35 1971


Uimhir 35 de 1971


AN tACHT UM CHOMHLACHAS FORBARTHA IDIRNÁISIÚNTA (LEASÚ), 1971

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO CHUMASÚ ÍOCAÍOCHTAÍ BREISE NACH MÓ NA MÉID IOMLÁN SONRAITHE A DHÉANAMH THAR CEANN AN RIALTAIS LEIS AN gCOMHLACHAS FORBARTHA IDIRNÁISIÚNTA. [15 Nollaig, 1971.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Leasú ar an Acht um Chomhlachas Forbartha Idirnáisiúnta, 1960 .

1960, Uimh. 35 .

1. —Leasaítear leis seo alt 3 (2) den Acht um Chomhlachas Forbartha Idirnáisiúnta, 1960 , tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (c):

“(cc) íocaíochtaí leis an gComhlachas nach mó san iomlán ná méid is comhionann in airgead reatha na hÉireann le 4 mhilliún dollar de chuid na Stát Aontaithe den mheáchan agus den ghlaine a bhí i bhfeidhm an lú lá d'Eanáir, 1960, de réir aon chomhshocraíochtaí idir an Rialtas agus an Comhlachas de bhíthin aon Rúin ó Bhord Rialtóirí an Chomhlachais i dtaobh sócmhainní breise airgeadais,”.

Gearrtheideal agus comhlua.

2. —(1) Féadfar an tAcht um Chomhlachas Forbartha Idirnáisiúnta (Leasú), 1971 , a ghairm den Acht seo—

(2) Féadfar na hAchtanna um Chomhlachas Forbartha Idirnáisiúnta, 1960 agus 1971, a ghairm den Acht um Chomhlachas Forbartha Idirnáisiúnta, 1960 , agus den Acht seo le chéile.