Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL)

18 1971

/images/harp.jpg


Uimhir 18 de 1971


AN tACHT LEICTREACHAIS (SOLÁTHAR) (LEASÚ), 1971

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA LEICTREACHAIS (SOLÁTHAR), 1971. [21 Iúil, 1971.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS :

Airleacain chun an Bhoird chun tuathlimistéir a leictriú.

1. —(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais, ar mholadh an Aire, airgead a airleacan chun an Bhoird as an bPríomh-Chiste nó as a thoradh fáis chun tuathlimistéir a leictriú.

(2) Ní rachaidh an méid iomlán a airleacfar chun an Bhoird faoin alt seo thar dheich milliún punt.

(3) Déanfar an t-airgead a airleacfaidh an tAire Airgeadais chun an Bhoird faoin alt seo a aisíoc leis an bPríomh-Chiste as airgead a sholáthróidh an tOireachtas cibé tráth nó tráthanna a ordóidh an tAire Airgeadais ó am go ham.

Leasú ar alt 2 den Acht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1954 .

1954 Uimh. 17.

2. —Leasaítear leis seo alt 2 den Acht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1954

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1)—

“(1) Ní rachaidh caiteachas iomlán an Bhoird chun críocha ginearálta, is é sin le rá, chun na críocha ginearálta uile thar ceithre chéad agus caoga milliún punt.”, agus

(b) tríd an bhfomhír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fhomhír (f) i bhfo-alt (2):

“(g) caiteachas chun tuathlimistéir a leictriú”.

Aisghairm.

3. —Déantar leis seo na hachtacháin a luaitear sa Sceidal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a shonraítear sa tríú colún den Sceideal sin.

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

4. —(1) Féadfar an tAcht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1971 , a ghairm den Act seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Leictreachais (Soláthar), 1927 go 1971, a ghairm de na hAchtanna Leictreachais (Soláthar), 1927 go 1970, agus den Acht seo le chéile.

(3) Forléireofar mar aon Acht amháin na hAchtanna agus an tAcht seo.