34 1971


Uimhir 34 de 1971


AN tACHT UM ONNMHAIRIÚ A SPREAGADH (LEASÚ), 1971

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA UM ONNMHAIRIÚ A SPREAGADH, 1959 GO 1969.

[15 Nollaig 1971]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Mínithe.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “an Bord” Córas Tráchtála;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Tionscail agus Tráchtála.

Méadú ar dheontais neamh-inaisíoctha don Bhord.

1963, Uimh. 20 .

1959, Uimh. 20 .

2. —Ní mó ná cúig mhilliún déag punt comhiomlán na suimeanna a fhéadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, a íoc leis an mBord chun a chumasú don Bhord a fheidhmeanna a fheidhmiú nó a chomhlíonadh (gan aon suim a íocadh leis an mBord faoi alt 4 den Acht um Onnmhairiú a Spreagadh (Leasú), 1963 , a áireamh) agus, dá réir sin, forléireofar alt 16 (1) den Acht um Onnmhairiú a Spreagadh, 1959 , ionann is dá gcuirfí an tsuim sin in ionad na suime atá luaite ann.

An Bord do chabhrú le seirbhísí áirithe deartha agus pleanála.

1969, Uimh. 4 .

3. —(1) Féadfaidh an Bord cabhrú le suirbhéirí cainníochta a chleachtann sa Stát maidir le seirbhísí a thabhairt lena mbaineann alt 3 (1) den Acht um Onnmhairiú a Spreagadh (Leasú), 1969 .

(2) Beidh ag an mBord na cumhachtaí sin go léir is gá chun críocha fho-alt (1) den alt seo.

Gearrtheideal agus comhlua.

4. —(1) Féadfar an tAcht um Onnmhairiú a Spreagadh (Leasú), 1971 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna um Onnmhairiú a Spreagadh, 1959 go 1971, a ghairm de na hAchtanna um Onnmhairiú a Spreagadh, 1959 go 1969, agus den Acht seo le chéile.