An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil III Frithsheachaint) Ar Aghaidh (Caibidil V Ilghnéitheach)

6 1975

AN tACHT AIRGEADAIS, 1975

Caibidil IV

Cáin Bhrabús Corparáide

Leasú ar alt 69 den Acht Airgeadais, 1959 .

1959, Uimh. 18 .

23. —Leasaítear leis seo alt 69 (1) den Acht Airgeadais, 1959 , tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (f):

“(g) liúntas faoi alt 22 den Acht Airgeadais, 1974 .”.

Díolúintí áirithe ó cháin bhrabús corparáide a bhuanú.

1929, Uimh. 32 .

24. —Tabharfar na díolúintí ó cháin bhrabús corparáide a shonraítear in alt 33 (1) den Acht Airgid, 1929 , i leith na tréimhse dar tosach an lú lá d'Eanáir, 1975, agus dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1975.