An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I Réamhráiteach) Ar Aghaidh (CUID III Oidhreachtaí agus Maoin Shocraithe)

20 1975

AN tACHT UM CHÁIN GHNÓCHAN CAIPITIÚIL, 1975

CUID II

Cánachas ar Ghnóchain Chaipitiúla

Cánachas ar ghnóchain chaipitiúla agus an ráta muirir.

3. —(1) Muirearófar cáin de réir an Achta seo i leith gnóchan caipitiúil, is é sin, i leith gnóchan inmhuirearaithe arna ríomh de réir an Achta seo agus a d'fhaibhrigh chuig duine as diúscairt sócmhainní.

(2) Déanfar an cháin, dá ngairfear cáin ghnóchan caipitiúil, a mheasúnú agus a mhuirearú don bhliain 1974-75 agus do bhlianta measúnachta dá éis sin i leith gnóchain inmhuirearaithe a d'fhaibhrigh sna blianta sin, agus muirearófar amhlaidh í de réir na bhforálacha seo a leanas den Acht seo.

(3) Faoi réir alt 6, 26 faoin gcéad an ráta cánach gnóchan caipitiúil.

Daoine is inmhuirearaithe.

1971, Uimh. 23 .

1968, Uimh. 14 .

1973, Uimh. 19 .

4. —(1) Faoi réir aon eisceachtaí san Acht seo, beidh duine inmhuirearaithe i leith cánach gnóchan caipitiúil maidir le gnóchain inmhuirearaithe a d'fhaibhrigh chuige i mbliain mheasúnachta a raibh cónaí nó gnáthchónaí air sa Stát lena linn.

(2) Faoi réir aon eisceachtaí den sórt sin, beidh duine nach bhfuil cónaí ná gnáthchónaí air sa Stát inmhuirearaithe i leith cánach gnóchan caipitiúil in aghaidh bliana measúnachta maidir le gnóchain chaipitiúla a d'fhaibhrigh chuige an bhliain sin—

(a) as talamh sa Stát a dhiúscairt;

(b) as mianraí sa Stát nó aon chearta, leasanna nó sócmhainní eile i ndáil le mianadóireacht nó mianraí nó cuardach mianraí a dhiúscairt;

(c) as sócmhainní sa Stát a dhiúscairt, a bhí, an tráth a d'fhaibhrigh na gnóchain inmhuirearaithe nó roimh an tráth sin, á n-úsáid i dtrádáil nó chun críocha trádála a bhí á seoladh aige sa Stát trí bhrainse nó gníomhaireacht, nó a bhí, an tráth sin nó roimh an tráth sin, á n-úsáid, nó ar teachtadh nó faighte lena n-úsáid, ag an mbrainse nó ag an ngníomhaireacht nó chun críocha an chéanna:

Ar choinníoll nach mbeidh feidhm ag an bhfo-alt seo maidir le duine a bheidh, de bhua forálacha na gcomhaontuithe atá i Sceideal 6 a ghabhann leis an Acht Cánacha Ioncaim, 1967, díolmhaithe ó cháin ioncaim is inmhuirearaithe don bhliain mheasúnachta.

(3) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) maidir le gnóchain a d'fhaibhrigh as sócmhainní lasmuigh den Stát agus den Ríocht Aontaithe a dhiúscairt (is gnóchain inmhuirearaithe a d'fhaibhrigh an 6ú lá d'Aibreán, 1974, nó dá éis) chuig pearsa aonair a shásóidh na Coimisinéirí Ioncaim nach bhfuil sainchónaí air sa Stát, ach—

(a) muirearófar an cháin ar na suimeanna a fuarthas sa Stát i leith na ngnóchan inmhuirearaithe sin,

(b) déileáfar le haon suimeanna den sórt sin chun críocha an Achta seo mar ghnóchain a d'fhaibhrigh nuair a fuarthas sa Stát iad, agus

(c) ní caillteanais inlamhála chun críocha an Achta seo aon chaillteanais a d'fhaibhrigh chuig an bpearsa aonair as sócmhainní lasmuigh den Stát agus den Ríocht Aontaithe a dhiúscairt.

(4) Chun críocha fho-alt (3), áireofar na suimeanna go léir a íocadh, a úsáideadh nó a teachtadh sa Stát nó a aistríodh nó a tugadh chun an Stát in aon slí nó foirm mar shuimeanna a fuarthas sa Stáit maidir le haon ghnóchan agus beidh feidhm ag alt 4 den Acht Airgeadais, 1971 (faoina ndéantar ioncam a bheidh curtha chun feidhme lasmuigh den Stát ag íoc fiacha a áireamh, i gcásanna áirithe, mar ioncam a fuarthas sa Stát) mar a bheadh feidhm aige chun críocha an ailt sin 4 dá mba ioncam as sealúchais lasmuigh den Stát an gnóchan sin.

(5) I gcás dhá dhuine nó níos mó a bheith ag seoladh trádála nó gnó nó gairme i gcomhpháirtíocht—

(a) déanfar cáin i leith gnóchain inmhuirearaithe a d'fhaibhrigh chucu as aon sócmhainní comhpháirtíochta a dhiúscairt a mheasúnú agus a mhuirearú orthu go leithleach, agus

(b) áireofar aon déileálacha comhpháirtíochta i sócmhainní mar dhéileálacha ag na comhpháirtithe agus ní mar dhéileálacha ag an ngnólacht mar ghnólacht.

(6) Déanfar, chun críocha an Achta seo, aon ghnóchain a d'fhaibhrigh as cearta taiscealaíochta nó saothraithe i limistéar ainmnithe a dhiúscairt a áireamh mar ghnóchain a d'fhaibhrigh as sócmhainní sa Stát a dhiúscairt.

(7) Déanfar aon ghnóchain as sócmhainní den sórt a luaitear i bhfo-alt (2) (b) agus i bhfo-alt (6) a dhiúscairt a d'fhaibhrigh chuig duine nach bhfuil cónaí ná gnáthchónaí air sa Stát a áireamh, chun críocha cánach gnóchan caipitiúil, mar ghnóchain a d'fhaibhrigh as sócmhainní a dhiúscairt a úsáideadh chun críocha trádála a bhí á seoladh ag an duine sin sa Stát trí bhrainse nó gníomhaireacht.

(8) San alt seo—

(a) folaíonn tagairtí do shócmhainní den sórt a luaitear i míreanna (a) agus (b) d'fho-alt (2) agus i bhfo-alt (6) a dhiúscairt tagairtí do scaireanna a dhiúscairt a fhaigheann a luach nó formhór a luacha go díreach nó go neamhdhíreach as na sócmhainní sin, seachas scaireanna a luaitear ar stocmhargadh;

(b) tá le “limistéar ainmnithe” an bhrí a shanntar dó le halt 1 den Acht um an Scairbh Ilchríochach, 1968 ;

(c) tá le “cearta taiscealaíochta nó saothraithe” an bhrí a shanntar dó le halt 33 den Acht Airgeadais, 1973 ;

(d) folaíonn “scaireanna” stoc agus aon urrús; agus

(e) folaíonn “urrús” urrúis nach gcruthaíonn ná nach bhfianaíonn muirear ar shócmhainní, agus déanfar ús a d'íoc cuideachta ar airgead a airleacadh gan urrús a eisiúint i leith an airleacain, nó aon chomaoin eile a thug cuideachta i leith úsáid airgid a airleacadh amhlaidh, a áireamh amhail is dá mba ús é nó dá mba chomaoin í a d'íoc nó a thug an chuideachta i leith urrús a eisíodh.

An méid is inmhuirearaithe agus tráth an íoca.

5. —(1) Déanfar cáin ghnóchan caipitiúil a mhuirearú ar mhéid iomlán na ngnóchan caipitiúil a d'fhaibhrigh chuig an duine is inmhuirearaithe an bhliain mheasúnachta, tar éis aon chaillteanais inlamhála a d'fhaibhrigh chuig an duine sin an bhliain mheasúnachta sin a asbhaint, agus, sa mhéid nár lamháladh iad mar asbhaint as gnóchain inmhuirearaithe a d'fhaibhrigh aon bhliain mheasúnachta roimhe sin, aon chaillteanais inlamhála a d'fhaibhrigh chuig an duine sin aon bhliain mheasúnachta roimhe sin (nár luaithe ná an bhliain 1974-75).

(2) Beidh cáin ghnóchan caipitiúil a mheasúnófar ar aon duine i leith gnóchain a d'fhaibhrigh aon bhliain áirithe iníoctha ag an duine sin i ndeireadh nó roimh dheireadh trí mhí tar éis na bliana sin, nó i gceann tréimhse dhá mhí dar tosach dáta na measúnachta a dhéanamh, cibé acu is déanaí.

Gnóchain chaipitiúla a d'fhaibhrigh chuig pearsa aonair: malairt muirir.

6. —(1) Faoi réir forálacha an ailt seo, beidh pearsa aonair i dteideal, i leith aon bhliain mheasúnachta a raibh cónaí nó gnáthchónaí air sa Stát lena linn, go ndéanfar coigeartú ar a cháin ghnóchan caipitiúil don bhliain mheasúnachta sin.

(2) Áiritheoidh an coigeartú sin nach mbeidh méid na cánach gnóchan caipitiúil is inmhuirearaithe air don bhliain mheasúnachta sin níos mó ná an méid breise cánach ioncaim ab inmhuirearaithe air dá mbeadh sé, i dteannta aon dliteanais eile i leith cánach ioncaim, inmhuirearaithe i leith cánach ioncaim don bhliain sin faoi Chás IV de Sceideal D—

(a) i gcás nach mó ná £5,000 an méid a mbeadh sé, mura mbeadh an fo-alt seo, inmhuirearaithe i leith cánach gnóchan caipitiúil faoi alt 5 maidir leis don bhliain sin, ar shuim ar cóimhéid le leath an mhéid sin, agus

(b) i gcás inar mó ná £5,000 an méid sin, ar shuim ar cóimhéid le £2,500 móide oiread is mó ná £5,000 an méid sin.

(3) Ríomhfar an méid sin cánach ioncaim ach a chur i gcás i ndáil leis an ioncam a mbeadh an phearsa aonair inmhuirearaithe i leith cánach ioncam amhlaidh maidir leis—

(a) nach bhfuil sé ar fáil le fhritháireamh faoi aon cheann d'fhorálacha na nAchtanna Cánach Ioncaim in aghaidh aon chaillteanais, ná in aghaidh aon íocaíochtaí is féidir a dhéanamh as brabúis nó gnóchain a cuireadh faoi mhuirear cánach, agus nach bhfuil sé ar fáil le haghaidh aon fhaoisimh eile faoi na hAchtanna Cánach Ioncaim seachas na faoisimh phearsanta, agus chun na críche sin cuirfear i gcás go bhfuil na forálacha sin go léir de na hAchtanna Cánach Ioncaim á gcur chun feidhme ar neamhspleidh leis an ioncam is inmhuirearaithe amhlaidh faoi Chás IV de Sceideal D, agus

(b) go bhfuil sé le háireamh mar an gcuid is airde d'ioncam na pearsan aonair don bhliain sin, d'ainneoin aon fhoráil sna hAchtanna Cánach Ioncaim a ordaíonn ioncam eile a áireamh mar an gcuid is airde d'ioncam iomlán na pearsan aonair.

San fho-alt seo tá le “faoisimh phearsanta” an bhrí chéanna atá leis in alt 193 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

(4) Ní dhéanfaidh forálacha an ailt seo difear d'fhorálacha alt 5 maidir leis na himthosca inar féidir caillteanas inlamhála a

d'fhaibhrigh aon bhliain áirithe a bhaint as gnóchain inmhuirearaithe a d'fhaibhrigh aon bhliain eile.

(5) I gcás cáin ghnóchan caipitiúil a bheith inmhuirearaithe faoi alt 5 i leith gnóchain inmhuirearaithe a d'fhaibhrigh chuig bean phósta ar bean phósta í a bhí ina cónaí lena fearchéile an bhliain mheasúnachta, ansin, cibé acu atá nó nach bhfuil an fearchéile inmhuirearaithe i leith cánach gnóchan caipitiúil don bhliain mheasúnachta sin faoin alt sin 5, agus cibé acu atá nó nach bhfuil an bhean phósta measúnaithe ar leithligh i leith cánach ioncaim—

(a) le linn an coigeartú, más aon choigeartú é, a chinneadh, a dhéanfar faoi fho-alt (2), cuirfear i gcuntas an cháin ioncaim is inmhuirearaithe ar an bhfearchéile agus freisin an cháin ioncaim is inmhuirearaithe ar an mbean.

(b) an tagairt d'ioncam na pearsan aonair i bhfo-alt (3) (b) is tagairt í d'ioncam an fhearchéile lena n-áirítear ioncam a bheanchéile a meastar, faoi na hAchtanna Cánach Ioncaim, gur ioncam dá chuid é,

(c) i gcás an bhean phósta agus a fearchéile a bheith inmhuirearaithe i leith cánach gnóchan caipitiúil don bhliain mheasúnachta sin, is faoi threoir suim na cánach gnóchan caipitiúil ab inmhuirearaithe orthu amhlaidh faoi alt 5 a dhéanfar an coigeartú faoi fho-alt (2), agus déanfar an méid breise ab inmhuirearaithe i leith cánach ioncaim ar an bhfearchéile dá mbeadh sé, i dteannta aon dliteanais eile i leith cánach ioncaim, inmhuirearaithe i leith cánach ioncaim don bhliain mheasúnachta sin faoi Chás IV de Sceideal D a ríomh—

(i) i gcás nach mó ná £5,000 an méid comhiomlán ab inmhuirearaithe, mura mbeadh fo-alt (2), air féin agus ar a bhanchéile i leith cánach gnóchan caipitiúil don bhliain sin faoi alt 5, ar shuim ar cóimhéid le leath an mhéid sin, agus

(ii) i gcás inar mó ná £5,000 an méid comhiomlán sin, ar shuim ar cóimhéid le £2,500 móide an oiread is ná £5,000 an méid comhiomlán sin, agus

(d) cuirfear forálacha alt 13 (3) san áireamh agus, i gcás inarb infheidhme é, déanfar an coinníoll a ghabhann leis an bhfo-alt sin agus aon laghdú a thabharfaidh mír (c) sa cháin ghnóchan caipitiúil a chionroinnt ar an bhfearchéile agus ar an mbanchéile i gcomhréir leis na méideanna faoi seach a mbeidís inmhuirearaithe maidir leo faoin alt sin 5 i leith cánach gnóchan caipitiúil don bhliain mheasúnachta sin.

(6) Fágfar as cuntas chun críocha an ailt seo aon ghnóchan inmhuirearaithe a d'fhaibhrigh chuig pearsa aonair bliain mheasúnachta áirithe ar shócmhainn a dhiúscairt a fuair an phearsa aonair (seachas mar leagáidí) dhá bhliain ar a mhéid roimh an diúscairt ó dhuine a bhí, i dtéarmaí alt 33, bainteach leis an bpearsa aonair, agus—

(a) déanfar cáin ghnóchan caipitiúil a mhuirearú ar mhéid an ghnóchain inmhuirearaithe sin de réir na bhforálacha sin roimhe seo den Acht seo,

(b) ní bheidh aon chaillteanas inasbhainte faoi alt 5 (1) ná faoi alt 13 (3) as an méid sin má thugtar faoiseamh faoin alt seo i leith aon ghnóchain inmhuirearaithe eile a d'fhaibhrigh chuig an bpearsa aonair nó, de réir fho-alt (4), chuig fearchéile nó chuig banchéile na pearsan aonar, an bhliain mheasúnachta sin.

Sócmhainní.

7. —(1) Is sócmhainní chun críocha an Achta seo gach cineál maoine, cibé acu is sa Stát don mhaoin sin nó nach ea, lena n-áirítear—

(a) roghanna, fiacha agus maoin neamhchorprach i gcoitinne,

(b) aon airgead reatha, seachas airgead reatha na hÉireann agus sterling, agus

(c) aon chineál maoine a bhunaigh duine a diúscartha nó a tháinig ar úinéireacht ar shlí eile gan í a fháil.

(2) Mura sócmhainn inmhuirearaithe faoin Acht seo aon sócmhainn áirithe, ansin, ní fhaibhreoidh aon ghnóchan inmhuirearaithe ná caillteanas inlamhála ar í a dhiúscairt.

Diúscairt sócmhainní.

8. —(1) Chun críocha an Achta seo—

(a) folaíonn tagairtí do dhiúscairt sócmhainne, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, tagairtí do pháirt-diúscairt sócmhainne, agus

(b) bíonn páirt-diúscairt sócmhainne déanta ar leas nó ceart sa tsócmhainn nó thairsti a bheith bunaithe leis an diúscairt, agus freisin i gcás an leas nó an ceart sin a bheith ann roimh an diúscairt, agus i gcoitinne, bíonn páirt-diúscairt sócmhainne déanta i gcás, ar dhuine do dhéanamh diúscartha, aon chineál maoine a dhíorthaigh as an tsócmhainn a bheith gan diúscairt.

(2) (a) Faoi réir fho-alt (4) agus na n-eisceachtaí san Acht seo, bíonn diúscairt sócmhainní déanta, chun críocha an Achta seo, ag úinéir na sócmhainní sin i gcás aon suim chaipitiúil díorthú as sócmhainní d'ainneoin an duine a d'íoc an tsuim chaipitiúil a bheith gan aon sócmhainn a fháil, agus baineann an mhír seo go háirithe—

(i) le suimeanna caipitiúla a fuarthas mar chúiteamh as aon chineál damáiste nó díobhála do shócmhainní nó as sócmhainní a chailleadh, a scriosadh nó a dhiomailt nó as díluachadh nó as fiontar díluachtha sócmhainne,

(ii) le suimeanna caipitiúla a fuarthas faoi pholasaí árachais ar fhiontar damáiste nó díobháil d'aon chineál do shócmhainní, nó cailleadh nó díluachadh sócmhainní,

(iii) le suimeanna caipitiúla a fuarthas in éiric cearta a fhorghéilleadh nó a thabhairt suas nó in éiric staonadh ó chearta a fheidhmiú, agus

(iv) le suimeanna caipitiúla a fuarthas i gcomaoin sócmhainní a úsáid nó a shaothrú.

(b) Gan dochar do mhír (a) (ii) agus d'ainneoin forálacha eile an ailt seo, ní sócmhainn a bhfaibhreodh gnóchan ar í a dhiúscairt cearta an árachóra ná cearta an árachaí faoi aon pholasaí árachais, cibé acu le maoin nó nach ea a bhaineann na fiontair a árachaíodh, agus sa mhír seo ní fholaíonn “polasaí árachais” polasaí árachais ar shaol duine:

Ar choinníoll nach mbeidh éifeacht le mír (b) i gcás an ceart chun aon suim chaipitiúil lena mbaineann mír (a) (ii) a shannadh tar éis an teagmhais as ar tháinig an damáiste nó an díobháil do shócmhainn, nó cailleadh nó díluachadh sócmhainne agus, chun críocha an Achta seo, measfar gur diúscairt leasa sa tsócmhainn iomchuí sannadh den sórt sin.

(3) I ndáil le sócmhainní a theachtann duine mar ainmnitheach do dhuine eile, nó mar iontaobhaí do dhuine eile a bhfuil teideal iomlán aige amhail in aghaidh an iontaobhaí, nó d'aon duine a mbeadh an teideal sin aige mura mbeadh gur naíon nó duine eile faoi mhíchumas é (nó do dhá dhuine nó níos mó ag a bhfuil nó ag a mbeadh an teideal sin i gcomhpháirt), beidh feidhm ag an Acht seo amhail is dá mbeadh an mhaoin dílsithe don duine nó do na daoine dar ainmnitheach nó dar iontaobhaí é agus amhail is dá mba ghníomhartha ag an duine sin nó ag na daoine sin gníomhartha an ainmnithigh nó an iontaobhaí i ndáil leis na sócmhainní (agus neamhshuim dá réir sin a dhéanamh d'fhálacha uaidh ag an duine nó ag na daoine sin nó ar dhiúscairtí chuige ón duine sin nó ó na daoine sin).

(4) Ní mheasfar chun críocha an Achta seo go ngabhann fáil nó diúscairt sócmhainne leis an tsócmhainn nó le leas nó le ceart inti nó thairsti a thíolacadh nó a aistriú ar mhodh urrúis ná le leas nó le ceart marthanach ar mhodh urrúis sa tsócmhainn nó thairsti (lena n-áirítear an t-urrús a athaistriú nó a fhuascailt) a aistriú.

(5) I gcás duine atá i dteideal sócmhainne ar mhodh urrúis nó chun sochar muirir nó eire ar shócmhainn do dhéileáil leis an tsócmhainn chun an t-urrús, an muirear nó an eire a fheidhmiú nó chun éifeacht a thabhairt don chéanna, measfar, chun críocha an Achta seo maidir leis na déileálacha sin aige léi, gur déileálacha iad a rinneadh tríd mar ainmnitheach ag an duine ag a bhfuil teideal chuici faoi réir an urrúis, an mhuirir nó na heire; agus bainfidh an fo-alt seo le déileálacha aon duine a ceapadh chun an t-urrús, an muirear nó an eire a fheidhmiú nó chun éifeacht a thabhairt don chéanna mar ghlacadóir agus bainisteoir nó mar fhactóir breithiúnach mar a bhaineann sé le déileálacha an duine atá i dteideal mar a dúradh.

(6) Measfar sócmhainn a bheith faighte saor ó aon leas nó ceart ar mhodh urrúis a bhí ar marthain an tráth a fuarthas aon fháil uirthi, agus gur diúscraíodh í saor ó aon leas nó ceart den sórt sin a bhí ar marthain tráth na diúscartha; agus i gcás sócmhainn a fháil faoi réir aon leasa nó cirt den sórt sin beidh méid iomlán an dliteanais a dhéanfaidh an duine a gheobhaidh an tsócmhainn a ghlacadh air féin tríd sin ina chuid den chomaoin i leith na fála agus na diúscartha i dteannta aon chomaoine eile.

(7) San alt seo ciallaíonn “suim chaipitiúil” aon airgead nó luach airgid nach n-eisiatar ón gcomaoin a chuirfear i gcuntas sa ríomh faoi Chuid I de Sceideal 1.

Comaoin.

9. —(1) Faoi réir forálacha an Achta seo, measfar, chun críocha an Achta seo, i gcás duine d'fháil sócmhainne, é dá fáil ar chomaoin ar cóimhéid le margadhluach na sócmhainne—

(a) i gcás gur ar shlí seachas ar mhodh margán ar neamhthuilleamaí a fuair sé an tsócmhainn (lena n-áirítear go háirithe cás ina bhfuair sé an tsócmhainn mar bhronntanas),

(b) i gcás gur mar dháileadh ó chuideachta i leith scaireanna sa chuideachta a fuair sé an tsócmhainn, nó

(c) i gcás gur ar chomaoin nach féidir luach a chur uirthi a fuair sé an tsócmhainn go hiomlán nó go páirteach, nó gur i ndáil le cailleadh oifige nó fostaíochta nó laghdú díolaíochtaí aige féin nó ag duine eile é, nó d'eile gur mar chomaoin nó mar aitheantas é as seirbhísí atá á dtabhairt nó atá tugtha aige féin nó ag duine eile in aon oifig nó fostaíocht nó gur as aon seirbhís eile a thug nó a thabharfaidh sé féin nó duine eile é.

(2) Faoi réir forálacha an Achta seo, measfar, chun críocha an Achta seo, i gcás duine do dhiúscairt sócmhainne, é dá diúscairt ar chomaoin ar cóimhéid le margadhluach na sócmhainne—

(a) i gcás gur ar shlí seachas ar mhodh margán ar neamhthuilleamaí (lena n-áirítear go háirithe cás inar dhiúscair sé an tsócmhainn mar bhronntanas) a dhiúscair sé an tsócmhainn, nó

(b) i gcás gur ar chomaoin nach féidir luach a chur uirthi a dhiúscair sé an tsócmhainn go hiomlán nó go páirteach:

Ar choinníoll nach mbainfidh an fo-alt seo le diúscairt a rinneadh mar bhronntanas roimh an 20ú lá de Nollaig, 1974, agus nach caillteanas inlamhála aon chaillteanas a tabhaíodh ar dhiúscairt mar bhronntanas a rinneadh roimh an 20ú lá de Nollaig, 1974.

Tráth diúscartha.

10. —(1) (a) Faoi réir fho-alt (3) agus mhír (b), i gcás sócmhainn a dhiúscairt agus a fháil faoi chonradh, is é tráth an chonartha a dhéanamh tráth na diúscartha agus na fála (agus ní, murab é an tráth céanna iad, tráth na sócmhainne a thíolacadh nó a aistriú);

(b) má bhíonn coinníoll sa chonradh (agus, go háirithe, má tá feidhmiú rogha mar choinníoll ann), is é tráth an choinníll a chomhlíonadh tráth na diúscartha agus na fála;

(c) i gcás údarás ag a bhfuil cumhachtaí ceannaigh éigeantaigh d'fháil leasa i dtalamh ar shlí seachas faoi chonradh, is é an tráth a chomhaontaítear ar chúiteamh i leith na fála nó a chinntear ar shlí eile an cúiteamh (agus neamhshuim a dhéanamh chun na críche sin d'athruithe ar achomharc) nó, más túisce é, an tráth a théann an t-údarás isteach ar an talamh de bhun a gcumhachtaí tráth na diúscartha agus na fála.

(2) Déanfar fruilcheannach nó idirbheart eile faoina bhfaigheann duine úsáid agus sealúchas sócmhainne go ceann tréimhse a n-aistreoidh nó a bhféadfadh go n-aistreodh an mhaoin sa tsócmhainn sin chuig an duine sin ar dheireadh a bheith léi a áireamh, chun críocha an Achta seo, i ndáil leis an duine sin agus i ndáil leis an duine óna mbeidh úsáid agus sealúchas na sócmhainne faighte aige, ionann is da mba dhiúscairt iomlán í ar an tsócmhainn chuig an duine sin i dtosach na tréimhse dá mbeidh úsáid agus sealúchas na sócmhainne faighte aige, ach sin faoi réir cibé coigeartuithe cánach, mar aisíoc nó mar urscaoileadh cánach nó eile, is gá i gcás deireadh teacht leis an tréimhse a raibh úsáid agus sealúchas na sócmhainne ag an duine sin ar a feadh gan an mhaoin sa tsócmhainn aistriú chuige.

(3) Chun críocha fomhíreanna (i) go (iv) d'alt 8 (2) (a), is é tráth aon suim chaipitiúil a ghlacadh tráth na diúscartha.

Gnóchain inmhuirearaithe a ríomh.

11. —(1) Déanfar méid na ngnóchan a d'fhaibhrigh as sócmhainní a dhiúscairt a ríomh de réir Chuid I de Sceideal 1, agus faoi réir na bhforálacha eile i gCuid II de Sceideal 1 agus i Sceidil 2 agus 3.

(2) Ach amháin a mhéid a fhoráiltear a mhalairt go sainráite leis an Acht seo, is gnóchan inmhuirearaithe gach gnóchan a d'fhaibhrigh nó a fhaibhreoidh an 6ú lá d'Aibreán, 1974, nó dá éis, ach sin faoi réir forálacha Chuid II de Sceideal 1 (a shrianann an méid gnóchan inmhuirearaithe a d'fhaibhrigh as sócmhainní a dhiúscairt a bhí ar úinéireacht an 6ú lá d'Aibreán, 1974).

Caillteanais.

12. —(1) Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt go sainráite, déanfar méid caillteanais a d'fhaibhrigh ar shócmhainn a dhiúscairt a ríomh mar a ríomhtar méid gnóchain a d'fhaibhrigh ar dhiúscairt a dhéanamh.

(2) Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt go sainráite, beidh ag na forálacha go léir den Acht seo a dhéanann idirdhealú idir gnóchain inmhuirearaithe agus gnóchain nach inmhuirearaithe, nó a dhéanann gnóchan inmhuirearaithe de chuid, agus gnóchan nach inmhuirearaithe de chuid, de ghnóchan, feidhm freisin chun idirdhealú a dhéanamh idir caillteanais is caillteanais inlamhála agus caillteanais nach caillteanais inlamhála, agus chun caillteanas inlamhála a dhéanamh de chuid, agus caillteanas nach caillteanas inlamhála a dhéanamh de chuid, de chaillteanas; agus forléireofar dá réir sin tagairtí san Acht seo do chaillteanas inlamhála.

(3) Faoi réir forálacha an Achta seo agus, go háirithe, alt 47 (roghanna), is ionann, chun críocha an Achta seo, cailleadh, díothú, diomailt nó múchadh sócmhainne go hiomlán agus diúscairt na sócmhainne, faightear nó ná faightear aon suim chaipitiúil mar chúiteamh nó eile i leith díothú, díomailt nó múchadh na sócmhainne.

(4) Más deimhin le cigire, tar éis d'úinéir sócmhainne éileamh a dhéanamh, luach sócmhainne a bheith imithe in ísle bhrí, féadfaidh sé géilleadh don éileamh agus air sin beidh éifeacht leis an Acht seo ionann is dá mba gur dhíol an t-éilitheoir, agus go bhfuair sé ar ais láithreach, an tsócmhainn ar chomaoin ar cóimhéid leis an luach a sonraíodh san éileamh.

(5) Chun críocha fho-ailt (3) agus (4), féadfar foirgneamh agus aon déanmhas buan nó leathbhuan ar mhodh foirgnimh a áireamh mar shócmhainn ar leithligh ón talamh ar a bhfuil sé, ach i gcás feidhm a bheith ag ceachtar de na fo-ailt sin de réir an fho-ailt seo, déileálfar leis an duine a mheastar a dhiúscair an foirgneamh ionann is dá mba gur dhíol sé freisin, agus go bhfuair ar ais láithreach, láithreán an fhoirgnimh nó an déanmhais (agus aon talamh a áitítear chun críocha a ghabhann le húsáid an fhoirgnimh nó an déanmhais a áireamh sa láithreán) ar chomaoin ar cóimhéid lena mhargadhluach an tráth sin.

(6) Ní caillteanas inlamhála chun críocha an Achta seo caillteanas a d'fhaibhrigh chun duine bliain mheasúnachta nach raibh cónaí ná gnáthchónaí air sa Stát ar a feadh, mura mbeadh sé, faoi alt 4 (2) (muirear ar dhaoine neamhchónaitheacha), inmhuirearaithe i leith cánach gnóchan caipitiúil maidir le gnóchan inmhuirearaithe dá mba ghnóchan agus nár chaillteanas a bhí ann ar an ócáid sin.

(7) Ach amháin mar a fhoráiltear le halt 14 (caillteanas a tharla bliain bháis) ní bheidh caillteanas inlamhála a d'fhaibhrigh bliain mheasúnachta inlamhála mar asbhaint as gnóchain inmhuirearaithe a d'fhaibhrigh aon bhliain mheasúnachta roimhe sin, agus ní thabharfar faoiseamh faoin Acht seo níos mó ná uair amháin i leith aon chaillteanais nó coda de chaillteanas, ná ní thabharfar é faoin Acht seo má tugadh agus a mhéid a tugadh nó a thabharfar faoiseamh ina leith faoi na hAchtanna Cánach Ioncaim.

Daoine pósta.

13. —(1) Faoi réir forálacha an ailt seo, déanfar an méid cánach gnóchan caipitiúil ar ghnóchain inmhuirearaithe a d'fhaibhrigh chuig bean phósta bliain mheasúnachta, nó cuid de de bhliain mheasúnachta, ar bhean phósta í ina cónaí lena fearchéile lena linn, a mheasúnú agus a mhuirearú ar an bhfearchéile agus ní ar dhóigh ar bith eile, ach ní bhainfidh an fo-alt seo leis an méid cánach gnóchan caipitiúil is inmhuirearaithe ar an bhfearchéile ar leith ón bhfo-alt seo ná ní bheidh de thoradh air an méid breise cánach gnóchan caipitiúil a mhuirearófar ar an bhfearchéile de bhua an fho-ailt seo a bheith éagsúil leis an méid a bheadh inmhuirearaithe fós ar dhóigh eile ar an mbanchéile.

(2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) maidir le fearchéile agus banchéile aon bhliain mheasúnachta, má dhéanann an fearchéile nó an banchéile iarratas roimh an 6ú lá d'Iúil an bhliain díreach i ndiaidh na bliana measúnachta sin nach mbeidh feidhm ag fo-alt (1), agus beidh le hiarratas den sórt sin a bheidh déanta go cuí éifeacht ní amháin i leith na bliana measúnachta dá mbeidh sé déanta ach freisin d'aon bhliain mheasúnachta dá éis sin:

Ar choinníoll má thugann an t-iarratasóir, d'aon bhliain mheasúnachta dá éis sin, fógra ag aistarraingt an iarratais sin, nach mbeidh éifeacht leis an iarratas i leith na bliana dar tugadh an fógra ná i leith aon bhliana dá éis sin, ach ní bheidh fógra aistarraingthe den sórt sin bailí mura mbeidh sé tugtha roimh an 6ú lá d'Iúil an bhliain díreach i ndiaidh na bliana measúnachta dar tugadh an fógra.

(3) Maidir le bean ar bhean phósta í a bhí ina cónaí lena fearchéile bliain mheasúnachta nó cuid de bhliain mheasúnachta, aon chaillteanas inlamhála ab inasbhainte. faoi alt 5 (1), as na gnóchain inmhuirearaithe a d'fhaibhrigh an bhliain mheasúnachta sin chun céile amháin murach easpa gnóchan inmhuirearaithe, beidh sé inasbhainte, chun críocha an fho-ailt sin, as gnóchain inmhuirearaithe a d'fhaibhrigh an bhliain mheasúnachta sin chun an chéile eile:

Ar choinníoll nach mbeidh feidhm ag an bhfo-alt seo maidir le caillteanais a d'fhaibrigh bliain mheasúnachta chun ceachtar céile má bhíonn iarratas nach mbeidh feidhm ag an bhfo-alt seo déanta ag an bhfearchéile nó ag an mbanchéile roimh an 6ú lá d'Iúil an bhliain díreach i ndiaidh na bliana measúnachta sin.

(4) Nuair a bheidh forálacha alt 16 (gnóchain £500 nó níos lú) á bhfeidhmiú, agus go háirithe nuair a bheidh méid gnóchan inmhuirearaithe pearsan aonair á fhionnadh do bhliain mheasúnachta chun críocha na bhforálacha sin, measfar feidhm a bheith ag fo-alt (1) maidir le gach bliain mheasúnachta ach má bhíonn, de bhua fho-alt (2), aon mhéid inmhuirearaithe agus inmheasúnaithe ar bhean phósta, déanfar an díolúine a thugtar leis an alt sin 16 a chionroinnt idir an fearchéile agus an banchéile de réir méideanna a ngnóchan inmhuirearaithe faoi seach don bhliain mheasúnachta.

(5) Má tharlaíonn aon bhliain mheasúnachta ar bean phósta ina cónaí lena fearchéile lena linn nó le linn aon choda di an bhean phósta, go ndiúscróidh an fearchéile sócmhainn chuig an mbanchéile, nó go ndiúscróidh an banchéile sócmhainn chuig an bhfearchéile, déileálfar leo beirt amhail is dá mba go bhfuarthas an tsócmhainn ón duine a rinne an diúscairt ar an méid sin de chomaoin a d'áiritheodh nach bhfaibhreodh gnóchan ná caillteanas de thoradh na diúscartha chuig an duine a rinne an diúscairt:

Ar choinníoll nach mbeidh feidhm ag an bhfo-alt seo más rud é, go dtí tráth na diúscartha, gur chuid an tsócmhainn de stoc trádála thrádáil a bhí á seoladh ag an duine a rinne an diúscairt, nó go bhfuarthas an tsócmhainn mar stoc trádála chun críocha thrádáil a bhí á seoladh ag an duine a fuair an tsócmhainn.

(6) Beidh éifeacht le fo-alt (5) d'ainneoin forálacha mhír 15 de Sceideal 1 nó aon fhorálacha eile de chuid an Achta seo lena socraítear méid na comaoine a mheastar a bheith tugtha ar dhiúscairt nó fáil sócmhainne.

(7) I gcás fo-alt (5) a fheidhmiú maidir le diúscairt sócmhainne ag fearchéile chuig a bhanchéile, nó ag a bhanchéile chuige, ansin, i ndáil leis an tsócmhainn a dhiúscairt (nach diúscairt a thagann faoi réim an fho-ailt sin) ina dhiaidh sin, déileálfar chun críocha an Achta seo leis an duine a rinne an diúscairt ionann is dá mba fáil nó soláthar sócmhainne aigesean nó aicise fáil nó soláthar na sócmhainne ag an duine eile.

(8) Is i cibé foirm agus i cibé modh a fhorordófar a dhéanfar iarratas nó a thabharfar fógra aistarraingthe faoin alt seo.