26 1972


Uimhir 26 de 1972


AN tACHT UM CHIONTAÍ IN AGHAIDH AN STÁIT (LEASÚ), 1972

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA UM CHIONTAÍ IN AGHAIDH AN STÁIT, 1939 AGUS 1940.

[3Nollaig, 1972]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Míniú.

1939, Uimh. 13 .

1. —San Acht seo ciallaíonn “Acht 1939” an tAcht um Chiontaí in aghaidh an Stáit, 1939 .

Cumhacht chun duine a gheofar gar d'áit ina ndearnadh cion sceidealta a cheistiú.

2. —Más rud é—

(a) go bhfuil foras réasúnach ag comhalta den Gharda Síochána lena chreidiúint go bhfuil á dhéanamh nó go ndearnadh in áit ar bith cion arb é atá ann de thuras na huaire cion sceidealta chun críocha Chuid V d'Acht 1939,

(b) go bhfuil foras réasúnach ag comhalta den Gharda Síochána lena chreidiúint i dtaobh aon duine a gheobhaidh sé ag an áit nó gur don áit tráth déanta an chiona nó go luath ina dhiaidh sin, gurb eol dó, nó gurbh eol dó an tráth sin, i dtaobh a dhéanta, agus

(c) go gcuirfidh an comhalta den Gharda Síochána in iúl don duine go gcreideann sé mar a dúradh,

féadfaidh an comhalta ainm agus seoladh an duine a iarraidh agus cuntas ar a imeachtaí le déanaí agus, má fhaillíonn nó má dhiúltaíonn an duine an t-eolas a thabhairt nó má thugann sé eolas atá bréagach nó míthreorach, beidh sé ciontach i gcion agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fineáil nach mó ná £200 a chur air nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá mhí dhéag nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin i dteannta a chéile.

Fianaise ar chomhaltas d'eagraíocht neamhdhleathach.

3. —(1) (a) Aon ráiteas arna dhéanamh ag duine cúisithe ó bhéal, i scríbhinn nó ar shlí eile, nó aon iompar dá chuid, ar intuigthe as nó a bhféadfaí tát réasúnach a bhaint as go raibh sé ag am ábhartha ina chomhalta d'eagraíocht neamhdhleathach, is fianaise é in imeachtaí faoi alt 21 d'Acht 1939, go raibh sé ag an am sin ina chomhalta amhlaidh.

(b) I mír (a) den fho-alt seo folaíonn “iompar” gan séanadh a theacht ón duine cúisithe ar thuairiscí foilsithe gur chomhalta é d'eagraíocht neamhdhleathach, ach má dhéantar séanadh den sórt sin ní bheidh sé sin ann féin dochloíte.

(2) Má deir oifigeach den Gharda Síochána, nach ísle céim ná Ard-Cheannfort, agus fianaise á thabhairt aige in imeachtaí maidir le cion faoin alt sin 21, go gcreideann sé go raibh an duine cúisithe ag am ábhartha ina chomhalta d'eagraíocht neamhdhleathach, beidh an ráiteas ina fhianaise go raibh se ag an am sin ina chomhalta den sórt sin.

(3) Beidh fo-alt (2) den alt seo i bhfeidhm cibé uair agus an fad sin amháin a bheidh Cuid V d'Acht 1939 i bhfeidhm.

Ráitis, cruinnithe, etc., atá ina mbac ar chúrsa an cheartais.

4. —(1) (a) Aon ráiteas poiblí arna dhéanamh ó bhéal, i scríbhinn nó ar shlí eile, nó aon chruinniú, mórshiúl nó léirsiú a chomórfar go poiblí, agus is bac ar chúrsa an cheartais, beidh sé neamhdhleathach.

(b) Measfar ráiteas, cruinniú, mórshiúl nó léirsiú a bheith ina bhac ar chúrsa an cheartais má bheartaítear, nó más de chineál é gur dócha dó, go díreach nó go neamhdhíreach, tionchar a bheith aige ar aon chúirt, duine nó údarás lena mbaineann tionscnamh, stiúradh nó cosaint aon imeachtaí sibhialta nó coiriúla (lena n-áirítear páirtí nó finné) i dtaobh ar cheart nó conas ba cheart na himeachtaí a thionscnamh, a stiúradh, a sheoladh ar aghaidh nó a chosaint, nó i dtaobh cén toradh ba chóir a bheith orthu.

(2) Duine ar bith a dhéanfaidh aon ráiteas, nó a dhéanfaidh aon chruinniú nó mórshiúl nó léirsiú atá neamhdhleathach faoin alt seo a eagrú nó a chomóradh nó a bheidh páirteach sa chéanna, beidh sé ciontach i gcion agus dlífear—

(a) ar a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £200 a chur air nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá mhí dhéag nó an fhíneáil sin agus an phriosúnacht sin i dteannta a chéile;

(b) ar a chiontú ar dhíotáil, fíneáil nach mó ná £1,000 a chur air nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná cúig bliana nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin i dteannta a chéile.

(3) Ní dhéanfaidh aon ní san alt seo difear don dlí i dtaobh díspeagadh cúirte.

Leasú ar alt 2 d'Acht 1939.

5. —Déantar leis seo an míniú ar “scríbhinn” in alt 2 d'Acht 1939 a leasú tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh “fógrán”:

“agus fós—

(a) aon léarscáil, plean, graf nó líníocht,

(b) aon fhótagraf,

(c) aon cheirnín, téip, fuaimrian nó deis eile ina bhfuil fuaimeanna nó sonraí eile (nach amharc-íomhánna) sa tslí go bhféadfaí (le cabhair nó gan chabhair ó threalamh éigin eile) iad a atáirgeadh uaidh sin, agus

(d) aon scannán, miocrascannán, claonchló, téip, nó deis eile ina bhfuil amharc-íomhá amháin nó níos mó (cibé acu le fuaimeanna nó sonraí eile nó gan iad) sa tslí go bhféadfaí (mar a dúradh) é nó iad a atáirgeadh uaidh sin agus atáirgeadh nó fos-atáirgeadh ar an íomhá nó ar na híomhánna atá ann cibé acu méadaithe nó gan méadú agus cibé acu le fuaimeanna nó sonraí eile nó gan iad”.

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

6. —(1) Féadfar an tAcht um Chiontaí in aghaidh an Stáit (Leasú), 1972 , a ghairm den Acht seo.

(2) Forléireofar na hAchtanna um Chiontaí in aghaidh an Stáit, 1939 agus 1940, agus an tAcht seo mar aon ní amháin agus féadfar na hAchtanna um Chiontaí in aghaidh an Stáit, 1939 go 1972, a ghairm díobh le chéile.