|
|||||
|
[EN] | ||
Uimhir 3 de 1972 | ||
[EN] |
AN tACHT CAIRDE TALMHAÍOCHTA, 1972 | |
[An tiontú oifigiúil] |
ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA CAIRDE TALMHAÍOCHTA, 1927 GO 1969. [21 Márta, 1972] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||
[EN] |
Léiriú. |
1. —San Acht seo— |
[EN] | ciallaíonn “Acht 1961” an tAcht Cairde Talmhaíochta, 1961; | |
[EN] | ciallaíonn “Acht 1965” an tAcht Cairde Talmhaíochta, 1965 ; | |
[EN] | ciallaíonn “Acht 1969” an tAcht Cairde Talmhaíochta, 1969 . | |
[EN] |
Leasú ar alt 9 den Acht Cairde Talmhaíochta, 1927 . |
2. —Leasaítear leis seo alt 9 (arna leasú le halt 7 d'Acht 1961) den Acht Cairde Talmhaíochta, 1927 — |
[EN] | (a) trí “(lena n-áirítear airgead in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit)” a chur isteach i bhfo-alt (1) (b) i ndiaidh “taiscí airgid”, agus | |
[EN] | (b) trí na fo-ailt nua seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2)— | |
[EN] | “(3) Chun críocha an ailt seo, aon airgead a ghlac an Chorparáid ar taisce in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit measfar gur coibhéis é in airgead reatha an Stáit leis an airgead a glacadh iarbhír, agus an choibhéis sin á ríomh de réir an ráta malairte tráth na dtaiscí a ghlacadh. | |
[EN] | (4) Más rud é— | |
[EN] | (a) go mbeidh an choibhéis in airgead reatha an Stáit le hairgead reatha eile á ríomh chun críocha fho-alt (3) den alt seo, agus | |
[EN] | (b) go mbeidh ag na hairgid reatha, an tráth a shonraítear san fho-alt sin, parluachanna arna mbunú faoi Airteagail Chomhaontaithe an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta agus go mbeidh ar áireamh iontu airgead reatha an Stáit agus an t-airgead reatha eile, | |
[EN] | measfar an tagairt san fho-alt sin don ráta malairte an tráth sin a bheith ina tagairt don ráta malairte a bunaíodh ar na luachanna sin.”. | |
[EN] |
Leasú ar alt 3 d'Acht 1961. |
3. —Leasaítear leis seo alt 3 d'Acht 1961— |
[EN] | (a) trí “(lena n-áirítear airgead in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit)” a chur isteach i bhfo-alt (1) i ndiaidh “airgead”, agus | |
[EN] | (b) trí na fo-ailt nua seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4)— | |
[EN] | “(5) Chun críocha an ailt seo, aon airgead a chruinnigh an Chorparáid nó a fuair sí ar iasacht in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit, measfar gur coibhéis é in airgead reatha an Stáit leis an airgead a cruinníodh nó a fuarthas ar iasacht iarbhír, agus an choibhéis sin á ríomh de réir an ráta malairte tráth an airgid a chruinniú nó a fháil ar iasacht. | |
[EN] | (6) Más rud é— | |
[EN] | (a) go mbeidh an choibhéis in airgead reatha an Stáit leis an airgead reatha eile á ríomh chun críocha an ailt seo, agus | |
[EN] | (b) go mbeidh ag na hairgid reatha, an tráth a shonraítear san alt seo, parluachanna arna mbunú faoi Airteagail Chomhaontaithe an Chiste Airgeadaíochta Idir-náisiúnta agus go mbeidh ar áireamh iontu airgead reatha an Stáit agus an t-airgead reatha eile, | |
[EN] | measfar an tagairt in fho-alt (5) den alt seo don ráta malairte an tráth sin a bheith ina tagairt don ráta malairte a bunaíodh ar na luachanna sin.”. | |
[EN] |
Leasú ar alt 5 d'Acht 1961. |
4. —Leasaítear leis seo alt 5 d'Acht 1961— |
[EN] | (a) trí “agus i cibé airgead (lena n-áirítear airgead in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit)” a chur isteach i bhfo-alt (1) i ndiaidh “i cibé foirm agus slí”, | |
[EN] | (b) trí “agus féadfar a áireamh in aon ráthaíocht den sórt sin ráthaíocht go n-íocfaidh an Chorparáid caiteachais theagmhasacha a bhainfidh leis an airgead a fháil ar iasacht” a chur isteach i bhfo-alt (1) i ndiaidh “an t-ús a íoc”, agus | |
[EN] | (c) trí na fo-ailt nua seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (8)— | |
[EN] | “(9) Maidir le ráthaíocht faoin alt seo in airgead in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit— | |
[EN] | (a) áireofar gach ceann de na tagairtí do phríomhshuim i bhfo-ailt (2) agus (4) den alt seo mar thagairtí do choibhéis in airgead reatha an Stáit na príomhshuime iarbhír, agus an choibhéis sin á ríomh de réir an ráta malairte tráth na ráthaíochta a thabhairt, | |
[EN] | (b) áireofar gach ceann de na tagairtí d'airgead i bhfo-ailt (3), (5), (6), (7) agus (8) den alt seo mar thagairt do chostas an airgid iarbhír in airgead reatha an Stáit. | |
[EN] | (10) Más rud é— | |
[EN] | (a) go mbeidh an choibhéis in airgead reatha an Stáit le hairgead reatha eile á ríomh de bhun fho-alt (9) (a) den alt seo, agus | |
[EN] | (b) go mbeidh ag na hairgid reatha, an tráth a shonraítear sa mhír sin, parluachanna arna mbunú faoi Airteagail Chomhaontaithe an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta agus go mbeadh ar áireamh iontu airgead reatha an Stáit agus an t-airgead reatha eile, | |
[EN] | measfar an tagairt sa mhír sin don ráta malairte an tráth sin a bheith ina tagairt don ráta malairte a bunaíodh ar na luachanna sin.”. | |
[EN] |
Leasú ar alt 3 d'Acht 1965. |
5. —Leasaítear leis seo alt 3 (1) d'Acht 1965 (arna leasú le halt 3 d'Acht 1969) trí “seachtó milliún punt” a chur in ionad “fiche a cúig milliún punt”. |
[EN] |
Leasú ar alt 4 d'Acht 1965. |
6. —Leasaítear leis seo alt 4 d'Acht 1965 (arna leasú le halt 4 d'Acht 1969) trí “seachtó milliún punt” a chur in ionad “fiche a cúig milliún punt”. |
[EN] |
Cumhachtaí an Aire maidir le caillteanais nó gnóchain ó athruithe i rátaí malairte. |
7. —I gcás ina ndéanfaidh an Chorparáid airgead a chruinniú nó a fháil ar iasacht in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit, féadfaidh an tAire— |
[EN] | (a) a ghabháil de láimh, faoi réir cibé téarmaí agus coinníollacha is oiriúnach leis, go slánóidh sé aon chaillteanas de dhroim athruithe sa ráta malairte a thabharfadh méadú in airgead reatha an Stáit ar chostas aisíoctha príomhshuime aon airgid a chruinnigh an Chorparáid nó a fuair sí ar iasacht nó ar chostas íoctha úis ar an airgead sin, nó | |
[EN] | (b) aon ghnóchan a ghlacadh a thiocfadh de dhroim athruithe sa ráta malairte agus a thabharfadh laghdú in airgead reatha an Stáit ar chostas aisíoctha na príomhshuime sin nó ar chostas íoctha an úis sin. | |
[EN] |
Athrú ar mheabhrán agus airteagail chomhlachais. |
8. —Is dleathach don Chorparáid cibé athruithe a dhéanamh ar mheabhrán nó ar airteagail chomhlachais na Corparáide is gá chun iad a thabhairt ar comhréir leis an Acht seo. |
[EN] |
Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua. |
9. —(1) Féadfar an tAcht Cairde Talmhaíochta, 1972 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Forléireofar na hAchtanna Cairde Talmhaíochta, 1927 go 1969, agus an tAcht seo le chéile mar aon Acht amháin. | |
[EN] | (3) Féadfar na hAchtanna Cairde Talmhaíochta, 1927 go 1972, a ghairm de na hAchtanna Cairde Talmhaíochta, 1927 go 1969, agus den Acht seo le chéile. |