|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (SCEIDEAL 3 Léasanna) |
AN tACHT UM CHÁIN GHNÓCHAN CAIPITIÚIL, 1975
[EN] | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
SCEIDEAL 4 Riarachán | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Riarachán, measúnú agus bailiú: ginearálta | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | 1.—(1) Beidh cáin ghnóchan caipitiúil faoi chúram agus faoi bhainistí na gCoimisinéirí Ioncaim. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) Is iad na cigirí nó cibé oifigigh eile a cheapfaidh na Coimisinéirí Ioncaim chuige sin a dhéanfaidh measúnachtaí faoin Acht seo. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (3) Baileoidh agus toibheoidh an tArd-Bhailitheoir a bheidh ceaptha de thuras na huaire faoi alt 162 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , cáin ghnóchan caipitiúil a bheidh muirearaithe ó am go ham sna measúnachtaí go léir a dhéanfar faoi fhorálacha an Achta seo a mbeidh sonraí ina dtaobh curtha chuige faoi alt 187 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , arna chur chun feidhme le mír 2, agus beidh feidhm maidir le cáin ghnóchan caipitiúil ag na forálacha eile den alt sin 162 maidir leis na Coimisinéirí Ioncaim d'ainmniú daoine chun gníomhú mar an Ard-Bhailitheoir nó chun cumhachtaí an Ard-Bhailitheora a fheidhmiú mar atá feidhm acu maidir le cáin ioncaim | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Forálacha riaracháin cánach ioncaim a fheidhmiú | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | 2.—(1) Beidh feidhm ag na forálacha de na hAchtanna Cánach Ioncaim a bhaineann le cúram, bainistí, measúnú, bailiú agus gnóthú cánach ioncaim, faoi réir aon mhodhnuithe is gá, maidir le cáin ghnóchan caipitiúil mar atá feidhm acu maidir le cáin ioncaim is inmhuirearaithe faoi Sceideal D. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) Beidh feidhm, go háirithe agus gan dochar do ghinearáltacht fhomhír (1), ag na forálacha de na hAchtanna sin a shonraítear sa Tábla a ghabhann leis an mír seo maidir le cáin ghnóchan caipitiúil, faoi réir aon mhodhnuithe is gá. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | AN TABLA | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | FORALACHA CANACH IONCAIM A bhFUIL FEIDHM ACU MAIDIR LE CAIN GHNOCHAN CAIPITIUIL | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Tuairisceáin agus faisnéis | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | 3.—(1) Beidh ag na forálacha de na hAchtanna Cánach Ioncaim a bhaineann le haon tuairisceán, ráiteas, dearbhú, liosta nó doiciméad eile a dhéanamh nó a sheachadadh, aon sonraí a thabhairt, aon doiciméad a thabhairt ar aird, aon ní a chur ar fáil lena iniúchadh, aon chuntas a sheachadadh nó aon uiríoll a dhéanamh, feidhm, faoi réir aon mhodhnuithe is gá, maidir le cáin ghnóchan caipitiúil mar atá feidhm acu maidir le cáin ioncaim. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) Beidh feidhm, go háirithe agus gan dochar do ghinearáltacht fhomhír (1), ag na forálacha de na hAchtanna a shonraítear sa Tábla a ghabhann leis an mír seo, faoi réir aon mhodhnuithe is gá, maidir le cáin ghnóchan caipitiúil, agus, chun críocha an Achta seo, forléireofar ailt 500, 501 agus 503 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , arna gcur chun feidhme leis an mír seo, amhail is dá mbeadh na tagairtí seo a leanas i Sceideal 15 a ghabhann leis an Acht Cánach Ioncaim, 1967 — | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) i gcolún 1, tagairtí do mhíreanna 4 go 7 go huile, | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) i gcolún 2, tagairt do mhír 8, agus | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (c) i gcolún 3, tagairt do mhír 11. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (3) Féadfaidh fógra faoi aon cheann de na forálacha sin de na hAchtanna Cánach Ioncaim, arna gcur chun feidhme leis an mír seo, a cheangal sonraí a thabhairt maidir le haon sócmhainní a fuair an duine ar ar seirbheáladh an fógra (nó má bhaineann an fógra le hioncam nó le gnóchain inmhuirearaithe de chuid duine éigin eile a mbeidh de cheangal ar an duine a fuair an fógra tuairisceán a thabhairt thar a cheann faoi alt 170 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , arna chur chun feidhme amhlaidh leis an mír seo, maidir le haon sócmhainní a fuair an duine eile sin) sa tréimhse a bheidh sonraithe san fhógra, is é sin, tréimhse dar tosach dáta nach luaithe ná an 6ú lá d'Aibreán, 1974, ach gan áireamh a dhéanamh— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) ar aon sócmhainní atá díolmhaithe le halt 19 (urrúis Rialtais agus urrúis eile) nó le halt 24 (díolúintí ilghnéitheacha), ná | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) ar aon sócmhainní a fuarthas mar stoc trádála. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (4) Féadfaidh sonraí i dtaobh an duine óna bhfuarthas an tsócmhainn agus i dtaobh comaoin na fála a bheith ar na sonraí a éileofar faoin mír seo. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (5) Beidh i dtuairisceán ar ioncam comhpháirtíochta faoi alt 70 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 — | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) maidir le haon sócmhainní comhpháirtíochta a dhiúscairt i rith tréimhse lena mbaineann aon chuid den tuairisceán, sonraí den sórt céanna amhail is dá ndlífeadh an chomh pháirtíocht cáin a íoc ar aon ghnóchan inmhuirearaithe a d'fhaibhrigh as an diúscairt, agus | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) maidir le haon sócmhainní comhpháirtíochta a fháil, na sonraí a cheanglaítear le fomhír (3). | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (6) I gcás ina mbeidh ceangailte ar aon duine le fógra nó le proiceacht faoi fhorálacha na nAchtanna Cánach Ioncaim, arna gcur chun feidhme leis an mír seo, nó faoi fhorálacha na míreanna seo a leanas, aon ghníomh a dhéanamh de chineál a luaitear in aon cheann de na forálacha sin, agus go mainneoidh sé déanamh de réir an fhógra nó na proiceachta sin, nó i gcás in a ndéanfaidh, ina seachadfaidh nó ina dtabharfaidh aon duine, nó ina dtabharfaidh sé ar aird, go calaoiseach nó go faillíoch, aon tuairisceán, ráiteas, dearbhú, liosta, cuntas, sonraí nó doiciméad eile atá mícheart (nó ina ndéanfaidh sé go feasach aon ráiteas bréagach nó uiríoll bréagach) faoi aon cheann de na forálacha sin, beidh feidhm ag Cuid XXXV (pionóis agus measúnachtaí) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , maidir leis an duine sin chun críocha cánach gnóchan caipitiúil mar atá feidhm acu i gcás mainneachtain nó gníomh den chineál céanna chun críocha cánach ioncaim. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | AN TABLA | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | FORALACHA EILE CANACH IONCAIM A bhFUIL FEIDHM ACU MAIDIR LE CAIN GHNOCHAN CAIPITIUIL | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | An Tríú Sceideal, mír 1 (sealbhóir ar cheadúnas mianraí). | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Tuairisceáin ó thithe eisiúna, stocbhróicéirí, ceantálaithe, etc. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | 4.—(1) Chun sonraí a fháil i dtaobh gnóchan inmhuirearaithe, féadfaidh cigire trí fhógra i scríbhinn tuairisceán faoi aon cheann d'fhorálacha na míre seo a éileamh. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) (a) Féadfar a cheangal ar theach eisiúna nó ar dhuine eile a sheolann gnó ag cur eisiúintí poiblí scaireanna nó urrús in aon chuideachta, nó suíomh scaireanna nó urrús in aon chuideachta, in éifeacht thar ceann na cuideachta, nó thar ceann sealbhóirí bloc scaireanna nó urrús nach raibh roimhe sin ina n-ábhar d'eisiúint ná do shuíomh poiblí, tuairisceán a thabhairt ar na heisiúntí nó na suímh phoiblí sin go léir a chuir an duine sin in éifeacht i gcúrsa an ghnó sa tréimhse a bheidh sonraithe san fhógra ag éileamh an tuairisceáin, ina mbeidh sonraí i dtaobh na ndaoine ar eisíodh, ar leithroinneadh nó ar suíodh na scaireanna nó na hurrúis chucu, orthu nó leo agus an líon nó an méid scaireanna nó urrús a fuair siad amhlaidh faoi seach. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) San fhomhír seo folaíonn “scaireanna” aonaid in iontaobhas aonad. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (3) Féadfar a cheangal ar dhuine nach seolann gnó den sórt sin tuairisceán a thabhairt maidir le haon eisiúint nó suíomh a chuir an duine sin in éifeacht agus a bheidh sonraithe san fhógra, ina mbeidh sonraí i dtaobh na ndaoine ar eisíodh, ar leithroinneadh nó ar suíodh na scaireanna nó na hurrúis chucu, orthu nó leo agus an líon nó an méid scaireanna nó urrús a fuair siad amhlaidh faoi seach. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (4) Féadfar a cheangal ar chomhalta de stocmhargadh sa Stát tuairisceán a thabhairt ina mbeidh sonraí maidir le haon idirbhearta a chuir sé in éifeacht i gcúrsa a ghnó sa tréimhse a bheidh sonraithe san fhógra ag éileamh an tuairisceáin agus ina mbeidh sonraí faoi— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) na páirtithe sna hidirbhearta, | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) an líon nó an méid scaireanna nó urrús ar déileáladh leo sna hidirbhearta ar leithligh, agus | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (c) méid nó luach na comaoine. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (5) Féadfar a cheangal ar dhuine (seachas comhalta de stocmhargadh sa Stát) a ghníomhaíonn mar ghníomhaire sa Stát in idirbhearta i scaireanna nó in urrúis tuairisceán a thabhairt ina mbeidh sonraí faoi aon idirbhearta den sórt sin a chuir sé in éifeacht sa tréimhse a bheidh sonraithe san fhógra agus ina mbeidh sonraí faoi— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) na páirtithe sna hidirbhearta, | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) an líon nó an méid scaireanna nó urrús ar déileáladh leo sna hidirbhearta ar leithligh, agus | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (c) méid nó luach na comaoine. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (6) Féadfar a cheangal ar cheantálaí, agus ar aon duine a sheolann gnó ag déileáil i maoin sho-chorraithe inláimhsithe d'aon chineál, nó ag gníomhú mar ghníomhaire nó mar idirghabhálaí i ndéileálacha i maoin sho-chorraithe inláimhsithe d'aon chineál, tuairisceán a thabhairt ina mbeidh sonraí faoi aon idirbhearta a chuir sé in éifeacht, nó a cuireadh in éifeacht tríd, inar diúscraíodh aon sócmhainn ba mhaoin sho-chorraithe inláimhsithe ar chomaoin ar mhó a méid nó a luach i lámha an fhaighteora ná dhá mhíle punt. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (7) Ní cheanglófar ar aon duine faoin mír seo sonraí a thabhairt i dtuairisceán faoi aon idirbheart a cuireadh in éifeacht roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1974, nó tráth is luaithe ná trí bliana sular seirbheáladh an fógra á cheangal air an tuairisceán a thabhairt. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Tuairisceán ó scairshealbhóirí ainmnitheacha | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | 5.—(1) Más rud é, chun sonraí i dtaobh gnóchan inmhuirearaithe a fháil, go gceanglóidh na Coimisinéirí Ioncaim nó cigire trí fhógra i scríbhinn ar aon duine é a bhfuil aon scaireanna i gcuideachta cláraithe ina ainm, cuirfidh sé in iúl an eisean úinéir tairbhiúil na scaireanna nó nach é, agus, murab eisean úinéir tairbhiúil na scaireanna sin nó aon scair díobh, tabharfaidh sé ainm agus seoladh an duine nó na ndaoine a bhfuil na scaireanna cláraithe ina ainm thar a cheann nó thar a gceann. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) Sa mhír seo folaíonn tagairtí do scaireanna tagairtí d'urrúis agus do chaipiteal iasachta. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Tuairisceáin ó pháirtí i socraíocht | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | 6.—Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim trí fhógra i scríbhinn a cheangal ar aon duine, is páirtí i socraíocht, cibé sonraí i dtaobh na socraíochta a mheasfaidh siad is gá chun críocha an Achta seo a thabhairt dóibh laistigh de cibé tréimhse a ordóidh siad (nach giorra ná ocht lá is fiche). | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Tuairisceáin maidir le cuideachtaí agus iontaobhais neamhchónaitheacha | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | 7.—Féadfar le fógra ó na Coimisinéirí Ioncaim a cheangal ar dhuine a shealbhaíonn scaireanna nó urrúis i gcuideachta nach bhfuil cónaí ná gnáthchónaí uirthi sa Stát, nó a bhfuil leas tairbh iúil aige nó a ghníomhaíonn mar ghníomhaire ar son nó thar ceann duine ag a bhfuil leas tairbhiúil i maoin shocraithe faoi shocraíocht nach bhfuil cónaí ná gnáthchónaí sa Stát ar a hiontaobhaithe, cibé sonraí a thabhairt a mheasfaidh na Coimisinéirí Ioncaim is gá chun a chinneadh an dtagann an chuideachta nó an t-iontaobhas faoi réim alt 36 (cuideachtaí neamhchónaitheacha) nó faoi réim alt 37 (iontaobhais neamhchónaitheacha), agus ar fhaibhrigh aon ghnóchain inmhuirearaithe chuig an gcuideachta sin, nó chuig iontaobhaithe na socraíochta sin, a bhfuil an duine dar tugadh an fógra faoi dhliteanas cánach gnóchan caipitiúil ina leith faoin alt sin 36 nó 37. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Achomhairc | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | 8.—(1) Aon duine arb éagóir leis aon mheasúnacht faoin Acht seo a dhéanfaidh an cigire nó cibé oifigeach eile dá luaitear i mír 1 (2) air, beidh sé i dteideal achomharc a dhéanamh chun na gCoimisinéirí Achomhairc ar fhógra i scríbhinn a thabhairt, laistigh de lá is fiche tar éis dáta an fhógra measúnachta, don chigire nó don oifigeach eile, agus mura ndéanfaidh duine dar tugadh fógra measúnachta fógra achomhairc a thabhairt nó i gcás ina bhfailleoidh nó ina ndiúltóidh duine a thug fógra achomhairc freastal os comhair na gComisinéirí Achomhairc an tráth agus san áit a bheidh ceaptha chun achomhairc a éisteacht, is measúnacht chríochnaitheach dho-chloíte an mheasúnacht a rinneadh air. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) Na forálacha de na hAchtanna Cánach Ioncaim a bhaineann— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) le tráthanna agus áiteanna chun achomhairc a éisteacht a cheapadh; | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) le fógra a thabhairt do gach duine a thug fógra achomhairc faoin tráth agus faoin áit a bheidh ceaptha chun a achomharc a éisteacht; | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (c) le cinneadh achomhairc trí chomhaontú idir an t-achomharcóir nó a ghníomhaire agus cigire cánach nó cibé oifigeach eile dá luaitear i mír 1 (2); | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (d) le cinneadh achomhairc tríd an achomharcóir do thabhairt fógra go mbeartaíonn sé gan dul ar aghaidh leis an achomharc; | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (e) le héisteacht agus le cinneadh achomhairc ag na Coimisinéirí Achomhairc lena n-áirítear éisteacht agus cinneadh achomhairc ag Coimisinéir Achomhairc amháin; | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (f) le cinneadh achomhairc trí dhuine a thug fógra achomhairc d'fhaillí nó do dhiúltú freastal os comhair na gCoimisinéirí Achomhairc an tráth agus san áit a bheidh ceaptha; | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (g) le fadú na tréimhse chun fógra achomhairc a thabhairt, agus na Coimisinéirí Achomhairc d'athghlacadh le hachomhairc; | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (h) le hathéisteacht achomhairc ag breitheamh den Chúirt Chuarda agus sonrú cáis chun tuairim na hArd-Chúirte a fháil ar phonc dlí; | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (i) le cáin a íoc de réir chinneadh na gCoimisinéirí Achomhairc d'ainneoin é a bheith iarrtha go n-athéistfeadh breitheamh den Chúirt Chuarda achomharc nó é a bheith iarrtha go sonrófaí cás chun tuairim na hArd-Chúirte a fháil ar phonc dlí nó cás den sórt sin a bheith ar feitheamh; | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (j) le híoc cánach a bhfuil comhaontaithe nach bhfuil díospóid faoi i ndáil le hachomharc; agus | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (k) leis na nósanna imeachta d'achomharc, | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | bainfidh siad, fara aon mhodhnuithe is gá, le hachomharc faoi aon cheann d'fhorálacha an Achta seo a dhéanann socrú le haghaidh achomhairc chun na gCoimisinéirí Achomhairc amhail is dá mba achomharc in aghaidh measúnachta i leith cánach ioncaim an t-achomharc. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Rialacháin maidir le hachomhairc | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | 9.—(1) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim rialacháin a dhéanamh— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) maidir le seoladh achomharc in aghaidh measúnachtaí agus cinntí ar éilimh faoin Acht seo, | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) a thabharfaidh teideal do dhaoine, i dteannta na ndaoine a bheadh i dteideal amhlaidh ar leith ó na rialacháin, láithriú sna hachomhairc sin, | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (c) a rialálfaidh an tréimhse ina bhféadfar na hachomhairc nó na héilimh sin a dhéanamh, | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (d) i gcás ina bhféadfaidh margadhluach sócmhainne ar dháta áirithe nó cionroinnt nó aon ábhar eile difear a dhéanamh do dhliteanas dhá dhuine nó níos mó i leith cánach gnóchan caipitiúil, a chumasóidh d'aon duine den sórt sin an t-ábhar a chur á chinneadh ag an mbinse ag a mbeidh dlínse an t-ábhar sin a chinneadh má bhíonn an t-ábhar sin ann de bharr achomharc in aghaidh measúnachta, agus a fhorordóidh nós imeachta le nach cinntí éagsúla a thabharfar ar an ábhar ar ócáidí éagsúla. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (e) a údaróidh do chigire nó d'oifigeach eile do na Coimisinéirí Ioncaim, d'ainneoin na hoibleagáide maidir le rún a fhorchuirtear leis na hAchtanna Cánach Ioncaim nó le haon Acht eile, margadhluach sócmhainne arna chinneadh le measúnacht nó le cinneadh ar éileamh a nochtadh do dhuine a bheidh i dteideal láithriú san achomharc sin, nó aon chinneadh a dhéanfaidh cigire nó oifigeach eile do na Coimisinéirí Ioncaim ar an ábhar a nochtadh do dhuine a ndéanfadh cinneadh ar mhargadhluach sócmhainne ar dháta áirithe, nó cionroinnt nó aon ábhar eile, difear dá dhliteanas cánach. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) Féadfaidh cibé forálacha forlíontacha agus foghabhálacha is dóigh leis na Coimisinéirí Ioncaim is gá a bheith i rialacháin faoin mír seo. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (3) Gach rialachán a dhéanfar faoin mír seo leagfar é faoi bhráid Dháil Éireann a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann Dáil Éireann laistigh den lá is fiche a shuífidh Dáil Éireann tar éis an rialachán a leagan faoina bráid rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Daoine pósta | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | 10.—(1) Féadfaidh tuairisceán faoi alt 172 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (arna fheidhmiú leis an Sceideal seo), maidir le gnóchain inmhuirearaithe a d'fhaibhrigh chuig bean phósta bliain mheasúnachta, nó i gcuid de bhliain mheasúnachta, ar bhean phósta í in aontíos lena fearchéile lena linn a éileamh uirthi nó, más duine faoi dhliteanas faoi alt 13 (1) a fearchéile, airsean. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) Beidh feidhm ag alt 194 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (cáin is inchurtha i leith ioncaim bhanchéile agus a measúnaíodh ar a fearchéile a bhailiú ón mbanchéile), agus ag alt 195 den Acht sin (ceart fearchéile dliteanas cánach ar ioncam a bhanchéile éagtha a shéanadh), fara aon mhodhnuithe is gá, i ndáil le cáin ghnóchan caipitiúil mar atá feidhm acu i ndáil le cáin ioncaim. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Neamhchónaitheoir do dhiúscairt sócmhainní áirithe | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | 11.—(1) Bainfidh an mhír seo le sócmhainní— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) is talamh sa Stát; | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) is mianraí sa Stát nó aon chearta, leasanna nó sócmhainní eile i ndáil le mianadóireacht nó mianraí nó le cuardach mianraí; | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (c) is cearta taiscealaíochta nó saothraithe i limistéar ainmnithe; | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (d) is scaireanna i gcuideachta a ndíorthaíonn a luach nó formhór a luacha go díreach nó go neamhdhíreach ó shócmhainní a shonraítear i gclásal (a), (b) nó (c) seachas scaireanna a luaitear ar stocmhargadh; agus | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (e) cáilmheas thrádáil a sheoltar sa Stát. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) Le linn an chomaoin a íoc i ndáil le sócmhainn lena mbaineann an mhír seo a fháil, déanfaidh an duine a dhéanfaidh nó trína ndéanfar aon íocaíocht den sórt sin suim a bhaint aisti is ionann agus méid cánach gnóchan caipitiúil ar leath na híocaíochta sin de réir ráta na cánach sin a bheidh i bhfeidhm tráth na híocaíochta a dhéanamh agus lamhálfaidh an duine a fuair an íocaíocht sin an asbhaint sin ar iarmhar na híocaíochta a fháil agus beidh an duine a dhéanfaidh an asbhaint, ar a chruthú gur íocadh an méid a asbhaineadh amhlaidh leis na Coimisinéirí Ioncaim, saortha agus urscaoilte i leith an oiread sin airgid arb ionannas dó an asbhaint, amhail is dá mba gur íocadh iarbhír an tsuim sin leis an duine a rinne an diúscairt: | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | Ar choinníoll i gcás ina ndéanfaidh an duine a dhiúscair an tsócmhainn deimhniú a eisíodh faoi fhomhír (6) i ndáil leis an diúscairt a thabhairt ar aird don duine a fuair an tsócmhainn, nach ndéanfar aon asbhaint den sórt sin. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (3) I gcás aon íocaíocht den sórt sin a dúradh a bheith déanta ag aon duine nó thar a cheann, seachadfaidh an duine sin láithreach do na Coimisinéirí Ioncaim cuntas ar an íocaíocht, agus ar an méid a baineadh aisti, agus déanfaidh an cigire, d'ainneoin aon fhorála eile den Acht seo, cáin ghnóchan caipitiúil a mheasúnú agus a mhuirearú ar an duine sin don bhliain mheasúnachta ina ndearnadh an íocaíocht i leith méid is ionann agus leath na híocaíochta de réir an ráta a shonraítear in alt 3 (3). | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (4) Féadfaidh an cigire, i gcás aon duine do mhainniú, i ndáil le haon íocaíocht den sórt sin a dúradh, cuntas mar a éilítear leis an mír seo a sheachadadh, nó i gcás nach mbeidh sé sásta leis an gcuntas, méid na híocaíochta a mheas go feadh a bhreithiúnais agus, d'ainneoin alt 5 (1), féadfaidh cáin ghnóchan caipitiúil a mheasúnú agus a mhuirearú ar an duine sin don bhliain mheasúnachta ina ndearnadh an íocaíocht i leith méid is ionann agus leath an mhéid a measadh amhlaidh de réir an ráta a shonraítear in alt 3 (3). | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (5) I gcás ina n-íocfar méid na cánach gnóchan caipitiúil a measúnaíodh agus a muirearaíodh faoi fhomhír (3) nó (4), tabharfar faoiseamh mar is iomchuí, ar éileamh a bheith déanta chuige sin, don duine is inmhuirearaithe i leith an ghnóchain as an diúscairt, tri urscaoileadh nó aisíoc nó eile. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (6) Féadfaidh duine is inmhuirearaithe i leith cánach gnóchan caipitiúil ar aon sócmhainn a dhiúscairt lena mbaineann an mhír seo deimhniú a iarraidh ar an gcigire nach cóir cáin a bhaint as an gcomaoin i leith diúscairt na sócmhainne agus, más deimhin leis an gcigire gurb é an duine céanna a rinne an diúscairt a rinne an t-iarratas agus— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) chuig an duine céanna, nó | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) nach iníoctha aon mhéid cánach gnóchan caipitiúil i leith na diúscartha, nó | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (c) gur íocadh an cháin ghnóchan caipitiúil ab inmhuirearaithe don bhliain mheasúnachta dá bhfuil sé inmhuirearaithe i leith diúscairt na sócmhainne agus an cháin ab inmhuirearaithe ar aon ghnóchan a d'fhaibhrigh aon bhliain mheasúnachta roimhe sin (nach bliain a chríochnaigh níos luaithe ná an 6ú lá d'Aibreán, 1974) i leith diúscairt a rinneadh roimhe sin ar an tsócmhainn, | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | eiseoidh an cigire an deimhniú. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (7) Ní bheidh feidhm ag an mír seo i gcás nach mó ná caoga míle punt comaoin na diúscartha: | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | Ar choinníoll i gcás sócmhainn a bhí tráth ar úinéireacht ag duine áirithe, is sócmhainn lena mbainfeadh an mhír seo mura mbeadh an fhomhír seo, agus go ndiúscróidh an duine sin í ina codanna— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) chuig an duine céanna, nó | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) chuig daoine a bheidh ag gníomhú de chomhbheart nó ar daoine iad a bhfuil baint acu le chéile i dtéarmaí alt 33, | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | ar an ócáid chéanna nó ar ócáidí éagsúla, áireofar, chun críocha na fomhíre seo ach ní chun aon críche eile, gur aon diúscairt amháin na diúscairtí éagsúla. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (8) D'ainneoin alt 5 (2), i gcás méid áirithe cánach gnóchan caipitiúil a mheasúnú agus a mhuirearú de bhun na míre seo, beidh an méid sin dlite agus iníoctha an lá tar éis an lae a dhéanfar an mheasúnacht. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (9) Sa mhír seo tá le “cearta taiscealaíochta agus saothraithe”, “limistéar ainmnithe” agus “scaireanna” na bríonna céanna atá leo in alt 4 (8). | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (10) Ní bheidh feidhm ag an mír seo ach amháin maidir le diúscairtí agus fálacha a tharlóidh tar éis dáta an Achta seo a rith. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Dliteanas iontaobhaithe, etc. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | 12.—(1) Féadfar cáin ghnóchan caipitiúil is inmhuirearaithe i leith gnóchain inmhuirearaithe a d'fhaibhrigh chuig iontaobhaithe socraíochta nó cáin ghnóchan caipitiúil a bheidh dlite ó ionadaithe pearsanta duine éagtha a mheasúnú agus a mhuirearú ar aon duine amháin nó níos mó de na hiontaobhaithe nó na hionadaithe pearsanta sin agus ina ainm nó ina n-ainmneacha. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) Faoi réir alt 8 (3), ní mheasfar, chun críocha an Achta seo, gur gnóchain inmhuirearaithe a d'fhaibhrigh chuig aon duine eile nó is inmhuirearaithe ar aon duine eile gnóchain inmhuirearaithe a d'fhaibhrigh chuig iontaobhaithe socraíochta nó chuig ionadaithe pearsanta duine éagtha, ná cáin ghnóchan caipitiúil is inmhuirearaithe ar na hiontaobhaithe nó ar na hionadaithe pearsanta sin nó ina n-ainm, ná ní mheasfar chun críocha an Achta seo gur pearsa aonair aon iontaobhaí nó ionadaí pearsanta. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Cinntí cánach ioncaim a bheith do-chloíte | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | 13.—Beidh aon mheasúnacht i leith cánach ioncaim nó cinneadh ar éileamh faoi na hAchtanna Cánach Ioncaim, agus aon chinneadh ar achomharc faoi na hAchtanna Cánach Ioncaim in aghaidh measúnacht nó cinneadh den sórt sin, do-chloíte a mhéid a bheidh dliteanas i leith cánach ag brath, faoi alt 6 nó faoi Sceideal 1 nó faoi aon fhoráil eile den Acht seo, ar fhorálacha na nAchtanna Cánach Ioncaim. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Luacháil sócmhainní: cumhacht iniúchóireachta | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | 14.—(1) Beidh údarás ag cigire nó ag aon oifigeach eile den sórt a luaitear i mír 1 (2) aon mhaoin a iniúchadh chun a margadhluach a dhéanamh amach agus tabharfaidh an duine a mbeidh an mhaoin sin ina choimeád nó ina sheilbh cead don chigire nó don oifigeach eile a bheidh údaraithe amhlaidh, ar é do thabhairt fianaise ar a údarás ar aird má iarrtar sin air, an mhaoin a iniúchadh cibé tráthanna réasúnacha a mheasfaidh na Coimisinéirí Ioncaim a bheith riachtanach. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) Bainfidh alt 515 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , le cigire nó le hoifigeach eile dá dtagraítear i bhfomhír (1) agus le duine a bheidh ag cabhrú le cigire nó le hoifigeach den sórt sin mar atá feidhm aige maidir leis na daoine dá dtagraítear i míreanna (a) agus (b) d'fho-alt (1) den alt sin. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Cáin ghnóchan caipitiúil: íocaíocht tosaíochta | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | 15.—Beidh feidhm maidir le cáin ghnóchan caipitiúil ag an tosaíocht a ghabhann le cánacha measúnaithe faoi alt 4 den Preferential Payment in Bankruptcy (Ireland), Act, 1889, agus faoi alt 98 agus 285 d'Acht na gCuideachtaí, 1963 . | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Cumhacht tuairisceáin, etc. a chur ar gabháil le doiciméid chánach ioncaim | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | 16.—Féadfar aon tuairisceán nó measúnacht nó doiciméad eile a bhaineann le gnóchain inmhuirearaithe nó le cáin ghnóchan caipitiúil a chur ag gabháil le ceann a bhaineann le hioncam nó le cáin ioncaim. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Cáin a ghnóthú ó scairshealbhóir | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | 17.—(1) Tá feidhm ag an mír seo i gcás ina bhfaighidh duine a bhfuil baint aige le cuideachta a chónaíonn sa Stát nó ina dtiocfaidh sé i dteideal go bhfaigheadh sé, maidir le scaireanna sa chuideachta, aon dáileadh caipitil ón gcuideachta, seachas dáileadh caipitil in ionannas laghdú caipitil, agus— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) gur as diúscairt sócmhainní ar fhaibhrigh gnóchan inmhuirearaithe ina leith chuig an gcuideachta a dhíorthaigh an caipiteal a dáileadh amhlaidh, nó | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) gur diúscairt sócmhainní den sórt an dáileadh. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) Má bhí ar áireamh sa cháin ghnóchan caipitiúil a measúnaíodh ar an gcuideachta don bhliain mheasúnachta inar fhaibhrigh an gnóchan inmhuirearaithe aon mhéid i leith an ghnóchain inmhuirearaithe sin, agus aon chuid den cháin a measúnaíodh ar an gcuideachta don bhliain sin a bheith gan íoc sé mhí ó dháta a teachta chun bheith iníoctha ag an gcuideachta, féadfar, trí mheasúnacht a dhéanfar laistigh de dhá bhliain ón dáta sin, an duine sin a mheasúnú agus a mhuirearú (in ainm na cuideachta) i leith méid den cháin ghnóchan caipitiúil sin— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) nach mó ná méid nó luach an dáileadh caipitil a fuair an duine sin nó ar tháinig sé i dteideal é a fháil, agus | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) nach mó ná cionúireacht ar cóimhéid le scair an duine sin den dáileadh caipitil a rinne an chuideachta de cháin ghnóchan caipitiúil ar mhéid an ghnóchain sin de réir an ráta a bhí i bhfeidhm nuair a d'fhaibhrigh an gnóchan. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (3) Aon duine a íocfaidh aon mhéid cánach faoin mír seo beidh sé i dteideal suim ar cóimhéid leis an méid sin a ghnóthú ón gcuideachta. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (4) Na forálacha atá sa mhír seo is forálacha iad gan dochar d'aon dliteanas a bheidh ar an duine a gheobhaidh nó a thiocfaidh i dteideal go bhfaigheadh sé an dáileadh caipitil i leith gnóchan inmhuirearaithe a d'fhaibhrigh chuige ag féachaint don dáileadh caipitil mar ní is ionann agus diúscairt leasa i scaireanna sa chuideachta. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (5) Sa mhír seo tá le “dáileadh caipitil” an bhrí chéanna atá leis i mír 1 de Sceideal 2 agus measfar baint a bheith ag duine le cuideachta dá measfaí sin faoi chun críocha alt 33. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Bronntanais: cáin a ghnóthú ó dheontaí | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | 18.—(1) Más rud é in aon bhliain mheasúnachta go bhfaibhreoidh gnóchan inmhuirearaithe chuig aon duine as sócmhainn a dhiúscairt i modh bronntanais agus go mbeidh aon mhéid cánach gnóchan caipitiúil a measúnaíodh ar an duine sin don bhliain mheasúnachta sin gan íoc dhá mhí dhéag ón dáta ar ar tháinig an cháin chun bheith iníoctha, féadfar, trí mheasúnacht a dhéanfar tráth nach déanaí ná dhá bhliain ón dáta ar ar tháinig an cháin chun bheith iníoctha, cáin ghnóchan caipitiúil a mheasúnú agus a mhuirearú (in ainm an deontóra) ar an deontaí ar mhéid nach mó ná méid an ghnóchain inmhuirearaithe a d'fhaibhrigh amhlaidh, ná nach mó ná an méid sin gnóchan inmhuirearaithe dá dtiocfadh, dá muirearófaí é de réir an ráta a fhoráiltear in alt 3 (3), dliteanas cánach gnóchan caipitiúil ar cóimhéid leis an méid sin cánach gnóchan caipitiúil a bhí gan íoc ag an deontóir. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) I gcás inar nua-shócmhainn an bronntanas, féadfar, i dteannta an deontaí a mheasúnú agus a mhuirearú faoi fhomhír (1) i leith na nua-shócmhainne, é a mheasúnú agus a mhuirearú amhail is dá mba é a bhí sa ghnóchan inmhuirearaithe as an tsean-sócmhainn a dhiúscairt gnóchan inmhuirearaithe as an nua-shócmhainn a dhiúscairt a raibh an cháin ghnóchan caipitiúil ina leith gan íoc dhá mhí dhéag ón dáta ar ar tháinig an cháin chun bheith iníoctha. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (3) (a) I gcás ina ndéanfaidh duine ar ar measúnaíodh agus ar ar muirearaíodh cáin ghnóchan caipitiúil i leith sócmhainn a dhiúscairt méid iomlán fáltais na diúscartha, nó, i gcás inar nua-shócmhainn a fuarthas tríd an bhfáltas as diúscairt na sean-sócmhainne a úsáid an tsócmhainn, iomlán an fháltais as diúscairt na nua-shócmhainne, a aistriú, go díreach nó go neamhdhíreach, i modh bronntanais chuig deontaí, bainfidh fomhíreanna (1) agus (2) leis an méid cánach gnóchan caipitiúil a measúnaíodh agus a muirearaíodh amhlaidh. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) I gcás ina ndéanfaidh duine ar ar measúnaíodh agus ar ar muirearaíodh cáin ghnóchan caipitiúil i leith sócmhainn a dhiúscairt cuid d'fhaltas na diúscartha, nó, más nuashócmhainn a fuarthas tríd an bhfáltas as diúscairt seansócmhainne a úsáid an tsócmhainn, cuid den fháltas as diúscairt na nua-shócmhainne, a aistriú, go díreach nó go neamhdhíreach, i modh bronntanais chuig deontaí, bainfidh fomhíreanna (1) agus (2) leis an gcuid sin den mhéid cánach gnóchan caipitiúil a measúnaíodh agus a muirearaíodh amhlaidh a mbeidh idir í agus méid iomlán na cánach sin an coibhneas céanna a bheidh idir an chuid réamhráite den fháltas réamhráite agus méid iomlán an fháltais sin. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (4) Beidh deontaí bronntanais a íocfaidh aon mhéid cánach de bhun na míre seo i dteideal, faoi réir aon téarmaí nó coinníollacha a ghabh leis an mbronntanas, suim a chóimhéid sin a ghnóthú ó dheontóir an bhronntanais mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (5) Na tagairtí sa mhír seo do dheontóir, folaíonn siad, i gcás pearsa aonair a fuair bás, tagairtí dá ionadaithe pearsanta. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (6) Sa mhír seo folaíonn tagairtí do bhronntanas tagairtí d'aon idirbheart seachas idirbheart i modh margán ar neamhthuilleamaí a mhéid a aistríonn airgead nó luach airgid faoin idirbheart gan comaoin iomlán in airgead nó i luach airgid, agus forléireofar “deontóir” agus “deontaí” dá réir sin; agus beidh feidhm ag an mír seo maidir le bronntanas a tugadh do dhá dheontaí nó níos mó, fara aon mhodhnuithe is gá, agus faoi réir an choinníll go ndlífear gach deontaí den sórt sin a mheasúnú agus a mhuirearú i leith na coda sin agus i leith na coda sin amháin den mhéid cánach gnóchan caipitiúil is iníoctha ag na deontaithe de bhua na míre seo a mbeidh idir í agus méid iomlán na cánach sin an coibhneas céanna a bheidh idir an chuid den bhronntanas a tugadh don deontaí sin agus méid iomlán an bhronntanais. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (7) Sa mhír seo tá la “sean-sócmhainn” agus “nua-shócmhainn” na bríonna céanna atá leo in alt 28. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Ilghnéitheach | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
19.—Chun críocha an Sceidil seo, bainfidh alt 94 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , arna chur chun feidhme le mír 3 (tuairisceáin agus faisnéis), le maoin nó le léasanna ar mhaoin seachas áitribh, mar a bhaineann sé le háitreabh nó le léasanna ar áitribh. |