16 1973


Uimhir 16 de 1973


AN tACHT UM NÓS IMEACHTA COIRIÚIL (LEASÚ), 1973

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AN ACHTA UM NÓS IMEACHTA COIRIÚIL, 1967 , AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN CÚNAMH DLÍTHIÚIL A CHUR I mBAINT LE GACH IMEACHT I LEITH CIONTA INDIOTÁILTE. [31 Iúil, 1973]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Achomharc i gcoinne pianbhreithe.

1967, Uimh. 12 .

1. —I gcás an Chúirt Dúiche do chur duine ar aghaidh i gcóir pianbhreithe faoi alt 13 (2) den Acht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967 , cibé acu roimh dháta an Achta seo a rith nó tar éis an dáta sin, beidh ábhar achomhairc ann i gcoinne na pianbhreithe ionann agus dá mba tar éis a chiontaithe ar díotáil a cuireadh an phianbhreith air.

Cúiseamh a leasú i gcás tarscaoileadh réamhscrúdaithe ag cúisí a bheidh cúisithe i gcion indíotáilte nó i gcás é a chur ar aghaidh i gcóir pianbhreithe.

2. —Más rud é—

(a) faoi alt 12 den Acht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967 , go ndéanfaidh duine cúisithe an réamhscrúdú dá bhforáiltear le Cuid II den Acht sin a tharscaoileadh agus go gcuirfear ar aghaidh é chun a thrialach ar chúiseamh ar bith le pléadáil neamhchiontachta,

(b) faoi alt 13 (2) den Acht sin, go gcuirfear duine cúisithe ar aghaidh i gcóir pianbhreithe ar chúiseamh ar bith le pléadáil chiontachta,

féadfar aon locht sa chúiseamh a cheartú—

(i) i gcás lena mbaineann mír (a)—i sonrú an chúisimh sa díotáil, agus

(ii) i gcás lena mbaineann mír (b)—ag an gcúirt ar chuici a cuireadh ar aghaidh é, agus áireofar a phléadáil chiontachta mar phléadáil chiontachta sa chúiseamh arna cheartú amhlaidh,

ar choinníoll, i gceachtar cás, nach dtarlódh éagóir, dar leis an gcúirt, de thoradh an cheartaithe sin.

Réim cúnaimh dlíthiúil a leathnú.

1962, Uimh. 12 .

3. —(1) Déanfar an fhoráil i dtaobh cúnaimh dhlíthiúil a dhéantar le halt 2 den Acht um Cheartas Coiriúil (Cúnamh Dlíthiúil), 1962 , do dhuine a chúiseofar os comhair na Cúirte Dúiche i gcion, a chur i mbaint le gach imeacht faoi Chuid II den Acht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967 .

(2) Déanfar an fhoráil i dtaobh cúnaimh dhlíthiúil a dhéantar le hailt 3 agus 4 den Acht um Cheartas Coiriúil (Cúnamh Dlíthiúil), 1962 , a chur i mbaint, i gcás duine a chuirfear ar aghaidh i gcóir pianbhreithe faoi alt 13 (2) den Acht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967 , leis na himeachtaí sa chúirt ar chuici a cuireadh ar aghaidh é agus le haon achomharc i gcoinne na pianbhreithe ionann is dá mba gur cuireadh chun a thrialach é agus, chun na críche sin, measfar gur triail ar díotáil a bheidh sna himeachtaí sa chúirt sin.

(3) Aisghairtear leis seo alt 19 (3) den Acht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967 .

Gearrtheideal.

4. —Féadfar an tAcht um Nós Imeachta Coiriúil (Leasú), 1973 , a ghairm den Acht seo.