An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II Cáilíocht agus Dliteanas chun Fónamh mar Ghiúróir) Ar Aghaidh (CUID IV Ginearálta)

4 1976

ACHT NA nGIÚIRÉITHE, 1976

CUID III

Roghnú agus Seirbhís Giúróirí

Cláir de thoghthóirí a sholáthar.

1963, Uimh. 19 .

10. —Le go bhféadfaidh cláraitheoirí contae giúróirí a rollú agus a thoghairm, seachadfaidh gach comhairle contae agus gach bardas contae-bhuirge, mar údarás clárúcháin faoi alt 7 (1) den Acht Toghcháin, 1963 , a luaithe is féidir tar éis an tAcht seo a rith, do chláraitheoir contae an chontae cibé líon cóipeanna den chlár reatha de thoghthóirí Dála don chontae nó don chontaebhuirg a theastóidh ón gcláraitheoir contae agus déanfaidh sé mar an gcéanna a luaithe is féidir tar éis gach clár dá shórt sin a fhoilsiú dá éis sin.

Giúróirí a rollú.

11. —Déanfaidh gach cláraitheoir contae, trí roghnú a dhéanfaidh sé go hamasach nó ar shlí neamh-idirdhealaitheach eile, rolla giúróirí a tharraingt suas do gach cúirt ón gclár nó ó na cláir a bheidh seachadta dó faoi alt 10 (agus daoine a fhágáil ar lár arb eol dó nó a gcreideann sé nach bhfuil siad cáilithe mar ghiúróirí).

Giúróirí a thoghairm.

12. —(1) Cuirfidh gach cláraitheoir contae faoi deara toghairm scríofa, i cibé foirm a fhorordóidh an tAire le rialacháin, a sheirbheáil ar gach duine a bheidh roghnaithe aige mar ghiúróir á cheangal air freastal mar ghiúróir sa chúirt a bheidh i gceist an lá agus an tráth a bheidh sonraithe sa toghairm agus dá éis sin na tráthanna a ordóidh an chúirt.

(2) Beidh ag gabháil le toghairm ghiúiré a sheirbheálfar ar dhuine faoin alt seo fógra a inseoidh dó—

(a) éifeacht ailt 6, 7, 8, 9 (1), 35 agus 36, agus

(b) gur féidir leis uiríolla a dhéanamh chuig an gcláraitheoir contae d'fhonn go dtarraingeofaí siar an toghairm má bhíonn sé, ar chúis ar bith, neamhcháilithe le haghaidh seirbhíse giúiré nó más mian leis, nó má bhíonn teideal aige, go saorfaí é.

Toghairm ghiúiré a sheirbheáil.

1937, Uimh. 38 .

13. —(1) Féadfar toghairm ghiúiré a chur leis an bpost nó a sheachadadh de láimh.

(2) Chun críocha alt 18 den Acht Léiriúcháin, 1937 , measfar litir ina mbeidh toghairm ghiúiré a bheith dírithe i gceart má bhíonn sí dírithe chun an ghiúróra ag a sheoladh mar a bheidh sin sa chlár reatha de thoghthóirí Dála.

(3) In aon imeachtaí i gcion mar gheall ar gan freastal de réir toghairme giúiré nó gan bheith ar fáil ar bheith glaoite chun fónamh mar ghiúróir—

(a) beidh deimhniú ón gcláraitheoir contae nó ó oifigeach ag gníomhú thar a cheann gur phostáil an cláraitheoir nó an t-oifigeach litir ina raibh an toghairm agus í dírithe mar a fhoráiltear i bhfo-alt (2) ina fhianaise ar an bhfíoras a bheidh deimhnithe amhlaidh;

(b) beidh deimhniú ón gcláraitheoir contae nó ó oifigeach ag gníomhú thar a cheann nó ó chomhalta den Gharda Síochána gur sheachaid sé féin an toghairm don ghiúróir ar dháta sonraithe ina fhianaise ar an bhfíoras a bheidh deimhnithe amhlaidh, agus

(c) beidh deimhniú ó chláraitheoir cúirte nó ó oifigeach eile a bheidh ag gníomhú mar chláraitheoir cúirte gur mhainnigh duine a toghaireadh chun freastal mar ghiúróir sa chúirt sin freagairt dá ainm nuair a glaodh amach sa chúirt é ina fhianaise gur mhainnigh an duine sin freastal de réir na toghairme, nó nach raibh sé ar fáil nuair a glaodh air chun fónamh, de réir mar a bheidh.

(4) Doiciméad a airbheartóidh gur deimhniú faoin alt seo é ó chláraitheoir contae, ó oifigeach ag gníomhú thar a cheann, ó oifigeach do chúirt nó ó chomhalta den Gharda Síochána agus a bheith sínithe aige, measfar chun críocha an ailt seo, gur deimhniú den sórt sin é agus é a bheith sínithe amhlaidh mura gcruthófar a mhalairt.

Giúróirí a thoghairm le easnamh a shlánú.

14. —(1) Más dealraitheach do bhreitheamh cúirte go mbeidh nó go bhféadfadh go mbeadh giúiré a bheidh le haon saincheist os comhair na cúirte a thriail neamhiomlán, féadfaidh an breitheamh a cheangal go ndéanfaidh an cláraitheoir contae aon daoine (is daoine a bheidh cáilithe agus faoi dhliteanas fónamh mar ghiúróirí sa chúirt sin) a thoghairm le go mbeidh an líon is gá i láthair.

(2) Sonróidh an breitheamh an limistéar óna bhféadfar daoine a thoghairm (a bhféadfaidh gurb é an limiséar i gcomharsanacht na cúirte é) agus an tslí a ndéanfar an toghairm, cibé acu trí fhógra scríofa nó ar shlí eile é.

(3) Bainfidh alt 9 le daoine a thoghairfear faoin alt seo ach amháin nach bhféadfar aon achomharc a dhéanamh ón gcláraitheoir contae.

(4) Cuirfear ainmneacha na ndaoine a thoghairfear faoin alt seo leis an rolla giúróirí.

Giúiré a roghnú as rolla.

15. —(1) Trí bhallóidiú i gcúirt oscailte a dhéanfar daoine a bheidh rollaithe mar ghiúróirí a roghnú chun fónamh ar ghiúiré áirithe.

(2) Féadfar an chumhacht giúróirí a thoghairm faoi alt 14 a fheidhmiú tar éis ballóidiú tosú, agus is féidir é a dhéanamh roimhe sin, agus más tar éis ballóidiú tosú a fheidhmeofar í féadfaidh an breitheamh ballóidiú le haghaidh daoine a toghaireadh faoin alt sin a ligean thar ceal.

(3) Sula dtosófar ag roghnú tabharfaidh an breitheamh rabhadh do na giúróirí a bheidh i láthair nach ceart dóibh fónamh má bhíonn siad neamh-inroghnaithe nó dícháilithe agus i dtaobh an phionóis faoi alt 36 má fhónann siad; agus iarrfaidh sé ar aon duine ar feasach dó nach bhfuil sé cáilithe chun fónamh nó a bhfuil amhras air i dtaobh é a bheith cáilithe nó a bhféadfadh leas a bheith aige sa chás nó baint a bheith aige leis an gcás nó leis na páirtithe é sin a chur in iúl don bhreitheamh (de bhriathra béil nó ar shlí eile de réir mar a threoróidh nó a údaróidh an breitheamh) má roghnaítear sa bhallóidiú é.

(4) Is é a bheidh ina phríomh-ghiúróir cibé comhalta a roghnóidh na giúróirí agus déanfar an roghnú cibé tráth a threoróidh an breitheamh nó, mura dtabharfar treoir, sula dtabharfaidh an giúiré a bhfíorasc nó sula ndéanfaidh siad aon trácht eile leis an mbreitheamh.

Rolla giúróirí a iniúchadh.

16. —(1) Beidh gach duine i dteideal saoráidí réasúnacha chun rolla giúróirí a iniúchadh in aisce agus beidh páirtí in aon imeachtaí, sibhialta nó coiriúil, a bheidh le triail le giúiré, i dteideal cóip a fháil in aisce ar é a iarraidh ar an gcláraitheoir contae.

(2) Beidh na cearta faoi fho-alt (1) infheidhmithe aon am idir tráth na dtoghairmeacha a eisiúint agus deireadh na trialach nó an tráth nach féidir triail le giúiré a bheith ann níos mó.

(3) Is é an rolla dá dtagraítear i bhfo-alt (1) an rolla a bheidh ullmhaithe le haghaidh agus roimh am na suíonna, lena n-áirítear aon rolla forlíontach a bheidh ullmhaithe amhlaidh, agus ní gá a chur in iúl ann go bhfuil aon duine dá mbeidh luaite ann saortha de thuras na huaire nó aon daoine a toghaireadh faoi alt 14 a bheith ar áireamh ann.

(4) Beidh, áfach, ar cheart duine chun an rolla a iniúchadh ceart go dtaispeánfar dó, ar é á iarraidh sin, na hathruithe go léir a rinneadh ar an rolla agus ainmneacha aon daoine a toghaireadh faoi alt 14 agus, ar é á iarraidh sin, go n-inseofar dó aon saoradh a rinneadh.

An modh ar a gcuirfear giúiré faoi mhionn.

17. —(1) Nuair a bheidh an cláraitheoir nó an t-oifigeach eile a bheidh ag gníomhú mar chláraitheoir ag cur giúróra faoi mhionn glaofaidh sé amach ainm an ghiúróra agus ordóidh dó an Tiomna a thógáil ina láimh agus cuirfidh sé faoi mhionn é de réir ailt 18 agus 19.

(2) Cuirfear na giúróirí faoi mhionn ina nduine agus ina nduine.

(3) Aon ghiúróir a chuirfidh in aghaidh a churtha faoi mhionn sa ghnáth-shlí cuirfidh sé ina aghaidh díreach tar éis a ainm a bheith glaoite amach agus sula dtosófar ar é a chur faoi mhionn.

(4) Gach agóid a dhéanfar in aghaidh giúróra déanfar í díreach tar éis a ainm a bheith glaoite amach agus sula dtosófar ar é a chur faoi mhionn.

(5) Má dhiúltaíonn aon ghiúróir mionn a ghlacadh nó má áitíonn sé gur ar shlí nach bhfuil údaraithe leis an Acht seo nó ar shlí eile leis an dlí a chuirfear faoi mhionn é, ní chuirfear é ar an ngiúiré a bheifear a chur faoi mhionn an tráth sin.

(6) Chun críocha an ailt seo measfar go bhfuiltear tosaithe ar ghiúróir a chur faoi mhionn nuair a thosaíonn an cláraitheoir nó an t-oifigeach eile ag rá focal an mhionna leis an ngiúróir a bheidh á chur faoi mhionn.

(7) San alt seo agus san alt díreach ina dhiaidh ciallaíonn an focal “Tiomna”, i gcás duine den chreideamh Críostaí, an Tiomna Nua agus, i gcás duine den chreideamh Giúdach, an Sean-Tiomna.

Giúróirí a chur faoi mhionn.

1888, c. 46.

18. —(1) Is é seo a leanas an ghnáth-shlí ina gcuirfear giúróir faoi mhionn:

Ardóidh an giúróir a bheidh le cur faoi mhionn an Tiomna ina láimh agus déarfaidh an cláraitheoir nó an t-oifigeach eile leis an ngiúróir na focail “Mionnaím dar Dia na nUile-Chumhacht . . . . .” agus ina dhiaidh sin an fhoirm iomchuí mionna a fhoráiltear le halt 19 agus déarfaidh an giúróir ina dhiaidh na focail a déarfaidh sé amhlaidh.

(2) Bainfidh an Oaths Act, 1888 (ina bhfuil foráil i dtaobh dearbhasc a dhéanamh in ionad mionn a thabhairt) agus freisin gach Acht a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire ag údarú mionn a thabhairt i gcúirt in aon slí áirithe leis na mionnaí a cheanglaítear leis an Acht seo ar ghiúróirí a thabhairt.

(3) Féadfar, má cheadaíonn an breitheamh é, giúróir a déarfaidh go bhfuil creideamh aige ach nach Críostaí ná Giúdach é a chur faoi mhionn in aon slí a déarfaidh an giúróir a cheanglódh é.

(4) Cuirfear gach giúróir faoi mhionn sa ghnáth-shlí gan ceist a chur mura dealraitheach an giúróir a bheith neamhábalta, ó thaobh coirp de, ar an mionn a thabhairt sa tslí sin nó má chuireann sé in aghaidh an mionn a thabhairt sa tslí sin agus go sásóidh sé an breitheamh go bhfuil sé i dteideal an mionn a thabhairt i slí éigin eile.

Foirmeacha mionnaí a thabharfaidh giúróirí.

19. —(1) Aon uair arb í an tsaincheist a bheidh le triail cibé acu atá nó nach bhfuil duine cúisithe ciontach i gcion, is í seo a leanas foirm an mhionna faoina gcuirfear na giúróirí:

“go dtriailfidh mé go maith agus go hionraic an tsaincheist cibé acu atá nó nach bhfuil an cúisí (nó na cúisithe) ciontach sa chion (nó sna cionta uile agus faoi seach) is ábhar don chúiseamh sa díotáil ina aghaidh ( ina haghaidh ina n-aghaidh) agus go dtabharfaidh mé fíorasc ionraic de réir na fianaise.”

(2) Aon uair arb í an tsaincheist a bheidh le triail cibé acu atá nó nach bhfuil duine cúisithe inniúil ar phléadáil, is í seo a leanas foirm an mhionna faoina gcuirfear na giúróirí:

“go bhfiosróidh mé go maith agus go dícheallach cibé acu is gealt nó nach gealt

(ag lua ainm an duine chúisithe), an príosúnach ag an mbarra, agus go dtabharfaidh mé fíorasc ionraic de réir mar is fearr a thuigim.”

(3) Aon uair nach saincheist de na saincheisteanna dá bhforáiltear go sainráite anseo roimhe seo an tsaincheist a bheidh le triail, is í seo a leanas foirm an mhionna faoina gcuirfear na giúróirí:

“go dtriailfidh mé go maith agus go hionraic na saincheisteanna sin go léir a thabharfar dom le triail agus go dtabharfaidh mé fíoraisc ionraice de réir na fianaise.”

Agóidí gan cúis a lua.

20. —(1) I ngach triail saincheiste sibhialta a thriailfear le giúiré féadfaidh gach páirtí agóid gan cúis a lua a dhéanamh in aghaidh seachtar giúróir ar a mhéid.

(2) I ngach triail saincheiste coiriúla a thriailfear le giúiré féadfaidh an t-ionchúisitheoir agus gach duine cúisithe agóid gan cúis a lua a dhéanamh in aghaidh seachtar giúróir ar a mhéid.

(3) Aon uair a dhéanfar agóid dhleathach gan cúis a lua in aghaidh giúróra ní chuirfear an giúróir sin ar an ngiúiré.

Agóidí ar chúis a luafar.

21. —(1) I ngach triail saincheiste sibhialta a thriailfear le giúiré féadfaidh aon pháirtí agóid ar chúis a luafar a dhéanamh in aghaidh aon mhéid giúróirí.

(2) I ngach triail saincheiste coiriúla a thriailfear le giúire féadfaidh an t-ionchúisitheoir agus gach duine cúisithe agóid ar chúis a luafar a dhéanamh in aghaidh aon mhéid giúróirí.

(3) Aon uair a dhéanfar agóid in aghaidh giúróra ar chúis a luafar, luafar an chúis sin díreach ar an agóid a dhéanamh agus ceadóidh nó dícheadóidh an breitheamh an agóid ansin de réir mar is cuí leis.

(4) Aon uair a dhéanfar agóid ar chúis a luafar in aghaidh giúróra agus go ngéillfidh an breitheamh don agóid, ní chuirfear an giúróir ar an ngiúiré.

Féachaint ag giúiré.

22. —(1) I dtriail aon saincheiste le giúiré féadfaidh an breitheamh, aon tráth tar éis na giúróirí a bheith curtha faoi mhionn agus sula mbeidh a bhfíorasc tugtha acu, a ordú, le hordú, go bhfaighidh na giúróirí amharc ar aon áit a bheidh sonraithe san ordú ar dóigh leis an mbreitheamh gur fóirsteanach, chun críocha na trialach, go bhfeicfeadh na giúrórí é, agus nuair a dhéanfar aon ordú den sórt sin féadfaidh an breitheamh an triail a chur ar atráth ar cibé céim di agus ar feadh cibé ama is dóigh leis a bheith caothúil chun an t-ordú a fheidhmiú.

(2) I dtriail saincheiste sibhialta, ní dhéanfar ordú faoin alt seo ach ar iarratas ó cheann de na páirtithe agus is é an páirtí ar ar iarratas uaidh a rinneadh an t-ordú a íocfaidh, sa chéad ásc, caiteachais na ngiúróirí a iompar go dtí an áit a bheidh sonraithe san ordú agus ón áit sin ach áireofar iad ar chostais an pháirtí sin agus is dá réir sin a bheidh siad ina muirear faoi dheoidh.

(3) I dtriail saincheiste coiriúla, ní dhéanfar ordú faoin alt seo ach ar iarratas ón ionchúisitheoir nó ón duine cúisithe nó ó dhuine amháin nó níos mó de na daoine cúisithe agus íocfaidh an cláraitheoir contae nó an t-oifigeach eile a bheidh ag gníomhú mar chláraitheoir don chúirt le linn na trialach, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, caiteachais na ngiúróirí a iompar go dtí an áit a bheidh sonraithe san ordú agus ón áit sin.

(4) Aon uair a dhéanfaidh breitheamh ordú faoin alt seo, tabharfaidh sé cibé treoracha is fóirsteanach leis do chur cosc le cumarsáid mhíchuí leis na giúróirí le linn an t-ordú a bheith á fheidhmiú.

Giúróir d'fháil bháis nó a urscaoileadh le linn trialach.

23. —Aon uair a tharlóidh, le linn aon saincheist a bheith á triail, go bhfaighidh giúróir bás nó go n-urscaoilfidh an breitheamh giúróir mar gheall ar é a bheith éagumasach de bharr tinnis nó aon chúise eile leanúint ag gníomhú mar ghiúróir, nó faoi alt 9 (7) nó 24, measfar, mura n-ordóidh an breitheamh a mhalairt nó mura lú ná deichniúr an líon giúróirí dá chionn sin, an giúiré a bheith comhdhéanta i gceart chun críocha uile na trialach agus rachaidh an triail ar aghaidh agus féadfar cinneadh ar fhíorasc dá réir sin.

Deireadh a chur le seirbhís giúróra.

24. —In aon triail le giúiré féadfaidh an breitheamh a threorú, ar aon chéim, maidir le haon duine áirithe a toghaireadh nó a cuireadh faoi mhionn mar ghiúróir, nach bhfónfaidh sé nó nach leanfaidh sé ag fónamh mar ghiúróir má mheasann an breitheamh ar aon chúis sonraithe gurb inmhianaithe ar mhaithe leis an gceartas go dtabharfadh sé an treoir sin.

Giúróirí scaradh ó chéile le linn trialach.

25. —In aon triail le giúiré féadfaidh na giúróirí scaradh ó chéile sula ndéanfaidh siad machnamh faoi chomhair a bhfíoraisc, ach amháin i gcás ina dtreoróidh an breitheamh a mhalairt.

Achomhairc i ndáil le clár toghthóirí a bheith gan éifeacht maidir le seirbhís ghiúiré.

26. —Ní dhéanfaidh sé difear do cháilíocht ná do dhliteanas duine fónamh mar ghiúróir achomharc a bheith ar feitheamh faoi alt 8 den Acht Toghcháin, 1963 (a bhaineann le hachomhairc i ndáil leis an gclár toghthóirí).