|
|||||
|
[EN] | ||
| ||
Uimhir 15 de 1975 | ||
[EN] |
AN tACHT UM CHLEACHTAIS SRIANTA (ORDÚ A DHAINGNIÚ), 1975 | |
[An tiontú oifigiúil] |
ACHT DO DHAINGNIÚ AN ORDAITHE UM CHLEACHTAIS SRIANTA (BIOTÁILLE MHÓTAIR), 1975. [16 Iúil, 1975] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||
[EN] |
Ordú a dhaingniú. I.R. Uimh. 121 de 1975. |
1. —Daingnítear leis seo an tOrdú um Chleachtais Srianta (Biotáille Mhótair), 1975, a rinne an tAire Tionscail agus Tráchtála faoi alt 8 den Acht um Chleachtais Srianta, 1972 . |
[EN] |
Gearrtheideal. |
2. —Féadfar an tAcht um Chleachtais Srianta (Ordú a Dhaingniú), 1975 , a ghairm den Acht seo. |