7 1975


Uimhir 7 de 1975


AN tACHT UM OIBRITHE TALMHAÍOCHTA (LAETHANTA SAOIRE) (LEASÚ), 1975

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA UM LAETHANTA SAOIRE OIBRITHE TALMHAÍOCHTA, 1950 GO 1969.

[21 Bealtaine, 1975]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Leasú ar alt 3 d'Acht 1950.

1961, Uimh. 36 .

1936, Uimh. 53 .

1950, Uimh. 21 .

1. —(1) Leasaítear leis seo alt 3 d'Acht 1950 trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (1) agus (2) (a cuireadh isteach leis an Acht um Oibrithe Talmhaíochta (Laethanta Saoire) (Leasú), 1961 ):

“(1) Gach bliain, lamhálfaidh fostóir talmhaíochta d'oibrí talmhaíochta laethanta saoire in ionannas le trí sheachtain oibre i gcás an t-oibrí a bheith ar fostú go leanúnach aige ar feadh na bliana sin, agus níos lú ná sin go comhréireach i gcás an t-oibrí a bheith ar fostú amhlaidh ar feadh aon mhí dhéag nó níos lú ná sin.

(2) (a) I gcás nach lú ná dhá mhí agus nach mó ná ceithre mhí an tréimhse fostaíochta leanúnaí, is ar laethanta oibre comhleanúnacha a lamhálfar na laethanta saoire a bhfuil oibrí ina dteideal faoin alt seo.

(b) I gcás inar mó ná ceithre mhí agus inar lú ná ocht mí an tréimhse fostaíochta leanúnaí, beidh tréimhse gan bhriseadh in ionannas le seachtain amháin oibre ar áireamh sna laethanta saoire a bhfuil oibrí ina dteideal faoin alt seo.

(c) I gcás ocht mí nó níos mó a bheith sa tréimhse fostaíochta leanúnaí, beidh tréimhse gan bhriseadh in ionannas le dhá sheachtain oibre ar áireamh sna laethanta saoire a bhfuil oibrí ina dteideal faoin alt seo.”

(2) Déanfar tagairtí d'Acht 1950 in aon ordú faoi alt 17 den Acht um Págh Talmhaíochta, 1936 , agus faoi alt 5 d'Acht 1950 ag socrú rátaí íosta diolaíochta saoire in aghaidh lá saoire faoi Acht 1950 a fhorléiriú mar thagairtí d'Acht 1950 arna leasú leis an Acht seo.

(3) San alt seo ciallaíonn “Acht 1950” an tAcht um Oibrithe Talmhaíochta (Laethanta Saoire), 1950 .

Leasuithe ar alt 4 d'Acht 1969.

1969, Uimh. 17 .

2. —(1) Déantar leis seo alt 4 (1) d'Acht 1969, a shonraíonn na laethanta is laethanta saoire poiblí chun críocha an Achta sin, a leasú tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (d):

“(e) an 1ú lá d'Eanáir nuair a thiteann sé ar lá seachtaine nó, nuair a thiteann sé ar an Domhnach, an lá ina dhiaidh sin.”.

(2) Déantar leis seo an fo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (6) d'alt 4 d'Acht 1969:

“(6A) Féadfaidh an tAire Talmhaíochta agus Iascaigh, le rialacháin, lá a cheapadh chun bheith ina lá saoire poiblí breise chun críocha an Achta seo agus, aon uair a bheidh aon rialacháin den sórt sin i bhfeidhm, is lá saoire poiblí breise chun críocha an Achta seo an lá a cheapfar.”.

(3) San alt seo ciallaíonn “Acht 1969” an tAcht um Oibrithe Talmhaíochta (Laethanta Saoire agus Pá), 1969 .

Gearrtheideal, forléiriú, comhlua agus tosach feidhme.

3. —(1) Féadfar an tAcht um Oibrithe Talmhaíochta (Laethanta Saoire) (Leasú), 1975 , a ghairm den Acht seo.

(2) Déanfar na hAchtanna um Laethanta Saoire Oibrithe Talmhaíochta, 1950 go 1969, agus an tAcht seo a fhorléiriú le chéile mar aon Acht amháin agus féadfar na hAchtanna um Laethanta Saoire Oibrithe Talmhaíochta, 1950 go 1975, a ghairm díobh le chéile.

(3) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú.