An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT AIRGEADAIS, 1970) Ar Aghaidh (Caibidil II Cáin Ioncaim, Forcháin agus Cáin Bhrabús Corparáide maidir le Fáltais Airithe tar éis Scor de Thrádáil nó de Ghairm agus Nithe Gaolmhara)

14 1970

AN tACHT AIRGEADAIS, 1970

CUID I

Cáin Ioncaim agus Cáin Bhrabús Corparáide

Caibideal I

Cáin Ioncaim

Cáin íoncaim agus forcháin don bhliain 1970-71.

1. —(1) Déanfar cáin ioncaim don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1970, a mhuirearú de réir seacht scilling sa phunt nó de réir (ráta a chomhionann) tríocha a cúig faoin gcéad.

(2) Déanfar forcháin don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1970, a mhuirearú ar ioncam aon aonaí ar mó ná dhá mhíle cúig chéad punt iomlán a ioncaim ó gach bunadh agus muirearófar amhlaidh í de réir na rátaí céanna ar dá réir a mhuirearaítear í don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1969.

Ráta faoisimh laghdaithe.

1967, Uimh. 6 .

2. —(1) Aon aonaí a dhéanfaidh, sa tslí a fhorordaítear leis na hAchtanna Cánach Ioncaim, éileamh chuige sin agus a thabharfaidh tuairisceán san fhoirm fhorordaithe ar a ioncam iomlán beidh sé i dteideal go muirearófar é de réir dhá thrian an ráta chaighdeánaigh chánach ar an gcéad £100 dá ioncam inchánach.

(2) Beidh feidhm maidir le laghdú ráta a lamháiltear faoi fho-alt (1) ag na forálacha sin uile de na hAchtanna Cánach Ioncaim ag a bhfuil feidhm maidir le gach asbhaint a shonraítear in ailt 138 go 143 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

(3) Leasaítear leis seo alt 153 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (d)—

“(dd) ní bheidh sé i dteideal shochar na forála atá in alt 2 den Acht Airgeadais, 1970 , trínar de réir ráta cánach laghdaithe is inmhuirir in imthosca áirithe an chéad £100 d'ioncam inchánach.”.

(4) Leasaítear leis seo alt 193 (6) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , trí “, nó faoi alt 2 den Acht Airgeadais, 1970 ” a chur isteach i ndiaidh “1969”.

(5) Leasaítear leis seo alt 497 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , trí “mar a fhoráiltear a mhalairt leis an Acht seo, de réir an ráta chaighdeánaigh cánach don bhliain sin, nó de réir dhá thrian an ráta sin, de réir mar a bheidh, agus aon aisíoc cánach ioncaim in aghaidh aon bhliana measúnachta a mbeidh teideal ag duine ar bith chuige maidir le haon laghdú ar an ráta cánach ar an gcéad £100 d'ioncam inchánach faoi alt 2 den Acht Airgeadais, 1970 , déanfar é, ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt leis an Acht seo, de réir an ráta chaighdeánaigh cánach don bhliain sin” a chur in ionad “mar a bhforáiltear a mhalairt leis an Acht seo”.

Leasú ar alt 6 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

3. —(1) Leasaítear leis seo alt 6 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , trí “pingin nua” a chur in ionad “pingin”.

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 15ú lá d'Fheabhra, 1971.

Leasú ar alt 11 den Acht Airgeadais, 1967 , agus ar alt 4 den Acht Airgeadais, 1969 .

1967, Uimh. 17 .

1969, Uimh. 32

1969, Uimh. 21 .

4. —(1) Leasaítear leis seo alt 11 (1) den Acht Airgeadais, 1967

(a) trí “ainmnithe” a chur in ionad “neamhfhorbartha”, agus

(b) tríd an míniú ar “limistéar neamhfhorbartha” a scriosadh agus an míniú seo a leanas a chur isteach:

“tá le ‘limistéar ainmnithe’ an bhrí chéanna atá leis san Acht um Fhorbairt Tionscail, 1969 .”.

(2) Leasaítear leis seo alt 4 (1) den Acht Airgeadais, 1969

(a) trí “seachas limistéar ainmnithe” a chur in ionad “seachas limistéar neamhfhorbartha”, agus

(b) tríd an míniú ar “limistéar neamhfhorbartha” a scriosadh agus an míniú seo a leanas a chur isteach:

“tá le ‘limistéar ainmnithe’ an bhrí chéanna atá leis san Acht um Fhorbairt Tionscail, 1969 .”.

(3) Beidh, agus measfar go raibh, éifeacht ag an alt seo amhail ar an agus ón lú lá d'Aibreán, 1970.

Leasú ar alt 127 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

5. —Leasaítear leis seo alt 121 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (f):

“(ff) chun a cheangal ar fhostóir fógra a thabhairt do na Coimisinéirí Ioncaim—

(i) faoi fhostaithe d'aicme shonraithe nó d'aicmí sonraithe nach dóigh dá gcuid díolaíochtaí lena mbaineann an Chaibidil seo a bheith níos mó, don bhliain mheasúnachta, ná méid sonraithe, agus

(ii) faoi fhostaithe d'aicme shonraithe nó d'aicmí sonraithe ar mhó, aon tráth in imeacht bliana measúnachta, ná méid sonraithe comhiomlán a gcuid díolaíochtaí lena mbaineann an Chaibidil seo;”.

Leasú ar alt 134 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

6. —Leasaítear leis seo alt 134 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , tríd an gcoinníoll seo a leanas a chur leis:

“Ar choinníoll—

(a) gurb í, i gcás aonaí ag a bhfuil teideal faoi alt 138 (1) chun asbhainte £424 nó £524, an asbhaint is l ú is inlamháilte faoin alt seo £225 nó méid a ioncaim thuillte, cibé acu is lú, agus

(b) gurb í, i gcás aonaí a bhfuil teideal aige faoi alt 138 chun asbhainte £249 nó £274, an asbhaint is lú is inlamháilte faoin alt seo £125 nó méid a ioncaim thuillte, cibé acu is lú.”.

Leasú ar alt 135 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

7. —Leasaítear leis seo alt 135 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , tríd an gcoinníoll seo a leanas a chur in ionad an choinníll a ghabhann le fo-alt (1):

“Ar choinníoll—

(a) má éilíonn an t-aonaí asbhaint faoin alt seo, go mbeidh éifeacht ag alt 134 maidir leis an aonaí ionann is dá bhfágfaí ar lár an coinníoll (a cuireadh isteach le halt 6 den Acht Airgeadais, 1970 ) a ghabhann leis;

(b) más £500 an méid, an ceathrú cuid dá ioncaim thuillte, d'asbhaint a bheidh an t-aonaí i dteideal faoi alt 134, nach lamhálfar aon asbhaint faoin alt seo;

(c) más lú ná £500 a méid, an ceathrú cuid dá ioncam tuillte, d'asbhaint a bheidh an t-aonaí i dteideal faoi alt 134, nach mbeidh an asbhaint faoin alt seo níos mó nó an méid a bheidh an asbhaint faoi alt 134 níos lú ná £500;

(d) má bhíonn teideal faoi alt 138 ag an aonaí chun asbhainte £249 nó £274—

(i) mura mó ná £500 a ioncam iomlán, gurb í an asbhaint faoin alt seo an méid a bheidh ceathrú cuid dá ioncam tuillte d'asbhaint faoi alt 134 níos lú ná £125, agus

(ii) más mó ná £500 a ioncam iomlán, nach mbeidh an asbhaint faoin alt seo níos mó ná £150 nó an méid a mbeidh sé ina theideal faoi mhír (c), cibé acu is lú;

(e) má bhíonn teideal faoi alt 138 (1) ag an aonaí chun asbhainte £424 nó £524—

(i) mura mó ná £900 a ioncam iomlán, gurb í an asbhaint faoin alt seo an méid a bheidh an ceathrú cuid dá ioncam tuillte d'asbhaint faoi alt 134 níos lú ná £225, agus

(ii) más mó ná £900 a ioncam iomlán, nach mbeidh an asbhaint faoin alt seo níos mó ná £225 nó an méid a mbeidh sé ina theideal faoi mhír (c), cibé acu is lú”.

Leasú ar alt 136 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

8. —Leasaítear leis seo alt 136 den Acht Cánach Ioncaim, 1967

(a) trí “£500” a chur in ionad “£450” gach áit a bhfuil sé, agus

(b) tríd an gcoinníoll seo a leanas a chur le fo-alt (2)—

“Ar choinníoll gurb í, i gcás inar lú ná £500 an t-ioncam iomchuí, an asbhaint íosta £125 faoin bhfo-alt seo nó méid an ioncaim iomchuí, cibé acu is lú.”.

Leasú ar alt 138 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

9. —Leasaítear leis seo alt 138 (3) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , trí “£74” a chur in ionad “£45”.

Leasú ar alt 141 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

10. —Leasaítear alt 141 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , tríd an gcoinníoll seo a leanas a chur in ionad an choinníll a ghabhann le fo-alt (1A) (a) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1969 ):

“Ar choinníoll go ndéanfar, i gcás ina mbeidh an t-éilitheoir nó ina mbeadh sé ar iarratas cuí a dhéanamh i dteideal liúntais leanaí in imeacht na bliana measúnachta i leith níos mó ná leanbh amháin, an asbhaint a thabharfar faoi fho-ailt (1) agus (2)—

(i) i gcás aon linbh amháin aonair den sórt sin a laghdú £15, agus

(ii) i gcás aon leanaí den sórt sin de bhreis ar bheirt, a laghdú £19 an duine don bhliain 1970-71 agus £23 do gach bliain ina dhiaidh sin”.

Leasú ar alt 142 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

11. —Leasaítear leis seo alt 142 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , trí “£282” a chur in ionad “£256” sa dá áit a bhfuil sé agus trí £222” a chur in ionad “£196”.

12. —Leasaítear leis seo alt 221 (2) (h) (i) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , trí “£70” a chur in ionad “£5”.

Leasú ar alt 236 agus ar Sceideal 5 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

13. —(1) Leasaítear leis seo alt 236 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , trí “£750” a chur in ionad “£500” gach áit a bhfuil sé.

(2) Leasaítear leis seo Sceideal 5 a ghabhann leis an Acht Cánach Ioncaim, 1967

(a) trí “£750” a chur in ionad “£500” gach áit a bhfuil sé, agus

(b) trí “£825” a chur in ionad “£550”, “£900” a chur in ionad “£600”, “£975” a chur in ionad “£650”, “£1,050” a chur in ionad “£700” agus “£1,125” a chur in ionad “£750”.

Leasú ar alt 241 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

14. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “liúntas caithimh agus cuimilte” liúntas a lamháiltear faoi alt 241 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , ar shlí seachas de bhua alt 11 den Acht Airgeadais, 1967 , nó de bhua alt 4 den Acht Airgeadais, 1969 ;

ciallaíonn “gnáth-liúntas caithimh agus cuimilte” cibé liúntas caithimh agus cuimilte nó cibé liúntas caithimh agus cuimilte níos mó ná sin, más ann, a bheadh le tabhairt do dhuine i leith aon innealra nó gléasra a d'úsáid sé i rith aon bhliana measúnachta dá mba go ndearnadh na coinníollacha go léir a shonraítear i bhfo-alt (3) a chomhlíonadh maidir leis an mbliain sin.

(2) Mura dtabharfar aon liúntas caithimh agus cuimilte nó más liúntas níos lú ná an gnáth-liúntas caithimh agus cuimilte a thabharfar do duine i leith aon innealra nó gléasra d'aon bhliain mheasúnachta (lena n-áirítear bliain mheasúnachta roimh an mbliain 1970-71) a d'úsáid an duine sin an t-innealra nó an gléasra, measfar, chun críocha fho-ailt (6) agus (7) den alt sin 241, gur tugadh an gnáth-liúntas caithimh agus cuimilte dó i leith an innealra nó an ghléasra don bhliain sin.

(3) Is iad na coinníollacha dá dtagraítear i bhfo-alt (1):

(a) go raibh an trádáil á seoladh ag an duine a bheidh i gceist ariamh ón dáta a fuair sé an t-innealra nó an gléasra agus go raibh sí á seoladh aige in imthosca de shórt gurbh inmhuirir i leith cánach na brabúis nó na gnóchain go léir ón trádáil sin,

(b) nárbh oibríochtaí trádála díolmhaithe aon tráth de réir brí Chaibidil I de Chuid XXV den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , an trádáil go léir nó aon chuid di,

(c) gur chun críocha na trádála go heisiatach a d'úsáid sé an t-innealra nó an gléasra ariamh ón dáta sin,

(d) go ndearna sé éileamh cuí ar liúntas caithimh agus cuimilte i leith an innealra nó an ghléasra in aghaidh gach bliana measúnachta iomchuí, agus

(e) nár éirigh aon cheist i ndáil le haon bhliain mheasúnachta i dtaobh aon suimeanna i leith caitheamh agus cuimilt, nó ar chuntas a thógáil ar chaitheamh agus cuimilt, innealra nó gléasra a bheith iníoctha díreach nó neamhdhíreach leis.

(4) Beidh feidhm ag na forálacha sin roimhe seo den alt seo, agus aon mhodhnú déanta orthu is gá, maidir le gairmeacha, fostaíochtaí agus oifigí mar atá feidhm acu maidir le trádála.

(5) Leasaítear leis seo alt 241 (7) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , trí “ghairme, fostaíochta nó oifige” a chur in ionad “nó ghairme”.

Leasú ar alt 331 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

15. —(1) Leasaítear leis seo alt 331 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , tríd an gcoinníoll seo a leanas a chur le fo-alt (3):

“Ar choinníoll go bhféadfar faoiseamh nó aisíoc a thabhairt i leith na díbhinne nó an úis sin i gcás—

(a) inar íocadh an díbhinn nó an t-ús sin laistigh den tréimhse dhá bhliain roimh dháta an deimhnithe sin, agus

(b) gur íocadh an díbhinn nó an t-ús ar stoic, scaireanna nó urrúis a ndearnadh na coinníollacha a shonraítear i míreanna (a) go (c) d'alt 329 (2) agus in alt 330 (2) a chomhlíonadh ina leith—

(i) i gcaitheamh na tréimhse dhá bhliain sin, nó

(ii) más i rith na tréimhse sin a eisíodh na stoic, na scaireanna nó na hurrúis sin, i gcaitheamh na tréimhse ó dháta na heisiúna go dtí dáta an deimhnithe sin.”.

(2) Beidh éifeacht agus measfar go raibh éifeacht ag an alt seo maidir le haon díbhinn nó ús a íocadh nó a íocfar an 6ú lá d'Aibreán, 1966, nó dá éis, agus féadfar faoiseamh ó cháin a thabhairt dá réir sin trí aisíoc nó ar shlí eile, mar is cuí leis na Coimisinéirí Ioncaim.

Leasú ar alt 332 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

16. —(1) Leasaítear leis seo alt 332 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , tríd an gcoinníoll seo a leanas a chur le fo-alt (8):

“Ar choinníoll go bhféadfar faoiseamh nó aisíoc a thabhairt i leith na díbhinne nó an úis sin i gcás—

(a) inar íocadh an díbhinn nó an t-ús sin laistigh den tréimhse dhá bhliain roimh dháta an deimhnithe sin, agus

(b) gur íocadh an díbhinn nó an t-ús ar stoic, scaireanna nó urrúis a ndearnadh na coinníollacha a shonraítear i míreanna (a) agus (b) d'fho-alt (2) a chomhlíonadh ina leith—

(i) i gcaitheamh na tréimhse dhá bhliain sin, nó

(ii) más i rith na tréimhse sin a eisíodh na stoic, na scaireanna nó na hurrúis sin, i gcaitheamh na tréimhse ó dháta na heisiúna go dtí dáta an deimhnithe sin.”.

(2) Beidh éifeacht agus measfar go raibh éifeacht ag an alt seo maidir le haon díbhinn nó ús a íocadh nó a íocfar an 6ú lá d'Aibreán, 1966, nó dá éis, agus féadfar faoiseamh ó cháin a thabhairt dá réir sin trí aisíoc nó ar shlí eile, mar is cuí leis na Coimisinéirí Ioncaim.

Cáin a bhaint as íocaíochtaí le fochonraitheoirí sa tionscal foirgníochta.

17. —(1) San Alt seo—

ciallaíonn “conradh foirgníochta” conradh (nach conradh fostaíochta) trína ndlíonn duine (dá ngairtear an conraitheoir san alt seo) do dhuine eile (dá ngairtear an príomhaí san alt seo)—

(a) oibríochtaí foirgníochta a dhéanamh; nó

(b) a bheith freagrach sna hoibríochtaí sin a dhéanamh ag daoine eile, faoi fhochonradh idir iad is eisean nó faoi chomhshocraíochtaí eile atá déanta aige nó a dhéanfaidh sé;

(c) a shaothar féin nó saothar daoine eile a chur ag déanamh na n-oibríochtaí sin;

ciallaíonn “oibríochtaí foirgníochta” oibríochtaí d'aon tuairisc acu seo a leanas—

(a) foirgnimh nó déanmhais a fhoirgniú, a athrú, a dheisiú, a mhéadú, a scartáil nó a dhíchómáil;

(b) aon oibreacha a fhoirgniú, a athrú, a dheisiú, a mhéadú nó a scartáil arb oibreacha iad is cuid, nó a bheidh ina gcuid, den talamh, lena n-áirítear ballaí, oibreacha bóthair, línte cumhachta, ruidbhealaí aerárthach, duganna agus cuanta, iarnróid, uiscebhealaí intíre, píplínte, toibreacha, séaraigh, gléasra tionscail agus feistis chun talamh a shilt;

(c) córais téacháin, soilsiúcháin, aeroiriúnaithe, fuaimdhíonaithe, aeraithe, cumhacht-sholáthair, siltin, sláintíochta, sholáthar uisce, cosaint in aghaidh buirgléireachta nó dóiteáin a fheisteadh in aon fhoirgneamh nó déanmhas;

(d) an taobh amuigh d'fhoirgnimh a ghlanadh (seachas aon chuid d'fhoirgneamh a ghlanadh i gcúrsa gnáthchothabhála); an taobh istigh d'fhoirgnimh agus de dhéanmhais a ghlanadh, a mhéid a dhéantar sin le linn iad a fhoirgniú, a athrú, a mhéadú, a dheisiú nó a aisiriú;

(e) oibríochtaí is cuid dílis d'oibríochtaí den sórt a thuairiscítear thuas nó is ullmhúchán chucu nó is oibríochtaí chun iad a chríochnú, lena n-áirítear glanadh láithreán, uachtar talún a aistriú, tochailt, tunaileoireacht agus tolladh, leagan bunsraitheanna, tógáil scafall, aisiriú láithreán, tírdhreachú, agus bóithre agus oibreacha rochtana eile a sholáthar.

(2) Faoi réir forálacha an ailt seo, má tharlaíonn le linn conradh foirgníochta a bheith á chomhlíonadh, cibé acu roimh thosach feidhme nó tar éis tosach feidhme an ailt seo a rinneadh é, i gcás inarb é duine an príomhaí—

(a) duine arb é féin, maidir leis na hoibríochtaí foirgníochta go léir, nó aon chuid de na hoibríochtaí foirgníochtaí, lena mbaineann an conradh, an conraitheoir faoi chonradh foirgníochta eile, nó

(b) duine a sheolann gnó ar cuid de foirgnimh a thógáil,

go dtabharfaidh an príomhaí íocaíocht do dhuine eile (cibé acu is é an conraitheoir é nó nach é agus dá ngairtear an fochonraitheoir anseo feasta), bainfidh an príomhaí as an íocaíocht agus íocfaidh sé leis an mBailitheoir cáin de réir 7s. 0d. sa phunt (nó de réir ráta, arb é a chomhionann de ráta é, tríocha a cúig faoin gcéad) ar mhéid na híocaíochta sin.

(3) Le linn ríomh a bheith á dhéanamh, chun críocha Sceideal D, ar na brabúis nó na gnóchain a tháinig nó a d'fhaibhrigh chun fochonraitheora a fuair íocaíocht ar baineadh cáin aisti de réir fho-alt (2), measfar gurb é méid na híocaíochta suim is comhionann le comhiomlán an mhéid a fuarthas tar éis an cháin a asbhaint agus mhéid na cánach a asbhaineadh amhlaidh.

(4) A mhéid is inmhuirir cáin ar fhochonraitheoir i leith brabúis nó gnóchain a tháinig nó a d'fhaibhrigh chuige ó aon cheird nó gairm déileálfar leis ionann is gur íoc sé ar chuntas cáin ab inmhuirir amhlaidh aon cháin a baineadh as íocaíochtaí a cuireadh i gcuntas le linn na brabúis nó na gnóchain sin a bheith á ríomh agus nár aisíocadh agus nár tugadh fritháireamh ina leith; agus déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim rialacháin chun éifeacht a thabhairt don fho-alt seo agus go háirithe féadfaidh foráil a bheith iontu—

(a) i dtaobh na slí a ndéanfar, agus na tréimhsí arb ina n-aghaidh a dhéanfar cáin a asbhaineadh faoin alt seo a chur i gcuntas mar shuim a íocadh ar chuntas dliteanais fochonraitheora i leith cánach,

(b) chun go n-aisíocfar, ar éileamh cuí a dhéanamh in aghaidh tréimhse (dá ngairtear an tréimhse aisíoca anseo feasta) dar tosach an 6ú lá d'Aibreán bliain mheasúnachta agus dar críoch an 5ú lá den mhí i ndiaidh dáta an íoca nó, más é an 5ú lá de mhí nó aon lá roimhe sin a rinneadh an t-íoc, dar críoch an 5ú lá den mhí sin, an chuid sin den cháin a baineadh as íocaíochtaí a fuair fochonraitheoir i rith na tréimhse aisíoca (arna laghdú d'aon mhéid den cháin sin a aisíocadh nó a fritháiríodh) a mheasfaidh na Coimisinéirí Ioncaim a bheith níos mó ná an chuid chomhréireach den mhéid cánach a bhfuil dliteanas air, nó a meastar dliteanas a bheith air, ina leith don bhliain mheasúnachta sin, agus

(c) le haghaidh aisíoc i gcásanna inar mó iomlán na cánach a asbhaineadh as íocaíochtaí a fuair fochonraitheoir ná an méid cánach a dhlíonn sé a íoc.

(5) Déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim rialacháin maidir le measúnú (lena n-áirítear measúnú measta), muirearú, bailiú agus gnóthú cánach is inasbhainte faoi fho-alt (2) agus féadfaidh, go háirithe, aon fhoráil, maidir leis an gcáin sin, a d'fhéadfadh a bheith i rialacháin faoi alt 127 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , a bheith sna rialacháin sin.

(6) Beidh feidhm ag alt 132 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , maidir le suimeanna a bheidh dlite ar chuntas cánach is inasbhainte faoi fho-alt (2) mar atá feidhm aige maidir le suimeanna a bhfuil fostóir faoi dhliteanas ina leith faoin alt sin.

(7) I gcás ina ndeimhneoidh fochonraitheoir, aon bhliain mheasúnachta, do na Coimisinéirí Ioncaim go bhfuil áit bhunaithe gnó aige agus—

(a) gur sheachaid sé dóibh cuntais ar a thrádáil nó ar a ghairm d'fhonn go ríomhfaí na brabúis nó na gnóchain arb inmhuirir cáin air ina leith don bhliain roimh an mbliain mheasúnachta, nó

(b) gur sheachaid sé, nó go bhfuil geallta aige go seachadfaidh sé, dóibh cuntais ar a thrádáil nó ar a ghairm d'fhonn go ríomhfaí na brabúis nó na gnóchain arb inmhuirir cáin air ina leith,

eiseoidh na Coimisinéirí Ioncaim chuige deimhniú in aghaidh bliana measúnachta a thabharfaidh teideal dó, ar é á thabhairt ar aird do phríomhaí, go bhfaighidh sé gan cáin a asbhaint aon íocaíochtaí a íocfaidh an príomhaí leis an bhliain mheasúnachta lena mbainfidh an deimhniú agus a dhéanfar tar éis an deimhniú a thabhairt ar aird.

(8) Leasaítear leis seo Sceideal 15 a ghabhann leis an Acht Cánach Ioncaim, 1967 , trí “Rialacháin faoi alt 17 den Acht Airgeadais, 1970 ” a chur i gcolún (2) de.

(9) Gach rialachán a dhéanfar faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid Dháil Éireann a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann Dáil Éireann, laistigh den lá is fiche a shuífidh Dáil Éireann tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar d'aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

(10) Aon duine a sheolann gnó ní mheasfar gur duine é de shórt a shonraítear i bhfo-alt (2) (b) ar an aon-chúis go dtógann sé, i gcúrsa an ghnó sin, foirgnimh chun é féin nó fostaithe dá chuid á n-úsáid nó á n-áitiú.

(11) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú.

Díolúine do bhónas nó d'ús a íocadh faoi scéimeanna tráthchoigiltis.

18. —Déanfar neamhshuim chun críocha uile na nAchtanna Cánach Ioncaim d'aon bhónas nó ús is iníoctha le haonaí faoi scéim thráthchoigiltis (de réir brí alt 53) má bhíonn, agus a mhéid a bheidh, an bónas nó an t-ús iníoctha i leith suime nach mó ná an tsuim is cead dó faoin scéim a íoc.

Liúntas foirgníochta tionscail maidir le foirgnimh agus déanmhais a cheannófar gan bheith úsáidte.

19. —(1) I gcás ina mbeidh caiteachas tabhaithe ag foirgniú foirgnimh nó déanmhais agus go ndéanfar, sula n-úsáidfear an foirgneamh nó an déanmhas sin, an leas iomchuí ann a dhíol—

(a) fágfar as cuntas chun críocha ailt 254, 264, 265, agus 266 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , an caiteachas a tabhaíodh iarbhír á fhoirgniú; ach

(b) an duine a cheannóidh an leas sin measfar chun na críocha sin gur thabhaigh sé, ar an dáta a tháinig an praghas ceannaigh chun bheith iníoctha, caiteachas á fhoirgniú ar cóimhéid leis an gcaiteachas sin nó leis an bpraghas glan a d'íoc sé ar an leas sin, cibé acu is lú:

Ar choinníoll, i gcás ina ndíolfar an leas iomchuí san fhoirgneamh nó sa déanmhas níos minice ná uair amháin sula n-úsáidfear an foirgneamh nó an déanmhas, gur maidir leis an díolachán deiridh acu sin amháin a bheidh éifeacht ag forálacha mhír (b).

(2) I gcás an caiteachas a tabhaíodh ag foirgniú foirgnimh nó déanmhais a thabhú ag duine a sheolann gnó arb éard é, maidir lena iomlán nó aon chuid de, foirgniú foirgneamh nó déanmhas lena ndíol, agus go ndéanfaidh sé, sula n-úsáidfear an foirgneamh nó an déanmhas sin, an leas iomchuí ann a dhíol i gcúrsa na trádála sin, nó, de réir mar a bheidh, i gcúrsa na coda sin den trádáil sin, beidh éifeacht ag mír (b) d'fho-alt (1) faoi réir na modhnuithe seo a leanas—

(a) más é a díol sin an t-aon díol ar an leas iomhchuí sula n-úsáidfear an foirgneamh nó an déanmhas beidh éifeacht ag an mír sin (b) ionann is dá bhfágfaí “leis an gcaiteachas sin nó” agus “cibé acu is lú” ar lár, agus

(b) má bhíonn níos mó ná díol amháin ann ar an leas iomchuí sula n-úsáidfear an foirgneamh nó an déanmhas, beidh éifeacht ag an mír sin (b) ionann is dá mba thagairt don phraghas a íocadh ar an díol sin an tagairt don chaiteachas a tabhaíodh iarbhír ag foirgniú an fhoirgnimh nó an déanmhais.

(3) Beidh éifeacht ag na hAchtanna Cánach Ioncaim, agus forléireofar na forálacha sin roimhe seo den alt seo, ionann is dá mbeadh na forálacha sin i gCaibidil II de Chuid XV den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

(4) Maidir le caiteachas a bheidh tabhaithe iarbhír ag foirgniú foirgnimh nó déanmhais an 6ú lá d'Aibreán, 1970, nó dá éis beidh, agus measfar go raibh, éifeacht ag an alt seo amhail ar an agus ón 6ú lá d'Aibreán, 1970.

(5) Maidir le caiteachas a tabhaíodh iarbhír ag foirgniú foirgnimh nó déanmhais roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1970, beidh, agus measfar go raibh, éifeacht ag an alt seo amhail ar an agus ón 6ú lá d'Aibreán, 1964, agus tabharfar na liúntais agus na haisíocaíochtaí cánach ioncaim (lena n-áirítear forcháin) agus cánach brabús corporáide sin go léir is iomchuí ag féachaint d'fhorálacha an ailt seo:

Ar choinníoll nach mbeidh éifeacht ag an bhfo-alt seo maidir le haon chaiteachas den sórt sin má tugadh liúntas foirgníochta tionscail ina leith.