|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID III Roghnú agus Seirbhís Giúróirí) | Ar Aghaidh (CUID V Cionta) |
ACHT NA nGIÚIRÉITHE, 1976
[EN] | ||
[EN] |
CUID IV Ginearálta | |
[EN] |
Treoracha riaracháin. |
27. —D'fhonn áirithiú go riarfar go comhréireach an tAcht seo, féadfaidh an tAire treoracha a thabhairt do chláraitheoirí contae maidir leis an gcleachtas agus an nós imeachta a leanfaidh siad ag comhlíonadh a ndualgas dóibh faoin Acht seo; ach ní údaróidh aon ní san alt seo don Aire aon treoir a thabhairt i dtaobh ar ceart nó nach ceart daoine áirithe a thoghairm chun fónamh mar ghiúróirí nó, má thoghairtear iad, ar ceart nó nach ceart iad a shaoradh ó fhreastal de réir na toghairme. |
[EN] |
Duine a fhanfaidh balbh. |
28. —Aon uair a fhanfaidh duine a bheidh cúisithe i gcion a thriailfear le giúiré balbh nuair a ghlaofar air chun pléadála breithneoidh an breitheamh an tsaincheist cé acu balbh trí mhailís nó balbh de dheonú Dé atá sé, agus mura mbeidh an breitheamh sásta gur de dheonú Dé atá sé balbh ordóidh an breitheamh pléadáil neamhchiontachta a thaifeadadh dó. |
[EN] |
Seirbhís ghiúiré ag fostaithe agus ag printísigh. |
29. —(1) Chun críocha aon chonartha seirbhíse nó printíseachta nó aon chomhaontaithe atá comhthaobhach dó (lena n-áirítear conradh nó comhaontú a rinneadh roimh dháta an Achta seo a rith), measfar duine a bheith ar fostú nó ar printíseacht ar feadh aon tréimhse a bheidh sé as láthair óna fhostaíocht nó óna phrintíseacht le toghairm ghiúiré a chomhlíonadh. |
[EN] | (2) Beidh aon fhoráil a bheidh in aon chonradh nó comhaontú den sórt sin ar neamhní a mhéid a bheadh d'éifeacht aige aon dliteanas de chuid an fhostóra i leith tuarastal nó pá a íoc leis an bhfostaí nó leis an bprintíseach le linn dó bheith as láthair amhlaidh a eisiamh nó a threorannú. | |
[EN] |
Coimisiún de lunatico inquirendo. |
30. —Aon uair a bheidh rolla giúróirí go dleathach i láthair coimisinéara faoi choimisiún de lunatico inquirendo, ansin, chun críocha an Achta seo, measfar gur cúirt agus, freisin, gur breitheamh den chúirt, an coimisinéir. |
[EN] |
Dliteanas fónamh ar ghiúiré cróinéara. |
31. —Gach saoránach ocht mbliana déag d'aois nó os a chionn agus faoi bhun cúig bliana is seasca d'aois a chónaíonn i gceantar cróinéara, beidh sé cáilithe agus faoi dhliteanas fónamh ar an ngiúiré ag aon ionchoisne cróinéara a sheolfar sa cheantar sin mura bhfuil sé neamh-inroghnaithe nó dícháilithe faoin Acht seo le haghaidh seirbhíse giúiré nó mura bhfuil sé ar dhuine de na daoine a shonraítear i gCuid II den Chéad Sceideal. |
[EN] |
Forálacha nach mbaineann le hionchoisní cróinéirí. |
32. —Ní bhainfidh aon ní san Acht seo, ach amháin alt 31, le hionchoisne cróinéara, agus san Acht seo ní fholaíonn an focal “giúiré” giúiré ag ionchoisne den sórt sin ná ní fholaíonn an focal “giúróir” giúróir ag fónamh ar ghiúiré den sórt sin. |
[EN] |
Srian le feidhmeanna sirriaim. |
33. —Déanfaidh cláraitheoir contae na cumhachtaí agus na dualgais a bhronntar agus a fhorchuirtear air faoin Acht seo a fheidhmiú agus a chomhlíonadh d'ainneoin aon ní in alt 12 den Acht Oifigeach Cúirte, 1945 (a bhaineann le dualgais sirriam) nó in aon ordú a rinneadh faoi. |