22 1975


Uimhir 22 de 1975


AN tACHT FORBARTHA MÓNA, 1975

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA FORBARTHA MÓNA, 1946 GO 1968. [5 Lúnasa, 1975]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Míniú.

1957, Uimh. 10 .

1. —San Acht seo ciallaíonn “Acht 1957” an tAcht Forbartha Móna, 1957 .

Leasú ar alt 1 d'Acht 1957.

965, Uimh. 9.

2. —Leasaítear leis seo alt 1 d'Acht 1957—

(a) trí “, lena n-áirítear airgead in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit,” a chur isteach i ndiaidh “airgead” i bhfo-alt (1) agus tá an fo-alt sin (1), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an mír seo;

AN TABLA

(1) Féadfaidh an Bord, le toiliú an Aire Airgeadais agus an Aire, chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh, airgead, lena n-áirítear airgead in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit, d'fháil ar iasacht trí stoc nó urrúis de chineálacha eile a chruthú a heiseofar, a haistreofar, a riarfar agus a fuasclófar i pé slí agus ar pé téarmaí agus coinníollacha a chinnfeas an Bord leis an toiliú a dúradh;

(b) trí “sheasca milliún punt” a chur i bhfo-alt (4) in ionad “fiche is ocht milliún punt” (a cuireadh isteach ann le halt 2 den Acht Forbartha Móna, 1965 ) agus tá an fo-alt sin (4), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an mír seo;

AN TABLA

(4) Ní raghaidh iomlán na suimeanna a hairleacfar chun an Bhoird faoi alt 53 den Acht Forbartha Móna, 1946 ( Uimh. 10 de 1946 ), agus aon airgid a gheofar ar iasacht faoin alt seo thar sheasca milliún punt;

(c) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur leis an alt:

“(5) Maidir le hairgead a gheofar ar iasacht faoin alt seo in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit, is é an ráta malairte an ráta malairte de thuras na huaire don airgead reatha sin in airgead reatha an Stáit.”.

Us áirithe ar airleacain chun an Bhoird a tharscaoileadh.

3. —(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais le hordú, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire agus tar éis dó airgeadas an Bhoird a scrúdú agus ag féachaint dó do staid airgeadais láithreach an Bhoird agus d'ionchais airgeadais an Bhoird, agus faoi réir cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an tAire Airgeadais tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire amhlaidh, an t-ús go léir, nó cuid den ús, a tharscaoileadh a bheidh dlite den Bhord i leith na tréimhse cúig bliana dar tosach an lú lá de Lúnasa, 1975, ar shuimeanna a airleacadh chun an Bhoird i ndáil lena thríú clár forbartha (dá ngairtear airleacain tríú clár san alt seo) faoi alt 53 den Acht Forbartha Móna, 1946 .

(2) Ar an tréimhse a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo a bheith críochnaithe, féadfaidh an tAire Airgeadais le hordú, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire agus tar éis dó airgeadas an Bhoird a scrúdú agus ag féachaint dó do staid airgeadais láithreach an Bhoird agus d'ionchais airgeadais an Bhoird, agus faoi réir cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an tAire Airgeadais tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire amhlaidh, an t-ús go léir, nó cuid shonraithe den ús, a tharscaoileadh a bheidh dlite den Bhord ar airleacain tríú clár faoin alt sin 53 maidir leis an tréimhse dar tosach lá thosach feidhme an ordaithe agus dar críoch an lá a scoirfidh an t-ordú de bheith i bhfeidhm.

(3) I gcás an tAire Airgeadais do dhéanamh ordaithe faoi fho-alt (2) den alt seo, sonróidh sé san ordú an tréimhse a bheidh an t-ordú, faoi réir fho-alt (4) den alt seo, i bhfeidhm.

(4) Féadfaidh an tAire Airgeadais le hordú, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire, ordú faoin alt seo (lena n-áirítear ordú faoin bhfo-alt seo) a leasú nó a chúlghairm.

(5) Gach ordú a dhéanfar faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.

Leasú ar alt 3 d'Acht 1957.

4. —Leasaítear leis seo alt 3 d'Acht 1957—

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais a ráthú, i cibé foirm agus slí agus ar cibé téarmaí agus coinníollacha is cuí leis, go n-aisíocfaidh an Bord go cuí príomhshuim aon airgid (lena n-áirítear airgead in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit) a gheobhaidh an Bord ar iasacht faoi alt 1 den Acht seo nó go n-íocfar ús ar an airgead sin nó go n-aisíocfar an phríomhshuim agus go n-íocfar an t-ús agus féadfaidh ráthaíocht go n-íocfar costais theagmhasacha i ndáil leis an airgead sin a fháil ar iasacht a áireamh in aon ráthaíocht den sórt sin.”;

(b) trí na fo-ailt seo a leanas a chur leis an alt:

“(6) Féadfaidh an tAire Airgeadais, d'fhonn soláthar a dhéanamh d'airleacain as an bPríomh-Chiste faoin alt seo, aon suimeanna a theastóidh chun na críche sin a fháil ar iasacht ar urrús an Phríomh-Chiste nó a thoradh fáis agus, chun an céanna a fháil ar iasacht, féadfaidh sé urrúis a bhunú agus a eisiúint agus iad faoi cibé ráta úis agus faoi réir cibé coinníollacha i dtaobh aisíoca nó fuascailte nó eile is oiriúnach leis, agus íocfaidh sé isteach sa Státchiste an t-airgead go léir a gheofar ar iasacht amhlaidh.

(7) Is ar an bPríomh-Chiste nó ar a thoradh fáis a bheidh muirear príomh-shuime agus úis na n-urrús go léir a eiseofar faoi fho-alt (6) den alt seo agus muirear na gcostas a thabhófar i ndáil leis na hurrúis sin a eisiúint.

(8) Déanfar airgead a íocfaidh an Bord faoi fho-alt (3) nó (5) den alt seo a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste i cibé slí is oiriúnach leis an Aire Airgeadais.

(9) Maidir le ráthaíochtaí a thabharfaidh an tAire Airgeadais in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit—

(i) gach tagairt do phríomhshuim, gach tagairt d'ús agus an tagairt do chostais theagmhasacha i bhfo-alt (1) den alt seo glacfar gur tagairt í don mhéid in airgead an Stáit is coibhéis don phríomhshuim iarbhír, don ús iarbhír agus do na costais theagmhasacha iarbhír, faoi seach, agus an choibhéis sin a ríomh de réir an mhéid in airgead reatha an Stáit is comhionann le costas na príomhshuime iarbhír, an úis iarbhír nó na gcostas teagmhasach iarbhír, de réir mar is iomchuí,

(ii) an tagairt do phríomhshuim in alt 4 den Acht seo glacfar gur tagairt í don mhéid in airgead reatha an Stáit is coibhéis don phríomhshuim iarbhír, agus an choibhéis sin a ríomh de réir an ráta arb é de thuras na huaire an ráta malairte é don airgead reatha sin agus d'airgead reatha an Stáit,

(iii) gach tagairt d'airgead i bhfo-ailt (2) agus (5) den

alt seo glacfar gur tagairt í don mhéid in airgead reatha an Stáit arb é costas an airgid iarbhír é,

(iv) gach tagairt d'airleacain i bhfo-ailt (3) agus (4) den alt seo glacfar gur tagairt í don mhéid in airgead reatha an Stáit arb é costas an airgid iarbhír é atá sna hairleacain.”.

Leasú ar alt 6 den Acht Forbartha Móna, 1953 .

1953, Uimh. 19 .

5. —Leasaítear leis seo alt 6 (2) den Acht Forbartha Móna, 1953 , tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (b):

“(bb) daoine lena mbaineann an scéim do dhéanamh íocaíochtaí leis an gciste i leith sochair a shonraítear sa scéim agus is sochair i dteannta na sochar lena mbaineann ranníocaí ó dhaoine den sórt sin, faoi fhorálacha a cuireadh sa scéim de bhua mhír (b) den fho-alt seo,”.

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

6. —(1) Féadfar an tAcht Forbartha Móna, 1975 , a ghairm den Acht seo.

(2) Déanfar na hAchtanna Forbartha Móna, 1946 go 1968, agus an tAcht seo a fhorléiriú le chéile mar aon Acht amháin agus féadfar na hAchtanna Forbartha Móna, 1946 go 1975, a ghairm díobh le chéile.