21 1975


Uimhir 21 de 1975


AN tACHT AERLOINGSEOIREACHTA AGUS AERIOMPAIR (Uimh. 2), 1975

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AN ACHTA AERLOINGSEOIREACHTA AGUS AERIOMPAIR, 1965 . [5 Lúnasa, 1975]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Leasú ar alt 1 den Acht Aerloingseoireachta agus Aeriompair, 1965 .

1965, Uimh. 6 .

1. —Leasaítear leis seo fo-alt (1) d'alt 1 den Acht Aerloingseoireachta agus Aeriompair, 1965 , tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “aersheirbhís”:

“ciallaíonn ‘aersheirbhís’ eitilt nó eitiltí a dhéanfaidh aerárthach nó aerárthaí a bheidh ag iompar paisinéirí, lasta nó poist;”.

Gearrtheideal agus comhlua.

2. —(1) Féadfar an tAcht Aerloingseoireachta agus Aeriompair (Uimh. 2), 1975 , a ghairm den Acht seo.

(2) Folóidh an comhlua, na hAchtanna Aerloingseoireachta agus Aeriompair, 1936 go 1975, an tAcht seo.