An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN TRIU SCEIDEAL Muirearú i leith Cánach a chur i mbaint le Brabúis agus Ioncam as Gníomhaíochtaí a Sheoltar agus Fostaíochtaí a Fheidhmítear ar an Scairbh Ilchríochach—Forálacha Forlíontacha) Ar Aghaidh (AN CUIGIU SCEIDEAL)

19 1973

An tACHT AIRGEADAIS, 1973

AN CEATHRU SCEIDEAL

Prótacal

Alt 38.

Idir Rialtas na hÉireann agus Rialtas na Ríochta Aontaithe ag Leasú an Chomhaontú i dtaobh Faoisimh Chomharaíochta ó Chánachas Dúbailte i leith Cánach Brabús Corparáide na hÉireann agus Cánach Brabús na Ríochta Aontaithe, a Síníodh an 18 Bealtaine 1949

Tá Rialtas na hÉireann agus Rialtas na Ríochta Aontaithe;

Ós mian leo Prótacal a chur i gcrích do leasú an Chomhaontaithe idir na Páirtithe Conarthacha i dtaobh faoisimh chomharaíochta ó chánachas dúbailte maidir le Cáin Bhrabús Corparáide na hÉireann agus Cáin Bhrabús na Ríochta Aontaithe, a síníodh an 18 Bealtaine 1949 (dá ngairtear “an Comhaontú” anseo feasta);

Tar éis comhaontú mar a leanas:

Airteagal 1

In Airteagal VII (1) agus (2) den Chomhaontú cuirfear na focail “controls, directly or indirectly, not less than 10 per cent. of the voting power in” in ionad na bhfocal “beneficially owns, directly or indirectly, not less than three-quarters of the ordinary share capital of”.

Airteagal 2

Is cuid dhílis den Chomhaontú an Prótacal seo agus tiocfaidh sé i bhfeidhm tráth a bheidh gach ní is gá chun feidhm dlí a thabhairt don Phrótacal in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe faoi seach déanta in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe, agus air sin beidh éifeacht aige i leith díbhinní a íocadh an 6 Aibreán 1973, nó dá éis.

Dá fhianú sin chuireadar sin a bhfuil a sínithe anseo thíos, agus iad údaraithe go cuí chuige sin ag a Rialtais faoi seach, a lámh leisa bPrótacal seo.

Arna dhéanamh in dhá chóip bhunaidh i Londain an 2ú lá seo de Bhealtaine, 1973.

Thar ceann Rialtas

na hÉireann :

DóNAL ó SúILLEABHáIN.

Thar ceann Rialtas

na Ríochta Aontaithe:

ANTHONY KERSHAW.