27 1971


Uimhir 27 de 1971


AN tACHT UM GHNÍOMHAIREACHT FOSTAÍOCHTA, 1971

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ LE hAGHAIDH RIALÚ AGUS RIALÁIL GNÍOMHAIREACHTAÍ FOSTAÍOCHTA AG AN AIRE SAOTHAIR, DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH DAOINE A LORG LE hAGHAIDH FOSTAÍOCHTA LASMUIGH DEN STÁT AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEANN LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [24 Samhain, 1971.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1. —(1) San Acht seo—

tá le “oifigeach údaraithe” an bhrí a shanntar dó le halt 9 den Acht seo;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Saothair;

ciallaíonn “forordaithe” forordaithe le rialacháin a rinne an tAire faoin Acht seo.

(2) Chun críocha an Achta seo, ciallaíonn gnó gníomhaireachta fostaíochta gnó ag lorg, ar luach saothair nó eile, thar ceann daoine eile, daoine a thabharfaidh nó a ghlacfaidh fostaíocht, agus folaíonn sé daoine a ghlacfaidh fostaíocht ó dhaoine eile nó a dhéanfaidh seirbhísí do dhaoine eile a fháil nó a sholáthar ar luach saothair.

Toirmeasc ginearálta le gníomhaireachtaí fostaíochta neamhcheadúnaithe.

2. —Ní sheolfaidh aon duine gnó gníomhaireachta fostaíochta ach amháin faoi réim agus de réir ceadúnais faoin Acht seo.

Forálacha maidir le ceadúnas.

3. —(1) Aon duine a bheidh chun gnó gníomhaireachta fostaíochta a sheoladh iarrfaidh sé ceadúnas faoin Acht seo ar an Aire, agus cuir fidh sé faoi deara fógra san fhoirm fhorordaithe go bhfuil sé chun sin a iarraidh amhlaidh a fhoilsiú i nuachtán laethúil amháin ar a laghad a léitear sa Stát.

(2) Aon iarratas ar cheadúnas faoin Acht seo—

(a) is san fhoirm fhorordaithe a dhéanfar é,

(b) beidh ann na sonraí forordaithe, agus

(c) beidh an táille fhorordaithe ag gabháil leis.

(3) I gcás ina n-iarrfar ceadúnas faoin Acht seo, deonóidh an tAire an ceadúnas—

(a) más deimhin leis go bhfreagraíonn an t-áitreabh do na caighdeáin chóiríochta fhorordaithe,

(b) más deimhin leis go bhfreagraíonn an t-iarratasóir do na caighdeáin fhorordaithe oiriúnachta agus feidhmiúlachta, agus

(c) más rud é nár ciontaíodh an t-iarratasóir i gcion faoin Acht seo sa tréimhse 5 bliana dar críoch dáta an iarratais.

(4) Féadfaidh an tAire na caighdeáin chóiríochta i leith áitreabh a úsáidfear le haghaidh gnó gníomhaireachta fostaíochta agus na caighdeáin oiriúnachta agus feidhmiúlachta a mheasfaidh sé a bheith riachtanach i leith iarratasóra ar cheadúnas faoin Acht seo a fhorordú.

(5) Is san fhoirm fhorordaithe a bheidh ceadúnas faoin Acht seo agus beidh ceadúnas den sórt sin faoi réir cibé coinníollacha a shonróidh an tAire sa cheadúnas.

Ceadúnas a chúlghairm.

4. —I gcás sealbhóir ceadúnais faoin Acht seo a bheith ciontaithe i gcion faoin Acht seo nó eolas bréagach a bheith tugtha aige in iarratas faoi alt 3 den Acht seo nó i gcás inarb é tuairim an Aire—

(a) nach duine oiriúnach feasta chun gnó gníomhaireachta fostaíochta a sheoladh an sealbhóir, nó

(b) maidir leis an áitreabh ina seolann an sealbhoir gnó gníomhaireachta fostaíochta nach bhfeagraíonn sé feasta do na caighdeáin fhorordaithe,

féadfaidh an tAire an ceadúnas a chúlghairm.

Achomhairc i gcoinne ceadúnas a chúlghairm agus diúltú ceadúnas a dheonú.

5. —(1) I gcás in a mbeartóidh an tAire ceadúnas faoin Acht seo a chúlghairm cuirfidh sé in iúl go cuí do shealbhóir an cheadúnais go bhfuil sin beartaithe aige, agus féadfaidh an sealbhóir achomharc a dhéanamh chun na hArd-Chúirte i gcoinne beartú an Aire.

(2) I gcás ina ndiúltóidh an tAire ceadúnas faoin Acht seo a dheonú d'iarratasóir ceadúnais den sórt sin, cuirfidh sé a chinneadh in iúl don iarratasóir laistigh de 21 lá agus féadfaidh an t-iarratasóir achomharc a dhéanamh chun na hArd-Chúirte i gcoinne cinneadh an Aire.

(3) Ar éisteacht a thabhairt d'achomharc faoin alt seo maidir lena bheith beartaithe ceadúnas a chúlghairm nó maidir lena bheith diúltaithe ceadúnas a dheonú, féadfaidh an Ard-Chúirt an beartú nó an diúltú a dhaingniú nó géilleadh don achomharc agus, i gcás ina ngéillfear d'achomharc, ní chúlghairfidh an tAire an ceadúnas nó deonóidh sé an ceadúnas, de réir mar is iomchuí.

(4) Is breith chríochnaitheach breith na hArd-Chúirte ar achomharc faoin alt seo ach amháin go bhféadfar, le cead na Cúirte sin, achomharc i gcoinne na breithe sin a dhéanamh chun na Cúirte Uachtaraí ar phonc shonraithe dlí.

Gan feidhm a bheith ag an Acht seo.

6. —(1) Ní bhainfidh an tAcht seo—

(a) le haon scéim ná seirbhís a bhaineann le fostú nó earcú foireann agus a riarann nó a oibríonn Aire Stáit nó a riartar nó a oibrítear faoi threorú Aire Stáit,

(b) le Coimisiún na Státseirbhise,

(c) leis an gCoimisiún um Cheapacháin Áitiúla.

(2) Féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis, le hordú díolúine ón Acht seo nó ó fhoráil shonraithe den Acht seo a dheonú maidir le gnó aicme sonraithe gníomhaireachta fostaíochta a sheoladh.

(3) Féadfaidh an tAire le hordú ordú faoin alt seo a chúlghairm nó a leasú.

Táillí, etc., gníomhaireachtaí.

7. —(1) Ní dhéanfaidh duine a sheolann gnó gníomhaireachta fostaíochta aon táille ná caiteachais a ghearradh, i leith seirbhísí a rinneadh i gcúrsa an ghnó, de bhreis ar scála a bheidh ceadaithe ag an Aire, agus ullmhóidh agus cuirfidh faoi bhráid an Aire de réir mar a bheidh ceangailte chun críocha an ailt seo scála táillí agus caiteachas den sórt sin.

(2) Ní dhéanfaidh aon duine a sheolann gnó gníomhaireachta fostaíochta aon táille a ghearradh d'aontoisc de bharr a chomhaontú fostaíocht a lorg do dhuine eile ná d'aontoisc de bharr a chomhaontú daoine a lorg a thabharfaidh nó a ghlacfaidh fostaíocht.

Cumhacht ghinearálta rialacháin a dhéanamh.

8. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun éifeacht a thabhairt don Acht seo agus i gcoitinne chun seoladh gníomhaireachtaí fostaíochta a rialáil agus a mhaoirseacht.

(2) Féadfaidh rialacháin faoin alt seo, gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) den alt seo, socrú a dhéanamh do gach ábhar nó d'aon ábhar acu seo a leanas—

(a) a cheangal ar dhuine a sheolann gníomhaireacht fostaíochta taifid a choimeád faoin ngnó a sheolann an ghníomhaireacht agus faoi cibé ábhair eile a fhorordófar;

(b) foirm na dtaifead sin agus an t-eolas a bheidh le cur iontu a fhorordú;

(c) a cheangal ar dhuine a sheolann gníomhaireacht fostaíochta tuairisceáin bhliantúla a thabhairt don Aire agus, cibé tráthanna agus cibé slí a shonrófar, cibé eolas eile a iarrfaidh sé ó am go ham;

(d) cosc a chur le calaois ag seoladh gnó gníomhaireachta fostaíochta;

(e) airgead a chaomhnú a bheidh faighte ag gníomhaireachtaí fostaíochta le haghaidh agus thar ceann daoine a d'fhostaigh na gníomhaireachtaí sin;

(f) a cheangal go mbeidh ar taispeáint in áitribh gníomhaireachtaí fostaíochta ceadúnais faoin Acht seo a deonaíodh i leith na n-áitreabh, scálaí táillí agus caiteachas a bheidh ceadaithe faoin Acht seo agus cibé fógraí eile a bheidh forordaithe;

(g) a cheangal ar shealbhóirí ceadúnas faoin Acht seo go bhfaighidh siad, go gcoimeádfaidh siad agus (má iarrtar sin orthu) go dtabharfaidh siad ar aird don Aire, sula lorgfaidh siad daoine le haghaidh fostaíochta lasmuigh den Stát, fianaise ar údarás na sealbhóirí sin gníomhú thar ceann daoine a bheidh ag tairiscint fostaíochta den sórt sin agus eolas i dtaobh téarmaí fostaíochta den sórt sin;

(h) a cheangal, i gcás fógra i bhfoilseachán arna fhoilsiú sa Stát ar lorg duine le haghaidh fostaíochta lasmuigh den Stát nó ag tairiscint fostaíocht a fháil lasmuigh den Stát do shaoránach den Stát a chónaíonn sa Stát, go gcuirfear san fhógra ainm agus seoladh an duine lasmuigh den Stát a bheidh ar lorg duine le haghaidh, nó a bheidh ag tairiscint, fostaíochta nó ainm agus seoladh sealbhóra cheadúnais faoin Acht seo;

(i) a cheangal, i gcás gníomhaireacht fostaíochta a bheidh ar lorg daoine faoi bhun 18 mbliana d'aois le haghaidh fostaíochta lasmuigh den Stát nó a bheidh ag tairiscint fostaíocht a fháil lasmuigh den Stát do shaoránaigh den Stát faoi bhun 18 mbliana d'aois agus a chónaíonn sa Stát, cibé eolas a shonrófar sna rialacháin a bhainfidh leis an bhfostaíocht lasmuigh den Stát.

Cumhacht dul isteach, cumhacht scrúdaithe, etc.

9. —(1) Féadfaidh an tAire cibé daoine agus cibé méid daoine is oiriúnach leis a cheapadh chun bheith ina n-oifigigh údaraithe chun críocha an Achta seo.

(2) Tabharfar do gach oifigeach údaraithe barántas ar é a cheapadh ina oifigeach údaraithe agus, nuair a bheidh sé ag feidhmiú aon chumhachta a thugtar d'oifigeach údaraithe leis an alt seo, tabharfaidh sé, má iarann aon duine lena mbaineann air é, an barántas ar aird don duine sin.

(3) Féadfaidh oifigeach údaraithe gach tráth réasúnach—

(a) dul isteach agus scrúdú a dhéanamh ar aon áitreabh ina seoltar gnó gníomhaireachta fostaíochta nó a mbeidh iarratas faoi alt 3 den Acht seo déanta ina leith,

(b) scrúdú a dhéanamh ar cibé leabhair agus taifid i dtaobh gnó gníomhaireachta fostaíochta a cheanglaítear a choimeád faoin Acht seo, agus, i gcás a mbeidh cúis réasúnach aige a chreidiúint go bhfuil an tAcht seo á shárú nó gur sáraíodh an tAcht seo, cóipeanna a dhéanamh d'aon sonraí sna leabhair nó sna taifid sin.

(c) a cheangal ar aon duine a sheolann gnó gníomhaireachta fostaíochta nó a bheartaíonn sin a dhéanamh cibé eolas a thabhairt dó a iarrfaidh sé le réasún lena dhéanamh amach cé acu atá nó nach bhfuil an ghníomhaireacht nó gur dóigh nó nach dóigh di a bheith á seoladh de réir an Achta seo.

(4) I gcás aon duine—

(a) ní bhacfaidh sé ná ní choiscfidh sé oifigeach údaraithe agus an t-oifigeach údaraithe sin ag feidhmiú aon chumhachta dá dtugtar leis an Acht seo,

(b) ní mhainneoidh sé ná ní dhiúltóidh sé aon eolas a thabhairt d'oifigeach údaraithe a bheidh teideal ag aon oifigeach a éileamh faoin alt seo, ná

(c) ní thabharfaidh sé d'oifigeach údaraithe eolas is eol dó a bheith bréagach nó míthreorach i bponc ábhartha.

Cionta.

10. —(1) Má sháraíonn duine an tAcht seo nó aon rialacháin faoi beidh sé ciontach i gcion agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná £50 agus, i gcás ciona leanúnaigh, fíneáil bhreise nach mó ná £10 in aghaidh gach lae a leanfar den chion a chur air.

(2) I gcás cion faoin Acht seo a dhéanamh ag comhlacht corpraithe agus go gcruthófar go ndearnadh amhlaidh é le toiliú nó le ceadú, nó gur urasaíodh a dhéanamh le haon fhaillí thoiliúil ar thaobh, aon stiúrthóra, bainisteora, rúnaí, nó oifigigh eile de chuid an chomhlachta chorpraithe, measfar an stiúrthóir, an bainisteoir, an rúnaí nó an t-oifigeach eile a bheith ciontach sa chion freisin.

Rialacháin a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais.

11. —Gach rialachán a dhéanfar faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

Aisghairm.

1907, c.53.

12. —Aisghairtear leis seo alt 85 den Public Health Acts (Amendment) Act, 1907.

Caiteachais, etc.

13. —(1) Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

(2) Aon airgead a gheobhaidh an tAire faoin Acht seo íocfar isteach sa Státchiste é nó cuirfear chun tairbhe don Státchiste é i cibé slí a ordóidh an tAire Airgeadais.

Tosach feidhme.

14. —Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú.

Gearrtheideal.

15. —Féadfar an tAcht um Ghníomhaireacht Fostaíochta, 1971 , a ghairm den Acht seo.