An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID VI Ilghnéitheach) Ar Aghaidh (AN DARA SCEIDEAL)

6 1975

AN tACHT AIRGEADAIS, 1975

AN CHEAD SCEIDEAL

Leasú Achtachán

Alt 11.

CUID I

Leasuithe de dhroim athruithe ar fhaoisimh phearsanta

1. Leasaítear leis seo an tAcht Cánach Ioncaim, 1967 , de réir na bhforálacha seo a leanas den mhír seo:

(i) In alt 138—

(a) i bhfo-alt (1), cuirfear “£920” in ionad “£800” gach áit a bhfuil sé; cuirfear “£575” in ionad “£500”, agus cuirfear “£1,035” in ionad “£900”,

(b) i bhfo-alt (2), cuirfear “£575” in ionad “£500” gach áit a bhfuil sé, agus cuirfear “£635” in ionad “£550”, agus

(c) i bhfo-alt (3), cuirfear “£230” in ionad “£200”.

(ii) In ailt 139 agus 140, cuirfear “£165” in ionad “£140” gach áit a bhfuil sé.

(iii) In alt 141, i bhfo-alt (1A), cuirfear “£230” in ionad “£200”, agus cuirfear “£310” in ionad “£270” gach áit a bhfuil sé.

2. In alt 3 den Acht Airgeadais, 1969 , cuirfear “£165” in ionad “£140”.

3. In alt 11 den Acht Airgeadais, 1971 , cuirfear “£165” in ionad “£140” agus cuirfear “£330” in ionad “£280”.

4. In alt 8 den Acht Airgeadais, 1974 , cuirfear “£145” in ionad “£50” agus cuirfear “£45” in ionad “£25”.

CUID II

Leasuithe de dhroim liúntas caipitiúil a mhíniú

Alt 33.

1. Leasaítear leis seo ailt 69 (1), 218 agus 317 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , alt 20 (5) (a) den Acht Airgeadais, 1970 , alt 39 (7) den Acht Airgeadais, 1973 , agus alt 27 (1) den Acht Airgeadais, 1974, tríd an míniú ar “liúntas caipitiúil” nó “liúntais chaipitiúla”, de réir mar a bheidh, a scriosadh.

2. Leasaítear leis seo alt 236 (3) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , trí “liúntais chaipitiúil de réir brí alt 33 den Acht Airgeadais, 1975 ” a chur in ionad na bhfocal go léir ó “aon liúntais” go dtí “XVI”.

3. Leasaítear leis seo alt 314 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , trí fho-alt (2) a scriosadh.

4. Leasaítear leis seo alt 22 den Acht Airgeadais, 1971 , trí fho-alt (5) a scriosadh.

5. Leasaítear leis seo alt 39 (1) (b) den Acht Airgeadais, 1973 , trí “nó alt 24 (3) den Acht Airgeadais, 1971 , alt 6 (1) nó 7 (4) den Acht Airgeadais (Cánachas ar Bhrabúis Mhianach Áirithe), 1974 , nó alt 22 (6) den Acht Airgeadais, 1974 ” a chur isteach i ndiaidh “1967,”.

CUID III

Ilghnéitheach

Alt 35.

Uimhir agus Bliain

Gearrtheideal

Leasú

(1)

(2)

(3)

Uimh. 12 de 1942

An tAcht Cánacha agus Diúitéthe (Tosca Speisialta), 1942 .

In alt 3 (1), scriosfar na focail “nó na rátaí forchánach”.

Uimh. 6 de 1967

An tAcht Cánach Ioncaim, 1967 .

I mír (iii) den choinníoll a ghabhann le halt 288 (2), cuirfear “(seachas cáin de réir na n-ard-rátaí)” isteach i ndiaidh “an cháin” agus i ndiaidh “méid na cánach”.

Uimh. 17 de 1974

An tAcht Airgeadais (Cánachas ar Bhrabúis Mhianach Áirithe), 1974 .

In alt 1, sa mhíniú ar “cáin” scriosfar an focal “, forcháin”.

 

 

I mír (iii) den choinníoll a ghabhann le halt 11 (2), cuirfear “(seachas cáin de réir na n-ard-rátaí)” in ionad “(seachas forcháin)” sa dá áit ina bhfuil sé.

 

 

In alt 7 (4), cuirfear “fo-alt (3)” in ionad “fo-alt (2)”.