|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (AN CHEAD SCEIDEAL Gníomhaíochtaí Díolmhaithe) | Ar Aghaidh (AN TRIU SCEIDEAL) |
AN tACHT CÁNACH BREISLUACHA, 1972
[EN] | ||
[EN] |
AN DARA SCEIDEAL Earraí agus Seirbhísí is Inmhuirir de réir Ra ta Zero faoin gcéad | |
[EN] | ||
[EN] | (i) Earraí a sheachadfar— | |
[EN] | (a) lasmuigh den Stát, nó | |
[EN] | (b) laistigh den Stát ach faoi réir coinníll go bhfuil siad le hiompar díreach ag an duine nó thar ceann an duine atá ag déanamh an tseachadta— | |
[EN] | (I) lasmuigh den Stát, nó | |
[EN] | (II) go dtí duine cláraithe laistigh den aerfort neamhchustam; | |
[EN] | (ii) seirbhísí a dhéantar lasmuigh den Stát; | |
[EN] | (iii) iompar earraí sa Stát ag duine nó thar ceann duine i bhforghníomhú conartha chun na hearraí a aistriú go dtí áit nó ó áit lasmuigh den Stát; | |
[EN] | (iv) saoráidí dugaireachta, calaithe, luchtaithe nó díluchtaithe, lena n-áirítear imréiteach custam, a sholáthar díreach i ndáil le paisinéirí a chur i dtír nó a ghlacadh ar bord nó le hearraí a allmhairiú nó a onnmhairiú; | |
[EN] | (v) earraí a sheachadtar ar bord longa nó aerárthaí a théann go dtí áiteanna lasmuigh den Stát; agus deisiú agus seirbhísiú longa agus aerárthaí a bhíonn ag gabháil d'iompar paisinéirí agus earraí mar thráchtáil idirnáisiúnta; | |
[EN] | (vi) líonta iascaigh, agus ranna díobh sin, de chineál a bhíonn á n-úsáid go coitianta ag iascairí tráchtála chun críocha a slí bheatha agus nach n-úsáidtear go coitianta chun aon chríche eile; | |
[EN] | (vii) aon ábhar beatha (de réir brí an Achta um Leasacháin, | |
[EN] | 1955, Uimh. 8 . | Abhair Bheatha agus Meascáin Mhianrúla, 1955), ábhar beatha cumaiscthe (de réir brí an Achta sin) nó meascán mianrúil (de réir brí an Achta sin)— |
[EN] | (a) a sheachadtar in aonaid nach lú ná 10 gcileagram agus nach mbíonn i bpacáistí nó nach ndíoltar nó nach bhfuil ceaptha ar shlí eile le haghaidh madraí, cat, éan cáis nó peataí tí, agus | |
[EN] | (b) nach gcuirtear toirmeasc faoi alt 4 nó 6 den Acht sin lena dhíol nó lena mhonarú le haghaidh díola; | |
[EN] | (viii) leasachán (de réir brí an Achta um Leasacháin, Abhair Bheatha agus Meascáin Mhianrúla, 1955 ) a sheachadtar in aonaid nach lú ná 10 gcileagram agus nach gcuirtear toirmeasc faoi alt 4 nó 6 den Acht sin lena dhíol nó lena mhonarú le haghaidh díola; | |
(ix) seirbhísí a sholáthraíonn Coimisinéirí Soilse na hÉireann i ndáil le hoibriú longa solais, tithe solais nó áisíní loingseoireachta eile; agus | ||
(x) déanamh, deisiú, cothabháil agus feabhsú bóithre, cuanta agus oibreacha séarachais ag an Stát, ag údaráis áitiúla nó ag údaráis chuain. |