28 1972


Uimhir 28 de 1972


AN tACHT UM THRÁCHT CUARTAÍOCHTA, 1972

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA UM THRÁCHT CUARTAÍOCHTA, 1939 GO 1970.

[6 Nollaig, 1972]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Méadú ar dheontais neamhinaisíoctha do Bhord Fáilte Éireann.

1959, Uimh. 27 .

1966, Uimh. 3 .

1970, Uimh. 16 .

1. —(1) Ní rachaidh méid comhiomlán na suimeanna a fhéadfaidh an tAire Iompair agus Cumhachta a íoc le Bord Fáilte Éireann le haghaidh príomh-áiteanna cuartaíochta a fhorbairt thar £4,000,000 agus, dá réir sin, forléireofar alt 2 (1) (a) den Acht um Thrácht Cuartaíochta, 1959 , ionann is dá gcuirfí an tsuim sin in ionad na suime £3,250,000 a luaitear ann agus a cuireadh isteach le halt 6 (1) (a) den Acht um Thrácht Cuartaíochta, 1966 .

(2) Ní rachaidh méid comhiomlán na suimeanna a fhéadfaidh an tAire Iompair agus Cumhachta a íoc le Bord Fáilte Éireann chun Bord Fáilte Éireann do thabhairt deontas le haghaidh cóiríocht saoire a fhorbairt thar £13,000,000 agus, dá réir sin, forléireofar alt 2 (1) (b) den Acht um Thrácht Cuartaíochta, 1959 , ionann is dá gcuirfí an tsuim sin in ionad na suime £11,000,000 a luaitear ann agus a cuireadh isteach le halt 2 den Acht um Thrácht Cuartaíochta, 1970 .

Gearrtheideal agus comhlua.

2. —(1) Féadfar an tAcht um Thrácht Cuartaíochta, 1972 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna um Thrácht Cuartaíochta, 1939 go 1972, a ghairm de na hAchtanna um Thrácht Cuartaíochta, 1939 go 1970, agus den Acht seo le chéile.