe.

(2) Chun críocha an ailt seo, ítim 3 de Chuid II den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo agus mír 7 den Cheathrú Sceideal a ghabhann leis ciallaíonn ‘leanbh cáilithe’, duine—

(a) faoi bhun ocht mbliana déag d'aois ar dháta an bháis,

(b) ar a bhfuil gnáthchónaí sa Stát ar an dáta sin, agus

(c) a bhfuil na coinníollacha ranníoca iomchuí le haghaidh deontais bháis gan chomhlíonadh i leith a bháis ag árachas an duine sin nó ag árachas banchéile nó fearchéile an duine sin.”

Pinsean easláine.

6. —Déantar leis seo an t-alt seo a leanas a chur isteach in Acht 1952 mar alt 25C:

Pinsean Easláine

25C. (1) Faoi réir forálacha an Achta seo, tá duine i dteideal pinsin easláine—

(a) má tá sé buan-éagumasach chun oibre, agus

(b) má chomhlíonann sé na coinníollacha ranníoca iomchuí.

(2) Sonrófar le rialacháin na dála a measfar chun críocha an ailt seo duine a bheith buan-éagumasach chun oibre faoina réir.

(3) Féadfaidh foráil a bheith i rialacháin chun duine a dhícháiliú le pinsean easláine a fháil má mhainníonn sé gan chúis mhaith aon rialacha forordaithe iompair a chomhlíonadh.”

Pinsean scoir.

7. —Déantar leis seo an t-alt seo a leanas a chur isteach in Acht 1952 mar alt 25D:

Pinsean Scoir

25D. (1) Faoi réir forálacha an Achta seo, beidh duine a bhfuil cúig bliana seascad d'aois slán aige i dteideal pinsean scoir ar feadh aon tréimhse scoir má chomhlíonann sé na coinníollacha ranníoca iomchuí.

(2) Sonrófar le rialacháin na tréimhsí a measfar chun críocha an ailt seo gur tréimhsí scoir iad.”

Leasú ar alt 26 d'Acht 1952 (méadú sochair do chleithiúnaithe aosaithe).

8. —Leasaítear leis seo alt 26 d'Acht 1952 trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4) (a cuireadh isteach le hAcht 1968):

“(5) Déanfar ráta seachtainiúil pinsean easláine a mhéadú an méid atá leagtha amach i gcolún (3) de Chuid I den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo—

(a) in aghaidh aon tréimhse—

(i) a bheidh an tairbhí in aontíos lena bhanchéile nó á cothabháil go hiomlán nó go formhór, nó

(ii) a bheidh an tairbhí ag cothabháil a fearchéile go hiomlán nó go formhór agus eisean éagumasach chun é féin a chothabháil de dheasca éiglíochta éigin choirp nó mheabhrach, nó

(b) in aghaidh aon tréimhse a bheidh baineannach á cothabháil go hiomlán nó go formhór ag an tairbhí, is fear singil nó baintreach fir, agus an baineannach sin os cionn sé bliana déag d'aois agus í ag tabhairt aire do leanbh cáilithe amháin nó níos mó a chónaíonn go rialta leis an tairbhí,

faoi réir an tsriain nach mbeidh tairbhí i dteideal méadú pinsin in aghaidh na tréimhse céanna i leith níos mó ná duine amháin a shonraítear i mír (b) den fho-alt seo.

(6) Déanfar ráta seachtainiúil pinsean scoir a mhéadú an méid atá leagtha amach i gcolún (3) de Chuid I den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo in aghaidh aon tréimhse—

(a) a bheidh an tairbhí in aontíos lena bhanchéile nó á cothabháil go hiomlán nó go formhór, nó

(b) a bheidh an tairbhí ag cothabháil a fearchéile go hiomlán nó go formhór agus eisean éagumasach chun é féin a chothabháil de dheasca éiglíochta éigin choirp nó mheabhrach.”

Leasú ar alt 27 (1) d'Acht 1952 (méadú sochair—leanaí cáilithe).

9. —Déantar leis seo alt 27 (1) d'Acht 1952 a leasú trí “nó pinsin easláine nó pinsin scoir” a chur isteach i ndiaidh “nó pinsin (ranníocach) seanaoise” (a cuireadh isteach le halt 1964).

Páirtchomhlíonadh ar choinníollacha ranníoca (deontas báis agus pinsean scoir).

10. —Déantar leis seo an t-alt seo a leanas a chur isteach in Acht 1952 in ndiaidh alt 28A (a cuireadh isteach le hAcht 1960):

“28B. (1) Faoi réir forálacha an chéad fho-ailt eile, féadfaidh foráil a bheith i rialacháin a dhéanfar, le ceadú an Aire Airgeadais, le go dtabharfar teideal chun deontais bháis do dhaoine a bheadh ina theideal mura mbeadh an coinníoll ranníoca atá leagtha amach i bhfomhír (b) de mhír (7) den Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a bheith gan chomhlíonadh.

(2) Forálfar le rialacháin chun críocha an fho-ailt sin roimhe seo gur suim is 1ú ná an tsuim a shonraítear sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a bheidh sa deontas báis is iníoctha de bhua an fho-ailt sin agus féadfaidh an tsuim a shonrófar leis na rialacháin athrú de réir an mhéid a bheidh an coinníoll ranníoca iomchuí comhlíonta.

(3) Faoi réir forálacha an chéad fho-ailt eile, féadfaidh foráil a bheith i rialacháin a dhéanfar, le ceadú an Aire Airgeadais, le go dtabharfar teideal chun pinsin scoir do dhaoine a mbeadh an teideal sin acu mura mbeadh na coinníollacha ranníoca iomchuí a bheith gan chomhlíonadh maidir leis an meán-uimhir ranníoc a íocadh nó a creidiúnaíodh in aghaidh gach bliana ranníoca.

(4) Forálfar le rialacháin chun críocha an fho-ailt roimhe seo gur de réir ráta is lú ná an ráta a shonraítear sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a bheidh pinsean scoir iníoctha de bhua an fho-ailt sin agus féadfaidh an ráta a shonrófar leis na rialacháin athrú de réir an mhéid a bheidh na coinníollacha ranníoca iomchuí comhlíonta, ach i gcás aon mhéadú ar an bpinsean sin is iníoctha faoi alt 26 (6) (maidir le cleithiúnaí aosaithe) nó faoi alt 27 (1) (maidir le leanbh cáilithe) den Acht seo is é an méid céanna a bheidh ann agus a bheadh ann dá mbeadh na coinníollacha ranníoca iomchuí comhlíonta go hiomlán.”

Leasú ar alt 30 d'Acht 1952 (dícháiliú i gcás mná ar phósadh di).

11. —Déantar leis seo alt 30 d'Acht 1952 a leasú trí “, pinsean easláine” a chur isteach i ndiaidh “sochar dífhostaíochta”.

Leasú ar alt 31 d'Acht 1952 (duine a bheith as an Stát nó i bpríosún).

12. —Déantar leis seo alt 31 d'Acht 1952 a leasú tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur leis:

“(5) Féadfaidh rialacháin chun críocha an ailt seo a bheith ceaptha sa tslí gur faoi réir aon choinníollacha, teorainneacha nó srianta sonraithe a íocfar deontais bháis, pinsin easláine agus pinsin scoir agus, go háirithe, i gcás daoine a bheidh as láthair ón Stát, féadfaidh siad na tréimhsí a mhodhnú a fhéadfar a áireamh chun críocha alt 25D den Acht seo mar thréimhsí scoir.”

Leasú ar alt 32 d'Acht 1952 (sochair fhorluiteacha, etc.).

13. —Déantar leis seo alt 32 d'Acht 1952 a leasú trí “nó pinsean easláine” a chur isteach i ndiaidh “aon tsochar míchumais” i bhfo-alt (4) agus in ndiaidh “sochar míchumais” i bhfo-alt (5) (a) den alt sin.

Leasú ar alt 37 (1) d'Acht 1952 (forálacha speisialta do ranníocóirí saorálacha).

14. —Leasaítear leis seo 37 (1) d'Acht 1952 trí “, pinsin easláine” a chur isteach i ndiaidh “sochair mháithreachais” agus “, pinsin scoir nó deontais bháis” a chur isteach i ndiaidh “pinsin (ranníocach) shean-aoise” (a cuireadh isteach le hAcht 1960).

Leasú ar alt 47 (2) (b) d'Acht 1952 (riaradh sochair).

15. —Leasaítear leis seo alt 42 (2) (b) d'Acht 1952 trí “pinsean easláine, pinsean scoir,” a chur isteach roimh “pinsean (ranníocach) sean-aoise” (a cuireadh isteach le hAcht 1960).

Forálacha idirlinne maidir le pinsean easláine, pinsean scoir agus beontas dáis.

16. —Déantar leis seo an t-alt seo a leanas a chur isteach in Acht 1952 i ndiaidh alt 66A (a cuireadh isteach le hAcht 1960):

“66B. (1) Aon ranníocaí a bheidh íoctha faoi na hAchtanna um Arachas Sláinte Náisiúnta, 1911 go 1952, ag ranníocóir fostaithe nó ina leith féadfar iad a chur san áireamh, ar cibé modh agus faoi réir cibé coinníollacha agus teorainneacha a bheidh forordaithe, le haghaidh comhlíonadh na gcoinníollacha ranníoca aige i leith pinsin easláine nó pinsin scoir.

(2) Féadfaidh foráil a bheith i rialacháin chun modhnuithe a dhéanamh ar na coinníollacha ranníoca i leith deontais bháis i gcás duine is duine árachaithe le linn tosach feidhme alt 5 den Acht Leasa Shóisialaigh, 1970 , agus, i rith na bliana i ndiaidh an tosach feidhme sin, a bheidh as láthair as an Stát ar feadh aon tréimhse nó a gcreidiúnófar ranníocaí dó i leith aon tréimhse dífhostaíochta, éagumais chun oibre nó scoir nó a bheidh nó a thiocfaidh chun bheith ina ranníocóir saorálach agus ranníocaí á n-íoc aige de réir an ráta a shonraítear in alt 6 (2) (b) den Acht seo.

(3) Beidh rialacháin faoin alt seo faoi réir an tAire Airgeadais á gceadú.”

Leasú ar an Tríú Sceideal a ghabhann le hAcht 1952 (ráta nó méid an tsochair).

17. —Leasaítear leis seo an Tríú Sceideal a ghabhann le hAcht 1952 tríd an ítim seo a leanas a chur le Cuid II (a cuireadh isteach le hAcht 1965):

“3. Deontas Báis:

(a) i gcás inarbh leanbh cáilithe faoi bhun cúig bliana déag d'aois an duine éagtha     ...     ...     ...

5

(b) i gcás inarbh aon leanbh cáilithe eile an duine éagtha     ...     ...     ...     ...     ...     ...     ...

15

(c) in aon chás eile     ...     ...     ...     ...     ...     ...

25”

Leasú ar an gCeathrú Sceideal a ghabhann le hAcht 1952 (coinníollacha ranníoca).

18. —Leasaítear leis seo an Ceathrú Sceideal a ghabhann le hAcht 1952 trí na míreanna atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a chur leis an Sceideal sin.

Leasú ar alt 9 d'Acht 1952 (suimeanna a íocadh de dhearmad ar mhodh ranníocaí a thabhairt ar ais).

1962, Uimh. 17 .

19. —Leasaítear leis seo alt 9 d'Acht 1952 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2) (a cuireadh isteach leis an Acht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha, 1962):

“(3) Beidh socrú i rialacháin chun go dtabharfar ar ais, faoi réir aon choinníollacha, sriantachtaí agus asbhaintí a shonrófar sna rialacháin, an oiread sin d'aon ranníoc a bheidh íoctha ag ranníocóir fostaithe nó ag ranníocóir saorálach a chuaigh faoi árachas chun críocha mhír 9 den Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo tar éis dó cúig bliana is caoga d'aois a shlánú agus a chinnfear de réir na rialachán a bheith íoctha i leith pinsin scoir.”

Leasú ar an Acht Leasa Shóisialaigh (Díobhálacha Ceirde), 1966 .

20. —(1) Leasaítear leis seo alt 25 (2) den Acht Leasa Shóisialaigh (Díobhálacha Ceirde), 1966 , tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (c):

“(d) pinsean easláine,

(e) pinsean scoir.”

(2) Leasaítear leis seo alt 36 (4) den Acht Leasa Shóisialaigh, 1966, trí “agus (i) go (k)” a chur isteach i ndiaidh “i míreanna (a) go (g)”.

(3) Leasaítear leis seo alt 37 (2) (b) den Acht Leasa Shóisialaigh (Díobhálacha Ceirde), 1966 , trí “nó pinsin easláine” a chur isteach i ndiaidh “sochair mhíchumais” i bhfomhír (i) agus i bhfomhír (ii).

Liúntas (cúram) seanaoise.

21. —(1) Íocfar liúntas (dá ngairtear liúntas (cúram) seanaoise san alt seo) de réir £2 15s. 0d. sa tseachtain as airgead a sholáthróidh an tOireachtas le duine a mbeidh seachtó bliain d'aois slán aige in aghaidh aon tréimhse a dtarlóidh ar a feadh—

(a) go mbeidh an duine sin chomh héagumasach sin go dteastóidh cúram agus aire lánaimsire uaidh,

(b) nach mó ná £299 15s. acmhainn bhliantúil an duine sin arna an aire sin a thabhairt dó, banghaol don duine sin (is gaol a bheidh sonraithe chun críocha an fho-ailt seo le rialacháin),

(c) go mbeidh cibé coinníollacha a bheidh sonraithe chun críocha an fho-ailt seo le rialacháin arna gcomhlíonadh, agus

(d) nach mó ná £299 15s acmhainn bhliantúil an duine sin arna ríomh de réir na Rialacha Maidir le Ríomh Acmhainne atá sa Seachtú Sceideal a ghabhann le hAcht 1952, agus is infheidhmithe i gcás éilitheora ar phinsean faoi Achtanna na bPinsean Seanaoise, 1908 go 1970.

(2) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh maidir le liúntais seanaoise (cúram) agus, go sonrach agus gan dochar do ghinearáltacht an mhéid sin roimhe seo, féadfaidh na rialacháin sin aon fhorálacha de chuid, nó arna ndéanamh faoi réim, Acht 1952 agus na nAchtanna a leasaíonn nó a leathnaíonn na hAchtanna sin a chur chun feidhme (modhnaithe nó gan mhodhnú) nó forálacha ar comhréir (modhnaithe nó gan mhodhnú) leis na forálacha sin a dhéanamh.

(3) Déanfar alt 3 (seachas fo-alt (4)) d'Acht 1952 a fhorléiriú agus beidh éifeacht aige ionann agus dá mba rud é—

(a) go mbeadh ar na tagairtí atá ann do chumhacht chun rialacháin a dhéanamh tagairtí do chumhacht chun rialacháin a dhéanamh faoin alt seo nó faoin gcéad alt eile, agus

(b) go mbeadh ar na tagairtí atá ann do rialacháin tagairtí d'aon rialacháin faoin alt seo nó faoin gcéad alt eile.

Liúntas banchéile thréigthe.

1946, Uimh. 8 .

22. —(1) Déanfar, faoi réir rialachán, liúntas (dá ngairtear liúntas banchéile thréigthe san alt seo) a íoc as airgead a sholáthróidh an tOireachtas le bean—

(a) atá tréigthe ag a fearchéile,

(b) nach bhfuil seachtó bliain d'aois slán aici,

(c) más lú ná caoga bliain d'aois í, a gcónaíonn leanbh cáilithe amháin ar a laghad léi, agus

(d) a chomhlíonann na coinníollacha maidir le hacmhainn atá sonraithe chun críocha an fho-ailt seo le rialacháin.

(2) Íocfar liúntas banchéile thréigthe de réir ráta is comhionnann le ráta an phinsin baintrí (neamhranníocach) ab iníoctha leis an mbean faoi na hAchtanna um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaí, 1935 go 1970, dá mbeadh a fearchéile básaithe.

(3) Is leanbh cáilithe chun críocha an ailt seo maidir le bean leanbh dá mba rud é, ar é a ghlacadh ina áirithe nár bheo dá fearchéile, gur leanbh cáilithe maidir léi chun críocha na nAchtanna um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaí, 1935 go 1970, an leanbh sin.

(4) Déanfar aon cheist maidir le cónaí rialta linbh cháilithe a chinneadh, chun críocha an ailt seo agus na rialachán faoi, de réir alt 5 (2) den Acht Liúntas Leanbhaí (Leasú), 1946 , agus na rialacha faoin bhfo-alt sin.

(5) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh maidir le liúntas banchéile thréigthe agus, go háirithe agus gan dochar do ghinearáltacht an mhéid sin roimhe seo, féadfaidh na rialacháin sin—

(a) na dála a shonrú ina mbeidh sé le meas chun críocha an ailt seo go bhfuil bean tréigthe ag a fearchéile.

(b) aon fhorálacha de chuid, nó aon fhorálacha arna ndéanamh faoi réim, Acht 1952 nó na nAchtanna a leasaíonn nó a leathnaíonn an tAcht sin a chur chun feidhme (modhnaithe nó gan mhodhnú) nó forálacha ar comhréir leo (modhnaithe nó gan mhodhnú) a dhéanamh, agus

(c) a fhoráil gurb amhlaidh a bheidh, le linn forálacha alt 46 d'Acht 1952 a chur chun feidhme agus d'ainneoin aon ní atá san alt sin, go mbeidh, i gcás ar bith ina ndílamhálfar nó ina laghdófar líuntas mná tréigthe de bhua cinneadh athbhreithnithe ó oifigeach breithiúnachta nó ó oifigeach achomhaire, cibé méid a ordóidh an tAire d'aon chuid den liúntas a bheidh íoctha thar an ráta a chinnfear leis an gcinneadh sin inghnóthaithe mar fhiach atá dlite don Stát.

Cumhacht chun deireadh a chur le deacrachtaí.

23. —(1) Má éiríonn aon deacracht in aon slí maidir leis an gCuid seo den Acht seo a chur i ngníomh, féadfaidh an tAire, le hordú, faoi réir toiliú an Aire Airgeadais, aon ní a dhéanamh is dóigh leis is gá nó is foirsteanach chun an Chuid seo den Acht seo a chur i ngníomh, agus féadfaidh aon ordú den sórt sin forálacha na Coda seo den Acht a mhodhnú a mhéid is dóigh leis is gá nó is foirsteanach chun an t-ordú a chur in éifeacht.

(2) Gach ordú a dhéanfar faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta, agus má dhéanann ceachtar Teach den Oireachtas, laistigh don lá agus fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú sin a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.

(3) Ní fhéadfar aon ordú a dhéanamh faoin alt seo tar éis bliain a bheith caite tar éis tosach feidhme na Coda seo den Acht seo.