|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID IV Ginearálta) | Ar Aghaidh (AN CHEAD SCEIDEAL Daoine Neamh-inroghnaithe agus Daoine is Insaortha de Cheart) |
ACHT NA nGIÚIRÉITHE, 1976
[EN] | ||
[EN] |
CUID V Cionta | |
[EN] |
Giúróir do mhainniú freastal i gcúirt etc. |
34. —(1) Aon duine a bheidh toghairthe go cuí mar ghiúróir agus a mhainneoidh gan cúis réasúnach freastal de réir na toghairme nó freastal aon lá a cheanglóidh an chúirt air freastal beidh sé ciontach i gcion agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná £50 a chur air. |
[EN] | (2) Giúróir a freastalóidh de bhun toghairme ach nach mbeidh ar fáil nuair a ghlaofar air chun fónamh mar ghiúróir, nó a bheidh neamhfheidhmiúil chun fónamh de dheasca óil nó drugaí, beidh sé ciontach i gcion agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná £50 a chur air. | |
[EN] | (3) Ach amháin i gcás lena mbaineann alt 14, ní bheidh duine ciontach i gcion faoi fho-alt (1) i leith mainneachtain freastal de réir toghairme murar seirbheáladh an toghairm ceithre lá dhéag ar a laghad roimh an dáta a sonraíodh ann dá chéad-fhreastal. | |
[EN] |
Ráitis bhréagacha ó ghiúróir nó thar ceann giúróra. |
35. —(1) Má dhéanann aon duine a bheidh toghairthe go cuí mar ghiúróir, nó má chuireann sé faoi deara nó má cheadaíonn sé go ndéanfar thar a cheann, uiríoll bréagach leis an gcláraitheoir contae nó le haon duine ag gníomhú thar a cheann, nó le breitheamh, le hintinn seirbhís ghiúire a sheachaint, beidh sé ciontach i gcion agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná £50 a chur air. |
[EN] | (2) Má dhéanann aon duine, nó má chuireann sé faoi deara nó má cheadaíonn sé go ndéanfar, thar ceann duine eile a bheidh toghairthe go cuí mar ghiúróir uiríoll bréagach lena chumasú don duine eile sin seirbhís ghiúiré a sheachaint, beidh sé ciontach i gcion agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná £50 a chur air. | |
[EN] | (3) Má dhiúltaíonn aon duine gan cúis réasúnach freagra a thabhairt, nó má thugann sé freagra is feasach dó a bheith bréagach i bponc ábhartha, nó má thugann sé go meargánta freagra a bheidh bréagach i bponc ábhartha, nuair a cheisteoidh breitheamh cúirte é chun a chinneadh an bhfuil an duine sin cáilithe chun fónamh mar ghiúróir, beidh sé ciontach i gcion agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná £50 a chur air. | |
[EN] |
Seirbhís ag duine neamh-inroghnaithe nó ag duine dicháilithe. |
36. —(1) Aon duine a fhónfaidh ar ghiúiré agus a fhios aige nach inroghnaithe chun fónamh é beidh sé ciontach i gcion agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná £50 a chur air. |
[EN] | (2) Aon duine a fhónfaidh ar ghiúiré agus a fhios aige go bhfuil sé dícháilithe beidh sé ciontach i gcion agus ar é chiontú go hachomair dlífear fíneáil mó ná £200 a chur air. | |
[EN] |
Diúltú ag duine mionn a thabhairt mar ghiúróir. |
37. —Aon duine a dhiúltóidh, nuair a ghlaofar air mionn a thabhairt mar ghiúróir, mionn a thabhairt i slí a údaraítear leis an Acht seo nó ar shlí eile de réir dlí beidh sé ciontach i gcion agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná £50 a chur air. |