An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I Cáin Ioncaim, Forcháin agus Cáin Bhrabús Corparáide) Ar Aghaidh (Caibidil III Srian le Faoiseamh i leith Úis)

27 1974

AN tACHT AIRGEADAIS, 1974

Caibidil II

Cánachas ar Bhrabúis Feirmeoireachta, Forálacha maidir le Caillteanais Áirithe Feirme agus Srian le Liúntais Phearsanta

Mínithe (Caibidil II).

1969, Uimh. 21 .

13. —(1) Sa Chabidil seo tá le “feirmeoireacht”, “talamh feirmeoireachta”, agus “áitiú” an bhrí chéanna atá leo in alt 18 (1) den Acht Airgeadais, 1969 .

(2) Folaíonn aon tagairt sa Chaibidil seo do thalamh feirmeoireachta ar áitiú ag pearsa aonair talamh feirmeoireachta a mheastar, de bhua alt 17, a bheith ar áitiú aige.

(3) Aon tagairt sa Chaibidil seo do luacháil inrátaithe thalamh feirmeoireachta a bhí ar áitiú ag pearsa aonair tráth áirithe is tagairt í do chomhiomlán luachálacha inrátaithe na talún feirmeoireachta go léir a bhí ar áitiú aige agus na talún feirmeoireachta go léir a mheastar a bheith ar áitiú aige an tráth sin agus aon tagairt do luacháil inrátaithe thalamh feirmeoireachta a bhí ar áitiu ag pearsa aonair ar feadh bliana measúnachta nó coda de bhliain mheasúnachta is tagairt í do luacháil inrátaithe iomlán na talún feirmeoireachta go léir a bhí ar áitiú aige agus na talún feirmeoireachta go léir a mheastar a bheith ar áitiú aige ar feadh na bliana measúnachta sin, nó na coda sin de bhliain mheasúnachta arna ríomh de réir forálacha alt 17 (5), (6) agus (7):

Ar choinníoll, nuair a bheidh luacháil inrátaithe talún feirmeoireachta á ríomh chun críocha na Caibidle seo, go bhfágfar gan áireamh luacháil inrátaithe aon fhoirgnimh ar an talamh.

Alt 18 (2) (a) den Acht Airgeadais, 1969 , a aisghairm.

14. —Aisghairtear leis seo alt 18 (2) (a) den Acht Airgeadais, 1969 .

Brabúis feirmeoireachta le muirearú faoi Sceideal D.

15. —(1) Faoi réir fho-alt (3), measfar gur seoladh trádála nó coda de thrádáil, de réir mar a bheidh, an fheirmeoireacht go léir sa stát, agus déanfar na brabúis nó na gnóchain as an bhfeirmeoireacht sin a mhuirearú i leith cánach faoi Chás I de Sceideal D dá réir sin.

(2) D'ainneoin aon ní dá mhalairt i gCaibidil III de Chuid IV den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , measfar gur seoladh aon trádála amháin an fheirmeoireacht go léir a sheolann aon duine go haonraic nó i gcomhpháirtíocht.

(3) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1), maidir le haon bhliain mheasúnachta, i gcás pearsa aonair a shuífidh nár £100 nó níos mó luacháil inrátaithe na talún feirmeoireachta go léir a bhí ar áitiú aige aon tráth i rith na bliana measúnachta sin.

Feirmeoireacht ag daoine áirithe.

1963, Uimh. 33 .

16. —(1) Ní bheidh éifeacht ag alt 15 (3) d'aon bhliain mheasúnachta i gcás feirmeoireacht a bheith á seoladh an bhliain mheasúnachta sin ag pearsa aonair—

(a) a bheidh, freisin, aon tráth an bhliain mheasúnachta sin, ag seoladh trádála nó gairme eile go haonraic nó i gcomhpháirtíocht,

(b) a mbeidh a chéile, freisin, i gcás inar duine pósta an phearsa aonair, aon tráth an bhliain mheasúnachta sin, ag seoladh trádála nó gairme eile go haonraic nó i gcomhpháirtíocht,

(c) a bheidh, aon tráth an bhliain mheasúnachta sin, ina stiúrthóir ar chuideachta a sheolann trádáil nó gairm agus atá ina úinéir tairbhiúil nó atá in ann, go díreach nó trí mheán cuideachtaí eile nó ar mhodh éigin eile, rialú a dhéanamh ar chuid is mó ná 25 faoin gcéad de ghnáthscairchaipiteal na cuideachta, nó

(d) a mbeidh a chéile, i gcás inar duine pósta an phearsa aonair, aon tráth an bhliain mheasúnachta sin, ina stiúrthóir ar chuideachta a sheolann trádáil nó gairm agus atá ina uinéir tairbhiúil nó atá in ann, go díreach nó trí mheán cuideachtaí eile nó ar mhodh éigin eile, rialú a dhéanamh ar chuid is mó ná 25 faoin gcéad de ghnáth-scairchaipiteal na cuideachta:

Ar choinníoll nach mbeidh feidhm ag mír (b) ná ag mír (d) i gcás ina n-áirítear chun críocha cánach nach in aontíos lena fearchéile do bhanchéile pearsan aonair.

(2) Beidh feidhm ag fo-alt (1) i gcás duine pósta a bhfuil a bhanchéile i mbun feirmeoireachta agus beidh éifeacht ag forálacha an fho-ailt sin i gcás den sórt sin amhail is dá mba thagairtí dá bhanchéile na tagairtí don phearsa aonair.

(3) Ní bheidh feidhm ag an alt seo, maidir le haon bhliain mheasúnachta, i gcás pearsa aonair a shuífidh nár mhó luacháil inrátaithe na talún feirmeoireachta go léir a bhí ar áitiú aige aon tráth i rith na bliana measúnachta sin ná £50, nó má ba mhó ná £50 an luacháil sin, gurb é a bhí, go heisiatach, in aon trádáil a bhí á seoladh ag a chéile soláthar cóiríochta i bhfoirgnimh ar an talamh feirmeoireachta sin, agus gur fho-thrádáil i ndáil le feirmeoireacht na talún feirmeoireachta sin soláthar na cóiríochta sin.

(4) Chun críocha mhíreanna (c) agus (d) d'fho-alt (1), measfar, maidir le gnáth-scairchaipiteal atá ar úinéireacht nó á rialú ar an modh a luaitear sa mhír sin ag duine is banchéile nó fearchéile nó naí-leanbh le stiúrthóir, nó ag iontaobhaí iontaobhais chun sochair do dhuine nó do dhaoine is duine den sórt sin nó stiúrthóir den sórt sin nó ar a n-áirítear duine den sórt sin nó stiúrthóir den sórt sin, gur ag an stiúrthóir sin agus nach ag aon duine eile atá sé ar úinéireacht nó á rialú.

(5) San alt seo—

ciallaíonn “cuideachta” cuideachta de réir brí Acht na gCuideachtaí, 1963 ;

folaíonn “stiúrthóir” duine a shealbhaíonn aon oifig nó fostaíocht faoi chuideachta;

ciallaíonn “gnáth-scairchaipiteal” an caipiteal eisithe go léir (cibé ainm a thugtar air) le cuideachta, seachas caipiteal a bhfuil de cheart ag a shealbhóirí díbhinn a fháil de réir ráta cheaptha nó de réir ráta a athróidh de réir an ráta chaighdeánaigh cánach, ach nach bhfuil aon cheart eile acu chun scaire de bhrabúis na cuideachta.

Talamh feirmeoireachta atá ar áitiú nó a mheastar a bheith ar áitiú ag pearsa aonair.

17. —(1) Chun críocha na Caibidle seo, measfar talamh feirmeoireachta a bheith ar áitiú ag pearsa aonair má bhíonn sé ar áitiú ag a bhanchéile nó más talamh feirmeoireachta é arb é féin nó a bhanchéile an t-úinéir tairbhiúil air nó arb iadsan na húinéirí tairbhiúla air agus atá ar áitiú ag aon duine nó daoine eile.

(2) I gcás talamh feirmeoireachta a bheith ar áitiú ag pearsa aonair, nó ag a bhanchéile, i gcomhpháirtíocht le haon duine nó daoine eile, agus nach úinéir tairbhiúil ar an talamh feirmeoireachta sin é féin ná a bhanchéile, measfar cion comhréireach den talamh feirmeoireachta sin a bheith ar áitiú ag an bpearsa aonair agus is é luacháil inrátaithe an chiona chomhréirigh sin an méid sin de luacháil inrátaithe iomlán na talún feirmeoireachta sin a mbeidh idir í agus an luacháil inrátaithe iomlán sin an chomhréir chéanna a bheidh idir a chion nó a cion, de réir mar is iomchuí, de na brabúis nó de na caillteanais ar iad a chionroinnt de réir téarmaí an chomhaontaithe comhpháirtíochta i dtaobh riaradh brabús nó caillteanas agus brabúis nó caillteanais iomlána na comhpháirtíochta.

(3) I gcás talamh feirmeoireachta a bheith ar úinéireacht thairbhiúil ag pearsa aonair, nó ag a bhanchéile, i gcomhpháirt le haon duine nó daoine eile ach gan é a bheith ar áitiú ag an bpearsa aonair nó ag a bhanchéile, go haonraic nó i gcomhpháirt le haon duine nó daoine eile, measfar talamh feirmeoireachta a bheith ar áitiú ag an bpearsa aonair sin arb é a luacháil inrátaithe méid is comhionann leis an gcuid sin de luacháil inrátaithe iomlán na talún ar úineir tairbhiúil air é féin nó a bhanchéile, atá ar comhréir lena scair féin nó le scair a bhanchéile d'úinéireacht na talún feirmeoireachta sin.

(4) I gcás talamh feirmeoireachta a bheith ar úinéireacht thairbhiúil ag pearsa aonair, nó ag a bhanchéile, i gcomhpháirt le haon duine nó daoine eile agus go bhfuil an talamh feirmeoireachta sin ar áitiú ag an bpearsa aonair, nó ag a bhanchéile, i gcomhpháirtíocht le haon duine nó daoine eile, measfar talamh feirmeoireachta a bheith ar áitiú aige arb é a luacháil inrátaithe méid is comhionann leis an gcodán sin de luacháil inrátaithe iomlán na talún ar úinéir tairbhiúil air é féin nó a bhanchéile, atá ar comhréir lena scair féin nó le scair a bhanchéile d'úinéireacht thairbhiúil na talún feirmeoireachta sin.

(5) Is é a suim seo a leanas luacháil inrátaithe iomlán talún feirmeoireachta a bheidh áitithe ag pearsa aonair do bhliain mheasúnachta—

(a) luacháil inrátaithe na talún feirmeoireachta go léir a bheidh áitithe aige nó a mheastar a bheith áitithe aige de bhua fho-alt (1),

(b) luacháil inrátaithe na gcodanna comhréireacha go léir de thalamh feirmeoireachta a mheastar a bheith áitithe aige de bhua fho-ailt (2), (3) agus (4).

(6) I gcás gan talamh feirmeoireachta a bheith áitithe ag pearsa aonair ach ar feadh cuid d'aon bhliain mheasúnachta, measfar, chun críocha an fho-ailt seo, gurb é luacháil inrátaithe na talún feirmeoireachta a bhí áitithe amhlaidh don bhliain mheasúnachta sin méid a mbeidh idir é agus luacháil inrátaithe iomlán an chéanna an chomhréir chéanna a bhí idir fad na tréimhse a bhí an talamh feirmeoireachta sin áitithe amhlaidh sa bhliain mheasúnachta agus dhá mhí dhéag.

(7) I gcás ina measfar, de bhua fho-alt (1), (2), (3) nó (4), talamh feirmeoireachta bheith áitithe ag pearsa aonair agus más rud é, maidir le haon bhliain mheasúnachta, nach raibh na dálaí, ar faoina dtreoir a mheasfar an talamh feirmeoireachta sin nó aon chuid chomhréireach de a bheith áitithe aige, ann ach ar feadh cuid den bhliain mheasúnachta sin, measfar, chun críocha an ailt seo, maidir leis an mbliain mheasúnachta sin, gurb é luacháil inrátaithe aon talún feirmeoireachta a mheastar a bheith áitithe aige méid a mbeidh idir é agus luacháil inrátaithe iomlán na talún feirmeoireachta sin an chomhréir chéanna a bhí idir fad na tréimhse a bhí na dálaí sin ann an bhliain mheasúnachta sin agus dhá mhí dhéag.

Cionroinnt luachála.

18. —(1) Más rud é, i gcas maoin atá luacháilte mar aonad faoi na hAchtanna Luachála, gur talamh feirmeoireachta cuid di agus nach ea cuid eile, tiocfar, chun críocha na Caibidle seo, ar luacháil inrátaithe gach coda trí luacháil inrátaithe na maoine a chionroinnt.

(2) I gcás talamh feirmeoireachta atá luacháilte mar aonad faoi na hAchtanna Luachála a bheith roinnte ina dhá áitíocht leithleacha nó níos mó, tiocfar, chun críocha na Caibidle seo, ar luacháil inrátaithe na coda atá ar áitiú ag gach áititheoir trí luacháil inrátaithe na talún feirmeoireachta atá i gceist a chionroinnt.

(3) Déanfaidh an cigire, chomh maith agus is féidir leis ar feadh a eolais agus a bhreithiúnais, aon chionroinnt a cheanglaítear leis an alt seo a dhéanamh.

(4) Beidh feidhm ag alt 67 (3A) (c) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (a cuireadh isteach le halt 31 den Acht Airgeadais, 1969 ), maidir le haon chionroinnt a dhéanfar faoin alt seo mar atá feidhm aige maidir le haon chionroinnt faoi alt 67 (3A) (b) den Acht sin.

Teorainn leis an méid cánach a mhuirearófar i gcásanna áirithe.

19. —(1) I gcás pearsa aonair, seachas pearsa aonair lena mbaineann alt 16, a bheith inmhuirir i leith cánach d'aon bhliain mheasúnachta i ndáil le brabúis nó gnóchain ó fheirmeoireacht, ní bheidh méid na cánach is inmhuirir amhlaidh don bhliain mheasúnachta sin níos mó—

(a) i gcás nach mó ná £100 luacháil inrátaithe na talún feirmeoireachta a bhí ar áitiú aige an bhliain mheasúnachta sin, ná an fichiú cuid den cháin is iomchuí do na brabúis nó do na gnóchain ó fheirmeoireacht;

(b) i gcás inar mó ná £100 luacháil inrátaithe na talún feirmeoireachta a bhí ar áitiú aige an bhliain mheasúnachta sin, ná an méid ar a dtiocfar tríd an gcáin is iomchuí do na brabúis nó do na gnóchain ó fheirmeoireacht a iolrú ar chodán ar fiche is ainmneoir dó agus arb é is uimhreoir dó an uimhir is comhionann leis an méid atá de bhreis ar £99 ag luacháil inrátaithe na talún a bhí ar áitiú amhlaidh:

Ar choinníoll, i gcás nach mbeidh aon ioncam, seachas brabúis nó gnóchain ó fheirmeoireacht, inmhuirir i leith cánach, nach mbeidh sa cháin is inmhuirir thar £40 de bhreis ar an méid cánach ab inmhuirir de réir forálacha an ailt seo dá mba 1ú de £1 luacháil inrátaithe na talún feirmeoireachta a bhí ar áitiú aige ná an luacháil inrátaithe iarbhír.

(2) Chun críocha an ailt seo, is é a bheidh sa cháin is iomchuí do na brabúis nó do na gnóchain ó fheirmeoireacht, maidir le pearsa aonair, an méid sin den cháin ab iníoctha, mura mbeadh forálacha an ailt seo, i leith ioncam iomlán na pearsan aonair a bhfuil idir í agus an cháin sin an chomhréir chéanna atá idir méid na mbrabús nó na ngnóchan ó fheirmeoireacht atá ar áireamh san ioncam iomlán sin agus an t-ioncam iomlán sin.

(3) Ní bheidh feidhm ag an alt seo in aon chás inar mó ná £119 luacháil inrátaithe na talún feirmeoireachta a bhí ar áitiú ag pearsa aonair aon tráth sa bhliain mheasúnachta.

Bonn roghnach measúnachta.

20. —(1) I gcás duine a bheith, de bhua alt 15, inmhuirir i leith cánach don bhliain mheasúnachta 1974-75 i ndáil le brabúis nó le gnóchain ó fheirmeoireacht, agus go ndéanfaí, de réir forálacha alt 58 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , é a mhuirearú i leith cánach faoi Chás I de Sceideal D ar mhéid iomlán na mbrabús nó na ngnóchan don bhliain roimh an mbliain mheasúnachta sin, féadfaidh sé, trí fhógra i scríbhinn a thabharfar don chigire laistigh de shé mhí tar éis tosach na bliana measúnachta sin, a roghnú gur ar mhéid iomlán na mbrabús nó na ngnóchan don bhliain mheasúnachta sin agus nach ar mhéid iomlán na mbrabús nó na ngnóchan don bhliain roimh an mbliain mheasúnachta sin a mhuirearófar i leith cánach é don bhliain mheasúnachta sin.

(2) Chun críocha an ailt seo, féadfar, más rogha sin leis an duine is inmhuirir i leith cánach i ndáil le brabúis nó gnóchain na bliana 1974, a mheas gurb iad brabúis nó gnócháin na bliana 1974-75 iad.

Bonn barúlach measúnachta do 1974-75.

1968, Uimh. 7 .

21. —(1) I gcás pearsa aonair, seachas pearsa aonair lena mbaineann alt 16, a bheith, de bhua alt 15, inmhuirir i leith cánach don bhliain mheasúnachta 1974-75 i ndáil le brabúis nó le gnóchain ó fheirmeoireacht, féadfaidh sé, trí fhógra i scríbhinn a thabharfar don chigire laistigh de shé mhí tar éis tosach na bliana measúnachta sin, a roghnú gur i ndáil leis na brabúis nó na gnóchain sin, de réir forálacha an ailt seo, agus nach faoi threoir forálacha alt 58 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , ná forálacha alt 20, a mhuirearófar i leith cánach é don bhliain mheasúnachta sin.

(2) I gcás ina ndéanfaidh pearsa aonair an rogha dá bhforáiltear i bhfo-alt (1), muirearófar i leith cánach é faoi Chás I de Sceideal D i ndáil le brabúis nó le gnóchain ó fheirmeoireacht ar shuim ar cóimhéid le 40 oiread luacháil inrátaithe na talún feirmeoireachta a bhí ar áitiú aige don bhliain mheasúnachta sin lúide asbhaintí ina leith seo a leanas—

(a) rátaí ab iníoctha don bhliain mheasúnachta sin i ndáil le talamh feirmeoireachta a bhí ar áitiú amhlaidh; agus

(b)  (i) díolaíochtaí ab iníoctha don bhliain mheasúnachta sin le haon duine a bhí fostaithe leis an talamh feirmeoireachta sin a oibriú, i leith na hoibre sin, nó

(ii) íocaíochtaí a íocadh le haon duine eile don bhliain mheasúnachta sin i leith obair den sórt a luaitear i bhfomhír (i):

Ar choinníoll nach mbeidh díolaíochtaí ab iníoctha le duine a bhfuil baint aige leis an bpearsa aonair le cur i gcuntas chun críocha fhomhír (i) ach amháin a mhéid gur in airgead a íocadh leis an duine sin iad.

(3) Nuair a dhéanfar brabúis nó gnóchain ó fheirmeoireacht talún feirmeoireachta a mhuirearú i leith cánach de réir forálacha fho-alt (2),

(a) beidh an phearsa aonair a mhuirearófar amhlaidh i dteideal aon asbhaint a éileamh i leith innealra nó gléasra a úsáid eadh ag feirmeoireacht na talún feirmeoireachta sin a bheadh sé i dteideal a éileamh dá mba gur muirearaíodh i leith cánach é ar mhéid iomlán na mbrabús nó na ngnóchan sin, agus

(b) féadfar aon mhuirear cothromaíochta a dhéanamh a bheadh le déanamh faoi alt 272 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , dá muirearófaí an phearsa aonair i leith cánach i ndáil le méid iomlán na mbrabús nó na ngnóchan sin.

(4) Le linn brabúis nó gnóchain a bheith á muirearú de réir forálacha an ailt seo, ní lamhálfar aon asbhaint seachas na hasbhaintí a shonraítear i bhfo-ailt (2) agus (3).

(5) I gcás pearsa aonair a bheith inmhuirir i leith cánach faoi Chás V de Sceideal D don bhliain mheasúnachta sin i ndáil leis na brabúis nó na gnóchain ó aon chíos nó aon fháltas i leith aon éasúna i ndáil le haon chuid den talamh feirmeoireachta a bhí ar áitiú aige, beidh feidhm ag fo-alt (2) don bhliain mheasúnachta a bhí an talamh feirmeoireachta ar áitiú amhlaidh ach gan an chuid sin a áireamh ónar tháinig na brabúis nó na gnóchain sin is inmhuirir faoi Chás V de Sceideal D:

Ar choinníoll nach mbeidh feidhm ag an bhfo-alt seo i gcás inar lú an cíos sin nó an fáltas sin, ag féachaint do na luachanna a bhí i réim san am, ná an méid a d'fhéadfaí a fháil ar an bhforas gur ar neamhthuilleamaí a dhéanfaí an idirbheartaíocht le haghaidh an léasa nó na héasúna.

(6) Measfar, chun críocha an ailt seo, baint a bheith ag duine le pearsa aonair dá measfaí sin maidir leis an duine sin chun críocha alt 16 den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1968 .

Feirmeoireacht: liúntais maidir le caiteachas caipitiúil ag déanamh foirgneamh agus oibreacha eile.

22. —(1) Baineann an t-alt seo le haon duine i mbun feirmeoireachta arb inmhuirir cáin de réir forálacha alt 15 (1) ar na brabúis nó na gnóchain uaithi.

(2) Má thabhaíonn duine lena mbaineann an t-alt seo, le feirmeoireacht a dhéanamh ar thalamh feirmeoireachta atá ar áitiú aige, aon chaiteachas caipitiúil ag déanamh tithe feirme, foirgnimh feirme, iostáin, fálta nó oibreacha eile, tabharfar, le linn na brabúis nó na gnóchain ó fheirmeoireacht ar an talamh feirmeoireachta sin a bheith á muirearú, liúntas bliantúil (dá ngairtear liúntas foirgneamh feirme san alt seo) ar cóimhéid le deichiú cuid an chaiteachais sin don chéad bhliain mheasúnachta iomchuí agus do gach bliain mheasúnachta dá éis sin go dtí go mbeidh na liúntais a bheidh tugtha faoin alt seo i leith an chaiteachais ar cóimhéid leis an gcaiteachas:

Ar choinníoll nach mbainfidh an fo-alt seo le haon chaiteachas a tabhaíodh roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1974.

(3) Déanfar aon chaiteachas caipitiúil den sórt sin a dúradh arna thabhú an 6ú lá d'Aibreán, 1974, nó dá éis, ag duine ar tí dul i mbun feirmeoireachta dó ach roimh thosú ag feirmeoireacht dó a áireamh, chun críocha an ailt seo, ionann is dá mba é an chéad lá a thosaigh sé ag feirmeoireacht a tabhaíodh é.

(4) I gcás ina dtabhófar caiteachas caipitiúil mar a dúradh ar theach feirme, ní chuirfear i gcuntas ach tríú cuid an chaiteachais sin, nó, má bhíonn cóiríocht agus saoráidí an tí feirme sin ar neamhréir le cineál agus réim na feirme, cibé cionúireacht de is cóir ach nach mó ná an tríú cuid de.

(5) Chun críocha an ailt seo agus maidir le caiteachas a thabhaigh an duine, is í an bhliain ina bhonn-tréimhse (de réir brí alt 297 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ) dar thabhaigh sé an caiteachas an chéad bhliain mheasúnachta iomchuí.

(6) Aireofar sa ráiteas bliantúil is gá a sheachadadh faoi na hAchtanna Cánach Ioncaim ar na brabúis nó na gnóchain ó fheirmeoireacht aon éileamh ó dhuine ar liúntas a bheidh le tabhairt dó faoi fhorálacha an ailt seo, agus tabharfar an liúntas mar asbhaint nuair a bheidh na brabúis nó na gnóchain sin á muirearú, agus beidh feidhm ag alt 241 (3) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , maidir leis an liúntas mar atá feidhm aige maidir le hasbhaintí is inlamhála i leith caitheamh agus cuimilt innealra nó gléasra.

(7) Is chun an chigire a chuirfear aon éileamh ar liúntas faoi fhorálacha an ailt seo agus is eisean a chinnfidh é, ach féadfaidh aon duine arb éagóir leis aon chinneadh ag an gcigire ar aon éileamh den sórt sin, ar fhógra i scríbhinn a thabhairt don chigire laistigh de lá is fiche tar éis an cinneadh a bheith curtha in iúl dó, achomharc a dhéanamh chun na gCoimisinéirí Achomhairc.

(8) Déanfaidh na Coimisinéirí Achomhairc aon achomharc a dhéanfar chucu faoi fho-alt (7) a éisteacht agus a chinneadh amhail is dá mba achomharc in aghaidh measúnú cánach é agus beidh feidhm dá réir sin fara aon mhodhnuithe is gá ag na forálacha de na hAchtanna Cánach Ioncaim a bhaineann le hachomharc a athéisteacht agus cás a shonrú chun tuairim na hArd-Chúirte a fháil ar phointe dlí.

(9) Má dhéanann duine atá i dteideal liúntais faoi fho-alt (2) i leith caiteachas caipitiúil a tabhaíodh le haghaidh feirmeoireachta talún feirmeoireachta a leas sa talamh feirmeoireachta sin nó in aon chuid den talamh feirmeoireachta sin a aistriú go dtí duine eile, beidh teideal ag an duine eile sin, d'eisiamh an duine chéadluaite, chun na liúntas faoin alt seo do na blianta measúnachta tar éis na bliana ina ndearnadh an t-aistriú leasa:

Ar choinníoll má ba i ndáil le cuid den talamh feirmeoireachta a tharla an t-aistriú leasa, go mbeidh feidhm ag an bhfo-alt seo maidir leis an méid sin den liúntas is inchurtha go cuí i leith na coda sin den talamh amhail is dá mba liúntas ar leithligh é.

(10) I gcás caiteachas a thabhú go páirteach chun críocha feirmeoireachta agus go páirteach chun críocha eile, ní bheidh feidhm ag fo-alt (2) ach amháin i leith an méid sin den chaiteachas sin is cóir, ar chionroinnt cheart a dhéanamh, a áireamh mar chaiteachas a tabhaíodh chun críocha feirmeoireachta.

(11) Ní thabharfar aon liúntas de bhua an ailt seo maidir le haon chaiteachas má thugtar nó má tugadh liúntas ina leith don bhliain mheasúnachta chéanna nó d'aon bhliain mheasúnachta roimhe sin nó dá éis sin faoi Chaibidil II de Chuid XV nó faoi Chaibidil I de Chuid XVI den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

(12) Ní mheasfar chun aon chríocha den alt seo caiteachas a bheith tabhaithe ag aon duine sa mhéid go mbeidh sé íoctha go díreach nó go neamhdhíreach ag an Stát, ag aon bhord a bunaíodh le reacht, nó ag aon údarás poiblí nó áitiúil.

Feidhm alt 20 den Acht Airgeadais, 1969 .

23. —Ní choiscfidh an aisghairm a dhéantar de bhua alt 14 ar alt 18 (2) (a) den Acht Airgeadais, 1969 , alt 20 den Acht sin ó fheidhm a bheith aige maidir le díbhinn arna híoc an 6ú lá d'Aibreán, 1974, nó dá éis, i gcás an díbhinn a íoc as brabúis a bhí díolmhaithe ó cháin de bhua an ailt sin 18 (2) (a), nó iad a íoc go páirteach as brabúis den sórt sin agus go páirteach as brabúis eile.

Srian maidir le caillteanais áirithe.

24. —Ní thabharfar faoiseamh ar bith faoi alt 309 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , maidir le caillteanas a tharla ag feirmeoireacht aon bhliain mheasúnachta roimh an mbliain 1974-75 tríd an gcaillteanas sin a bhaint as méid na mbrabús nó na ngnóchan ó fheirmeoireacht arna measúnú don bhliain 1974-75 nó d'aon bhliain mheasúnachta dá éis sin nó a fhritháireamh in aghaidh na méide sin.

Measfar liúntas caithimh agus cuimilte a bheith tugtha i gcásanna áirithe.

25. —(1) Nuair a bheifear á chinneadh, le linn na brabúis nó na gnóchain ó fheirmeoireacht a bheith á muirearú, an bhfuil aon liúntas caithimh agus cuimilte, liúntas cothromaíochta nó muirear cothromaíochta i leith innealra nó gléasra le tabhairt d'aon duine nó le muirearú air d'aon bhliain mheasúnachta agus má tá cad é an liúntas nó an muirear é, measfar gur tugadh don duine sin in aghaidh gach bliana measúnachta roimhe sin ar leis an t-innealra nó an gléasra agus ar bliain mheasúnachta í a bheidh le cur i gcuntas chun críche an ailt seo, cibé liúntas caithimh agus cuimilte nó cibé liúntas caithimh agus cuimilte méadaithe, más ann, i leith an innealra nó an ghléasra a bheadh le tabhairt dó dá mba rud é maidir le gach bliain roimhe sin den sórt sin—

(a) go raibh na brabúis nó na gnóchain ó fheirmeoireacht inmhuirir i leith cánach faoi Chás I de Sceideal D,

(b) go raibh feirmeoireacht ar siúl aige riamh ón dáta a fuair sé an t-innealra nó an gléasra,

(c) gur le haghaidh feirmeoireachta amháin a bhí an t-innealra nó an gléasra á úsáid aige riamh ón dáta sin, agus

(d) go ndearna sé éileamh ceart go cuí ar liúntas caithimh agus cuimilte i leith an innealra nó an ghléasra in aghaidh gach bliana measúnachta iomchuí.

(2) Cuirfear i gcuntas chun críocha an ailt seo gach bliain mheasúnachta roimhe sin ar leis an duine an t-innealra nó an gléasra áirithe agus—

(a) nár úsáid an duine an t-innealra nó an gléasra le haghaidh feirmeoireachta,

(b) nach ndearna sé aon fheirmeoireacht, nó

(c) a rinne sé feirmeoireacht in imthosca nach raibh méid iomlán na mbrabús nó na ngnóchan ón bhfeirmeoireacht sin inmhuirir i leith cánach faoi Chás I de Sceideal D.

(3) Ní dhéanfaidh aon ní san alt seo difear d'fhorálacha alt 272 (4) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

(4) San alt seo—

tá le “liuntas cothromaíochta” agus “muirear cothromaíochta” na bríonna céanna atá leo i gCaibidil II de Chuid XVI den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ;

ciallaíonn “liúntas caithimh agus cuimilte” asbhaint faoi alt 241 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

Leasú ar alt 307 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

26. —Leasaítear leis seo alt 307 den Acht Cánach Ioncaim, 1967

(a) trí “trádáil seachas feirmeoireacht, nó in aon ghairm nó fostaíocht,” a chur in ionad “trádáil, gairm nó fostaíocht,” i bhfo-alt (1),

(b) trí “nó ag feirmeoireacht i gcás a mbaineann an t-alt seo leis” a chur in ionad “nó ag áitiú tailte chun críocha feirmeoireachta amháin” i bhfo-alt (1), agus

(c) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

“(1A) Beidh feidhm ag an alt seo in aon chás ina mbeidh feirmeoireacht ar siúl seachas i gcás pearsa aonair lena mbaineann alt 15 (3) den Acht Airgeadais, 1974 , nó lena mbainfeadh an t-alt sin dá ndéanfadh an phearsa aonair an t-éileamh sin.”,

agus tá an fo-alt sin (1) d'alt 307, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tabla a ghabhann leis an alt seo.

AN TABLA

(1) Faoi réir forálacha an ailt seo, má tharlaíonn aon bhliain mheasúnachta gur bhain caillteanas do dhuine ar bith in aon trádáil seachas feirmeoireacht, nó in aon ghairm nó fostaíocht, a bhí á seoladh aige leis féin nó i gcomhpháirtíocht, nó ag feirmeoireacht i gcás a mbaineann an t-alt seo leis, nó ag áitiú talamh coille a bainistíodh ar fhoras tráchtála agus le hionchas brabúis a dhéanamh as, beidh teideal aige, ar éileamh chuige sin a dhéanamh, chun cibé aisíoc cánach is gá chun a áirithiú nach rachaidh an méid comhiomlán cánach in aghaidh na bliana a bheidh íoctha aige ar deireadh thar an méid a bheadh iompartha aige dá ndéanfaí a ioncam a laghdú méid an chaillteanais.

Srian le faoiseamh i leith caillteanas ar fheirmeoireacht nó garraíodóireacht mhargaidh.

1920, c. 18.

27. —(1) San alt seo—

forléireofar “bonn-bhliain”, i ndáil le haon liúntas caipitiúil, de réir alt 317 (2) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ;

tá le “liúntas caipitiúil” an bhrí chéanna atá leis in alt 317 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ;

ciallaíonn “na trí bliana roimhe sin” i ndáil le caillteanas a tabhaíodh i mbliain mheasúnachta, na trí bliana measúnachta deiridh roimh an mbliain sin;

ciallaíonn “réamh-thréimhse chaillteanais” na trí bliana roimhe sin, nó, má tabhaíodh caillteanais i mblianta measúnachta comhleanúnacha is faide ar fad ná trí bliana (agus dar críoch deireadh na dtrí bliana roimhe sin), an tréimhse is faide sin;

tá le “garraíodóireacht mhargaidh” an bhrí cheanna atá leis in alt 54 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

(2) (a) Aon chaillteanas (lena n-áirítear aon suim i leith liúntas a bheidh le háireamh mar chaillteanas de bhua alt 318 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ) a tabhaíodh i dtrádáil feirmeoireachta nó garraíodóireachta margaidh ní bheidh sé inchomhairimh le haghaidh faoisimh faoi alt 307 ná faoi alt 308 den Acht sin mura suífear, maidir leis an mbliain mheasúnachta a n-éilítear gur tabhaíodh an caillteanas, go raibh an trádáil á seoladh ar fhoras tráchtála agus le hionchas brabúis a dhéanamh sa trádáil.

(b) Gan dochar do mhír (a), aon chaillteanas (lena n-áirítear aon suim i leith liúntais a bheidh, de bhua alt 318 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , le háireamh mar chaillteanas) a tabhaíodh aon bhliain mheasúnachta i dtrádáil feirmeoireachta nó garraíodóireachta margaidh ní bheidh sé inchomhairimh le haghaidh faoisimh faoi alt 307 ná faoi alt 308 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , má tabhaíodh, gach bliain de na trí bliana roimhe sin, caillteanas ag seoladh na trádála sin.

(c) Chun críocha an ailt seo, i gcás trádáil feirmeoireachta nó garraíodóireachta margaidh a bheith á seoladh tráth ar bith ar mhodh gur réasúnach a bheith ag súil le brabús uaithi, is fianaise dhochlóite é sin gur d'fhonn brabúis a dhéanamh a bhí sí á seoladh an tráth sin.

(d) Ní chuirfidh an fo-alt seo srian le faoiseamh i leith aon chaillteanais nó aon liúntais chaipitiúil má shuíonn an t-éilitheoir gur de chineál a ghníomhaíochtaí feirmeoireachta nó garraíodóireachta margaidh go léir an bhliain díreach i ndiaidh na dtrí bliana roimhe sin, agus gurb amhlaidh dóibh, gur réasúnach súil a bheith le brabúis a dhéanamh san am le teacht dá mba fheirmeoir inniúil nó garraíodóir margaidh inniúil a thabharfadh fúthu, ach dá dtabharfadh an feirmeoir nó an garraíodóir margaidh sin faoi na gníomhaíochtaí sin i dtús na réamh-thréimhse caillteanais, nár réasúnach súil a bheith le brabús a bheith ar na gníomhaíochtaí sin aige go dtí tar éis deireadh na bliana díreach i ndiaidh na réamh-thréimhse caillteanais.

(e) Ní chuirfidh an fo-alt seo srian le faoiseamh nuair is é atá sa trádáil atá á seoladh cuid de gnóthas trádála is mó ná í agus ar trádáil chumhalda dó í.

(3) Nuair a bheifear á chinneadh chun críocha an ailt seo ar tabhaíodh caillteanas aon bhliain áirithe feidhmeofar na rialacha is infheidhmithe maidir le Cás I de Sceideal D.

(4) Má tá nó má bhíonn trádáil feirmeoireachta nó garraíodóireachta margaidh le háireamh mar thrádáil nár seoladh ach ar feadh cuid de bhliain mheasúnachta toisc gur sa bhliain sin a bunaíodh agus a tosaíodh í nó a scoireadh di nó a bunaíodh agus a tosaíodh í agus a scoireadh di, beidh éifeacht ag fo-alt (2) maidir leis an trádáil sin i ndáil leis an gcuid sin den bhliain sin.

(5) Ní cuirfidh fo-alt (2) srian le faoiseamh i leith aon chaillteanais nó liúntais chaípitiúil más sna trí bliana roimhe sin a bunaíodh agus a tosaíodh an trádáil, agus, chun críocha an fho-ailt seo, áireofar gur scoireadh de thrádáil, agus gur bunaíodh trádáil nua, in aon teagmhas a bhfuil sé le háireamh faoi aon fhoráil de na hAchtanna Cánach Ioncaim gurb ionann é agus buanscor de thrádáil nó trádáil a bhunú.

(6) I gcás na daoine a bhí ag seoladh trádála feirmeoireachta nó garraíodóireachta margaidh athrú aon tráth, beidh feidhm ag an alt seo, d'ainneoin fho-alt (5), maidir le haon duine a bhí ag seoladh na trádála sin díreach roimh an athrú agus díreach dá éis amhail is dá mba í an trádáil chéanna í roimh an athrú agus dá éis gan aon scor, agus amhail is dá mba é an duine céanna duine áirithe agus duine eile a bhfuil baint aige leis. San fho-alt seo déanfar aon cheist faoi bhaint a bheith ag daoine le chéile a chinneadh de réir forálacha alt 16 den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1968 .

(7) Ní dhéanfar aon chaillteanas lena mbaineann an t-alt seo a chur i gcuntas le linn brabúis nó caillteanais a bheith á ríomh chun críocha alt 53 den Finance Act, 1920.

Brabúis feirmeoireachta: srian le liúntais phearsanta.

28. —(1) I gcás talamh feirmeoireachta a bheith áitithe ar feadh aon bhliana measúnachta ag pearsa aonair nach bhfuil, de bhua alt 15 (3), feidhm ag fo-alt (1) den alt seo ina leith agus—

(a) gur mó ná £20 luacháil inrátaithe na talún feirmeoireachta a bhí áitithe aige, agus

(b) gurb inmhuirir i leith cánach é don bhliain mheasúnachta sin i leith ioncaim seachas ioncam ó fheirmeoireacht (dá ngairtear ioncam eile anseo feasta),

beidh feidhm ag an alt seo.

(2) I aon chás ina mbeidh feidhm ag an alt seo d'aon bhliain mheasúnachta déanfar méid comhiomlán na n-asbhaintí a bheidh le baint as ioncam iomlán na pearsan aonair áirithe don bhliain mheasúnachta sin i leith faoisimh phearsanta a d'éiligh sé a laghdú cibé méid díobh seo a leanas is lú:

(a) méid ar cóimhéid le leath méid comhiomlán na n-asbhaintí sin,

(b) an méid a gheofar tríd an mbreis atá ag an luacháil inrátaithe ar £20 a iolrú ar ochtó, nó

(c) méid iomlán na mbrabús nó na ngnóchan don bhliain mheasúnachta sin ó fheirmeoireacht talún feirmeoireachta, arna ríomh mar a ríomhfaí iad dá mba bhrabúis nó gnóchain iad ab inmhuirir i leith cánach faoi Chás I de Sceideal D.

(3) I gcás ina suífidh an phearsa aonair áirithe gurb é méid na mbrabús nó na ngnóchan iarbhír ó fheirmeoireacht gur mó an cháin is iníoctha aige don bhliain mheasúnachta sin ná an cháin is iomchuí don ioncam eile, déanfar an cháin is iníoctha amhlaidh a laghdú go dtí méid na cánach is iomchuí don ioncam eile.

(4) Chun críocha an ailt seo, is é a bheidh sa cháin is iomchuí don ioncam eile an méid sin den cháin ab iníoctha i leith ioncam iomlán na pearsan aonair, i gcás na brabúis nó na gnóchain iarbhír ó fheirmeoireacht a bheith inmhuirir i leith cánach de réir forálacha alt 15 (1), a mbeidh idir é agus an cháin sin an chomhréir chéanna atá idir an t-ioncam eile agus an t-ioncam iomlán sin.

(5) (a) I gcás cáin a bheith, de bhua iarratas faoi alt 197 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , inmheasúnaithe agus inmhuirir ar ioncaim fearchéile agus banchéile ionann is nach mbeidís pósta—

(i) ní rachaidh méid comhiomlán na bhfaoiseamh pearsanta, a mbeidh an sochar astu le cionroinnt ar an bhfearchéile agus ar an mbanchéile, thar mhéid iomlán na n-asbhaintí i leith na bhfaoiseamh sin a bheidh le lamháil de réir forálacha an ailt seo; agus

(ii) le linn an sochar sin a bheith á chionroinnt idir an fearchéile agus an banchéile de réir forálacha alt 193 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , a dúradh, cuirfear i gcuntas aon laghdú ar mhéid iomlán na n-asbhaintí sin de bhua forálacha an ailt seo agus déanfar méid an tsochair astu chun an fhearchéile nó chun an bhanchéile i leith gach faoisimh ar leith mar a shonraítear san alt sin 193 a laghdú de réir na comhréire idir méid iomlán na n-asbhaintí i leith faoiseamh pearsanta is inlamhála de bhua an ailt seo agus méid iomlán na liúntas sin ab inlamhála, mura mbeadh forálacha an ailt seo.

(b) I gcás inar mó, de réir forálacha fho-alt (3) den alt sin 193, méid an fhaoisimh a chionroinnfear ar an bhfearchéile nó ar an mbanchéile ná an cháin is inmhuirir ar a ioncam nó ar a hioncam, cibé acu é, déanfar aon iarmhéid a ríomhfar chun críche an fho-ailt sin a laghdú méid na cánach ab inmhuirir ar ioncam an fhearchéile nó ar ioncam an bhanchéile, cibé acu é, dá mbeadh aon bhrabbúis nó gnóchain ó fheirmeoireacht inmhuirir i leith cánach de réir forálacha na Caibidle seo.

(6) San alt seo—

tá le “faoisimh phearsanta” an bhrí chéanna atá leis in alt 193 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .