Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL Coinbhinsiún chun Cosc a chur le Gníomhartha Neamhdhleathacha in aghaidh Shábháilteacht na hEitlíochta Sibhialta)

9 1975


Uimhir 9 de 1975


AN tACHT AERLOINGSEOIREACHTA AGUS AERIOMPAIR, 1975

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DÁ CHUMASÚ ÉIFEACHT A THABHAIRT DON CHOINBHINSIÚN CHUN COSC A CHUR LE GNÍOMHARTHA NEAMHDHLEATHACHA IN AGHAIDH SHÁBHÁILTEACHT NA hEITLÍOCHTA SIBHIALTA, A RINNEADH I MONTREAL AN 23ú LÁ DE MHEÁN FÓMHAIR, 1971, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE A BHAINEANN LEIS SIN.

[19 Meitheamh, 1975]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1965, Uimh. 17 .

1. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1965” an tAcht um Eiseachadadh, 1965 ;

folaíonn “aerárthach” aon aerárthach seachas aerárthach stáit;

ciallaíonn “ceannasaí”, maidir le haerárthach, an comhalta den fhoireann atá ainmnithe mar cheannasaí ag an oibritheoir nó, mura bhfuil aon duine ainmnithe amhlaidh, an píolóta i gceannas an aerárthaigh;

ciallaíonn “Coinbhinsiún Mhontreal” an Coinbhinsiún chun Cosc a chur le Gníomhartha Neamhdhleathacha in aghaidh Shábháilteacht na hEitlíochta Sibhialta, a rinneadh i Montreal an 23ú lá de Mheán Fómhair, 1971, agus a bhfuil a théacs leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo;

ciallaíonn “aerárthach stáit” aerárthach de chuid aon stáit a úsáidtear i seirbhísí míleata, custam nó póilíneachta an stáit sin.

(2) Chun críocha an Achta seo—

(a) measfar na tréimhsí seo a leanas a bheith ar áireamh sa tréimhse a bhíonn aerárthach ar eitilt—

(i) aon tréimhse ón nóiméad a dhúntar doirse seachtracha uile an aerárthaigh tar éis bordála le haghaidh eitilte go dtí an nóiméad a osclaítear aon doras seachtrach le haghaidh díbhordála tar éis na heitilte sin, agus

(ii) más tuirlingt éigin a dhéanann an t-aerárthach, aon tréimhse dá éis sin go dtí an t-am a ghabhann údaráis inniúla an stáit inar tharla an tuirlingt éigin freagracht orthu féin i leith an aerárthaigh agus i leith na ndaoine agus na maoine ar bord an aerárthaigh (is é sin, i gcás tuirlingt éigin sa Stát, an t-am a shroicheann comhalta den Gharda Síochána an áit tuirlingthe);

(b) measfar gur cuid den tréimhse a bhíonn aerárthach ar seirbhís aon tréimhse ón uair a thosaíonn ullmhúchán réamheitilte an aerárthaigh ag pearsanra talún nó ag an bhfoireann le haghaidh eitilte áirithe go ceann 24 huaire a chloig tar éis don aerárthach tuirlingt i ndiaidh na heitilte sin, agus an tréimhse a bheidh an t-aerárthach ar eitilt a áireamh sa tréimhse sin i ngach cás; agus folóidh aon tagairt san Acht seo d'aerárthach ar eitilt nó d'aerárthach ar seirbhís tagairt d'aerárthach i gcaitheamh na tréimhse le linn di a bheith ar uachtar mara nó talún ach gan í a bheith laistigh de theorainneacha críche aon stáit.

Triail cionta faoin Acht seo.

2. —Féadfar imeachtaí i leith cion faoin Acht seo a thionscnamh, agus féadfar chun gach críche teagmhasaí déileáil leis an gcion mar chion a rinneadh, in aon áit sa Stát.

Gníomhartha neamhdhleathacha in aghaidh shábháilteacht na heitlíochta.

3. —(1) Chun éifeacht a thabhairt do Choinbhinsiún Mhontreal, beidh duine ciontach i gcion má dhéanann sé in áit ar bith go neamhdhleathach agus d'aonghnó—

(a) aon gníomh foréigin ar bord aerárthaigh agus í ar eitilt is cosúil a bhaolódh sábháilteacht an aerárthaigh,

(b) aerárthach ar seirbhís a scriosadh nó í a dhamáistiú ar dhóigh a chuirfeadh ó chumas eitilte í nó a bhaolódh a sábháilteacht agus í ar eitilt,

(c) aon fheiste nó substaint a chur, nó a thabhairt go gcuirfear sin, ar aerárthach ar seirbhís, is cosúil a scriosfadh an t-aerárthach nó a dhamáisteodh í ar dhóigh a chuirfeadh ó chumas eitilte í nó a bhaolódh a sábháilteacht agus í ar eitilt,

(d) aon saoráidí aerloingseoireachta a scriosadh nó a dhamáistiú, nó cur isteach ar a n-oibriú, más cosúil don ghníomh sin sábháilteacht aerárthaigh agus í ar eitilt a bhaolú,

(e) aon fhaisnéis a pháirtiú is eol dó a bheith bréagach má bhaolaíonn páirtiú na faisnéise, nó más cosúil go mbaolódh sé, sábháilteacht aerárthaigh agus í ar eitilt.

(2) Duine a thabharfaidh faoi aon ghníomh dá sonraítear i bhfo-alt (1) den alt seo a dhéanamh in áit ar bith nó a chabhróidh nó a neartóidh le gníomh den sórt sin a dhéanamh nó a chomhairleoidh nó a thabharfaidh chun críche go ndéanfaí é, nó a chabhróidh nó a neartóidh le duine, nó a chomhairleoidh duine, a fhéachfaidh in áit ar bith le gníomh den sórt sin a dhéanamh, beidh sé ciontach i gcion.

Cumhachtaí gabhála, etc., mar gheall ar chionta, faoin Acht seo.

4. —(1) Féadfaidh comhalta den Gharda Síochána a bhfuil cúis aige a chreidiúint cion faoin Acht seo a bheith déanta ag duine an duine sin a ghabháil gan bharántas.

(2) Comhalta den Gharda Síochána a bhfuil cúis aige a chreidiúint go bhfuil ar intinn ag duine atá ar tí dul ar bhord aerárthaigh sa Stát, nó atá ar bhord aerárthaigh den sórt sin, cion faoin Acht seo a dhéanamh ar an aerárthach sin nó ina leith, féadfaidh sé—

(a) an duine a chosc ó dhul ar bhord an aerárthaigh nó ó thaisteal ar bhord an aerárthaigh,

(b) dul isteach san aerárthach agus an duine a chur amach as, gan bharántas,

(c) an duine a ghabháil gan bharántas.

(3) Féadfar duine a ghabhfar faoi fho-alt (1) nó (2) den alt seo a choinneáil i gcoimeád ar feadh tréimhse nach faide ná 48 n-uaire a chloig agus scaoilfear ansin é mura rud é roimh dheireadh na tréimhse sin go gcúiseofar é i gcion faoin Acht seo nó go dtabharfar os comhair breithimh den Chúirt Dúiche é de bhun forálacha alt 27 (6) d'Acht 1965 nó os comhair breithimh den sórt sin nó feadhmannaigh shíochána de bhun forálacha alt 49 (3) nó 49 (4) den Acht sin.

(4) (a) Má bhíonn cúis ag ceannasaí nó ag duine eile i bhfeighil aerárthaigh atá sa Stát a chreidiúint go bhfuil duine tar éis nó ar tí cion faoin Acht seo a dhéanamh, féadfaidh sé an duine a chosc ó dhul ar bhord an aerárthaigh nó, má bhíonn an duine sin ar bhord an aerárthaigh, féadfaidh sé é a chur amach aisti.

(b) Déanfaidh ceannasaí nó duine eile i bhfeighil aerárthaigh, a luaithe is féidir tar éis dó duine a chosc ó dhul ar bhord aerárthaigh nó a chur amach aisti, faoi mhír (a) den fho-alt seo, fógra a thabhairt don údarás inniúil i bhfeighil an aerfoirt go bhfuil coiscthe aige ar an duine sin dul ar bord amhlaidh nó go bhfuil sé curtha amach amhlaidh aige agus na cúiseanna a bhí aige lena chosc nó lena chur amach a lua, agus cuirfidh an t-údarás i bhfios don Gharda Síochána, a luaithe is féidir tar éis dó an fógra sin a fháil, go bhfuair sé an fógra sin.

(5) Mura saoránach d'Éirinn duine a ndéanfar faoin alt seo é a chosc ó dhul ar bhord nó ó thaisteal ar bhord aerárthaigh nó é a chur amach as aerárthach nó é a ghabháil, nó mura sa Stát atá gnáthchónaí air, ansin, más eachtrannach é a bhféadfaí, faoin dlí a bhaineann le heachtrannaigh, cead teach isteach sa Stát a dhiúltú dó, measfar chun críocha an dlí sin gurb eachtrannach é ar diúltaíodh an cead sin dó.

(6) I gcás duine is eachtrannach a bhféadfaí, faoin dlí a bhaineann le heachtrannaigh, cead teacht isteach sa Stát a dhiúltú dó a bheith sa Stát gan de chúis lena bheith ann ach go ndearnadh, faoi fho-alt (2) nó (4) den alt seo, é a chosc ó dhul ar bhord nó ó thaisteal ar bhord aerárthaigh nó é a chur amach as aerárthach nó, faoi fho-alt (1) nó (2) den alt seo, é a ghabháil, measfar, chun críocha an dlí a bhaineann le heachtrannaigh, nach bhfuil an duine sin tar éis teacht isteach sa Stát.

(7) Ceannasaí aerárthaigh nó údarás inniúil a mhainneoidh fo-alt (4) (b) den alt seo a chomhlíonadh beidh sé ciontach i gcion agus dlífear ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £100 a chur air.

(8) Ní bheidh ceannasaí aerárthaigh, comhalta d'fhoireann aerárthaigh, paisinéir in aerárthach, uinéir nó oibritheoir aerárthaigh ná aon duine a ndearnadh eitilt thar a cheann—

(a) faoi réir a chiontaithe sa Stát in aon ionchúiseamh coiriúil, ná

(b) faoi dhliteanas damáistí sa Stát in aon chaingean shibhialta,

a thionscnófar i leith aon bheart a rinneadh in aghaidh aon duine de bhun foráil de chuid an Achta seo.

Feidhm an Achta um Eiseachadadh, 1965 , maidir le daoine a ghabhfar faoin Acht seo.

5. —Aon duine a ghabhfar faoi alt 4 (1) nó 4 (2) den Acht seo measfar—

(a) más i Stát lena mbaineann Cuid II d'Acht 1965 atá an t-aerárthach iomchuí cláraithe agus (i gcás duine is saoránach d'Éirinn) mura bhfuil eiseachadadh an duine sin toirmiscthe le halt 14 den Acht sin, é a bheith gafa de bhun barántas a eisíodh faoi alt 27 den Acht sin, agus

(b) más in áit lena mbaineann Cuid III den Acht sin atá an t-aerárthach iomchuí cláraithe, é a bheith gafa de bhun barántas a eisíodh faoi alt 49 den Acht sin,

agus ní bheidh feidhm ag alt 15 d'Acht 1965 maidir le heiseachadadh duine lena mbaineann an t-alt seo.

Pionóis i leith cionta faoi alt 3.

1907, c. 17.

6. —(1) Duine a bheidh ciontach i gcion faoi alt 3 den Acht seo dlífear, ar é a chiontú ar díotáil, príosúnacht lena shaol, nó príosúnacht ar feadh cibé téarma eile is cuí leis an gcúirt, a chur air.

(2) Ní fhionróidh cúirt pianbhreith a tugadh faoin alt seo.

(3) Ní bheidh feidhm ag alt 1 (2) den Probation of Offenders Act, 1907, maidir le cion faoi alt 3 den Acht seo.

1907, c. 17. Leasú ar alt 10 den Acht Aerloingseoireachta (Eurocontrol), 1963.

1963, Uimh. 15 .

7. —Beidh éifeacht ag alt 10 den Acht Aerloingseoireachta (Eurocontrol), 1963 (a bhaineann le taifid a choimeád faoi ghluaiseachtaí aerárthaí agus le húsáid na dtaifead sin mar fhianaise), amhail is dá mbeadh tagairt do chion faoin Acht seo ar áireamh sa tagairt atá i bhfo-alt (1) (c) do chion.

Caiteachais.

8. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh aon Aire Stáit ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Gearrtheideal agus comhlua.

9. —(1) Féadfar an tAcht Aerloingseoireachta agus Aeriompair, 1975 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Aerloingseoireachta agus Aeriompair, 1936 go 1975, a ghairm den Acht seo agus de na hAchtanna Aerloingseoireachta agus Aeriompair, 1936 go 1973, le chéile.