|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID IX Díolúintí) | Ar Aghaidh (AN CHEAD SCEIDEAL Luacháil Leasanna Teoranta) |
AN tACHT UM CHÁIN FHÁLTAS CAIPITIÚIL, 1976
CUID X Ilghnéitheach | ||
[EN] |
Deimhnithe le haghaidh probháide. 1881, c. 12. |
60. —(1) I gcás a mbeidh mionnscríbhinn Ioncaim Intíre seachadta do na Coimisinéirí agus gur deimhin leo— |
[EN] | (a) go bhfuil leor-íocaíocht ar cuntas cánach oidhreachta íoctha i leith na maoine a d'aistrigh faoi uacht nó díthiomnacht an éagaigh nó faoi Chuid IX nó faoi alt 56 den Acht Comharbais, 1965 ; nó | |
[EN] | (b) gur féidir íoc cánach oidhreachta i leith na maoine sin a chur siar de thuras na huaire, | |
[EN] | deimhneoidh siad i scríbhinn— | |
[EN] | (i) gur seachadadh an mhionnscríbhinn Ioncaim Intíre dóibh; agus | |
[EN] | (ii) (I) gur íocadh íocaíocht dá dtagraítear i mír (a); nó | |
[EN] | (II) gur cuireadh siar de thuras na huaire an íocaíocht dá dtagraítear i mír (b), | |
[EN] | de réir mar a bheidh. | |
[EN] | (2) San alt seo tá le “mionnscríbhinn Ioncaim Intíre” an bhrí dá dtagraítear in alt 38 (1). | |
[EN] | (3) Más dóigh leis na Coimisinéirí nach féidir íoc cánach oidhreachta i leith na maoine a d'aistrigh faoi uacht nó faoi dhíthiomnacht an éagaigh nó faoi Chuid IX nó faoi alt 56 den Acht Comharbais, 1965 , a chur siar de thuras na huaire gan mór-chontúirt a bheith ann nach ngnóthófaí an cháin sin, féadfaidh siad diúltú an deimhniú dá dtagraítear i bhfo-alt (1) a eisiúint go dtí go mbeidh an cháin íoctha, nó go dtí go mbeidh íocaíocht dá dtagraítear i mír (a) den fho-alt sin íoctha. | |
[EN] | (4) An deimhniú a gceanglaíonn alt 30 den Customs and Inland Revenue Act, 1881, go ndéanfaidh oifigeach cuí na cúirte é, ní dhéanfar é go dtí go ndéanfar deimhniú ó na Coimisinéirí a eisíodh faoi fho-alt (1) a thabhairt ar aird don oifigeach sin agus taispeánfaidh sé (in ionad a thaispeáint go bhfuil an mhionnscríbhinn, má dhlitear dleacht stampa a íoc uirthi, stampáilte go cuí) go bhfuil deimhniú faoi fho-alt (1) eisithe ag na Coimisinéirí agus inseofar ann brí an deimhnithe a bheidh eisithe amhlaidh ag na Coimisinéirí. | |
[EN] | (5) Féadfar foirm an deimhnithe a gceanglaítear go dtabharfaidh oifigeach cuí na cúirte é faoi alt 30 den Customs and Inland Revenue Act, 1881, a fhorordú le riail chúirte i cibé slí is gá chun éifeacht a thabhairt don Acht seo. | |
[EN] | (6) Ní bheidh feidhm ag an alt seo ach amháin i gcás arb ar an 1ú lá d'Aibreán, 1975, nó dáta éis sin a d'éag an t-éagach. | |
[EN] |
Airgead in ainmneacha beirt daoine nó níos mó a íoc. |
61. —(1) I gcás suim airgid is mó ná £5,000 a lóisteáil nó a thaisceadh, ar shlí seachas i gcuntas reatha, roimh dháta an Achta seo a rith nó dá éis sin, sa Stát le baincéir, in ainmneacha beirt daoine nó níos mó i gcomhar, agus duine de na daoine sin (dá ngairtear an t-éagach san alt seo) d'fháil bháis an 1ú lá d'Aibreán, 1975, nó dá éis sin, ní íocfaidh an baincéir an t-airgead sin ná aon chuid de leis an marthanóir ná leis na marthanóirí go léir ná le haon duine nó daoine de mharthanóirí na ndaoine sin ná le haon duine eile, mura dtabharfar nó go dtí go dtabharfar don bhaincéir sin deimhniú ó na Coimisinéirí á dheimhniú nach bhfuil aon éileamh ar cháin oidhreachta i ndáil le bás an éagaigh maidir leis an airgead nó maidir le haon chuid de gan ghlanadh nó toiliú i scríbhinn ó na Coimisinéirí leis an íoc sin go dtí go bhfionnfaí agus go n-íocfaí an cháin sin. |
[EN] | (2) D'ainneoin aon ní san Acht seo, measfar chun críocha an ailt seo maidir le cáin is inmhuirearaithe ar éag don éagach gur tháinig sí chun bheith dlite an lá a d'éag an t-éagach. | |
[EN] | (3) Baincéir a íocfaidh, tar éis dáta an Achta seo a rith, airgead contrártha don alt seo dlífear pionós £1,000 a chur air. | |
[EN] | (4) I gcás ina n-éileofar pionós ar bhaincéir faoin alt seo, is ar an mbaincéir sin a bheidh de dhualgas a chruthú gur tugadh don bhaincéir sin sular íoc sé an t-airgead sin an deimhniú sin nó an toiliú sin a luaitear san alt seo. | |
[EN] | (5) I gcás ina n-éileofar pionós ar bhaincéir faoin alt seo, is cosaint mhaith a chruthú go raibh cúis réasúnach ag an mbaincéir sin, an tráth a d'íoc sé an t-airgead sin, a chreidiúint nach raibh aon duine de na daoine a raibh an t-airgead sin lóisteáilte nó taiscthe ina n-ainmneacha i gcomhar éagtha. | |
[EN] | (6) Ní bheidh éifeacht le halt 33 den Acht Airgid, 1935 , in aon chás arb é an 1ú lá d'Aibreán, 1975, nó aon lá dá éis sin, a d'éag duine dá ngairtear an duine marbh san alt sin. | |
[EN] | (7) San alt seo— | |
[EN] | ciallaíonn “baincéir” duine a sheolann gnó baincéireachta sa Stát agus folaíonn sé cara-chumann, cumann tionscail agus coigiltis, cumann foirgníochta, Banc Taisc an Phoist, banc taisce iontaobhais, an Chuideachta Cairde Tionscail Teoranta, Corparáid an Chairde Thalmhaíochta Teoranta agus aon duine lena lóisteáiltear nó lena dtaisctear airgead; | |
[EN] | folaíonn “íoc” aistriú i leabhair baincéara agus aon déileáil ar aon chor le hairgead a lóisteáladh nó a taisceadh in ainm duine a d'éag tar éis tráth na lóisteála nó an taiscthe agus aon duine nó daoine eile; | |
[EN] | ciallaíonn “cuntas reatha” cuntas ar gnách oibriú air le seic nó le hordú baincéara; | |
[EN] | tá le “gnó baincéireachta” an bhrí a shanntar dó le halt 2 d'Acht an Bhainc Ceannais, 1971 ; | |
[EN] | folaíonn tagairtí d'airgead a lóisteáladh nó a taisceadh tagairtí do scaireanna le cumann foirgníochta, le cara-chumann nó le cumann tionscail agus coigiltis. | |
[EN] |
Cúirt do dhéanamh soláthair le cáin a íoc. |
62. —I gcás ina mbeidh aon chaingean ar feitheamh in aon chúirt i ndáil le riaradh aon mhaoine ar arb inmhuirearaithe cáin faoin Acht seo, déanfaidh an chúirt sin soláthar, as aon mhaoin den sórt sin a bheidh i seilbh nó faoi rialú na cúirte, le haon chuid den cháin nó an t-ús ar an gcéanna a bheidh gan íoc a íoc leis na Coimisinéirí. |
[EN] |
Pionóis. |
63. —(1) (a) Aon duine a sháróidh nó a fhágfaidh, de mhainneachtain, gan chomlíonadh— |
[EN] | (i) aon cheanglas faoi alt 36 (6), (7) nó (8); nó | |
[EN] | (ii) forálacha alt 36 (2) nó (9) | |
[EN] | dlífear pionós £500 a chur air. | |
[EN] | (b) I gcás ina leanfar den sárú nó den mhainneachtain dá dtagraítear i mír (a) tar éis don chúirt ar os a comhair a tionscnaíodh imeachtaí i leith an phionóis breithiúnas a thabhairt, dlífear pionós breise £25 in aghaidh gach lae a leanfar amhlaidh den sárú nó den mhainneachtain a chur ar an duine a bheidh i gceist. | |
[EN] | (2) I gcás duine a bheith údaraithe, faoi réim nó chun críocha aon cheann d'fhorálacha an Achta seo, aon mhaoin a iniúchadh le margadhluach na maoine sin a thuairisciú do na Coimisinéirí agus go ndéanfaidh an duine a bheidh i bhfeighil nó i seilbh na maoine sin an t-iniúchadh sin a bhac nó an duine a bheidh údaraithe amhlaidh a chosc agus é ag feidhmiú a fheidhmeanna i ndáil leis an iniúchadh, dlífear pionós £500 a chur ar an duine a bheidh i bhfeighil nó i seilbh amhlaidh. | |
[EN] | (3) I gcás ina ndéanfaidh duine cuntasach go calaoiseach nó go faillíoch mar a leanas— | |
[EN] | (a) aon tuairisceán nó tuairisceán breise a bheidh mícheart a sheachadadh; | |
[EN] | (b) aon ráiteas, dearbhú, fianaise nó luacháil a bheidh mícheart a dhéanamh nó a thabhairt i ndáil le haon mhaoin a áirítear in aon diúscairt; | |
[EN] | (c) aon ráiteas, dearbhú, fianaise nó luacháil a bheidh mícheart a dhéanamh nó a thabhairt i ndáil le haon éileamh ar aon liúntas, asbhaint, díolúine nó faoiseamh; nó | |
[EN] | (d) aon ráiteas, dearbhú, fianaise nó luacháil a bheidh mícheart a dhéanamh nó a thabhairt i ndáil le haon ní eile, | |
[EN] | a moeadh an méid cánach ab inmheasúnaithe ar a fhoras i leith bronntanais inchánach nó oidhreachta inchánach níos lú ná mar a bheadh sé dá mbeadh an tuairisceán, an tuairisceán breise, an ráiteas, an dearbhú, an fhianaise nó an luacháil a seachadadh, a rinneadh nó a tugadh ceart, dlífear pionós mar a leanas a chur air— | |
[EN] | (i) £1,000; agus | |
[EN] | (ii) méid na difríochta, nó, i gcás calaoise, dhá oiread méid na difríochta, a shonraítear i bhfo-alt (5). | |
[EN] | (4) I gcás nach go calaoiseach ná go faillíoch a sheachaid, a rinne nó a thug duine aon tuairisceán, tuairisceán breise, ráiteas, dearbhú, fianaise nó luacháil den sórt a luaitear i bhfo-alt (3) agus go dtiocfaidh sé ar a umhail go raibh sin mícheart, ansin, mura gceartófar an earráid gan mhoill mhíréasúnach, measfar, chun críocha an ailt seo, gur go faillíoch a rinne sé an rud sin. | |
[EN] | (5) Is í an difríocht dá dtagraítear i bhfo-alt (3) an difríocht idir— | |
[EN] | (a) an méid cánach is iníoctha i leith an bhronntanais inchánach nó na hoidhreachta inchánach lena mbaineann an tuairisceán, an tuairisceán breise, an ráiteas, an dearbhú, an fhianaise nó an luacháil; agus | |
[EN] | (b) an méid arbh é an méid é ab iníoctha amhlaidh dá mbeadh an tuairisceán, an tuairisceán breise, an ráiteas, an dearbhú, an fhianaise nó an luacháil a rinne sé nó a chuir sé isteach ceart. | |
[EN] | (6) Chun críche fho-alt (3), i gcás ina seachadfar, ina ndéanfar nó ina dtabharfar thar ceann duine aon rud dá dtagraítear san fho-alt sin, measfar gurb é an duine sin a sheachaid, a rinne nó a thug é mura gcruthóidh sé gur gan fhios dó nó gan toiliú uaidh a rinneadh sin. | |
[EN] | (7) Aon duine a chabhróidh nó a aslóidh le haon tuairisceán, tuairisceán breise, ráiteas, dearbhú, fianaise nó luacháil is eol dó a bheith mícheart a sheachadadh, a dhéanamh nó a thabhairt chun aon chríocha de chuid na cánach, dlífear pionós £250 a chur air. | |
[EN] | (8) Ní bheidh éifeacht le forálacha an ailt seo ar aon imeachtaí coiriúla. | |
[EN] | (9) Faoi réir forálacha an ailt seo, beidh feidhm ag ailt 128 (4), 507, 508, 510, 511, 512, 517 agus 518 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , modhnaithe mar is gá, maidir le pionós faoin alt seo ionann is dá mba phionós faoi na hAchtanna Cánach Ioncaim an pionós. | |
[EN] |
Dliteanas cánach i leith díolachán agus morgáistí áirithe. |
64. —(1) San alt seo— |
[EN] | tá le “dleachtanna báis” an bhrí a shanntar dó le halt 30 den Acht Airgeadais, 1971 ; agus | |
[EN] | folaíonn “ceannaitheoir nó morgáistí” duine a dhíorthaíonn teideal ó cheannaitheoir nó ó mhorgáistí nó faoi cheannaitheoir nó faoi mhorgáistí i gcás díolachán nó morgáiste den sórt dá dtagraítear san alt seo. | |
[EN] | (2) I gcás ina ndearnadh leas feifeach a dhíol nó a mhorgáistiú bona fide, roimh an 1ú lá d'Aibreán, 1975, ar chomaoin iomlán in airgead nó i luach airgid agus an leas sin a theacht i seilbh ar bhás a tharla nó a tharlóidh ar an dáta sin nó dá éis, beidh éifeacht leis na forálacha seo a leanas, is é sin le rá— | |
[EN] | (a) ní bheidh an ceannaitheoir nó an morgáistí faoi dhliteanas méid is mó ná an méid dá dtagraítear i mír (c) i leith cáin oidhreachta ar an oidhreacht dá dtagraítear i mír (b); | |
[EN] | (b) an oidhreacht dá dtagraítear i mír (a) is oidhreacht maoine í ina bhfuil an leas a díoladh nó a morgáistíodh amhlaidh agus atá éirithe i leith leas an fhuíollaí dá dtagraítear in alt 23 teacht i seilbh amhlaidh; | |
[EN] | (c) is é an méid dá dtagraítear i mír (a) an méid ab iníoctha an tráth sin ag an gceannaitheoir nó ag an morgáistí i leith dleachtanna báis ar an maoin ina bhfuil an leas mar mhaoin a d'aistrigh faoin diúscairt chéanna faoinar glacadh an oidhreacht sin, ionann is dá mbeadh, ar an maoin sin teacht i seilbh, dleachtanna báis inmhuirearaithe uirthi— | |
[EN] | (i) faoin dlí a bhí i bhfeidhm; agus | |
[EN] | (ii) de réir an ráta nó na rátaí lena raibh éifeacht, | |
[EN] | ar dháta an díola nó an mhorgáistithe; | |
[EN] | (d) i gcás ina mbeidh leas den sórt sin morgáistithe amhlaidh, aon mhéid cánach oidhreachta is iníoctha i leith na hoidhreachta dá dtagraítear i mír (b) agus a dtugtar faoiseamh don mhorgáistí faoin alt seo óna íoc, is muirear i ndiaidh an mhorgáiste é i ndáil le maoin faoi mhuirear na cánach sin faoin alt sin d'ainneoin na tosaíochta dá dtagraítear in alt 47 (1); | |
[EN] | (e) ní bheidh aon duine, seachas an ceannaitheoir nó an morgáistí, a bheidh cuntasach in íoc an mhéid sin den cháin oidhreachta nach mbeidh de dhliteanas ar an gceannaitheoir nó ar an morgáistí de bhua an fhaoisimh a thugtar leis an alt seo, faoi dhliteanas aon mhéid aon mhéid a íoc i leith an chéanna de bhreis ar an méid a bheidh ar fáil aige le haghaidh an íoca sin de dhroim maoin eile, nó cothromas fuascailte, nó de dhroim maoin eile agus cothromas fuascailte, a bheith, tráth an leas a theacht i seilbh, faoi réir na n-iontaobhas céanna, faoin diúscairt dá dtagraítear i mír (c), a bhfuil an mhaoin ina bhfuil an leas feifeach faoina réir; agus | |
[EN] | (f) ní fhorléireofar aon ní in alt 35 (7) nó (8) nó in alt 47 (1) mar ní a laghdaíonn ar an bhfaoiseamh a thugtar leis an alt seo do cheannaitheoir nó do mhorgáistí. | |
[EN] |
Tagairtí i ngníomhais agus in uachtanna, etc. do dhleachtanna báis. |
65. —Sa mhéid go mbeidh tagairt (cibé téarmaí ina mbeidh sí) i socrú i ndoiciméad d'aon dleacht báis a d'éireodh ar aon bhás áirithe tarlú an 1ú lá d'Aibreán, 1975, nó dá éis, beidh éifeacht léi, a mhéid is féidir é, ionann is dá bhfolófaí tagairt do cháin oidhreachta sa tagairt— |
[EN] | (a) más roimh dháta an Achta seo a rith a forghníomhaíodh an doiciméad sin, agus gur tagairt do dhleacht leagáide agus do dhleacht comharbais nó do cheachtar acu an tagairt: | |
[EN] | (b) má forghníomhaíodh amhlaidh an doiciméad sin, agus gur tagairt do dhleacht eastáit an tagairt, agus gur féidir le réasún a ghlacadh mar thátal ó na cúinsí uile (lena n-áirítear aon chosúlacht idir titim cánach oidhreachta agus titim dleachta eastáit) gur den cheart an tagairt do cháin oidhreachta a chur isteach; agus | |
[EN] | (c) cibé acu is roimh dháta an Achta seo a rith nó dá éis sin a forghníomhaíodh an doiciméad, dá mba thagairt do dhleachtanna báis an tagairt, gan tagairt d'aon dleacht báis áirithe. | |
[EN] |
Comhshocraíochtaí maidir le faoiseamh ó chánachas dúbailte. |
66. —(1) Má dhearbhaíonn an Rialtas le hordú go bhfuil comhshocraíochtaí a bheidh sonraithe san ordú déanta le rialtas aon chríche lasmuigh den Stát i ndáil le faoiseamh a thabhairt ó chánachas dúbailte i leith cáin bhronntanais nó cáin oidhreachta is iníoctha faoi dhlíthe an Stáit agus aon cháin den ghné chéanna a forchuireadh faoi dhlíthe na críche sin nó is inmhuirearaithe faoi threoir báis nó bronntanas inter vivos agus gur fóirsteanach go mbeadh feidhm dlí ag na comhshocraíochtaí sin, beidh feidhm dlí, d'ainneoin aon ní in aon achtachán, ag na comhshocraíochtaí. |
[EN] | (2) Féadfaidh forálacha le haghaidh faoisimh ó cháin a muirearaíodh sula ndearnadh na comhshocraíochtaí agus forálacha maidir le maoin nach bhfuil faoi réir cánach dúbailte í féin a bheith ar áireamh in aon chomhshocraíochtaí dá dtugtar feidhm dlí leis an alt seo, agus beidh éifeacht dá réir sin le forálacha an ailt seo. | |
[EN] | (3) Chun críocha fho-alt (1), measfar maidir le comhshocraíochtaí a rinneadh le ceann stáit choigríche gur le rialtas an stáit sin a rinneadh iad. | |
[EN] | (4) I gcás feidhm dlí a bheith ag aon chomhshocraíochtaí de bhua an ailt seo, ní bheidh an oibleagáid maidir le rúndacht a fhorchuirtear le haon achtachán ina bac ar na Coimisinéiri cibé eolas a cheanglaítear a nochtadh faoi na comhshocraíochtaí a nochtadh d'aon oifigeach údaraithe don rialtas lena ndearnadh na comhshocraíochtaí. | |
[EN] | (5) (a) Féadfar aon ordú faoin alt seo a chúlghairm le hordú ina dhiaidh sin agus féadfaidh cibé forálacha idirlinne is dóigh leis an Rialtas a bheith riachtanach nó fóirsteannach a bheith in aon ordú cúlghairme den sórt sin. | |
[EN] | (b) I gcás ina mbeartófar ordú a dhéanamh faoin alt seo, leagfar dréacht de faoi bhráid Dháil Éireann agus ní dhéanfar an t-ordú go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag Dáil Éireann. | |
[EN] |
Faoiseamh eile ó chánachas dúbailte. |
67. —(1) (a) San alt seo— |
[EN] | ciallaíonn “cáin choigríche” aon cháin is inmhuirearaithe faoi dhlíthe aon chríche lasmuigh den Stát agus is d'aonghné le dleacht eastáit, cáin bhronntanais nó cáin oidhreachta; | |
[EN] | ciallaíonn “teagmhas”— | |
[EN] | (i) bás; nó | |
[EN] | (ii) aon teagmhas eile, | |
[EN] | ar faoina threoir a chinntear dáta an bhronntanais nó dáta na hoidhreachta. | |
[EN] | (b) Chun críocha an ailt seo, aon tagairt do mhaoin i gcríoch lasmuigh den Stát is tagairt í do mhaoin sa chríoch sin ar dháta an bhronntanais nó ar dháta na hoidhreachta, cibé acu é, nó do mhaoin in ionannas na maoine sin. | |
[EN] | (2) I gcás inar deimhin leis na Coimisinéirí bronntanas inchánach nó oidhreacht inchánach, a ghlac deontaí nó comharba faoi dhiúscairt ar aon teagmhas tarlú, a bheith laghdaithe trí cháin choigríche a íoc is inmhuirearaithe i ndáil leis an teagmhas céanna faoin diúscairt chéanna i leith maoin atá sa chríoch lasmuigh den Stát inarb inmhuirearaithe an cháin choigríche sin, lamhálfaidh siad creidmheas i leith na cánach coigríche sin i gcoinne na cánach bronntanais nó na cánach oidhreachta is iníoctha ag an deontaí sin nó ag an gcomharba sin ar an mbronntanas inchánach sin nó ar an oidhreacht inchánach sin; ach ní bheidh an creidmheas sin níos mó ná— | |
[EN] | (a) méid na cánach bronntanais nó na cánach oidhreachta is iníoctha i leith na maoine céanna mar gheall ar an maoin sin a bheith ar áireamh in aon bhronntanas inchánach nó in aon oidhreacht inchánach a glacadh faoin diúscairt sin ar an teagmhas sin tarlú; nó | |
[EN] | (b) méid na cánach coigríche sin, | |
[EN] | cibé acu is lú. | |
[EN] | (3) Beidh forálacha an ailt seo faoi réir aon chomhshocraíocht dá dtugtar éifeacht dlí faoi alt 66, agus, má bhíonn foráil in aon chomhshocraíocht den sórt sin le méid cánach is iníoctha i gcríoch lasmuigh den Stát a lamháil mar chreidmheas i gcoinne cánach bronntanais nó cánach oidhreachta, beidh feidhm ag forálacha na comhshocraíochta i ndáil leis an gcáin is iníoctha sa chríoch sin in ionad forálacha fho-alt (2). | |
[EN] | (4) Más rud é gur lú an méid cánach ab iníoctha i leith bronntanais inchánach nó i leith oidhreachta inchánach dá n-asbhainfí (le linn luach inchánach an bhronntanais inchánach nó na hoidhreachta inchánach a bheith á fhionnadh) méid na cánach coigríche a bhfuil an bronntanas inchánach nó an oidhreacht inchánach faoina réir ná bheadh sé trí chreidmheas a lamháil— | |
[EN] | (a) faoi fho-alt (2); nó | |
[EN] | (b) faoi aon chomhshocraíocht dá dtugtar éifeacht dlí faoi alt 66, | |
[EN] | déanfar an asbhaint sin d'ainneoin forálacha alt 18 (5) (b), agus ní lamhálfar aon chreidmheas den sórt sin. | |
[EN] | (5) I gcás ina mbeidh sé ordaithe faoi théarmaí diúscartha an cháin choigríche i leith maoin atá ar áireamh i mbronntanas inchánach nó in oidhreacht inchánach a glacadh faoin diúscairt ar teagmhas tarlú a íoc as bronntanas inchánach nó as oidhreacht inchánach (a glacadh faoin diúscairt sin ar an teagmhas céanna tarlú) seachas an bronntanas inchánach nó an oidhreacht inchánach as a mbeadh sí iníoctha d'éagmais ordú den sórt sin, ansin, chun críocha fho-alt (2), déileálfar leis an mbronntanas inchánach nó leis an oidhreacht inchánach, as a mbeadh an cháin choigríche iníoctha d'éagmais ordú den sórt sin, amhail is dá mba gur laghdaíodh é nó í tríd an gcáin choigríche a íoc agus ní dhéileálfar amhlaidh le haon bhronntanas inchánach ná le haon oidhreacht inchánach eile. | |
[EN] |
Cáin, i ndáil le reachtaíocht áirithe. |
68. —(1) Ní dleacht ná dleacht báis chun críocha alt 9 den Acht Comharbais, 1965 , cáin oidhreachta, ach is dleacht báis í— |
[EN] | (a) chun críocha alt 34 (3) den Acht sin; | |
[EN] | (b) chun críocha an mhínithe ar leagáid airgid in alt 3 (1) den Acht sin; agus | |
[EN] | (c) chun críocha mhír 8 de Chuid II den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht sin. | |
[EN] | (2) Beidh feidhm ag alt 72 den Acht um Chlárú Teidil, 1964 , ionann is dá mbeadh cáin bhronntanais agus cáin oidhreachta luaite ann mar aon le dleacht eastáit agus dleacht chomharbais. | |
[EN] |
Leathnú ar Achtanna áirithe. |
69. —(1) Leasaítear leis seo alt 1 den Acht um Bhailiú Shealadach Cánach, 1927 , trí “agus cáin bhronntanais agus cáin oidhreachta” a chur isteach roimh “ach ní fholuíonn sé aon cháin ná diúite eile”. |
[EN] | (2) Leasaítear leis seo alt 39 den Inland Revenue Regulation Act, 1890, trí “gift tax and inheritance tax,” a chur isteach roimh “stamp duties”. | |
[EN] |
Fógraí agus foirmeacha, etc. a sheachadadh agus a sheirbheáil agus fianaise orthu. |
70. —(1) Féadfar aon fhógra a sheirbheáil leis an bpost a n-údaraítear nó a gceanglaítear faoin Acht seo go dtabharfadh na Coimisinéirí é. |
[EN] | (2) Féadfar fógra nó foirm a bheidh le seirbheáil ar dhuine a sheachadadh dó nó a fhágáil ag a ghnáth-áit chónaí nó ag an áit chónaí is déanaí is eol a bheith aige. | |
[EN] | (3) Féadfar fianaise prima facie ar aon fhógra a bheidh tugtha faoin Acht seo ag na Coimisinéirí nó ag aon oifigeach de chuid na gCoimisinéirí a thabhairt in aon imeachtaí trí dhoiciméad a thabhairt ar aird a airbheartóidh gur cóip den fhógra é, agus ní gá cruthúnas a thabhairt ar phost oifigiúil an duine a n-airbheartaítear gurb é a thug an fógra ná, má bhíonn an fógra sínithe, ar an síniú, ná go raibh ag an duine a shínigh agus a thug é údarás sin a dhéanamh. | |
[EN] | (4) In aon chás a mbeidh teorainn ama sonraithe leis an Acht seo nó faoi, seachas Cuid VIII de, le haon ghníomh a dhéanamh a cheanglaítear leis an Acht seo nó faoi, seachas Cuid VIII de, a dhéanamh ag aon duine seachas na Coimisinéirí, féadfaidh na Coimisinéirí, dá rogha féin, an teorainn ama sin a shíneadh. | |
[EN] |
Rialacháin. |
71. —(1) Déanfaidh na Coimisinéirí cibé rialacháin is dóigh leo is gá le héifeacht a thabhairt don Acht seo agus lena chumasú dóibh a bhfeidhmeanna faoin Acht seo a chomhlíonadh. |
[EN] | (2) Gach rialachán a dhéanfar faoin alt seo leagfar é faoi bhráid Dháil Éireann a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann Dáil Éireann laistigh den lá is fiche a shuífidh Dáil Éireann tar éis an rialachán a leagan faoina bráid rún a rith ag neamhniú an rialacháin beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán. | |
[EN] |
Cúram agus bainistí. |
72. —(1) Cuirtear cáin leis seo faoi chúram agus faoi bhainistí na gCoimisinéirí. |
[EN] | (2) Faoi réir threoir agus rialú na gCoimisinéirí, féadfaidh oifigeach do na Coimisinéirí aon chumhacht, feidhm nó dualgas a bhronntar nó a fhorchuirtear ar na Coimisinéirí leis an Acht seo a fheidhmiú nó a chomhlíonadh thar a gceann. |