|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID I Réamhráiteach) | Ar Aghaidh (CUID III Roghnú agus Seirbhís Giúróirí) |
ACHT NA nGIÚIRÉITHE, 1976
[EN] | ||
[EN] |
CUID II Cáilíocht agus Dliteanas chun Fónamh mar Ghiúróir | |
[EN] |
Ceantair ghiúiré. |
5. —(1) Faoi réir forálacha an ailt seo, is ceantar giúiré gach contae agus measfar chun na críche sin gur cuid de chontae Bhaile Átha Cliath, de chontae Chorcaí, de chontae Luimnigh agus de chontae Phort Láirge faoi seach contae-bhuirg Bhaile Átha Cliath, contae-bhuirg Chorcaí, contae-bhuirg Luimnigh agus contaebhuirg Phort Láirge. |
[EN] | (2) Féadfaidh an tAire, le hordú, contae a roinnt ina dhá cheantar ghiúiré nó níos mó nó a ordú gur cuid nó codanna áirithe de chontae a bheidh i gceantar giúiré. | |
[EN] | (3) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú faoin alt seo a chúlghairm nó a leasú. | |
[EN] | (4) Gach saincheist is intriailte le giúiré beidh sí intriailte le giúiré a ghairfear as rolla giúróirí a tharraingeofar ón gceantar giúiré ina mbeidh an chúirt ina suí. | |
[EN] |
Cáilíocht agus dliteanas chun fónamh mar ghiúróir. |
6. —Faoi réir forálacha an Achta seo, gach saoránach ocht mbliana déag d'aois nó os a chionn agus faoi bhun seachtó bliain d'aois a bhfuil a ainm taifeadta ar chlár toghthóirí Dála i gceantar giúiré beidh sé cáilithe agus faoi dhliteanas chun fónamh mar ghiúróir le gach saincheist nó aon saincheist a thriail is intriailte de thuras na huaire le giúiré arna tharraingt ón gceantar giúiré sin, mura mbeidh sé, de thuras na huaire, neamh-inroghnaithe nó dícháilithe le haghaidh seirbhíse giúiré. |
[EN] |
Neamhinroghnacht. |
7. —Beidh na daoine a shonraítear i gCuid I den Chéad Sceideal neamh-inroghnaithe le haghaidh seirbhíse giúiré. |
[EN] |
Dícháilíocht. 1908, c. 67. |
8. —Beidh duine dícháilithe le haghaidh seirbhíse giúiré más rud é ar é a chiontú i gcion in aon áit in Éirinn— |
[EN] | (a) gur cuireadh tráth ar bith pianbhreith phríosúnachta nó pianseirbhíse air ar feadh a shaoil nó ar feadh téarma cúig bliana nó níos mó nó pianbhreith choinneála faoi alt 103 den Children Act, 1908, nó faoi dhlí comhréire Thuaisceart Éireann, nó | |
[EN] | (b) gur tharla tráth ar bith le deich mbliana anuas— | |
[EN] | (i) gur chuir sé isteach aon chuid de phianbhreith phríosúnachta nó pianseirbhíse ba phianbhreith, i gcás príosúnachta, ar feadh téarma trí mhí ar a laghad, nó | |
[EN] | (ii) gur chuir sé isteach aon chuid de phianbhreith choinneála i bhForas Naomh Pádraig nó i bhforas comhréire i dTuaisceart Éireann, ba phianbhreith ar feadh téarma trí mhí ar a laghad. | |
[EN] |
Saoradh ó sheirbhís. |
9. —(1) Saorfaidh cláraitheoir contae aon duine a bheidh toghairthe mar ghiúróir aige faoin Acht seo más rud é— |
[EN] | (a) gur duine de na daoine a shonraítear i gCuid II den Chéad Sceideal an duine sin agus go gcuirfidh sé in iúl don chláraitheoir contae gur mian leis go saorfaí é, nó | |
[EN] | (b) go sásóidh an duine sin an cláraitheoir contae gur fhóin sé ar ghiúiré, nó gur fhreastail sé go cuí le fónamh ar ghiúiré, i rith na dtrí bliana dar chríoch dáta na toghairme a sheirbheáil air, nó | |
[EN] | (c) go sásóidh an duine sin an cláraitheoir contae go ndearna breitheamh aon chúirte, ar thriail a bheith críochnaithe, é a shaoradh ó sheirbhís ghiúiré go ceann tréimhse nach bhfuil caite fós. | |
[EN] | (2) Féadfaidh cláraitheoir contae aon duine a bheidh toghairthe mar ghiúróir aige a shaoradh ó fhreastal ar feadh an tsuí go léir, nó ar feadh aon choda den suí, a bheidh i gceist má shásaíonn an duine sin an cláraitheoir go bhfuil cúis mhaith ann gur cheart é a shaoradh amhlaidh. | |
[EN] | (3) Má bhíonn duine a bheidh toghairthe mar ghiúróir faoin Acht seo neamhábalta, mar gheall ar thinneas nó ar aon chúis eile, aon uiríoll a dhéanamh chuig cláraitheoir contae faoi fho-alt (1) nó (2), féadfaidh duine eile an t-uiríoll a dhéanamh thar a cheann. | |
[EN] | (4) Féadfaidh duine a mbeidh diúltaithe ag an gcláraitheoir contae é a shaoradh achomharc in aghaidh an diúltaithe a dhéanamh chun na cúirte a mbeidh toghairthe air freastal inti. | |
[EN] | (5) Is mar a fhorálfar i dtreoracha ó Uachtarán na hArd-Chúirte agus ó Uachtarán na Cúirte Cuarda faoi seach a bheidh nós imeachta an achomhairc, lena n-áirítear an breitheamh a éistfidh an t-achomharc a ainmniú, agus an tráth ar laistigh de is ceart agus an tslí inar ceart an t-achomharc a dhéanamh. | |
[EN] | (6) Breith chríochnaitheach breith na cúirte. | |
[EN] | (7) Nuair a bheidh duine faoi cheangal freastal mar ghiúróir i gcúirt le linn suí, beidh an dualgas céanna ar an mbreitheamh nó an rogha céanna aige, de réir mar a bheidh, a fhorchuirtear nó a bhronntar ar an gcláraitheoir contae faoin alt seo an duine sin a shaoradh ó fhreastal nó ó fhreastal níos faide. Féadfaidh an breitheamh, freisin, ar chúis mhaith, an giúróir a shaoradh le linn trialach ó fhónamh níos faide mar ghiúróir sa triail. | |
[EN] | (8) Féadfaidh breitheamh aon chúirte, ar dheireadh a bheith le triail fhíor-chruálach, comhaltaí an ghiúiré a shaoradh ó sheirbhís ghiúiré ar feadh cibé tréimhse is oiriúnach leis an mbreitheamh. |