An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I Réamhráiteach) Ar Aghaidh (CUID III Cáin Oidhreachta)

8 1976

AN tACHT UM CHÁIN FHÁLTAS CAIPITIÚIL, 1976

CUID II

Cáin Bhronntanais

Cáin bhronntanais a mhuirearú.

4. —Déanfar, faoi réir an Achta seo agus na rialachán faoin Acht seo, cáin fháltas caipitiúil, dá ngairfear cáin bhronntanais agus a ríomhfar mar a fhoráiltear anseo ina dhiaidh seo, a mhuirearú, a thobhach agus a íoc ar luach inchánach gach bronntanais inchánach a ghlacfaidh deontaí, i gcás inarb é an 28ú lá d'Fheabhra, 1974, nó dáta dá éis sin dáta an bhronntanais.

Measfar bronntanas a bheith glactha.

5. —(1) Chun críocha an Achta seo, i gcás ina dtiocfaidh duine, faoi réim nó de dhroim aon diúscartha, chun teideal tairbhiúil seilbhe a bheith aige, seachas ar bhás, chun aon sochair (cibé acu a bheidh nó nach mbeidh aon leas cheana féin sa mhaoin ina nglacfaidh sé an sochar sin ag an duine a thiocfaidh chun an teideal sin a bheith aige), seachas ar chomaoin iomlán in airgead nó i luach airgid a d'íoc sé, measfar gur ghlac sé bronntanas.

(2) Measfar maidir le bronntanas—

(a) é a bheith comhdhéanta d'iomlán na maoine, nó, de réir mar a bheidh, den chuid iomchuí den mhaoin, ina nglacfaidh an deontaí sochar, nó ar a mbeidh an sochar muirearaithe nó urraithe nó a mbeidh an deontaí i dteideal a chur faoi deara é a mhuirearú nó a urrú; agus

(b) más é sochar é blianacht nó íocaíocht thréimhsiúil eile nach bhfuil muirearaithe ar aon mhaoin ná urraithe le haon mhaoin agus nach bhfuil an deontaí i dteideal a chur faoi deara í a mhuirearú nó a urrú amhlaidh, gurb ionann é agus suim a mbeadh, dá ndéanfaí í a infheistiú ar dháta an bhronntanais san urrús leis an Rialtas is déanaí a eisíodh roimh an dáta sin le suibscríobh sa Stát agus is infhuascailte tráth nach luaithe ná 10 mbliana tar éis dáta a eisithe, ioncam bliantúil, ar fhoras an toraidh reatha ar an urrús, ar cóimhéid le luach bliantúil na blianachta nó na híocaíochta tréimhsiúla eile is infhaighte ag an deontaí de thoradh uirthi.

(3) Chun críocha alt 6 (1) (c), measfar nach sa Stát ar dháta an bhronntanais don tsuim dá dtagraítear i bhfo-alt (2) (b).

(4) I gcás ina ndéanfaidh duine diúscairt faoina dtiocfaidh gaol don duine chun teideal tairbhiúil seilbhe a bheith aige chun aon sochair, ní áireofar chun críocha an ailt seo mar chomaoin i leith an sochar sin nó aon chuid de a dheonú blianacht nó leas eile, a bheidh teoranta chun foirceannadh ar an duine d'fháil bháis, nó tráth nach infhionnta ach amháin faoi threoir a bháis, a bhunú nó a dhiúscairt i bhfabhar an duine sin.

(5) Chun críocha an Achta seo, ciallaíonn “an chuid iomchuí”, i ndáil le maoin dá dtagraítear i bhfo-alt (2), an chuid sin den mhaoin uile ina bhfuil an sochar, nó ar a bhfuil an sochar muirearaithe nó urraithe, nó a bhfuil an deontaí i dteideal a chur faoi deara é a mhuirearú nó a urrú amhlaidh air, a bhfuil an coibhneas céanna idir é agus an mhaoin uile atá idir luach bliantúil comhiomlán an tsochair agus luach bliantúil comhiomlán na maoine uile, agus measfar an bronntanas a bheith comhdhéanta den chuid iomchuí de gach uile mhír riamh maoine atá sa mhaoin uile.

(6) (a) I gcás ina ndearnadh conradh nó comhaontú, roimh an 28ú lá d'Fheabhra, 1974, a bhfuair duine, faoi nó dá dhroim, de cheart, ar shlí seachas ar chomaoin iomlán in airgead nó i luach airgid, go n-aistreofaí sochar chuige, nó chuig duine eile lena cheart nó thar a cheann, agus i gcás gníomh nó gníomhartha a dhéanamh, ar an dáta sin nó dá éis, de bhun, do chomhlíonadh nó do shásamh an chonartha nó an chomhaontaithe sin, go hiomlán nó go páirteach, ansin, measfar nach é an tráth a fuarthas an ceart mar a dúradh a ghlac an duine sin, nó a glacadh lena cheart nó thar a cheann, an bronntanas nó an oidhreacht, cibé acu é, ach

(i) an tráth a aistríodh an sochar chuige nó chuig duine eile lena cheart nó thar a cheann; nó

(ii) an tráth a tháinig sé féin nó duine eile lena cheart nó thar a cheann chun teideal tairbhiúil seilbhe a bheith aige chun an tsochair,

cibé tráth acu ba dhéanaí.

(b) San fho-alt seo, ní fholaíonn tagairt do chonradh nó do chomhaontú tagairt do chonradh nó do chomhaontú—

(i) is deontas, aistriú, sannadh nó tíolacas comhlán; nó

(ii) ab inchurtha i bhfeidhm trí chaingeann roimh an 28ú lá d'Fheabhra, 1974.

Bronntanas inchánach.

6. —(1) San Acht seo ciallaíonn “bronntanas inchánach”—

(a) i gcás bronntanais, seachas bronntanas a glacadh faoi iontaobhas lánroghnach—

(i) más sa Stát a bhí sainchónaí ar an diúscróir ar dháta na diúscartha faoinar ghlac an deontaí an bronntanas;

(ii) má b'é dlí an Stáit, ar dháta na diúscartha, dlí cuí na diúscartha faoinar ghlac an deontaí an bronntanas,

iomlán an bhronntanais;

(b) i gcás bronntanas a glacadh faoi iontaobhas lánroghnach—

(i) más sa Stát a bhí sainchónaí ar an diúscróir ar dháta an bhronntanais nó (i gcás bronntanas a glacadh tar éis a bháis) más sa Stát a bhí sainchónaí air ar dháta a bháis; nó

(ii) má b'é dlí an Stáit, ar dháta an bhronntanais, dlí cuí an iontaobhais lánroghaigh,

iomlán an bhrontanais; agus

(c) in aon chás eile, an méid sin den mhaoin, arb í an bronntanas í, a bhí sa Stát ar dháta an bhronntanais.

(2) Chun críocha fho-alt (1) (c), measfar ceart chun an tsochair ó mhaoin a dhíol a bheith sa Stát a mhéid atá an mhaoin sin gan díol agus sa Stát.

(3) D'ainneoin aon ní i bhfo-alt (1), ní bronntanas inchánach aon chuid den mhaoin arb í an bronntanas í—

(a) má glacadh an bronntanas roimh an lú lá d'Aibreán, 1975; agus

(b) má fuair an diúscróir i ndáil leis an mbronntanas bás roimh an dáta sin.

Dliteanas cánach bronntanais i leith bronntanas a ghlacann nascthionóntaí.

7. —Is é an dliteanas cánach bronntanais díreach céanna a bheidh ar dhaoine i leith bronntanas a ghlac siad mar nasc-thionontaí a bheadh orthu dá mba mar thionontaí i gcoiteannas agus ina scaireanna comhionanna a ghlacfaidís an bronntanas.

An diúscróir i ndiúscairtí comhcheangailte áirithe.

8. —(1) I gcás deontaí do ghlacadh bronntanais faoi dhiúscairt a rinne diúscróir (dá ngairtear an diúscróir bunaidh san alt seo) agus go ndéanfaidh an deontaí, laistigh den tréimhse dar tosach dáta trí bliana roimh dháta, agus dar críoch dáta trí bliana tar éis dáta, an bhronntanais sin, diúscairt faoina nglacfaidh an dara deontaí bronntanas, agus cibé acu a dhéanfaidh nó nach ndéanfaidh an dara deontaí diúscairt sa tréimhse chéanna faoina nglacfaidh an tríú deontaí bronntanas, agus mar sin de, measfar gur ón diúscróir bunaidh (agus nach ón diúscróir is neasa ar faoina dhiúscairt a glacadh an bronntanas) a ghlac gach deontaí bronntanas; agus measfar gur oidhreacht (agus nach bronntanas) a ghlac an deontaí, mar chomharba, ón diúscróir bunaidh bronntannas a mheastar a glacadh amhlaidh más rud é—

(a) go bhfaighidh an diúscróir bunaidh bás laistigh de dhá bhliain tar éis dáta na diúscartha a rinne sé; agus

(b) gurb é an 1ú lá d'Aibreán, 1975, nó dáta dá éis sin dáta na diúscartha.

(2) Ní bheidh feidhm ag an alt seo i gcás aon diúscartha (dá ngairtear an diúscairt chéadluaite san fho-alt seo) a mhéid nach ndearnadh aon diúscairt eile, a raibh baint aici mar a thuairiscítear i bhfo-alt (1) leis an diúscairt chéadluaite sin, d'fhonn go bhféadfaí nó gurbh fhusa a d'fhéadfaí an diúscairt chéadluaite a dhéanamh nó a chostas a fháil ar ais in aon slí.

Bronntanais inchomhiomlánaithe.

9. —Aon bhronntanas a ghlac deontaí an 28ú lá d'Fheabhra, 1969, nó dá éis, agus roimh an 28ú lá d'Fheabhra, 1974, a mhéid is bronntanas inchánach é, déanfar, chun cáin a ríomh—

(a) ar aon bhronntanas inchánach a ghlac an deontaí sin ón diúscróir céanna an 28ú lá d'Fheabhra, 1974, nó dá éis; agus

(b) ar aon oidhreacht inchánach a ghlac an deontaí sin, mar chomharba, ón diúscróir céanna an 1ú lá d'Aibreán, 1975, nó dá éis,

é a chomhiomlánú, de réir forálacha an Dara Sceideal, leis an mbronntanas inchánach nó an oidhreacht inchánach sin is déanaí a luaitear.