16 1970


Uimhir 16 de 1970


AN tACHT UM THRÁCHT CUARTAÍOCHTA, 1970

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA UM THRÁCHT CUARTAÍOCHTA, 1939 GO 1968.

[5 Lúnasa, 1970.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1952, Uimh. 15 .

1966, Uimh. 3 .

1. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “Acht 1952” an tAcht um Thrácht Cuartaíochta, 1952 ;

ciallaíonn “Acht 1966” an tAcht um Thrácht Cuartaíochta, 1966 .

(2) Chun críocha na nAchtanna um Thrácht Cuartaíochta, 1939 go 1970, folóidh “iostán saoire” teach saoire, teaghlach saoire agus villa saoire.

Méadú ar dheontais neamhinaisíoctha áirithe do Bhord Fáilte Éireann.

1959, Uimh. 27 .

1968, Uimh. 29 .

2. —Ní rachaidh méid comhiomlán na suimeanna a fhéadfaidh an tAire Iompair agus Cumhachta a íoc le Bord Fáilte Éireann chun Bord Fáilte Éireann do thabhairt deontas le haghaidh cóiríocht saoire a fhorbairt thar £11,000,000 agus, dá réir sin, forléireofar alt 2 (1) (b) den Acht um Thrácht Cuartaíochta, 1959 , agus beidh éifeacht aige ionann is dá gcuirfí an tsuim sin in ionad na suime £5,500,000 a luaitear ann agus a cuireadh isteach le halt 2 den Acht um Thrácht Cuartaíochta, 1968 .

Méadú ar chomhiomlán na ráthaíochtaí faoi Chuid III d'Acht 1952.

1961, Uimh. 37 .

3. —Leasaítear leis seo alt 18 d'Acht 1952 trí “ocht milliún punt” a chur in ionad “cúig mhilliún punt” i bhfo-alt (1) (a cuireadh isteach le halt 3 den Acht um Thrácht Cuartaíochta, 1961 ).

Síneadh ar an teorainn ama atá le tabhairt ráthaíochtaí faoi Chuid III d'Acht 1952.

4. —Leasaítear leis seo alt 21 d'Acht 1952 trí “cúig bliana is fiche ó dháta an Achta seo a rith” a chur in ionad “fiche bliain ó dháta an Achta seo a rith” (a cuireadh isteach le halt 5 d'Acht 1966).

Leasú ar alt 5 d'Acht 1952.

5. —Leasaítear leis seo alt 5 (2) (a) d'Acht 1952 trí “iostáin saoire cheadaithe,” a chur isteach i ndiaidh “láithreáin champála,” (a cuireadh isteach le halt 2 (2) d'Acht 1966).

Leasú ar an Acht um Thrácht Cuartaíochta 1939.

1939, Uimh. 24 .

6. —Leasaítear leis seo an tAcht um Thrácht Cuartaíochta, 1939

(a) trí “naonúr” a chur in ionad “seachtar” (a cuireadh isteach le halt 16 d'Acht 1952) in alt 4 (3) (a bhaineann le líon comhaltaí Bhord Fáilte Éireann),

(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 24 (1) (g) (a cuireadh isteach le halt 2 (1) (b) d'Acht 1966)—

“(h) clár ar a dtabharfar agus dá ngairfear an clár d'iostáin saoire cheadaithe agus dá dtagraítear san Acht seo faoin teideal sin.”,

(c) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 25 (g) (a cuireadh isteach le halt 2 (1) (c) d'Acht 1966)—

“(h) an carachtar ginearálta is gá a bheith ag aon áitreabh agus an saghas cóiríochta agus seirbhísí is gá a bheith ar fáil ann, agus na cáilíochtaí eile is gá a bheith aige chun é bheith inchláraithe sa chlár d'iostáin saoire cheadaithe.”,

(d) tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 37B (a cuireadh isteach le halt 2 (1) (e) d'Acht 1966):

“37C. (1) Ní dleathach do dhílseánach ná d'áititheoir aon áitribh a thabhairt de thuairisc ar an áitreabh sin ná a thabhairt le tuiscint faoin áitreabh sin gur iostán saoire ceadaithe, teach saoire ceadaithe, teaghlach saoire ceadaithe nó villa saoire ceadaithe é nó gur d'aon tuairisc eile é a bheidh forordaithe chun críocha an ailt seo ná a cheadú d'aon duine eile sin a dhéanamh, mura mbeidh an t-áitreabh cláraithe sa chlár d'íostáin saoire cheadaithe agus go mbeidh an dílseánach nó an t-áititheoir sin cláraithe sa chlár sin mar dhílseánach cláraithe an áitribh sin.

(2) Beidh aon duine a ghníomhóidh contrártha don alt seo ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air agus ina theannta sin, i gcás ciona leanúnaigh, fíneáil bhreise nach mó ná dhá phunt in aghaidh gach lae a leanfar den chion.

(3) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh cibé lá a cheapfar chuige sin le hordú ón Aire.”,

agus

(e) trí “áitribh a bheidh cláraithe sa chlár d'iostáin saoire chláraithe,” a chur isteach in alt 45 (1) i ndiaidh “láithreáin champála,” a cuireadh isteach le halt 2 (1) (f) d'Acht 1966.

Gearrtheideal agus comhlua.

7. —(1) Féadfar an tAcht um Thrácht Cuartaíochta, 1970 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna um Thrácht Cuartaíochta, 1939 go 1970, a ghairm de na hAchtanna um Thrácht Cuartaíochta, 1939 go 1968, agus den Acht seo le chéile.