An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID IV Dleachtanna Stampa) Ar Aghaidh (CUID VI Ilghnéitheach)

6 1975

AN tACHT AIRGEADAIS, 1975

CUID V

Cáin Bhreisluacha

Leasú ar alt 10 den Acht Cánach Breisluacha, 1972 .

50. —Leasaítear leis seo alt 10 den Acht Cánach Breisluacha, 1972 , le héifeacht ar an agus ón 16ú lá d'Eanáir, 1975—

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach roimh fho-alt (3):

50.—Leasaítear leis seo alt 10 den Acht Cánach Breisluacha, 1972 , le héifeacht ar an agus ón 16ú lá d'Eanáir, 1975—

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach roimh fho-alt (3):

“(2A) (a) Is é an margadh-phraghas oscailte an méid ar ar inmhuirir cáin de bhua alt 2 (1) (a) ar sheachadadh earraí de chineál a shonraítear sa Cheathrú Sceideal arna seachadadh sna himthosca a shonraítear i mír (b).

(b) Is iad na himthosca dá dtagraítear i mír (a) ina ndéantar seachadadh—

(i) gurb é a bheidh sa duine a ndéanfar an seachadadh dó nó dá ordú comhlacht daoine ar a mbeidh urlámhas ag an duine a bheidh ag déanamh an tseachadta, nó gurb é a bheidh sa duine a bheidh ag déanamh an tseachadta comhlacht daoine ar a mbeidh urlámhas ag an duine a ndéanfar an seachadadh dó nó dá ordú, nó gurb é bheidh sa duine a bheidh ag déanamh an tseachadta agus sa duine a ndéanfar an seachadadh dó nó dá ordú comhlachtaí daoine agus go mbeidh urlámhas ag duine éigin eile orthu araon,

(ii) go ndéanfar an seachadadh in imthosca a thabharfaidh go mbeidh cáin de réir an ráta a shonraítear de thuras na huaire in alt 11 (1) (c) inmhuirir ina leith, agus

(iii) gur lú ná an margadh-phraghas oscailte an chomaoin dá dtagraítear i bhfo-alt (1).”,

(b) trí “fho-alt (2A) nó” a chur isteach i bhfo-alt (3) (c) roimh “mhír (a)”, agus

(c) tríd an míniú seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (9) (b) roimh an míniú ar “an margadh-phraghas oscailte”:

“ciallaíonn ‘urlámhas’, i ndáil le comhlacht corpraithe, cumhacht duine chun a áirithiú, trí scaireanna a shealbhú nó trí chumhacht vótála a bheith aige sa chomhlacht corpraithe sin nó in aon chomhlacht corpraithe eile, nó i ndáil leis an gcomhlacht corpraithe sin nó le haon chomhlacht corpraithe eile, nó de bhua aon chumhachtaí a thugtar leis na hairteagail chomhlachais nó le haon doiciméad eile a rialaíonn an comhlacht corpraithe sin nó aon chomhlacht corpraithe eile, gur de réir mar is toil leis an duine sin a sheoltar gnóthaí an chomhlachta chéadluaite agus, i ndáil le comhpháirtíocht, ciallaíonn sé an ceart chun scair is mó ná leath de shócmhainní, nó is mó ná leath d'ioncam, na comhpháirtíochta;”.

Leasú ar alt 11 den Acht Cánach Breisluacha, 1972 .

51. —Leasaítear leis seo alt 11 den Acht Cánach Breisluacha, 1972 , le héifeacht ar an agus ón 16ú lá d'Eanáir, 1975—

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) I gcás earraí is de chineál a shonraítear sa Cheathrú Sceideal agus—

(a) a allmhairíodh, nó a díoladh sa Stát, roimh an lá sonraithe in imthosca a thabharfadh gurbh inmhuirir cáin mhórdhíola nó gurbh inmhuirir í dá mba rud é go raibh an cháin sin i bhfeidhm ar dháta an allmhairithe nó an díola, nó

(b) a ndearnadh, ar aon ócáid roimhe sin ar an lá sonraithe nó dá éis, iad a allmhairiú ag duine nó a sheachadadh do dhuine seachas monaróir earraí den chineál a seachadadh nó a allmhairíodh amhlaidh in imthosca a thug gurbh inmhuirir cáin de réir an ráta a shonraítear de thuras na huaire i bhfo-alt (1) (c) i ndáil leis an allmhairiú nó leis an seachadadh sin,

a sheachadadh laistigh den Stát an lá sonraithe nó dá éis, muirearófar cáin de réir an ráta a shonraítear de thuras na huaire i bhfo-alt (1) (a) ar mhéid iomchuí aon chomaoine i leith an tseachadta sin.”,

agus

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4):

“(4) I gcás monaróir do sheachadadh earraí do dhuine ar bith is earraí a ndearna an duine sin, nó a ndearnadh thar a cheann, ábhair lena monarú a sholáthar agus gur mó an ráta cánach is inmhuirir i leith seachadadh na n-earraí ná an ráta ab inmhuirir i leith seachadadh na n-ábhar laistigh den Stát, beidh an duine a sheachadfaidh na hearraí faoi dhliteanas, i ndáil le seachadadh na n-earraí sin, i dteannta aon dliteanas eile a fhorchuirtear air leis an Acht seo, cáin a íoc ar luach na n-earraí a soláthraíodh dó, de réir ráta ar cóimhéid leis an difríocht idir an dá ráta a luaitear roimhe seo.”.

Leasú ar alt 13 den Acht Cánach Breisluacha, 1972 .

52. —Leasaítear leis seo alt 13 den Acht Cánach Breisluacha, 1972 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(2A) (a) Le héifeacht amhail ar an agus ón lú lá de Mhárta, 1975, d'ainneoin aon fhorála eile den Acht seo nó de rialacháin—

(i) ní bhainfidh fo-alt (1) ná alt 17 (2) le seachadadh bólachta beo, ná

(ii) ní dhéileálfar le déileálaithe beostoic agus ceantálaithe (lena n-áirítear daoine a oibríonn marglann beostoic) mar dhaoine a gceanglaítear orthu faoin alt seo sonraisc a eisiúint i ndáil le seachadadh bólachta beo.

(b) (i) Rachaidh an fo-alt seo in éag i ndeireadh an lae cheaptha.

(ii) Sa mhír seo ciallaíonn ‘an lá ceaptha’ an 30ú lá de Mheitheamh, 1976, nó cibé lá roimh an lá sin a shonróidh an tAire le hordú faoin mír seo.

(iii) Déanfar an tagairt i mír (c) d'fho-alt (3) d'ordú faoin bhfo-alt sin a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt d'ordú faoin mír seo agus beidh éifeacht le mír (c) dá réir sin.”.

Leasu ar an Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht Cánach Breisluacha, 1972 .

53. —Leasaítear leis seo an Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht Cánach Breisluacha, 1972 , trí “an ráta a shonraítear in alt 11 (1) (a)” a chur in ionad “ráta 5.26 faoin gcéad” i mír (iii) de Chuid II agus tá an mhír sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TABLA

(iii) fruiliú earraí de chineál ar a mbeadh cáin inmhuirir ar a seachadadh de réir an ráta a shonraítear in alt 11 (1) (a), dá mba nach dtabharfaí aird ar mhír (xxviii) de Chuid I den Sceideal seo;