5 1971


Uimhir 5 de 1971


AN tACHT UM AN ACHT CHUN ONNMHAIRE A RIALÚ (FORÁLA SEALADACHA), 1956 (BUANÚ), 1971

[An tiontú oifigiúil]

ACHT D'FHADÚ NA TRÉIMHSE A BHEIDH AN tACHT CHUN ONNMHAIRE A RIALÚ (FORÁLA SEALADACHA), 1956 , I bhFEIDHM. [31 Márta, 1971.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS :

An tAcht chun Onnmhaire a Rialú (Forála Sealadacha), 1956 , a bhuanú.

1956, Uimh. 1 .

1968, Uimh. 9 .

1. —(1) Leanfaidh an tAcht chun Onnmhaire a Rialú (Forála Sealadacha), 1956 , i bhfeidhm go dtí an 31ú lá de Mhárta, 1974, agus rachaidh sé in éag ansin.

(2) Aisghairtear leis seo an tAcht um an Acht chun Onnmhaire a Rialú (Forálacha Sealadacha), 1956 (Buanú), 1968.

Gearrtheideal.

2. —Féadfar an tAcht um an Acht chun Onnmhaire a Rialú (Forála Sealadacha), 1956 (Buanú), 1971, a ghairm den Acht seo.