16 1972


Uimhir 16 de 1972


ACHT NA BIOTÁILLE NEAMHAIBÍ (SRIANADH), 1972

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ ALT 2 d'ACHT NA BIOTÁILLE NEAMHAIBÍ (SRIANADH), 1947 , [12 Iúil, 1972]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Leasú ar alt 2 d'Acht na Biotáille Neamhaibí (Srianadh), 1947 .

1947, Uimh. 12 .

1969, Uimh. 29 .

1966, I.R. Uimh. 132.

1. —(1) Amhail ar an agus ón 14ú lá d'Iúil, 1971, ní bheidh feidhm agus measfar nach raibh feidhm, ag an srianadh a forchuireadh le halt 2 (1) d'Acht na Biotáille Neamhaibí (Srianadh), 1947 , arna leasú le halt 1 d'Acht na Biotáille Neamhaibí (Srianadh), 1969 , maidir le vodka—

(a) arb é atá ann biotáille ar cuireadh blas uirthi nó ar meascadh táthchuid nó ábhar léi,

(b) a allmhairíodh, agus

(c) a dtaispeántar, tráth a allmhairithe, chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim, gur sa Ríocht Aontaithe a monaraíodh é agus gur uaidh sin a coinsíníodh é.

(2) Chun críocha an ailt seo ní mheasfar gur sa Ríocht Aontaithe a monaraíodh vodka mura rud é go ndearnadh sa Ríocht Aontaithe é as biotáille a monaraíodh ansin as ábhair seachas ábhair a thagann faoi Cheannteideal uimhir 22.08 nó faoi Cheannteideal uimhir 22.09 sa Cháinliosta sa Sceideal a ghabhann leis an Ordú d'Fhorchur Dleaohtanna (Uimh. 159) (Dleachtanna Custam agus Foirm an Cháinliosta Custam), 1966.

(3) San alt seo ciallaíonn an abairt “an Ríocht Aontaithe” an Bhreatain Mhór, Tuaisceart Éireann, Oileán Mhanann agus Oileáin Mhuir nIocht.

Gearrtheideal agus comhlua.

2. —(1) Féadfar Acht na Biotáille Neamhaibí (Srianadh), 1972 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar Achtanna na Biotáille Neamhaibí (Srianadh), 1947 go 1972, a ghairm d'Achtanna na Biotáille Neamhaibí (Srianadh), 1947 agus 1969, agus den Acht seo le chéile.