4 1974


Uimhir 4 de 1974


AN tACHT UM CHLEACHTAIS SRIANTA (ORDUITHE A DHAINGNIÚ), 1974

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHAINGNIÚ AN ORDAITHE UM CHLEACHTAIS SRIANTA (EARRAÍ GRÓSAERA), 1973, AGUS AN ORDAITHE UM CHLEACHTAIS SRIANTA (EARRAÍ GRÓSAERA) (LEASÚ), 1973. [27 Márta, 1974]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Orduithe a dhaingniú.

I.R. Uimh. 49 de 1973.

I.R. Uimh. 287 de 1973.

1972, Uimh. 11 .

1. —Daingnítear leis seo an tOrdú um Chleachtais Srianta (Earraí Grósaera), 1973, agus an tOrdú um Chleachtais Srianta (Earraí Grósaera) (Leasú), 1973, a rinne an tAire Tionscail agus Tráchtála faoi alt 8 den Acht um Chleachtais Srianta, 1972 .

Gearrtheideal.

2. —Féadfar an tAcht um Chleachtais Srianta (Orduithe a Dhaingniú), 1974 , a ghairm den Acht seo.