2 1973


Uimhir 2 de 1973


AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH (SOCHAR PÁ-CHOIBHNEASA), 1973

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEATHNÚ AN CHÓRAIS ÁRACHAIS SHÓISIALAIGH A BUNAÍODH LEIS AN ACHT LEASA SHÓISIALAIGH, 1952, D'FHONN SOCRÚ A DHÉANAMH LE hAGHAIDH SOCHAIR FHORLIONTAIGH PHA-CHOIBHNEASA AGUS CHUN CRÍOCHA A BHAINEANN LEIS AN NÍ RÉAMHRÁITE. [3 Aibreán, 1973]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú

1952, Uimh. 11 .

1. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1952” an tAcht Leasa Shóisialaigh, 1952;

ciallaíonn “na hAchtanna” na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1972;

ciallaíonn “tuillimh ináirimh”, faoi réir rialachán faoin Acht seo, tuillimh ó fhostaíocht inárachaithe a bhfuil ranníocaí fostaíochta iníoctha ina leith de réir ráta ranníoca fostaíochta a shonraítear i mír 1 den Dara Sceideal a ghabhann le hAcht 1952;

ciallaíonn “tuillimh ináirimh sheachtainiúla” meánmhéid, arna ríomh de réir rialachán faoin Acht seo, na dtuilleamh ináirimh a gheofar in imeacht seachtaine;

ciallaíonn “bliain chánach ioncaim iomchuí”, maidir le sochar páchoibhneasa is iníoctha i leith aon lae áirithe, cibé bliain mheasúnachta de réir brí na nAchtanna Cánach Ioncaim a bheidh forordaithe maidir le haon sochar den sórt sin.

(2) Ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, déanfar tagairtí san Acht seo d'aon achtachán a fhorléiriú mar thagairtí don Acht sin arna leasú le haon achtachán iardain lena n-áirítear an tAcht seo.

Sochar pá-choibhneasa.

1970, Uimh. 12 .

2. —Leasaítear leis seo alt 14 (1) d'Acht 1952 tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (k) (a cuireadh isteach leis an Acht Leasa Shóisialaigh, 1970 ):

“(l) sochar pá-choibhneasa.”.

Ceart chun sochair phá-choibhneasa.

1966, Uimh. 16 .

3. —(1) Faoi réir forálacha na nAchtanna, duine a raibh tuillimh ináirimh aige sa bhliain cánach ioncaim iomchuí beidh sé i dteideal sochair phá-choibhneasa maidir le haon lá—

(a) is lá éagumais chun oibre ar cuid é de thréimhse bhearnaithe fostaíochta agus a bhfuil an duine i dteideal sochair mhíchumais nó liúntais mháithreachais ina leith nó a mbeadh an duine i dteideal cheachtar de na sochair sin mura mbeadh go bhfuil sochar díobhála iníoctha leis an duine faoi alt 8 den Acht Leasa Shóisialaigh (Díobhálacha Ceirde), 1966 , i leith an lae sin, nó

(b) is lá dífhostaíochta ar cuid é de thréimhse bhearnaithe fostaíochta agus a bhfuil an duine i dteideal sochair dhífhostaíochta ina leith,

agus nach luaithe ná an tríú lá déag éagumais chun oibre nó nach luaithe ná an tríú lá déag dífhostaíochta, de réir mar a bheidh, sa tréimhse bhearnaithe fostaíochta.

(2) In aon tréimhse bhearnaithe fostaíochta ní bheidh duine i dteideal sochair phá-choibhneasa i leith aon lae éagumais chun oibre tar éis an chéad caoga is naoú lá éagumais chun oibre sa tréimhse sin nó i leith aon lae dífhostaíochta tar éis an chéad caoga is naoú lá dífhostaíochta sa tréimhse sin.

(3) Aon lá a bhfuil duine i dteideal liúntais mháithreachais ina leith measfar, chun críocha an ailt seo, gur lá éagumais chun oibre é.

Ráta sochair phá-choibhneasa.

4. —Is é an ráta seachtainiúil sochair phá-choibhneasa is iníoctha le duine tráth ar bith méid is comhionann le daichead faoin gcéad den chuid sin (más aon chuid í) dá thuillimh ináirimh sheachtainiúla in aghaidh na bliana cánach ioncaim iomchuí a théann thar £14 ach nach dtéann thar an teorainn sin a bheidh forordaithe de thuras na huaire faoi réir cibé coinníollacha a bheidh forordaithe chun méid iomlán an tsochair is iníoctha faoi na hAchtanna leis an duine i leith aon tseachtaine a shrianadh faoi threoir na dtuilleamh sin.

Ranníocaí pá-choibhneasa.

5. —(1) Beidh ann, faoi réir cibé coinníollacha a fhorordófar, ranníocaí (dá ngairtear ranníocaí pá-choibhneasa san Acht seo) maidir le ranníocóirí fostaithe arb é a bheidh iontu—

(a) ranníoc ag an ranníocóir fostaithe, agus

(b) ranníoc ag fostóir an ranníocóra fhostaithe,

de réir cibé ráta a bheidh i gcoibhneas le tuillimh ináirimh an ranníocóra fhostaithe agus a bheidh forordaithe.

(2) Aon tagairtí do ranníocaí nó do ranníocaí fostaíochta in alt 6 (seachas fo-ailt (1), (2) agus (4) agus in ailt 7, 9, 35, 42, 48, 49, 52, 55 agus 57 go 59 d'Acht 1952 déanfar, mura n-éileoidh an comhthéacs a mhalairt, iad a fhorléiriú mar thagairtí a fholaíonn tagairtí do ranníocaí pá-choibhneasa.

Dliteanas i leith íoc ranníocaí pá-choibhneasa a chinneadh i gcásanna áirithe.

6. —Féadfaidh an tAire le rialacháin dliteanas i leith íoc ranníocaí páchoibhneasa a chinneadh i gcás daoine atá i gcomhthráth i dhá fhostaíocht nó níos mó cibé acu a bheidh siad faoin bhfostóir céanna nó nach mbeidh nó atá ag obair faoi urlámh nó bainistí ghinearálta dhuine éigin seachas a ngar-fhostóir.

Ranníocaí pá-choibhneasa a íoc, a bhailiú agus a ghnóthú.

1967, Uimh. 6 .

7. —(1) Féadfaidh an tAire le rialacháin foráil a dhéanamh i dtaobh an mhodha ina n-íocfar agus ina mbaileofar ranníocaí pá-choibhneasa agus ina dtabharfar cuntas ina leith agus i gcoitinne i dtaobh gach ní a bhaineann go foghabhálach nó go teagmhasach leis na nithe sin, lena n-áirítear, go sonrach, feidhmeanna maidir leo a shannadh don Ard-Bhailitheoir.

(2) (a) (i) Beidh feidhm ag forálacha aon achtacháin maidir le gnóthú cánach ioncaim agus ag forálacha aon riail chúirte maidir leis an gcéanna, i gcás ranníocaí páchoibhneasa a mbeidh ar an Ard-Bhailitheoir iad a bhailiú, maidir le haon ranníocaí pá-choibhneasa a ghnóthú ó dhuine a dhlitear den duine sin a íoc faoin Acht seo amhail mar atá feidhm acu maidir le gnóthú cánach ioncaim.

(ii) Aon fhorálacha a fheidhmítear leis an mír seo beidh feidhm amhlaidh acu faoi réir aon mhodhnuithe a mheasfaidh an tAire is gá agus a bheidh forordaithe.

(b) In imeachtaí a thionscnófar de bhua an fho-ailt seo—

(i) beidh deimhniú arna shíniú ag an Ard-Bhailitheoir á dheimhniú go bhfuil méid shonraithe dlite den chosantóir agus iníoctha aige ina fhianaise nó go gcruthófar a mhalairt go bhfuil an méid sin dlite agus iníoctha amhlaidh, agus

(ii) féadfar deimhniú á dheimhniú mar a dúradh agus a airbheartóidh a bheith sínithe ag an Ard-Bhailitheoir a thairiscint i bhfianaise gan chruthúnas agus measfar go dtí go gcrúthófar a mhalairt go bhfuil sé sínithe aige.

(c) Faoi réir an fho-ailt seo, beidh feidhm maidir le himeachtaí de bhua an fho-ailt seo ag na rialacha den chúirt lena mbainfidh is infheidhme de thuras na huaire i gcás imeachtaí sibhialta.

(3) San alt seo ciallaíonn “an tArd-Bhailitheoir” an tArd-Bhailitheoir arna cheapadh faoi alt 162 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

Tuillimh ináirimh a ríomh.

8. —Féadfar méid na dtuilleamh ináirimh agus méid na dtuilleamh, ináirimh seachtainiúil ag duine nó ag aicme daoine a ríomh nó a mheas, chun críocha an Achta seo, i cibé slí, faoi threoir cibé ábhar agus ar cibé foras a bheith forordaithe.

Sochar pá-choibhneasa agus ranníocaí pá-choibhneasa a ríomh.

9. —Féadfaidh an tAire le rialacháin foráil a dhéanamh le haghaidh ríomh na méideanna is iníoctha i leith ranníocaí pá-choibhneasa agus sochair phá-choibhneasa de réir scálaí forordaithe agus le haghaidh cibé coigeartuithe ar na méideanna is gá chun ríomh na méideanna a urasú agus codáin nua-phingine a sheachaint sna méideanna.

Aicmí áirithe fostaíochta a áireamh agus a eisiamh.

10. —(1) I dteannta na ndaoine lena mbainfidh forálacha an Achta seo, féadfaidh an tAire le rialacháin foráil a dhéanamh le go mbeidh feidhm ag na forálacha sin i gcás daoine a bheidh fostaithe i cibé aicme nó aicmí fostaíochta a shonrófar sna rialacháin agus féadfaidh sé leis na rialacháin sin cibé modhnuithe a dhéanamh ar na forálacha sin is dóigh leis is gá chun críche sin.

(2) Féadfaidh an tAire le rialacháin foráil a dhéanamh le nach mbeadh feidhm ag forálacha an Achta seo i gcás daoine a bheidh fostaithe i bhfostaíocht de cibé aicme nó aicmí a bheidh sonraithe sna rialacháin.

(3) Féadfar aicme a shonrú i rialacháin faoin alt seo i cibé slí agus faoi threoir cibé nithe is iomchuí leis an Aire.

(4) I gcás ina mbeartófar rialacháin a dhéanamh faoin alt seo ag modhnú forálacha an Achta seo, leagfar dréacht díobh faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar na rialacháin go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach acu sin.

Modhnú ar choinníollacha i leith sochair phá-choibneasa a fháil i gcásanna eatramhacha

11. —Féadfaidh an tAire le rialacháin foráil a dhéanamh le haghaidh aon choinníoll a mhodhnú de na coinníollacha i dtaobh sochair pháchoibhneasa a fháil i gcás aon éileamh ar shochar den sórt sin a tharlóidh le linn na tréimhse dar tús dáta tosach feidhme alt 3 den Acht seo agus dar críoch cibé dáta a shonrófar sna rialacháin.

Eolas maidir le tuillimh ináirimh.

12. —Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim cibé eolas a thabhairt don Aire maidir le tuillimh ináirimh is gá chun críocha sochair pháchoibhneasa agus ranníocaí pá-choibhneasa.

Alt 49 d'Acht 1952 a fheidhmiú agus a leasú.

13. —(1) Féadfaidh an tAire, chun críocha ranniocaí pá-choibhneasa agus sochair phá-choibhneasa, a cheangal le rialacháin ar fhostóirí cibé taifid a choimeád a shonrófar sna rialacháin ar thuillimh daoine a bheidh fostaithe acu agus na taifid a choinneáil go ceann cibé tréimhsí a fhorordófar agus measfar gur doiciméid chun críocha alt 49 d'Acht 1952 aon taifid a shonrófar amhlaidh.

(2) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoi alt 49 d'Acht 1952 dlífear, in ionad an phionóis a shonraítear i bhfo-alt (4) den alt sin, fíneáil nach mó ná £100 a chur air nó, de rogha na cúirte, príosúnacht go ceann aon téarma nach faide ná trí mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin i dteannta a chéile.

An tAire Airgeadais do thabhairt airleacan don Chiste Árachais Shóisialaigh.

14. —(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais, i gcaitheamh na tréimhse cúig bliana dar tús dáta tosach feidhme alt 3 den Acht seo, aon suimeanna a airleacan, as an bPríomh-Ciste nó a thoradh fáis, is gá chun dliteanais a íoc a thabhóidh an Ciste Árachais Shóisialaigh agus a tharlóidh de dhroim forálacha an Achta seo agus d'fhonn na suimeanna a sholáthar a bheidh le hairleacan amhlaidh féadfaidh an tAir Airgeadais airgead a fháil ar iasacht i cibé slí is cuí leis agus íocfar isteach sa Státchiste an t-airgead go léir a gheofar ar iasacht amhlaidh.

(2) Déanfar aon suimeanna a airleacfar faoin bhfo-alt roimhe seo mar aon le hús (más aon ús é) ar an gcéanna de réir cibé ráta a shocróidh an tAire Airgeadais a mhuirearú ar an gCiste Árachais Shóisialaigh agus beidh siad inaisíoctha as agus nuair a bheidh siad aisíoctha amhlaidh íocfar isteach sa Státchiste iad.

(3) Is ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis a bheidh muirear agus íoc príomhshuime agus úis aon urrús a eiseoidh an tAire Airgeadais chun críche iasachta faoin alt seo agus an chaiteachais a thabhófar i ndáil leis na hurrúis sin a eisiúint.

(4) Leasaítear leis seo alt 39 (9) (b) d'Acht 1952 trí “ach chun na gcríocha sin tabharfar neamhaird ar aon chaiteachas de dhroim forálacha an Achta Leasa Shóisialaigh (Sochar Pá-Choibhneasa), 1973 , agus freisin cibé ioncam ó ranníocaí pá-choibhneasa faoin Acht sin a úsáidtear faoi chomhair an chaiteachais sin.” a chur leis.

Leathnú ar alt 3 d'Acht 1952.

15. —Déanfar alt 3 (seachas fo-alt (4) de) d'Acht 1952 a fhorléiriú agus beidh éifeacht aige ionann agus dá mba rud é—

(a) gur fholaigh tagairtí ann do chumhacht chun rialacháin a dhéanamh tagairtí d'aon chumhacht chun rialacháin a dhéanamh faoin Acht seo, agus

(b) gur fholaigh tagairtí ann do rialacháin tagairtí d'aon rialacháin faoin Acht seo.

An tAire Airgeadais do thoiliú le rialacháin áirithe.

16. —Beidh rialacháin faoi alt 4, 5, 7 nó 8 den Acht seo faoi réir thoiliú an Aire Airgeadais.

Cumhacht chun deireadh a chur le deacrachtaí.

17. —(1) Má tharlaíonn aon deacracht i slí ar bith agus an tAcht seo á chur i ngníomh, féadfaidh an tAire, faoi réir cheadú an Aire Airgeadais, rud ar bith a dhéanamh le hordú a dhealraíonn a bheith riachtanach nó foirsteanach chun an tAcht seo a thabhairt i ngníomh, agus féadfar le haon ordú den sórt sin forálacha an Achta seo a mhodhnú a mhéid a dhealraíonn a bheith riachtanach nó foirsteanach chun an t-xrdú a chur in éifeacht.

(2) Gach ordú a dhéanfaidh an tAire faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta, agus má dhéanann ceachtar Teach den Oireachtas laistigh den lá agus fiche a shuífidh an Teacht sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.

(3) Ní cead aon ordú a dhéanamh faoin alt seo tar éis bliain a bheith caite tar éis tosach feidhme an ailt seo.

Gearrtheideal, forléiriú, comhlua agus tosach feidhme.

18. —(1) Féadfar an tAcht Leasa Shóisialaigh (Sochar Pá-Choibhneasa), 1973 , a ghairm den Acht seo agus forléireofar mar aon ní amháin é féin agus na hAchtanna.

(2) Féadfar na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1973, a ghairm de na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1972, agus den Acht seo le chéile.

(3) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a shocrófar chuige sin, le hordú nó le horduithe arna ndéanamh ag an Aire faoin alt seo, le toiliú an Aire Airgeadais, i gcoitinne nó faoi threoir aon fhorála áirithe agus féadfar laethanta éagsúla a shocrú amhlaidh le haghaidh forálacha éagsúla nó le haghaidh na forála céanna i ndáil le cásanna éagsúla nó le haicmí éagsúla cásanna.