26 1971


Uimhir 26 de 1971


AN tACHT ARM-PHINSEAN, 1971

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN LIÚNTAIS A DHEONÚ DO BHAINTREACHA PINSINÉIRÍ FAOI ACHT NA bPINSEAN SEIRBHÍSE MÍLEATA, 1924 , FAOI ACHT NA bPINSEAN SEIRBHÍSE MÍLEATA, 1934 , NÓ FAOIN ACHT UM NA CONNAUGHT RANGERS (PINSIN), 1936, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEANN LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [1 Meán Fómhair, 1971.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Liúntais do bhaintreacha pinsinéirí seirbhíse míleata.

1924, Uimh. 48 .

1934, Uimh. 43 .

1936, Uimh. 37 .

1. —(1) Féadfaidh an tAire liúntas a dheonú do bhaintreach (ar choinníoll nár athphós sí) duine dar deonaíodh pinsean faoi Acht na bPinsean Seirbhíse Míleata, 1924 , nó faoi Acht na bPinsean Seirbhíse Míleata, 1934 , nó pinsean seirbhíse faoin Acht um na Connaught Rangers (Pinsin), 1936, agus is é méid an liúntais sin—

(a) £52.20 sa bhliain, nó

(b) leath an ráta bhliantúil pinsin is iníoctha faoi aon Acht acu sin lena fearchéile an 1ú lá de Dheireadh Fómhair, 1971, nó ab iníoctha leis dá mbeadh sé beo ar an dáta sin,

cibé acu is mó.

(2) Gach liúntas a dheonófar do bhaintreach faoin alt seo beidh sé iníoctha—

(a) ón lú lá de Dheireadh Fómhair, 1971, nó

(b) ón lá i ndiaidh dáta báis a fearchéile,

cibé lá acu is déanaí.

(3) Má athphósann baintreach dá ndeonófar liúntas faoin alt seo, beidh deireadh leis an liúntas ó dháta a hathphósta.

(4) Gach iarratas ar liúntas faoin alt seo is i cibé foirm a bheidh sé agus beidh cibé sonraí ann a ordóidh an tAire.

Feidhm ag achtacháin áirithe maidir le liúntas faoin Acht seo.

1923, Uimh. 26 .

1949, Uimh. 19 .

2. —Beidh ag ailt 9 go 12 agus ag alt 14 den Acht Arm-Phinsean, 1923 , agus ag fo-ailt (1), (2) agus (5) d'alt 2 agus ag alt 13 den Acht Arm-Phinsean, 1949 , feidhm, maidir le liúntas a dheonófar faoin Acht seo, ionann is dá mba liúntas a luaitear in aon alt acu sin an liúntas sin.

Ní bheidh feidhm ag achtacháin áirithe maidir le liúntas faoin Acht seo.

1953, Uimh. 23 .

3. —Ní bheidh feidhm maidir le liúntas a dheonófar faoin Acht seo ag alt 8 (1) den Acht Arm-Phinsean, 1953 , ná ag Airteagail 22 (1) (b) agus 23 (1) (a) den Scéim Fhórsaí Cosanta (Pinsin), 1937 (R. & O. R., Uimh. 249 de 1937).

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

4. —(1) Féadfar an tAcht Arm-Phinsean, 1971 , a ghairm den Acht seo.

(2) Déanfar na hAchtanna Arm-Phinsean, 1923 go 1968, agus an tAcht seo a fhorléiriú le chéile mar aon Acht amháin agus féadfar na hAchtanna Arm-Phinsean, 1923 go 1971, a ghairm díobh le chéile.