|
|||||
|
[EN] | ||
Uimhir 1 de 1971 | ||
[EN] |
AN tACHT UM CHOMHLACHTAÍ IDIRNÁISIÚNTA SLÁINTE (STÁDAS CORPRAITHE), 1971 | |
[An tiontú oifigiúil.] |
ACHT DÁ CHUMASÚ DO CHOMHLACHTAÍ IDIRNÁISIÚNTA ÁIRITHE SLÁINTE TEACHT CHUN BHEITH, LE hORDÚ, INA gCOMHLACHTAÍ CORPRAITHE. [3 Márta, 1971.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||
[EN] |
An tAire. |
1. —San Acht seo ciallaíonn “an tAire” an tAire Sláinte. |
[EN] |
Comhlachtaí lena mbaineann an tAcht seo. |
2. —Baineann an tAcht seo le haon chomhlacht idirnáisiúnta arb iad, go hiomlán nó go formhór, a fheidhmeanna faoina bhunreacht gach ceann nó aon cheann acu seo a leanas, is é sin, breithniú a dhéanamh ar shláinte daoine, ar árachas sláinte, ar aireachas agus cóireáil daoine breoite nó daoine easlána, ar riaradh seirbhísí sláinte, nó ar thaighde leighis (lena n-áirítear taighde déadeolaíochta), nó taighde den sórt sin a sheoladh. |
[EN] |
Ordú um stádas corpraithe. |
3. —(1) Féadfaidh an tAire, ar iarratas a fháil ó chomhlacht lena mbaineann an tAcht seo, ordú (dá ngairtear ordú um stádas corpraithe san Acht seo) a dhéanamh maidir leis an gcomhlacht tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Tionscail agus Tráchtála. |
[EN] | (2) Aon uair a bheartóidh an tAire ordú a dhéanamh faoin alt seo, foilseoidh an tAire dréacht den ordú san Iris Oifigiúil. | |
[EN] | (3) Aon chomhlacht lena mbaineann ordú um stádas corpraithe, tabharfar air agus gairfear de, amhail ón lá a thiocfaidh an t-ordú i bhfeidhm, an teideal a shonrófar san ordú arb é teideal é an teideal a d'úsáid an comhlacht díreach sula ndearnadh an t-ordú nó cibé teideal eile ar a gcomhaontóidh an tAire agus an comhlacht. | |
[EN] | (4) Comhlacht corpraithe ag a mbeidh síorchomharbas, cumhacht agra a dhéanamh agus bheith inagartha ina ainm corpraithe agus talamh a theachtadh a bheidh, de bhua an orduithe i gcomhlacht lena mbaineann ordú um stádas corpraithe. | |
[EN] | (5) Déantar leis seo comhlacht lena mbaineann ordú um stádas corpraithe a chur leis an liosta de dhaoine cáilithe atá in alt 45 den Acht Talún, 1965 . | |
[EN] | (6) Féadfaidh an tAire, le toiliú an chomhlachta lena mbainfidh, an teideal a shonrófar in ordú um stádas corpraithe a leasú le hordú. | |
[EN] | (7) Féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis, ceanglas a chur in ordú um stádas corpraithe á cheangal go bhfíordheimhneofar i slí shonraithe séala an chomhlachta lena mbaineann an t-ordú, agus má bhíonn ceanglas den sórt sin in ordú um stádas corpraithe déanfaidh an comhlacht lena mbaineann an t-ordú an ceanglas a chomhlíonadh. | |
[EN] | (8) Tabharfar aird bhreithiúnach ar shéala comhlachta lena mbaineann ordú um stádas corpraithe agus gach doiciméad a airbheartóidh gur ionstraim é a rinne an comhlacht agus a bheith séalaithe lena shéala (a airbheartóidh a bheith fíordheimhnithe go cuí) glacfar i bhfianaise é agus measfar gurb é an ionstraim sin é gan chruthúnas mura suífear a mhalairt. | |
[EN] |
Oifig a bheith sa Stát ag comhlachtaí áirithe. |
4. —Aon chomhlacht lena mbaineann ordú um stádas corpraithe beidh, amhail ón lá a thiocfaidh an t-ordú i ngníomh nó cibé lá is déanaí ná sin a shonrófar san ordú, aige sa Stát oifig a bhféadfar gach comhfhreagras a dhíriú chuici agus ina bhféadfar doiciméad a sheirbheáil ar an gcomhlacht trína fhágáil san oifig nó é a chur leis an bpost dírithe chun an chomhlachta chun na hoifige. |
[EN] |
Clár. |
5. —(1) Coimeádfaidh an tAire clár de chomhlachtaí lena mbaineann orduithe um stádas corpraithe. |
[EN] | (2) Beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas maidir leis an gclár faoin alt seo: | |
[EN] | (a) coimeádfar an clár ar oscailt le hiniúchadh ag an bpobal le linn uaire oifige, | |
[EN] | (b) i dteannta an chláir, coimeádfar ar fáil le hiniúchadh ag an bpobal cóipeanna de bhunreachtanna (lena n-áirítear leasuithe) na gcomhlacht cláraithe agus maille leis sin, muran i mBéarla nó i nGaeilge atá bunreacht nó leasú den sórt sin scríofa, tiontú air, | |
[EN] | (c) taifeadfar sa chlár seoladh na hoifige a choimeádann an comhlacht cláraithe de réir alt 4 den Acht seo, agus | |
[EN] | (d) déanfaidh gach comhlacht cláraithe, chun críocha mhír (b) den fho-alt seo, cóip dá bhunreacht (lena n-áirítear leasuithe) agus, ina theannta sin i gcás inar gá sin, tiontú ar an gcéanna a thabhairt don Aire. | |
[EN] |
Eolas. |
6. —(1) Déanfaidh comhlacht lena mbaineann ordú um stádas corpraithe cibé eolas (lena n-áirítear cóipeanna de chuntais bhliantúla nó de chuntais chuí-iniúchta eile) a thabhairt don Aire a theastóidh uaidh le réasún. |
[EN] | (2) I gcás ina mbeartóidh an tAire ordú cúlghairme faoi alt 7 den Acht seo a dhéanamh mar gheall ar é á mheas gurb é leas an phobail déanamh amhlaidh, féadfaidh sé, sula ndéanfaidh sé an t-ordú, a cheangal ar an gcomhlacht, lena mbaineann an t-ordú um stádas corpraithe a bheartaíonn sé a chúlghairm, cibé eolas a thabhairt dó a mheasfaidh sé is gá chun a chumasú dó a chinneadh ar cheart aon fhoráil a luaitear i mír (b), (c) nó (d) d'alt 7 (2) den Acht seo, nó aon fhoráil iarmartach eile, a chur san ordú cúlghairme. | |
[EN] | (3) Déanfar de réir ceanglais ón Aire faoi fho-alt (2) den alt seo. | |
[EN] |
Ordú um stádas corpraithe a chúlghairm. |
7. —(1) Más rud é— |
[EN] | (a) gurb oiriúnach leis an Aire déanamh amhlaidh ar iarratas a fháil ó chomhlacht lena mbaineann ordú um stádas corpraithe, nó | |
[EN] | (b) go measfaidh an tAire, i gcás nach ndéanfar iarratas den sórt sin, gurb é leas an phobail déanamh amhlaidh, | |
[EN] | féadfaidh an tAire le hordú, faoi réir fho-alt (4) den alt seo, ordú um stádas corpraithe a chúlghairm. | |
[EN] | (2) Faoi réir an choinníll a ghabhann leis an bhfo-alt seo, beidh cibé forálacha in ordú cúlghairme a mheasfaidh an tAire is gá nó is foirsteanach de dhroim na cúlghairme agus, go háirithe, féadfaidh foráil a bheith ann— | |
[EN] | (a) chun an comhlacht a dhíscaoileadh lena mbaineann an t-ordú um stádas corpraithe a chúlghairfear leis an ordú cúlghairme sin, | |
[EN] | (b) chun maoin, cearta nó dliteanais an chomhlachta sin a aistriú nó a dháileadh, | |
[EN] | (c) chun conarthaí leanúnacha a rinne an comhlacht sin a bhuanchoimeád. | |
[EN] | (d) chun imeachtaí dlíthiúla atá ar feitheamh a choimeád ar marthain. | |
[EN] | ar choinníoll, má bhíonn ordú cúlghairme le déanamh mar gheall ar iarratas ó chomhlacht lena mbaineann ordú um stádas corpraithe, go rachaidh an tAire, sula ndéanfaidh sé an t-ordú cúlghairme, i gcomhairle leis an gcomhlacht sin maidir leis na forálacha a bheidh san ordú. | |
[EN] | (3) Nuair a bheartóidh an tAire ordú cúlghairme a dhéanamh cuirfidh sé faoi deara fógra go bhfuil sé chun an t-ordú a dhéanamh a fhoilsiú i dhá nuachtán laethúla ar a laghad a fhoilsítear sa Stát. | |
[EN] | (4) Féadfaidh duine ar bith, laistigh de thréimhse ceithre lá dhéag dar tosach an dáta ar a gcomhlíonfar forálacha fho-alt (3) den alt seo, iarratas a dhéanamh chun an Aire maidir le haon ábhar a mbeidh sé beartaithe baint a bheith leis ag ordú a dhéanfar faoin alt seo agus tabharfaidh an tAire breith ar an iarratas, agus cuirfidh sé a bhreith in iúl don duine, a luaithe is féidir. | |
[EN] |
Tuarascáil Bhliantúil. |
8. —A luaithe is féidir tar éis an 1ú lá d'Eanáir gach bliain, ullmhóidh an tAire agus cuirfidh faoi deara go leagfar faoi bhráid gach Tí den Oireachtas tuarascáil bhliantúil ar fheidhmiú a fheidhmeanna faoin Acht seo. |
[EN] |
Orduithe a leagan. |
9. —(1) I gcás ina mbeartófar ordú a dhéanamh faoi alt 3 den Acht seo, leagfar dréacht den ordú faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar an t-ordú go dtí go rithfidh gach Teach acu sin rún ag ceadú an dréachta. |
[EN] | (2) Déanfar gach ordú faoin Acht seo, seachas ordú a dhéanfar faoi alt 3, a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú. | |
[EN] |
Caiteachais an Aire. |
10. —Déanfar aon chaiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas. |
[EN] |
Gearrtheideal. |
11. —Féadfar an tAcht um Chomhlachtaí Idirnáisiúnta Sláinte (Stádas Corporaithe), 1971, a ghairm den Acht seo. |