26 1973

/images/harp.jpg


Uimhir 26 de 1973


ACHT NA gCÚIRTEANNA, 1973

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ ACHTANNA NA gCÚIRTEANNA BREITHIÚNAIS, 1924 GO 1961, AGUS ACHTANNA NA gCÚIRTEANNA (FORÁLACHA FORLÍONTACHA), 1961 GO 1971. [24 Samhain, 1973.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Líon na ngnáthbhreithiúna san Ard-Chúirt.

1961, Uimh. 39 .

1. —(1) Seachtar ar a mhéid an líon gnáth-bhreithiúna a bheidh san Ard-Chúirt.

(2) Aisghairtear leis seo fo-alt 4 (2) d'Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961 .

Cáiliochtaí breithiúna na Cúirte Cuarda.

1924, Uimh. 10 .

1936, Uimh. 48 .

2. —(1) Chun críche cáilíochta le haghaidh ceapacháin—

(a) faoi alt 43 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924 , mar bhreitheamh den Chúirt Bhreithiúnais Chuarda arna bunú faoi alt 37 den Acht sin, nó

(b) faoi alt 14 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1936 , le gníomhú go sealadach mar bhreitheamh den sórt sin,

measfar gur chleachtadh ag an mBarra i gcónaí seirbhís a thug duine a cheapfar faoin alt sin 14 le gníomhú go sealadach mar bhreitheamh den Chúirt sin.

(2) Chun críche cáilíochta le haghaidh ceapacháin—

(a) faoi alt 17 (2) (a) d'Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961 , mar bhreitheamh den Chúirt Chuarda, nó

(b) faoin alt sin 14 le gníomhú go sealadach mar bhreitheamh den sórt sin,

measfar gur cleachtadh ag an mBarra, agus gurbh ea i gcónaí, seirbhís a thug duine a cheapfar faoin alt sin 14 le gníomhú go sealadach mar bhreitheamh den Chúirt sin.

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

3. —(1) Féadfar Acht na gCúirteanna, 1973 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar Achtanna na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961 go 1973, a ghairm d'Achtanna na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961 go 1971, agus den Acht seo le chéile, agus forléireofar iad le chéile mar aon Acht amháin.