|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID IV Dleachtanna Stampa) | Ar Aghaidh (CUID V Cáin Bhreisluacha) |
An tACHT AIRGEADAIS, 1973
Caibidil II Dleacht Stampa ar Chuideachtaí Caipitiúla | ||
[EN] |
Léiriú (Caibidil II) |
67. —Sa Chaibidil seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt— |
[EN] | ciallaíonn “cuideachta chaipitiúil”— | |
[EN] | (a) cuideachta atá corpraithe faoi dhliteanas teoranta, nó comhpháirtíocht theoranta arna bunú faoi dhlí an Stáit nó cuideachta nó comhpháirtíocht atá corpraithe nó foirmithe in aon Bhallstát eile agus atá, faoi dhlí an Stáit sin, ar aon dul le haon chuideachta nó comhpháirtíocht den sórt sin, nó | |
[EN] | (b) aon chuideachta, gnólacht, comhlachas nó pearsa dhlíthiúil eile ar féidir déileáil ar stocmhargadh leis na scaireanna ina chaipiteal nó ina shócmhainní, nó | |
[EN] | (c) aon chuideachta gnólacht, comhlachas nó pearsa dhlíthiúil eile a oibríonn chun brabús a dhéanamh agus a bhfuil sé de cheart ag a comhaltaí nó a chomhaltaí a gcuid scaireanna a dhiúscairt chun tríú páirtithe gan údarás a fháil roimh ré agus nach dtéann a bhfeagracht as fiacha de chuid na cuideachta, an ghnólachta, an chomhlachais nó na pearsan dlíthiúla thar mhéid a scaireanna; | |
[EN] | ciallaíonn “Ballstát” Ballstát de Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa; | |
[EN] | ciallaíonn “an dáta feidhme” an lú lá de Lúnasa, 1973, nó dáta an Achta seo a rith, cibé acu is déanaí; | |
[EN] | ciallaíonn “cláraitheoir” cláraitheoir na gcuideachtaí de réir brí Acht na gCuideachtaí, 1963 ; | |
[EN] | ciallaíonn “dleacht stampa” an dleacht stampa a fhorchuirtear le halt 68 den Acht seo; | |
[EN] | ciallaíonn “ráiteas” an ráiteas nach foláir a sheachadadh faoi alt 69 (1) den Acht seo; | |
[EN] | ciallaíonn “tríú tír” Stát nach Ballstát; | |
[EN] | ciallaíonn “idirbheart” idirbheart lena mbaineann alt 68 (1) den Acht seo; | |
[EN] | ciallaíonn tagairt do dhleacht stampa a íocadh dleacht stampa a íocadh leis na Coimisinéirí Ioncaim. | |
[EN] |
Muirearú dleacht stampa. |
68. —(1) Baineann an t-alt seo leis na hidirbhearta seo a leanas a tharlóidh ar an dáta feidhme nó dá éis— |
[EN] | (a) cuideachta chaipitiúil a fhoirmiú; | |
[EN] | (b) cuideachta chaipitiúil a dhéanamh de chuideachta, de ghnólacht, de chomhlachas nó de phearsa dhlíthiúil nach cuideachta chaipitiúil; | |
[EN] | (c) méadú ar chaipiteal cuideachta caipitiúla trí shócmhainní d'aon chineál a ranníoc seachas méadú ar chaipiteal trí chaipitliú brabús nó cúlchistí, cibé acu is cúlchistí sealadacha nó buana iad, ach lena n-áirítear stoc iasachta le cuideachta chaipitiúil a chomhshó ina scairchaipiteal; | |
[EN] | (d) méadú ar shócmhainní cuideachta caipitiúla trí shócmhainní d'aon chineál a ranníoc i gcomaoin, ní ar scaireanna i gcaipiteal nó i sócmhainní na cuideachta, ach ar chearta den chineál céanna atá ag comhaltaí na cuideachta, mar atá, cearta vótála, scair de na brabúis nó scair den bharrachas iar-leachtú; | |
[EN] | (e) lárionad éifeachtach bainistí cuideachta caipitiúla, ar i dtríú tír atá a hoifig chláraithe, á aistriú ó thríú tír chun an Stáit; | |
[EN] | (f) oifig chláraithe cuideachta caipitiúla ar i dtríú tír atá a lárionad éifeachtach bainistí a aistríú ó thríú tír chun an Stáit; | |
[EN] | (g) lárionad éifeachtach bainistí cuideachta caipitiúla nach n-áirítear mar chuideachta chaipitiúil i mBallstát eile a aistriú ón mBallstát sin chun an Stáit; | |
[EN] | (h) oifig chláraithe cuideachta caipitiúla ar i dtríú tír atá a lárionad éifeachtach bainistí agus nach n-áirítear mar chuideachta chaipitiúil sa Bhallstát óna bhfuil an oifig chláraithe á haistriú a aistriú ón mBallstát sin chun an Stáit. | |
[EN] | (2) Más rud é, ar dháta idirbhirt, nó dá thoradh— | |
[EN] | (a) gur sa Stát atá lárionad éifeachtach bainistí na cuideachta caipitiúla, nó, | |
[EN] | (b) más i dtríú tír atá lárionad bainistí na cuideachta caipitiúla, gur sa Stát atá oifig chláraithe na cuideachta caipitiúla, | |
[EN] | muirearófar dleacht stampa (dá ngairtear dleacht stampa sa Chaibidil seo) ar an ráiteas nach foláir a sheachadadh de bhun na Caibidle seo, agus, faoi réir forálacha na Caibidle seo, beidh feidhm ag an Stamp Act, 1891, i ndáil leis an dleacht stampa sin amhail is dá mba leis an Acht sin a forchuireadh an dleacht sin. | |
[EN] |
Dleacht stampa le muirearú ar ráiteas. 1907, c. 24. |
69. —(1) I gcás aon idirbheart tarlú, déanfar ráiteas ar na sócmhainní, na dliteanais agus na caiteachais dá dtagraítear in alt 70 den Acht seo a sheachadadh don chláraitheoir— |
[EN] | (a) i gcás ina bhfoirmeofar cuideachta chaipitiúil atá le corprú faoi Acht na gCuideachtaí, 1963 , nó le foirmiú faoin Limited Partnerships Act, 1907, sula gcorprófar nó sula gclárófar í, agus | |
[EN] | (b) in aon chás eile, laistigh de 30 lá tar éis dáta an idirbhirt, | |
[EN] | agus muirearófar dleacht stampa ar an ráiteas de réir £1 ar gach £100 nó cuid de £100 den mhéid a chinnfear de réir an ailt sin 70; | |
[EN] | Ar choinníoll, sa chás dá dtagraítear i mír (a) den fho-alt seo, go muirearófar dleacht stampa nach lú ná £1 ar an ráiteas: | |
[EN] | Ar choinníoll freisin, sa chás dá dtagraítear i mír (a) den fho-alt seo, má bhíonn sé deacair a chinneadh cad é go cruinn an méid ar a bhfuil dleacht stampa inmhuirir, go muirearófar ar an gcéad ásc dleacht stampa de réir an ráta a dúradh ar an ráiteas i leith cibé méid is cuí leis na Coimisinéirí Ioncaim agus, dá éis sin— | |
[EN] | (i) má shuitear nár íocadh dóthain dleachta, go mbeidh an dleacht bhreise iníoctha agus áireofar mar riaráiste dleachta í, agus | |
[EN] | (ii) má shuitear gur íocadh barraíocht dleachta, go n-aisíocfaidh na Coimisinéirí Ioncaim an barrachas sin mar aon le hús de réir 9 faoin gcéad sa bhliain. | |
[EN] | (2) Má mhainnítear an ráiteas atá le seachadadh faoi fho-alt (1) den alt seo a sheachadach laistigh de 30 lá tar éis dáta idirbhirt, dlífidh an chuideachta chaipitiúil lena mbaineann ús a íoc leis na Coimisinéirí Ioncaim de réir punt faoin gcéad ar an méid dleachta is inmhuirir agus a chomhshuim in aghaidh gach mí tar éis an chéad mhí a leanfaidh an mhainneachtain. | |
[EN] | (3) Muirearófar ús ar an dleacht bhreise is iníoctha faoi fho-alt (1) (i) den alt seo de réir 9 faoin gcéad sa bhliain ó dháta an idirbhirt a thabhaigh an muirear dleachta go dtí dáta íoctha na dleachta. | |
[EN] | (4) Ach amháin i gcás cuideachtaí caipitiúla a shonraítear in alt 73 den Acht seo, ní chorpróidh an cláraitheoir cuideachta chaipitiúil a bheidh le corprú faoi Acht na gCuideachtaí, 1963 , ná ní chláróidh sé cuideachta chaipitiúil atá le foirmiú faoin Limited Partnerships Act, 1907, go dtí go mbeidh an ráiteas dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo i leith na cuideachta stampáilte. | |
[EN] |
An méid ar arb inmhuirir dleacht stampa. |
70. —Muirearófar dleacht stampa— |
[EN] | (a) i gcás idirbhirt a shonraítear i mír (a), (c) nó (d) d'alt 68 (1) den Acht seo, i leith an mhéid arbh é, ar dháta an idirbhirt, dearbhluach sócmhainní d'aon chineál é a ranníocadh nó a bheidh le ranníoc i ndáil leis an idir bheart ag comhaltaí na cuideachta caipitiúla lena mbaineann tar éis na dliteanais a bhí ag gabháil leis na sócmhainní sin agus a ghabh an chuideachta chaipitiúil uirthi féin mar aon leis na caiteachais a thabhaigh an chuideachta chaipitiúil i ndáil leis an ranníoc sin a asbhaint; | |
[EN] | (b) i gcás idirbheart a shonraítear i mír (b), (e), (f), (g) nó (h) d'alt 68 (1) den Acht seo, i leith an mhéid arbh é, ar dháta an idirbhirt, dearbhluach sócmhainní d'aon chineál é de chuid na cuideachta caipitiúla lena mbaineann tar éis a dliteanais ar an dáta sin mar aon leis na caiteachais a thabhaigh an chuideachta i ndáil leis an idirbheart a asbhaint: | |
[EN] | Ar choinníoll, in aon chás, nach mbeidh an méid a muirearófar dleacht stampa ina leith faoi bhun dearbhluach nó luach ainmniúil (cibé acu is mó) scaireanna (más ann) sa cuideachta áirithe a cionroinneadh ar chomhaltaí na cuideachta caipitiúla i ndáil leis an idirbheart nó a bheidh ar úinéireacht ag comhaltaí na cuideachta caipitiúla díreach tar éis an idirbhirt: | |
[EN] | Ar choinníoll freisin, nuair a bheifear á chinneadh cad é méid an dearbhluacha a mbeidh an dleacht le muirearú ina leith, go n-eisiafar méid aon sócmhainní den sórt a dúradh a ranníoc comhalta faoi dhliteanas neamhtheoranta i ndáil leis an idirbheart nó scair an chomhalta sin i sócmhainní na cuideachta. | |
[EN] |
Dleacht stampa áirithe a chealú agus faoiseamh i leith íocaíochtaí áirithe dleachta stampa. 1899, c. 9. |
71. —(1) (a) I gcás aon idirbheart arna shonrú in alt 68(1) den Acht seo a tharla an lú lá d'Eanáir, 1973, nó dá éis, ní bheidh dleacht stampa inmhuirir, faoi alt 8 den Finance Act, 1899, ar aon ráiteas ag insint an mhéid a bheartaítear a urrú trí eisiúint caipitil iasachta (de réir brí an ailt sin) ná, faoi fhoráil lena mbaineann an fo-alt seo, ar aon ionstraim, agus, in aon chás inar íocadh an dleacht sin ón lú lá d'Eanáir, 1973, i leith aon idirbhirt den sórt sin, déanfar, ar iarratas a fháil ón duine a d'íoc an dleacht, an dleacht a íocadh amhlaidh a aisíoc leis an duine sin. |
[EN] | (b) San fho-alt seo ciallaíonn “foráil lena mbaineann an fo-alt seo” aon fhoráil arna déanamh le reacht nó faoi reacht a chuireann an dleacht stampa is iníoctha i leith morgáiste nó urrúis inmhargaidh de mhuirear ar aon ghníomhas iontaobhais nó doiciméad eile a urraíonn caipiteal iasachta (de réir brí an ailt sin 8). | |
[EN] | (2) I gcás aon idirbhirt ní bheidh dleacht stampa inmhuirir ar aon ráiteas— | |
[EN] | (a) faoi alt 112 nó 113 den Stamp Act, 1891, i leith scairchaipiteal ainmniúil cuideachta teoranta, ná | |
[EN] | (b) faoi alt 11 den Limited Partnerships Act, 1907, i leith suimeanna a ranníoc comhpháirtithe teoranta. | |
[EN] | (3) I gcás aon idirbheart a shonraítear in alt 68(1) a tharla nó a tharlóidh an lú lá d'Eanáir, 1973, nó dá éis, agus roimh an dáta feidhme (dá ngairtear an tréimhse iomchuí san fho-alt seo), agus nárbh fholáir ráitis ina leith a sheachadadh faoi cheachtar de na hAchtanna dá dtagraítear i bhfo-alt (2) den alt seo agus ar ar íocadh an dleacht stampa is inmhuirir orthu, féadfaidh an chuideachta a d'íoc an dleacht, ráitis den sórt a shonraítear in alt 69(1) den Acht seo a sheachadadh tráth ar bith roimh an lú lá de Lúnasa, 1975, i dtaobh gach idirbheart a tharla sa tréimhse iomchuí maidir leis an gcuideachta chaipitiúil agus muirearófar dleacht stampa orthu amhail is dá mba gur cuireadh an lú lá d'Eanáir, 1973, in ionad an dáta feidhme in alt 68 den Acht seo agus, más mó an dleacht stampa a íocadh roimhe sin ná méid na dleachta stampa a muirearaíodh ar an ráiteas, aisíocfar méid an bharrachais leis an gcuideachta chaipitiúil. | |
[EN] | (4) Má tharlaíonn faoi fhorálacha alt 112 nó 113 den Stamp Act, 1891, gur íocadh dleacht stampa cheana féin i leith scairchaipiteal ainmniúil aon chuideachta caipitiúla agus go mbeidh dleacht stampa iníoctha arís faoin gCaibidil seo ag an gcuideachta chaipitiúil i leith aon chuid den chaipiteal sin nach raibh eisithe ar an dáta feidhme, lamhálfar, mar asbhaint in aghaidh dleachta stampa, an cion sin den dleacht stampa a íocadh cheana a mbeidh an chomhréir chéanna idir é agus méid iomlán na dleachta stampa a íocadh cheana is atá idir an méadú ar an scairchaipiteal a eisíodh (sa mhéid go seasann sé don scairchaipiteal sin nár eisíodh) agus an scairchaipiteal ainmniúil ar íocadh an dleacht stampa ina leith cheana féin, agus, chun críche an ailt seo, áireofar an scairchaipiteal ainmniúil ar íocadh dleacht stampa ina leith cheana féin, in aon chás ina ndearnadh laghdú i scairchaipiteal ainmniúil i modh faoisimh faoi alt 21 den Acht Airgeadais, 1965 , mar scairchaipiteal de shórt ab inmhuirir i leith dleachta dá mba rud é nach ndearnadh aon laghdú den sórt sin. | |
[EN] | (5) Más rud é, ar an dáta feidhme, go mbeidh ar áireamh i scairchaipiteal cuideachta chaipitiúil dá dtagraítear i bhfo-alt (4) den alt seo scaireanna nach bhfuil láníoctha, áireofar an méid iomlán a bheidh fós le híoc ar na scaireanna sin ar an dáta sin, chun críocha an fho-ailt sin, mar scairchaipiteal ainmniúil nach raibh eisithe ar an dáta sin. | |
[EN] | (6) Déanfar an ráiteas a cheanglaítear a sheachadadh de bhun na Caibidle seo i leith idirbheart a shonraítear in alt 68 (1) (c) den Acht seo, in aon chás inar tharla, laistigh den tréimhse ceithre bliana díreach roimh dháta an idirbhirt agus ar an dáta feidhme nó dá éis, laghdú ar chaipiteal eisithe na cuideachta caipitiúla lena mbaineann de thoradh caillteanais a bhain don chuideachta, a mhuirearú de réir ráta nialas faoin gcéad i leith cibé cion den mhéid a chinnfear de bhun alt 70 den Acht seo a bheidh ag freagairt don laghdú ar an gcaipiteal eisithe nó don chion sin den laghdú ar an gcaipiteal eisithe nár feidhmíodh an ráta nialas faoin gcéad ina leith maidir le hidirbheart níos luaithe a tharla ó laghdaíodh an caipiteal. | |
[EN] |
Athchóiriú nó cónascadh cuideachtaí caipitiúla. |
72. —(1) Más rud é, i gcás idirbhirt, go bhfaighidh cuideachta chaipitiúil nó cuideachta chaipitiúil atá á foirmiú (dá ngairtear an chuideachta aistrí san alt seo)— |
[EN] | (a) gnóthas nó cuid de ghnóthas cuideachta caipitiúla eile (dá ngairtear an chuideachta aistreora san alt seo), nó | |
[EN] | (b) scairchaipiteal cuideachta caipitiúla eile de mhéid a thabharfaidh go mbeidh ar úinéireacht ag an gcuideachta aistrí tar éis an idirbhirt sin, ach ní gá gur de thoradh an idirbhirt sin é, 75 faoin gcéad ar a laghad de scairchaipiteal eisithe na cuideachta eile sin (dá ngairtear an chuideachta aistreora san alt seo), | |
[EN] | ansin, faoi réir forálacha an ailt seo, muirearófar dleacht stampa de réir ráta nialas faoin gcéad (dá ngairtear an ráta laghdaithe san alt seo) ar an ráiteas a sheachadfar de réir alt 69 (1): | |
[EN] | Ar choinníoll, i gcás ina sroichtear an céatadán dá dtagraítear i mír (b) den fho-alt seo trí dhá idirbheart nó níos mó, nach mbainfidh an ráta laghdaithe ach leis an idirbheart trína mbainfear amach an céatadán sin agus le haon idirbheart d'éis an céatadán sin a bhaint amach agus a choimeád. | |
[EN] | (2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo ach amháin sa chás inarb éard é an chomaoin i leith na fála (ach amháin an chuid sin di is aistriú ar dhliteanais de chuid na cuideachta aistreora chun na cuideachta aistrí, nó urscaoileadh na ndliteanas sin aici)—, | |
[EN] | (a) i gcás ina bhfaighfear gnóthas nó cuid de ghnóthas na cuideachta aistreora, scaireanna sa chuideachta aistrí a eisiúint chun na cuideachta aistreora nó chun sealbhóirí scaireanna sa chuideachta aistreora; nó | |
[EN] | (b) i gcás ina bhfaighfear scaireanna de chuid na cuideachta aistreora, scaireanna sa chuideachta aistrí a eisiúint chun sealbhóirí scaireanna sa chuideachta aistreora mar mhalairt ar scaireanna dá gcuid sa chuideachta aistreora, | |
[EN] | i dteannta nó d'uireasa íocaíocht in airgead tirim, ach sin ar choinníoll nach mó an íocaíocht in airgead tirim ná 10 faoin gcéad de luach ainmniúil na scaireanna sa chuideachta aistrí a bheidh ar áireamh sa chomaoin. | |
[EN] | (3) Tiocfaidh an ráiteas ar a muirearófar an ráta laghdaithe de bhua an ailt seo chun bheith inmhuirir i leith dleacht stampa de réir an ráta a shonraítear in alt 69 den Acht seo mura gcoimeádfaidh an chuideachta aistrí, go ceann tréimhse cúig bliana ó dháta an idirbhirt ar muirearaíodh dleacht stampa de réir an ráta laghdaithe ina leith, 75 faoin gcéad ar a laghad de scairchaipiteal eisithe na cuideachta eile agus na scaireanna go léir a shealbhaigh sí tar éis an idirbhirt sin, lena n-áirítear na scaireanna a fuarthas i modh idirbhirt nó eile roimh an idirbheart sin agus a bhí ina seilbh tráth an idirbhirt : | |
[EN] | Ar choinníoll, áfach, go leanfaidh an ráta laghdaithe d'fheidhm a bheith aige má b'éard é an t-aistriú sin, ar dá thoradh a tharla nár sealbhaíodh na scaireanna áirithe sin ar feadh tréimhse cúig bliana— | |
[EN] | (a) aistriú ba chuid d'idirbheart a cháileodh uaidh féin don ráta laghdaithe de bhun fho-alt (1) den alt seo, nó | |
[EN] | (b) aistriú le linn don chuideachta aistrí a bheith á leachtú. | |
[EN] | (4) Más rud é, de dhroim fho-alt (3) den alt seo, go mbeidh dleacht stampa inmhuirir de réir an ráta a shonraítear in alt 69 den Acht seo nuair a bheidh an chuideachta aistrí lena mbaineann, laistigh de thréimhse cúig bliana ó dháta aon idirbhirt ar muirearaíodh dleacht stampa ina leith de réir an ráta laghdaithe— | |
[EN] | (a) tar éis scor de 75 faoin gcéad ar a laghad de scairchaipiteal eisithe na cuideachta aistreora lena mbaineann a choimeád, nó | |
[EN] | (b) tar éis aon chuid de scaireanna na cuideachta aistreora sin a shealbhaigh sí d'éis an idirbhirt ar feidhmíodh an ráta laghdaithe ina leith a dhiúscairt, | |
[EN] | ansin, déanfar an ráiteas a seachadadh don chláraitheoir de bhua alt 69 (1) den Acht seo maidir leis an idirbheart ar muirearaíodh dleacht stampa ina leith de réir an ráta laghdaithe a mhuirearú i leith dleacht stampa de réir an ráta a mhuirearófaí ar an gcéad ásc dá mba rud é nár bhain fo-alt (1) den alt seo leis an idirbheart agus feidhmeofar forálacha na Caibidle seo i leith an ráitis a muirearaíodh amhlaidh ach amháin, chun críocha fho-ailt (2) agus (3) d'alt 69 den Acht seo, gurb é an dáta ar ar tharla an teagmhas a shonraítear i mír (a) nó (b) de réir mar a bheidh, den fho-alt seo dáta an idirbhirt. | |
[EN] | (5) Ní bheidh feidhm ag an alt seo ach amháin i gcás gur i mBallstát atá lárionad éifeachtach bainistí nó oifig chláraithe na cuideachta aistreora lena mbaineann. | |
[EN] |
Díolúine do chuideachtaí áirithe. |
73. —Ní mhuirearófar dleacht stampa i gcás idirbheart arna dhéanamh— |
[EN] | (a) ag cuideachta chaipitiúil a foirmíodh chun seirbhís phoiblí a sholáthar mar atá iompar poiblí nó saoráidí calafoirt, nó chun uisce, gás nó leictreachas a sholáthar, agus a sheolann an gnó sin go heisiatach, agus ar leis an Stát nó le húdarás áitiúil cuid nach lú ná caoga faoin gcéad dá caipiteal eisithe, nó | |
[EN] | (b) ag cuideachta chaipitiúil ar cuspóirí cultúir, carthanais nó oideachais go heisiatach a cuspóirí: | |
[EN] | Ar choinníoll nach measfar gur stampáladh go cuí an ráiteas nach foláir a sheachadadh de bhun alt 69 (1) den Acht seo maidir leis an idirbheart sin mura ndearnadh, de réir forálacha alt 12 den Stamp Act, 1891, é a stampáil le stampa áirithe á chur in iúl nach inmhuirir dleacht stampa air. | |
[EN] |
Achomhairc i gcásanna áirithe. |
74. —Aon duine a bheidh míshásta le cinneadh ó na Coimisinéirí Ioncaim faoin gCaibidil seo i dtaobh méid dearbhluach aon sócmhainní dá dtagraítear in alt 70 den Acht seo, féadfaidh sé— |
[EN] | (a) i gcás stoic, scaireanna nó urrúis eile nach ndéileáiltear iontu ar stocmhargadh, achomharc a dhéanamh chun na gCoimisinéirí Achomhairc (de réir brí alt 33 den Acht Airgeadais, 1972 ), in aghaidh an chinnte agus beidh feidhm ag an alt sin 33, fara aon mhodhnuithe is gá, maidir le hachomharc faoin mír seo amhail is dá mba achomharc faoin alt sin an t-achomharc, | |
[EN] | (b) i gcás talún, achomharc a dhéanamh in aghaidh an chinnte sa tslí a fhorordaítear le halt 33 den Finance (1909-10) Act, 1910; agus beidh feidhm ag cibé méid de Chuid I den Acht sin a bhaineann le hachomhairc, fara aon mhodhnuithe is gá, maidir le hachomharc faoin mír seo amhail is dá mba achomharc faoin alt sin an t-achomharc. | |
[EN] |
Dleacht stampa a ghnóthú agus faisnéis a thabhairt. |
75. —(1) Beidh dleacht stampa agus an t-ús air inghnóthaithe ón gcuideachta chaipitiúil lena mbaineann agus, in aon chás nach comhlacht corpraithe an chuideachta chaipitiúil, beidh sé inghnóthaithe ó chomhaltaí na cuideachta caipitiúla i gcomhpháirt agus go leithleach. |
[EN] | (2) Ní foláir na ráitis go léir a úsáidtear chun críche na Caibidle seo a bheith i cibé foirm agus cibé sonraí a bheith iontu a cheanglóidh na Coimisinéirí Ioncaim agus beidh ar gach duine a bheidh cuntasach i ndleacht stampa, má cheanglaíonn na Coimisinéirí Ioncaim air é, na sonraí sin a dheimhniú agus cibé fianaise a éileoidh siad a thabhairt dóibh maidir le haon idirbheart nó le haon chuideachta a raibh baint aici le haon idirbheart den sórt sin. |