An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID IV Brabúis ó Earraí Airithe a Onnmhairiú) Ar Aghaidh (CUID VI Cuideachtaí Comhlachaithe: Faoiseamh faoi Chodanna IV agus V)

7 1976

AN tACHT CÁNACH CORPARÁIDE, 1976

CUID V

Brabúis ó Thrádáil in Aerfort na Sionna

Mínithe.

69. —Sa Chuid seo—

tá le “an t-aerfort” an bhrí chéanna atá leis san Acht Aerphoirt Neamhchustam, 1947 ;

ciallaíonn “cuideachta” aon chuideachta a sheolann trádáil;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Airgeadais.

Oibríochtaí trádála díolmhaithe.

70. —(1) San alt seo ciallaíonn “cuideachta cháilithe” cuideachta ar san aerfort a sheoltar a trádáil go léir nó cuid dá trádáil.

(2) Faoi réir fho-ailt (5) agus (6), féadfaidh an tAire deimhniú a thabhairt á dheimhniú gur oibríochtaí trádála díolmhaithe chun críocha na Coda seo, le héifeacht amhail ó dháta a dtosaithe, na hoibríochtaí trádála sin de chuid cuideachta cáilithe a shonrófar sa deimhniú, agus fanfaidh aon deimhniú a thabharfar amhlaidh i bhfeidhm go dtí an 5ú lá d'Aibreán, 1990, mura gcúlghairfear é faoi fho-alt (4):

Ar choinníoll i gcás deimhniú a bheith tugtha ag an Aire faoi alt 3 (2) den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1958 , nó faoin alt sin 3 (2) agus faoi alt 374 (2) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (oibríochtaí trádála díolmhaithe), go mbeidh éifeacht leis an deimhniú sin, go dtí go gcúlghairfear é, ionann is dá mba dheimhniú é a tugadh faoin alt seo.

(3) Féadfar deimhniú faoi fho-alt (2) a thabhairt gan aon choinníollacha nó faoi réir cibé coinníollacha is cuí leis an Aire agus a shonróidh sé ann.

(4) Má tharlaíonn, i gcás cuideachta a mbeidh deimhniú faoi fho-alt (2) tugtha i ndáil léi—

(a) go scoirfear de thrádáil na cuideachta nó go dtarlóidh sé gur lasmuigh den aerfort a bheifear ag seoladh na trádála sin go léir, nó

(b) gur deimhin leis an Aire aon choinníoll áirithe ar ar tugadh an deimhniú a bheith gan chomhlíonadh ag an gcuideachta.

féadfaidh an tAire, trí fhógra i scríbhinn a sheirbheálfar leis an bpost cláraithe ar an gcuideachta, an deimhniú a chúlghairm.

(5) Ní dheimhneoidh an tAire, faoi fho-alt (2), gur oibríocht trádála dhíolmhaithe oibríocht trádála mura de cheann amháin nó níos mó de na cineálacha oibríochtaí trádála seo a leanas í—

(a) díol earraí a onnmhairíodh, nó a onnmhaireofar, as an Stát ag an gcuideachta cháilithe (ag gníomhú di mar phríomhaí nó mar ghníomhaire), is earraí a táirgeadh, a monaraíodh nó a próiseáladh san aerfort ag an gcuideachta cháilithe.

(b) díol earraí a onnmhairíodh, nó a onnmhaireofar, as an Stát ag an gcuideachta cháilithe, is earraí a allmhairíodh isteach sa Stát agus a pacáistíodh nó a láimhsíodh san aerfort ag an gcuideachta cháilithe,

(c) aerárthaí a dheisiú nó a chothabháil san aerfort,

(d) seirbhísí lena ngabhann úsáid aerárthaí nó aeriompair a dhéanamh san aerfort nó lasmuigh den Stát,

(e) oibríochtaí trádála eile ar dóigh leis an Aire, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Iompair agus Cumhachta, go gcabhraíonn siad le húsáid nó forbairt an aerfoirt,

(f) oibríochtaí trádála is oibríochtaí cumhalda i ndáil le haon oibríocht dá dtuairiscítear sna míreanna sin roimhe seo den fho-alt seo.

(6) Ní dheimhneoidh an tAire, faoi fho-alt (2), gur oibríocht trádála dhíolmhaithe aon oibríocht trádála acu seo a leanas—

(a) díol earraí a tugadh, nó a thabharfar, ón aerfort isteach in aon chuid eile den Stát ar shlí seachas i gcúrsa a n-onnmhairithe as an Stát,

(b) seirbhísí a dhéanamh do dhaoine a chónaíonn sa Stát lasmuigh den aerfort,

(c) earraí a tháirgeadh nó a mhonarú lasmuigh den aerfort,

(d) seirbhís aeriompair a oibriú seachas seirbhís aeriompair—

(i) a oibrítear idir an t-aerfort agus áit lasmuigh den Stát, agus

(ii) nach n-oibrítear amhlaidh faoi chomhaontú déthaobhach idirnáisiúnta ar páirtí ann an Rialtas,

(e) seirbhísí a dhéanamh sa Stát—

(i) do phaisinéirí a rachaidh ar bord nó a thiocfaidh ó bhord aerárthaí, lena n-áirítear seirbhísí óstán, seirbhísí bia agus dí, seirbhísí sóinseála airgid nó iompair (seachas seirbhísí aeriompair), nó

(ii) i ndáil le tuirlingt, imeacht, luchtú nó díluchtú aerárthaí,

(f) earraí a dhíol ar mionreic,

(g) earraí inchaite a dhíol mar bhreosla aerárthaí nó le loingsiú mar stórais aerárthaí.

Ní áireofar ioncam ná caillteanais i gcás oibríochtaí trádála díolmhaithe.

71. —(1) Ní dhéanfar, ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt, ioncam ná caillteanais de dhroim oibríochtaí trádála díolmhaithe a chur i gcuntas chun aon chríche de chuid an Achta seo i ndáil leis an gcuideachta a sheolann na hoibríochtaí sin.

(2) I gcás ar oibríochtaí díolmhaithe cuid, agus ar oibríochtaí trádála eile cuid, den trádáil a sheolann cuideachta, déanfar méid an ioncaim nó na gcaillteanas de dhroim na n-oibríochtaí trádála eile sin a ríomh, chun aon chríche de chuid an Achta seo, mar a ríomhfaí é chun na críche sin dá mbeadh dhá trádáil ar leithligh á seoladh ag an gcuideachta arbh éard iad faoi seach na hoibríochtaí trádála díolmhaithe agus na hoibríochtaí trádála eile.

Idirbhearta idir daoine comhlachaithe.

72. —(1) Má tharlaíonn, i gcúrsa oibríochtaí trádála díolmhaithe, go gceannóidh an chuideachta a bheidh ag seoladh na n-oibríochtaí (dá ngairtear an ceannaitheoir ina dhiaidh seo san fho-alt seo) earraí ó dhuine eile (dá ngairtear an díoltóir ina dhiaidh seo san fho-alt seo) agus—

(a) go mbeidh rialú ag an díoltóir ar an gceannaitheoir nó, i gcás ar comhlacht corpraithe nó comhpháirtíocht an díoltóir, go mbeidh rialú ag an gceannaitheoir ar an díoltóir nó go mbeidh rialú ag duine éigin eile ar an díoltóir agus ar an gceannaitheoir freisin, agus

(b) gur lú an praghas ar a ndíolfar na hearraí ná an praghas ba dhóigh a gheofaí orthu dá mba pháirtithe neamhspleácha ag déileáil ar neamhthuilleamaí na páirtithe san idirbheart,

ansin, déanfar ioncam nó caillteanais an díoltóra a ríomh, chun aon chríche de chuid na nAchtanna Cánach, ionann is dá ndíolfaí na hearraí ar an bpraghas a gheofaí orthu dá mba idirbheart idir daoine neamhspleácha ag déileáil mar a dúradh an t-idirbheart.

(2) San alt seo tá le “rialú” an bhrí a shanntar dó le halt 158.

Ráitis a sheachadadh, etc.

73. —I gcás a mbeidh deimhniú tugtha ag an Aire faoi alt 70 (2) nó faoi na hailt a luaitear sa choinníoll a ghabhann leis an alt sin—

(a) na forálacha sin de chuid na nAchtanna Cánach a bhaineann le ráitis nó tuairisceáin ar bhrabúis a thabhairt, leanfaidh siad d'éifeacht a bheith leo i ndáil leis an gcuideachta lena mbainfidh ionann is dá mbeifí gan an deimhniú a thabhairt, agus

(b) féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim trí fhógra i scríbhinn a cheangal ar an gcuideachta lena mbainfidh cibé cuntais agus sonraí eile is dóigh leis na Coimisinéirí Ioncaim is gá chun críocha na Coda seo a thabhairt dóibh laistigh de cibé tréimhse a ordóidh siad.

Eisceadh ó Chuid IV.

74. —D'ainneoin aon ní i gCuid IV (Brabúis ó Earraí Airithe a Onnmhairiú), ní chuirfear i gcuntas chun aon chríche de chuid na Coda sin aon mhéid is infhaighte ó earraí a dhíol a onnmhairíodh as an Stát i gcúrsa oibríochtaí trádála díolmhaithe.

Liúntais chaipitiúla a laghdú.

75. —I gcás ar oibríochtaí trádála díolmhaithe cuid, agus ar oibríochtaí trádála eile cuid, den trádáil a sheolann cuideachta, déanfar méid aon liúntas caipitiúil, a mbeadh teideal ag an gcuideachta chuige mura mbeadh an t-alt seo, a laghdú cibé méid, más aon mhéid é, is dóigh leis na Coimisinéirí Achomhairc a bheith cóir ag féachaint d'alt 71.

Dáiltí.

76. —(1) I gcás a ndéanfaidh comhlacht corpraithe dáileadh do thréimhse chuntasaíochta go páirteach as ioncam ó oibríochtaí trádála díolmhaithe agus go páirteach as brabúis eile, déileálfar leis an dáileadh ionann is dá mba dhá dháileadh é a rinneadh faoi seach as oibríochtaí trádála díolmhaithe agus as brabúis eile.

(2) (a) Maidir leis an oiread sin d'aon dáileadh a rinneadh as ioncam ó oibríochtaí trádála díolmhaithe—

(i) ní dhéileálfar leis, faoi réir alt 54 den Acht Airgeadais, 1974 (muirearú cánach i leith díbhinní áirithe a fhaigheann stiúrthóirí agus fostaithe), mar ioncam chun aon chríche de chríocha na nAchtanna Cánach Ioncaim; agus

(ii) measfar, chun críocha na Coda seo, i gcás ar comhlacht corpraithe faighteoir an dáilte sin, gur ioncam ó oibríochtaí trádála díolmhaithe é.

(b) Ní bheidh faighteoir aon dáilte, lena n-áirítear cuid de dháileadh a ndéileáiltear léi faoi fho-alt (1) mar dháileadh, a rinneadh as ioncam ó oibríochtaí trádála díolmhaithe i dteideal creidmheasa cánach i leith an dáilte sin.

(3) (a) I gcás comhlacht corpraithe do dhéanamh dáilte, lena n-áirítear cuid de dháileadh a ndéileáiltear léi faoi fho-alt (1) mar dháileadh, maidir le haon cheart nó oibleagáid lena mbaineann alt 178 (díbhinní de réir ráta chomhláin nó de mhéid comhlán) agus gur as ioncam ó oibríochtaí trádála díolmhaithe a rinneadh an dáileadh, déanfaidh an comhlacht corpraithe dáileadh forlíontach ar cóimhéid leis an gcreidmheas cánach a bheadh i bhfeidhm maidir leis an dáileadh dá mba nár achtaíodh fo-alt (2) (b).

(b) Bainfidh fo-alt (2) le dáileadh forlíontach faoin bhfo-alt seo ionann is dá mba dháileadh a rinneadh go hiomlán as ioncam ó oibríochtaí trádála díolmhaithe an dáileadh forlíontach sin.

(4) I ndáil le haon dáileadh (nach dáileadh forlíontach faoin alt seo), lena n-áirítear cuid de dháileadh a ndéileáiltear léi faoi fho-alt (1) mar dháileadh, a rinne comhlacht corpraithe as ioncam ó oibríochtaí trádála díolmhaithe, bainfidh alt 5 (barántais díbhinne), agus alt 83 (5) (Sceideal F) leis an gcomhlacht corpraithe ionas go dtaispeánfar sna ráitis dá ndéantar socrú leis na hailt sin, maidir le gach dáileadh den sórt sin, i dteannta na sonraí a cheanglaítear a thabhairt ar leith ón alt seo, gur as ioncam ó oibríochtaí trádála díolmhaithe atá an dáileadh á dhéanamh.

(5) I ndáil le haon dáileadh forlíontach faoi fho-alt (3), bainfidh alt 5 leis an gcomhlacht corpraithe ionas go dtaispeánfar sa ráiteas a cheanglaítear a thabhairt leis an alt sin, i dteannta na sonraí a cheanglaítear a thabhairt ar leith ón alt seo, méid leithleach an dáilte fhorlíontaigh sin.

(6) I gcás a ndéanfaidh comhlacht corpraithe dáileadh do thréimhse chuntasaíochta, measfar chun críocha an ailt seo gur as ioncam indáilte (mar a shainítear in alt 64 (4)) na tréimhse sin a rinneadh é go feadh méid an ioncaim sin agus i ndáil le breis an dáilte ar an ioncam sin gur as an ioncam is deireanaí a tiomsaíodh a rinneadh é.

(7) Beidh feidhm ag alt 64 (5) (6) (dáiltí: creidmheas cánach agus faoiseamh i leith díolacháin onnmhairí) chun críocha an ailt seo mar atá feidhm acu chun críocha an ailt sin.

(8) San alt seo folaíonn “brabúis eile” díbhinn nó dáileadh eile de chuid comhlacht corpraithe a chónaíonn sa Stát ach ní fholaíonn sé dáileadh lena mbaineann fo-alt (2) (a) (ii).

Socrú do mhuirir ar ioncam.

77. —I gcás muirir ar ioncam, is iníoctha as ioncam ó thrádáil ar oibríochtaí trádála díolmhaithe cuid di agus ar oibríochtaí trádála eile cuid eile di, a bheith íoctha ag cuideachta i dtréimhse chuntasaíoctha, ní dhéileálfar mar mhuirir a íocadh as brabúis ar ar muirearaíodh cáin chorparáide ach leis an gcion de na muirir is iníoctha amhlaidh a mbeidh idir é agus méid iomlán na muirear sin an chomhréir chéanna a bheidh idir an méid d'ioncam na trádála ar ar muirearaíodh cáin iarbhír agus an méid den ioncam sin ar a muirearófaí cáin dá mba nár achtaíodh an Chuid seo.