An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN DARA SCEIDEAL Comhaontú idir Rialtas na héireann agus Rialtas na Ríochta Aontaithe maidir le díolúintí áirithe ó cháin) Ar Aghaidh (AN CEATHRU SCEIDEAL Prótacal)

19 1973

An tACHT AIRGEADAIS, 1973

AN TRIU SCEIDEAL

Muirearú i leith Cánach a chur i mbaint le Brabúis agus Ioncam as Gníomhaíochtaí a Sheoltar agus Fostaíochtaí a Fheidhmítear ar an Scairbh Ilchríochach—Forálacha Forlíontacha

Alt 33.

Faisnéis

1. Déanfaidh sealbhóir ar cheadúnas a deonaíodh faoin Acht um Fhorbairt Pheitriliaim agus Mianraí eile, 1960 , má cheanglaítear sin air le fógra arna sheirbheáil air ag cigire, cibé sonraí a éileofar leis an bhfógra a thabhairt don chigire laistigh den tréimhse a theorannófar leis an bhfógra (nach lú ná tríocha lá)—

(a) i dtaobh idirbhearta i ndáil le gníomhaíochtaí a údaraítear leis an gceadúnas a bhfuil aon duine, nó a bhféadfadh aon duine a bheith, faoi dhliteanas cánach dá dtoradh de bhua alt 33; agus

(b) i dtaobh díolaíochtaí a íocadh nó is iníoctha i leith dualgais a rinneadh i limistéar inar féidir na gníomhaíochtaí sin a sheoladh faoin gceadúnas agus i dtaobh na ndaoine lenar íocadh nó lenarb iníoctha iad;

agus déanfaidh sé bearta réasúnacha chun an fhaisnéis a fháil is gá le go bhféadfaidh sé déanamh de réir an fhógra.

2. Leasaítear leis seo Sceideal 15 a ghabhann leis an Acht Cánach Ioncaim, 1967 , trí “An tAcht Airgeadais, 1973 , an Tríú Sceideal, mír 1” a chur isteach i gcolún (2) de.

Bailiú

1962, Uimh. 15 .

3. (1) Faoi réir na bhforálacha seo a leanas den Sceideal seo, má mheasúnaítear aon cháin de bhua alt 33 ar dhuine nach bhfuil ina chónaí sa Stát i leith brabúis nó gnóchain as gníomhaíochtaí a údaraítear, nó a sheoltar i ndáil le gníomhaíochtaí a údaraítear, le ceadúnas a deonaíodh faoin Acht um Fhorbairt Phreitriliaim agus Mianraí Eile, 1960, nó i leith brabúis nó gnóchain as cearta taiscealaíochta nó saothraithe a bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí a údaraítear nó a sheoltar amhlaidh, agus go mbeidh aon chuid den cháin gan íoc tráth is déanaí ná tríocha lá tar éis di teacht chun bheith dlite agus iníoctha, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim fógra a sheirbheáil ar shealbhóir an cheadúnais ag lua sonraí na measúnachta, méid na cánach atá gan íoc agus an dáta a tháinig sí chun bheith iníoctha agus á cheangal ar shealbhóir an cheadúnais an méid sin a íoc, mar aon le haon ús a bheidh dlite uirthi faoi alt 14 den Acht Airgeadais, 1962 , nó faoi alt 550 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , laistigh de thríocha lá ó dháta seirbheála an fhógra.

(2) Féadfar aon mhéid cánach a cheanglaítear ar dhuine a íoc le fógra faoin mír seo a ghnóchan uaidh amhail is dá mba cháin í a bhí dlite uaidh agus a éilíodh go cuí air; agus féadfaidh sé aon mhéid den sórt sin a d'íoc sé a ghnóthú ón duine a ndearnadh an mheasúnacht air mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

4. Níl feidhm ag mír 3 maidir le haon mheasúnacht chánach ar dhíolaíochtaí ó oifig nó ó fhostaíocht dá dtagraítear in alt 33 (5).

5. Níl feidhm ag an mír sin 3 más de dhroim chonradh a rinne sealbhóir an cheadúnais roimh an 16ú lá de Bhealtaine, 1973, a d'fhás na brabúis nó na gnóchain ar ina leith a rinneadh an mheasúnacht iomchuí chuig an duine ar a ndearnadh é, mura duine é a bhfuil baint aige leis an sealbhóir nó mura rud é gur athraíodh an conradh ar an dáta sin nó dá éis.

6. Chun críocha an Sceidil seo, measfar baint a bheith ag duine leis an sealbhóir más rud é go measfaí sin faoi chun críocha alt 16 den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1968 .

7. Más rud é, ar iarratas arna dhéanamh ag duine a thiocfaidh nó a d'fhéadfadh teacht faoi dliteanas cánach ar cáin í a d'fhéadfaí, dá bhfágfaí gan íoc í, a ghnóthú faoin mír sin 3 ó shealbhóir ceadúnais, go mbeidh na Coimisinéirí Ioncaim sásta go gcomhlíonfaidh an t-iarratasóir aon oibleagáidí a bheidh curtha air leis na hAchtanna Cánach Ioncaim nó leis na hachtacháin a bhaineann le cáin bhrabús corparáide, féadfaidh siad deimhniú a eisiúint chun sealbhóir an cheadúnais á dhíolmhú ó fhorálacha na míre sin maidir le haon cháin is iníoctha ag an iarratasóir; agus i gcás ina n-eiseofar deimhniú den sórt sin, ní bheidh feidhm ag an mír sin maidir le haon cháin den sórt sin a thiocfaidh chun bheith dlite fad a bheidh an deimhniú i bhfeidhm.

8. Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, le fógra i scríbhinn arna thabhairt do shealbhóir cheadúnas a eisíodh faoi mhír 7, an deimhniú a chealú amhail ó cibé dáta, nach luaithe ná tríocha lá tar éis dáta seirbheála an fhógra, a shonrófar san fhógra.