|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (Caibidil II Cáin Ioncaim, Forcháin agus Cáin Bhrabús Corparáide) | Ar Aghaidh (Caibidil IV Forálacha frithsheachanta agus pionóis) |
An tACHT AIRGEADAIS, 1973
Caibidil III Cáin Bhrabús Corparáide | ||
[EN] |
Fadú tréimhse do dhíolúintí áirithe ó cháin bhrabús corparáide. |
36. —Tabharfar na díolúintí ó cháin bhrabús corparáide a shonraítear in alt 33 (1) den Acht Airgid, 1929 , i leith na tréimhse dar tosach an lú lá d'Eanáir, 1973, agus dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1973. |
[EN] |
Cáin bhrabús corparáide ar dhíbhinní áirithe. 1920, c. 18. |
37. —Má áirítear sna brabúis is inmhuirir i leith cánach brabús corparáide faoi alt 52 den Finance Act, 1920, díbhinn de réir brí Airteagal 1 den Chomhaontú atá leagtha amach sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, is é sin, díbhinn a íocadh nó a íocfar an 6ú lá d'Aibreán, 1973, nó dá éis, agus tráth nach déanaí ná an 5ú lá d'Aibreán, 1975, áireofar sna brabúis is inmhuirir amhlaidh méid aon chreidmheasa cánach is iomchuí don díbhinn a bhfuil foráil a íoca san Airteagal sin 1. |
[EN] |
Daingniú ar phrótacal i dtaobh cánachais dúbailte. |
38. —Daingnítear leis seo an prótacal atá leagtha amach sa Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo agus a síníodh an 2ú lá de Bhealtaine, 1973, idir an Rialtas agus Rialtas na Ríochta Aontaithe ag leasú an chomhaontaithe atá leagtha amach i gCuid I den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1949 , agus, faoi réir a dhaingnithe ag Parlaimint na Ríochta Aontaithe, beidh éifeacht aige dá réir sin. |