An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID III Cáin Oidhreachta) Ar Aghaidh (CUID V Forálacha a bhaineann le Bronntanais agus le hOidhreachtaí)

8 1976

AN tACHT UM CHÁIN FHÁLTAS CAIPITIÚIL, 1976

CUID IV

Luach Maoine le haghaidh Cánach

Margadhluach maoine.

15. —(1) Faoi réir forálacha an Achta seo, measfar gurb é margadhluach aon mhaoine chun críocha an Achta seo an praghas a gheofaí, i dtuairim na gCoimisinéirí, ar an maoin sin dá ndíolfaí í ar an margadh oscailte ar an dáta a bheidh an mhaoin le luacháil ar cibé modh agus faoi réir cibé coinníollacha ba dhóigh, le réasún, a tharraingeodh an praghas ab fhearr ar an maoin don díoltóir.

(2) Ní dhéanfaidh na Coimisinéirí, le linn margadhluach aon mhaoine a bheith á mheas, aon laghdú ar an meastachán toisc go ndearnadh an meastachán ar an mbonn go gcuirfear an mhaoin go léir ar an margadh an tráth céanna.

(3) Déanfaidh na Coimisinéirí margadhluach aon mhaoine a fhionnadh ar cibé modh agus ar cibé slí inar cuí leo agus féadfaidh siad a údarú do dhuine aon mhaoin a iniúchadh agus luach an chéanna a thuairisciú dóibh chun críocha an Achta seo, agus tabharfaidh an duine a bheidh i gcúram nó i seilbh na maoine sin cead don duine a bheidh údaraithe amhlaidh í a iniúchadh cibé tráthanna réasúnacha is dóigh leis na Coimisinéirí is gá.

(4) I gcás ina gceanglóidh na Coimisinéirí go ndéanfaidh duine a ainmneoidh siad luacháil, íocfaidh na Coimisinéirí costais na luachála sin.

(5) Faoi réir forálacha an Achta seo, measfar, le linn an praghas a bheith á mheas a d'fhéadfaí bheith ag súil a gheofaí ar scaireanna neamhluaite nó urrúis neamhluaite dá ndíolfaí iad ar an margadh oscailte, toimhdeofar go bhfuil ar fáil ar an margadh sin d'aon duine a mbeadh beartaithe aige na scaireanna nó na hurrúis a cheannach an fhaisnéis go léir a theastódh le réasún ó dhuine stuama dá mbeadh beartaithe aige iad a cheannach ó dhíoltóir toilteanach trí chonradh príobháideach agus ar neamhthuilleamaí.

(6) I bhfo-alt (5), ciallaíonn “scaireanna neamhluaite nó urrúis neamhluaite” scaireanna nó urrúis nach ndéileáiltear iontu ar stocmhargadh.

Margadhluach scaireanna áirithe i gcuideachtaí trádála príobháideacha.

16. —(1) Déanfaidh na Coimisinéirí margadhluach gach scaire i gcuideachta thrádála phríobháideach ar cuideachta í (tar éis an bronntanas nó an oidhreacht a ghlacadh), ar dháta an bhronntanais nó ar dháta na hoidhreachta, faoi rialú an deontaí nó an chomharba, a fhionnadh, chun críocha cánach, ionann is dá mba chuid í de chnuasach scaireanna ar leor a líon le go mbeadh rialú ar an gcuideachta ag úinéir an chnuasaigh.

(2) San alt seo—

folaíonn “ainmní” duine ar féidir a cheangal air a chumhacht vótála a fheidhmiú ar orduithe ó dhuine eile nó a shealbhaíonn a scaireanna, go díreach nó go hindíreach, thar ceann duine eile;

ciallaíonn “cuideachta phríobháideach” comhlacht corpraithe (cibé áit a bhfuil sé corpraithe)—

(a) nach mó ná caoga líon na scairshealbhóirí ann (gan fostaithe nach stiúrthóirí ar an gcuideachta ná aon scairshealbhóir atá ina scairshealbhóir mar ainmní úinéir tairbhiúil scaireanna a áireamh);

(b) nach de thoradh cuireadh poiblí suibscríobh le haghaidh scaireanna a d'eisigh sé aon chuid dá scaireanna; agus

(c) atá faoi rialú ag cuid nach mó ná cúigear daoine;

ciallaíonn “cuideachta thrádála phríobháideach” cuideachta phríobháideach nach cuideachta neamhthrádála phríobháideach de réir brí alt 17.

(3) San alt seo, aon tagairt do chuideachta faoi rialú an deontaí nó an chomharba is tagairt í do chuideachta faoi rialú duine nó daoine acu seo a leanas, is é sin le rá, an deontaí nó an comharba, gaolta an deontaí nó an chomharba, ainmnithe de chuid an deontaí nó an chomharba, ainmnithe de chuid gaolta don deontaí nó don chomharba, agus iontaobhaithe socraíochta ar dá chuspóirí an deontaí nó an comharba nó gaolta don deontaí nó don chomharba; agus chun críocha an ailt seo measfar gur gaol don deontaí nó don chomharba cuideachta atá faoi rialú an deontaí nó an chomharba amhlaidh.

(4) Chun críocha an ailt seo—

(a) measfar cuideachta a bheith faoi rialú ag cuid nach mó ná cúigear daoine má fheidhmíonn aon chúigear daoine nó aon chuid is lú ná cúigear daoine, le chéile, rialú, nó má fhéadann siad rialú a fheidhmiú, nó má tá siad i dteideal rialú a fháil, go díreach nó go hindíreach, ar an gcuideachta; agus chun na críche sin—

(i) daoine is gaolta d'aon duine eile i dteannta an duine eile sin;

(ii) daoine is ainmnithe de chuid aon duine eile i dteannta an duine eile sin;

(iii) daoine i gcomhpháirtíocht; agus

(iv) daoine a bhfuil leas acu in aon scaireanna nó oibleagáidí de chuid na cuideachta atá faoi réir aon iontaobhais nó is cuid d'eastát duine éagtha,

measfar gur duine aonair gach duine díobh faoi seach; agus

(b) measfar rialú a bheith ag duine ar chuideachta tráth ar bith más rud é—

(i) go raibh aige an tráth sin rialú ar chumhachtaí vótála ar gach ceist nó ar aon cheist áirithe a bhain leis an gcuideachta i gcoitinne ar chumhachtaí iad a thabharfadh, dá bhfeidhmeofaí iad, tromlach na vótaí ab infheidhmithe ar an gceist, nó go bhféadfadh sé an tráth sin an rialú sin a fháil trí chumhacht a fheidhmiú an tráth sin ab infheidhmithe aige nó le hordú uaidh nó lena thoiliú;

(ii) go raibh de chumas aige an tráth sin, nó go bhféadfadh sé an tráth sin trí chumhacht a fheidhmiú ab infheidhmithe aige nó le hordú uaidh nó lena thoiliú an cumas a fháil, aon chumhacht acu seo a leanas a fheidhmiú nó a bhfeidhmiú a rialú, is é sin le rá—

(I) cumhachtaí bhord stiúrthóirí na cuideachta;

(II) cumhachtaí stiúrthóra ceannais ar an gcuideachta;

(III) cumhacht tromlach stiúrthóirí na cuideachta nó stiúrthóir ceannais ar an gcuideachta a ainmniú;

(IV) cumhacht urbhang a chur le ceapadh stiúrthóra ar an gcuideachta, nó

(V) cumhachtaí den chineál céanna;

(iii) go raibh ceart aige an tráth sin cuid is mó ná leath mhéid iomlán díbhinní na cuideachta a fháil, dearbhaithe nó gan dearbhú, nó go raibh sé á bhfáil, agus chun críocha na fomhíre seo measfar go bhfolaíonn “díbhinn” ús ar aon bhintiúir de chuid na cuideachta; nó

(iv) go raibh leas aige an tráth sin i scaireanna de chuid na cuideachta dar luach ainmniúil comhiomlán méid ab ionann agus leath nó níos mó ná leath luach ainmniúil comhiomlán scaireanna na cuideachta.

Margadhluach scaireanna áirithe i gcuideachtaí neamhthrádála príobháideacha.

1967, Uimh. 6

17. —(1) Chun críocha an Achta seo, is é margadhluach gach scaire i gcuideachta neamhthrádála phríobháideach, ar cuideachta í (tar éis an bronntanas nó an oidhreacht a ghlacadh), ar dháta an bhronntanais nó ar dháta na hoidhreachta, faoi rialú an deontaí nó an chomharba, cibé suim ab iníoctha i leith na scaire le húinéir na scaire dá mbeadh an chuideachta arna foirceannadh go saorálach agus na sócmhainní go léir arna réadú ar an dáta ar a mbeidh an scair le luacháil.

(2) San alt seo—

ciallaíonn “ioncam infheistíochta”, i ndáil le cuideachta phríobháideach, ioncam nárbh ioncam tuillte é de réir brí alt 2 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , dá mba phearsa aonair an chuideachta:

tá le “cuideachta phríobháideach” agus le “cuideachta faoi rialú an deontaí nó an chomharba” na bríonna a shanntar dóibh le halt 16;

ciallaíonn “cuideachta neamhthrádála phríobháideach” cuideachta phríobháideach—

(a) ar ioncam infheistíochta go hiomlán nó go formhór a hioncam (má b'ann) sa dá mhí dhéag roimh an dáta ar a mbeidh scair inti le luacháil; agus

(b) ar mhaoin as ar tháinig ioncam infheistíochta a maoin go hiomlán nó go formhór ar an dáta dá dtagraítear i mír (a).

(3) I gcás ina n-áirítear ar shócmhainní chuideachta neamhthrádála phríobháideach den sórt dá dtagraítear i bhfo-alt (1) scair i gcuideachta neamhthrádála phríobháideach eile den sórt sin (dá ngairtear an chuideachta dheiridh anseo ina dhiaidh seo), fionnfar margadhluach na scaire sin ar an bhforas go bhfuil an chuideachta dheiridh arna foirceannadh go saorálach agus a sócmhainní arna réadú ar an dáta a bheidh an scair le luacháil.

(4) Le linn margadhluach na scaire dá dtagraítear i bhfo-alt (1) nó (3) a bheith á chinneadh, ní chuirfear san áireamh costais aon chuideachta a fhoirceannadh ná costais a sócmhainní a réadú.

(5) Le linn an méid a bheadh de bharr sócmhainní cuideachta a réadú a bheith á fhionnadh chun críocha fho-alt (1) nó (3), measfar gurbh é an méid a bheadh de bharr na sócmhainní a réadú méid a margadhluacha amhail ar an dáta ar a mbeidh an scair dá dtagraítear i bhfo-alt (1) nó (3) le luacháil.

Luach inchánach bronntanais inchánach nó oidhreachta inchánach.

18. —(1) San alt seo, ciallaíonn “luach saor-ó-eire”, i ndáil le bronntanas inchánach nó le hoidhreacht inchánach, an luach arb éard é, ar an dáta luachála, margadhluach na maoine arb í an bronntanas inchánach nó an oidhreacht inchánach ar an dáta sin í, tar éis aon dliteanais, costais agus caiteachais a asbhaint is iníoctha go cuí as an mbronntanas inchánach nó as an oidhreacht inchánach.

(2) Faoi réir forálacha an ailt seo (ach amháin mar a fhoráiltear in alt 19), fionnfar luach inchánach bronntanais inchánach nó oidhreachta inchánach (i gcás nach leas teoranta an leas a ghlacann an deontaí nó an comharba) trí shuim a bhaint as luach saor-ó-eire an chéanna ar cóimhéid le margadhluach aon chomaoine bona fide, in airgead nó i luach airgid, a d'íoc an deontaí nó an comharba ar an mbronntanas nó ar an oidhreacht, lena n-áirítear—

(a) aon dliteanas de chuid an diúscróra a gheallann an deontaí nó an comharba a urscaoileadh mar dhliteanas pearsanta dá chuid féin; agus

(b) aon dliteanas eile a bhfuil an bronntanas nó an oidhreacht faoina réir de réir téarmaí na diúscartha faoina nglactar an céanna,

agus is é an méid a fhionnfar amhlaidh an luach inchánach:

Ar choinníoll nach ndéanfar aon asbhaint faoin bhfo-alt seo i leith aon dliteanas a bheidh le hasbhaint le linn an luach saor-ó-eire a bheith á fhionnadh.

(3) I gcás ina mbeidh dliteanas (seachas dliteanas de réir brí fho-alt (9)) ar féidir asbhaint a dhéanamh ina leith faoi fhorálacha fho-alt (1) nó (2) le hurscaoileadh tar éis an trátha a bheidh sé le cur i gcuntas mar asbhaint faoi cheachtar de na fo-ailt sin, is é luach a luachálfar dó chun asbhaint den sórt sin a dhéanamh a mhargadhluach reatha an tráth a bheidh sé le cur i gcuntas amhlaidh.

(4) Déanfar luach inchánach bronntanais inchánach nó oidhreachta inchánach, i gcás inar leas teoranta an leas a ghlacann an deontaí nó an comharba, a fhionnadh mar a leanas—

(a) fionnfar, de réir na Rialacha atá sa Chéad Sceideal, luach an leasa theoranta i suim chaipitiúil is cóimhéid leis an luach saor-ó-eire; agus

(b) bainfear as an luach a fhionnfar de réir mhír (a) suim i leith mhargadhluach aon chomaoine bona fide in airgead nó i luach airgid a d'íoc an deontaí nó an comharba ar an mbronntanas nó ar an oidhreacht agus is é an méid a bheidh fágtha tar éis na hasbhainte sin an luach inchánach:

Ar choinníoll nach ndéanfar aon asbhaint faoin mír seo i leith aon dliteanas a bheidh le hasbhaint le linn an luach saor-ó-eire a bheith á fhionnadh.

(5) Ní dhéanfar asbhaint faoi fhorálacha an ailt seo—

(a) i leith aon dliteanas a mbraitheann a íoc ar theagmhas éigin tarlú san am le teacht:

Ar choinníoll má tharlaíonn an teagmhas a mbeidh an dliteanas ag brath ar é tarlú agus go n-íocfar an dliteanas, ansin, ar éileamh ar fhaoiseamh a bheith déanta ar na Coimisinéirí agus faoi réir forálacha eile an ailt seo, go ndéanfar asbhaint i leith an dliteanais agus cibé coigeartú cánach is iomchuí; agus déanfar an coigeartú sin ar an bhforas gur ghlac an deontaí nó an comharba leas seilbhe sa mhéid a bheidh le hasbhaint i leith an dliteanais, ar feadh tréimhse cinnte a bhí comhfhad leis an tréimhse iarbhír a bhí íoc an dliteanais iarchurtha;

(b) i leith aon dliteanais, costas nó caiteachas a mhéid atá ceart aisíoca ó aon fhoinse ag an deontaí nó ag an gcomharba, mura rud é nach féidir an t-aisíoc sin a fháil;

(c) i leith aon dliteanas a bhunaigh an deontaí nó an comharba nó aon duine agus é ag éileamh le ceart an deontaí nó an chomharba nó thar a cheann;

(d) i leith cáin, ús nó pionóis is inmhuirearaithe faoin Acht seo i leith an bhronntanais nó na hoidhreachta, nó na gcostas, na gcaiteachas nó an úis a tabhaíodh ag cruinniú nó ag íoc an chéanna;

(e) i leith aon dliteanais a mhéid gurb éard an dliteanas sin eire ar mhaoin, nó gur bunaíodh nó gur tabhaíodh é ag fáil aon mhaoine, atá ar áireamh in aon bhronntanas nó oidhreacht agus atá díolmhaithe ó cháin faoi aon fhoráil den Acht seo nó ar shlí eile;

(f) i gcás aon bhronntanas nó oidhreacht dá dtagraítear in alt 6 (1) (c) nó in alt 12 (1) (b) i leith—

(i) aon dliteanas, costais nó caiteachais a bheidh dlite do dhuine a chónaíonn lasmuigh den Stát (ach amháin a mhéid a cheanglaíonn conradh gur sa Stát a d'íocfaí an dliteanas sin nó gur ar an maoin atá sa Stát agus atá ar áireamh sa bhronntanas nó san oidhreacht atá an dliteanas sin muirearaithe); nó

(ii) aon dliteanas, costais nó caiteachais a mhéid atá an céanna muirearaithe ar mhaoin, nó urraithe le maoin, atá ar áireamh sa bhronntanas nó san oidhreacht agus nach sa Stát di,

ach amháin a mhéid nach leor chun an dliteanas, na costais nó na caiteachais a íoc an mhaoin go léir atá lasmuigh den Stát agus atá ar áireamh sa bhronntanas nó san oidhreacht;

(g) i leith aon cháin a lamháiltear creidmheas ina leith faoi faoi fhorálacha alt 66 nó 67.

(6) I gcás bronntanas nó oidhreacht dá dtagraítear i bhfo-alt (5) (f), ní rachaidh aon asbhaint a dhéanfar faoi fho-alt (2) nó (4) (b) thar an gcion den chomaoin a mbeidh an coibhneas céanna idir é agus iomlán na comaoine a bheidh idir an bronntanas inchánach nó an oidhreacht inchánach agus iomlán an bhronntanais nó iomlán na hoidhreachta.

(7) Ná dhéanfar asbhaint faoi fhorálacha an ailt seo—

(a) níos minice ná uair amháin i leith an dliteanais chéanna, na gcostas céanna, na gcaiteachas céanna nó na comaoine céanna, i ndáil leis na bronntanais agus na hoidhreachtaí go léir a ghlac an deontaí nó an comharba ón diúscróir; ná

(b) i leith aon dliteanais, costas, caiteachas nó comaoine a mbeidh cion de le lamháil faoi fhorálacha alt 19 (2) (ii) nó (iii) in ndáil le bronntanas nó oidhreacht a ghlac an deontaí nó an comharba ón diúscróir.

(8) I gcás ina mbeidh bronntanas inchánach nó oidhreacht inchánach faoi réir dliteanais de réir brí fho-alt (9), is í asbhaint a dhéanfar i leith an chéanna faoin alt seo asbhaint ar cóimhéid le margadhluach iomlán na maoine, nó na coda iomchuí den mhaoin, cibé acu é, de réir brí alt 5 (5).

(9) Chun críche fho-alt (8), ciallaíonn “dliteanas”, i ndáil le bronntanas inchánach nó le hoidhreacht inchánach, dliteanas a bhaineann den deontaí nó den chomharba, go buan nó go sealadach, úsáid, teachtadh nó ioncam, iomlán nó páirteach, na maoine, nó aon choda den mhaoin, arb í an bronntanas inchánach nó an oidhreacht inchánach í.

(10) I gcás—

(a) comaoin bona fide in airgead nó i luach airgid a bheith íoctha ag duine le go ndeonófaí, trí dhiúscairt, leas feifeach i maoin dó; agus

(b) an duine sin, ar theacht dó i seilbh an leasa fheifigh, do ghlacadh na maoine sin de bhronntanas nó d'oidhreacht faoin diúscairt sin,

is í asbhaint a dhéanfar faoi fho-alt (2) nó (4) (b) i leith comaoin a d'íoc an duine sin suim ar cóimhéid leis an gcoibhneas céanna de luach inchánach an bhronntanais inchánach nó na hoidhreachta inchánach (ionann is nach mbeadh asbhaint déanta cheana féin i leith na comaoine sin) a bhí idir méid na comaoine a íocadh amhlaidh agus margadhluach an leasa fheifigh ar dháta na comaoine a íoc.

(11) Aon asbhaint a dhéanfar, faoi fhorálacha an ailt seo, i leith dliteanais is eire ar aon mhaoin is in aghaidh na maoine sin a dhéanfar í a mhéid is féidir sin.

Luach maoine talmhaíochta.

19. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “maoin talmhaíochta” talamh talmhaíochta, talamh féaraigh agus talamh coille sa Stát agus barraí, crainn agus casarnach ag fás ar thalamh den sórt sin agus folaíonn sé freisin cibé foirgnimh feirme, tithe feirme agus maintithe (mar aon leis na tailte a áitítear ina dteannta) is de ghné is iomchuí don mhaoin:

ciallaíonn “luach talmhaíochta” margadhluach maoine talmhaíochta arna laghdú de 50 faoin gcéad den luach sin, nó de shuim £100,000, cibé acu is lú;

ciallaíonn “feirmeoir”, i ndáil le deontaí nó comharba, pearsa aonair ar sa Stát atá sainchónaí agus gnáthchónaí air agus arb amhlaidh maidir leis gurb éard atá i gcuid nach lú ná 75 faoin gcéad de mhargadhluach na maoine a bhfuil teideal tairbhiúil seilbhe aige chuici margadhluach mhaoin sa Stát ar maoin talmhaíochta, beostoc, stoc folaíochta agus innealra feirme í, agus, chun críocha an mhínithe seo, ní dhéanfar aon asbhaint as margadhluach maoine le haghaidh aon fhiacha nó eirí.

(2) Ach amháin mar a fhoráiltear i bhfo-alt (7), a mhéid is maoin talmhaíochta aon bhronntanas nó oidhreacht—

(a) ar dháta an bhronntanais nó ar dháta na hoidhreachta; agus

(b) ar an dáta luachála,

agus go nglacann deontaí nó comharba an céanna ar feirmeoir é ar an dáta luachála agus tar éis an bronntanas nó an oidhreacht a ghlacadh, beidh feidhm ag forálacha alt 18 (seachas fo-alt 7 (b) de) i ndáil le maoin talmhaíochta mar atá feidhm acu i ndáil le maoin eile faoi réir na modhnuithe seo a leanas—

(i) i bhfo-alt (1) den alt sin, forléireofar an tagairt do mhargadhluach mar thagairt do luach talmhaíochta;

(ii) i gcás ina mbeidh asbhaint le déanamh i leith aon dliteanais, costas nó caiteachas, de réir fho-alt (1) den alt sin, ní asbhainfear ach comhréir den dliteanas, de na costais nó de na caiteachais sin agus is í comhréir í sin an chomhréir idir luach talmhaíochta na maoine talmhaíochta agus margadhluach na maoine sin; agus

(iii) i gcás ina mbeidh asbhaint le déanamh i leith aon chomaoin faoi fho-alt (2) nó (4) (b) den alt sin, ní asbhainfear ach comhréir den chomaoin sin agus is í comhréir í sin an chomhréir a bheidh idir luach talmhaíochta na maoine talmhaíochta agus margadhluach na maoine sin.

(3) I gcás ina nglacfaidh deontaí nó comharba bronntanas inchánach nó oidhreacht inchánach faoi réir an choinníll go ndéanfar an céanna go léir nó cuid den chéanna a infheistiú i maoin talmhaíochta agus go gcomhlíonfar an coinníoll sin laistigh de dhá bhliain tar éis dáta an bhronntanais nó na hoidhreachta, ansin measfar, chun críocha an ailt seo, gurb é a bhí sa bhronntanas nó san oidhreacht—

(a) ar dháta an bhronntanais nó ar dháta na hoidhreachta; agus

(b) ar an dáta luachála,

maoin talmhaíochta a mhéid atá an bronntanas nó an oidhreacht faoi réir an choinníll sin agus infheistithe amhlaidh.

(4) I ndáil le 50 faoin gcéad de mhargadhluach maoine talmhaíochta nó £100,000, cibé acu is lú, a asbhaint i leith maoine talmhaíochta, ní rachaidh an méid iomlán is inasbhainte le linn an luach talmhaíochta a fhionnadh thar £100,000, i leith a gcomhiomlán seo a leanas—

(a) na bronntanais inchánach go léir a glacadh an 28ú lá d'Fheabhra, 1969, nó dá éis sin; agus

(b) na hoidhreachtaí inchánach go léir a glacadh an 1ú lá d'Aibreán, 1975, nó dá éis sin,

arb éard iad, go hiomlán nó go páirteach, maoin talmhaíochta, a ghlac an duine céanna, mar dheontaí nó mar chomharba, ón diúscróir céanna.

(5) (a) Scoirfidh an luach talmhaíochta de bheith infheidhmithe ar mhaoin réadach is maoin talmhaíochta má tharlaíonn agus a mhéid a tharlóidh maidir leis an maoin—

(i) go ndíolfar í nó go bhfaighfear go héigeantach í laistigh den tréimhse sé bliana tar éis dáta an bhronntanais nó dáta na hoidhreachta; agus

(ii) nach gcuirfear maoin talmhaíochta eile ina hionad laistigh de bhliain ó dháta a díola nó a fála go héigeantach,

agus beidh cáin inmhuirearaithe i leith an bhronntanais nó na hoidhreachta ionann is dá mba nár mhaoin talmhaíochta an mhaoin;

Ar choinníoll nach mbeidh éifeacht leis an mír seo i gcás ina n-éagfaidh an deontaí nó an comharba sula ndíolfar an mhaoin nó sula bhfaighfear go héigeantach í.

(b) Má dhéantar comhshocraíocht, le linn maoin faoi réir diúscartha a riaradh, le maoin a leithreasú do shásamh, nó mar chabhair do shásamh, sochair faoin diúscairt, measfar nach díol ná fáil éigeantach chun críocha mhír (a) an chomhshocraíocht sin.

(6) Chun críocha fho-alt (2), má dhéantar, le linn maoin faoi réir diúscartha a bheith á riaradh, maoin a leithreasú do shásamh, nó mar chabhair do shásamh, sochair a meastar duine do ghlacadh bronntanais nó oidhreachta ina leith faoin diúscairt, measfar an mhaoin a leithreasófar amhlaidh, má bhí sí faoi réir na diúscartha ar dháta an bhronntanais nó ar dháta na hoidhreachta, a bheith ar áireamh sa bhronntanas sin nó san oidhreacht sin ar dháta an bhronntanais nó ar dháta na hoidhreachta.

(7) Beidh éifeacht le forálacha fho-alt (2) i ndáil le maoin talmhaíochta ar crainn nó casarnach í ionann is dá bhfágfaí ar lár as na focail “agus go nglacann deontaí nó comharba an céanna ar feirmeoir é ar an dáta luachála agus tar éis an bronntanas nó an oidhreacht a ghlacadh,”.

(8) San alt seo, gan fo-alt (4) a áireamh, folóidh aon tagairt do dheontaí nó do chomharba tagairt don aistrí dá dtagraítear in alt 23 (1).

Teagmhais a dhéanann difear do bhronntanais nó d'oidhreachtaí.

20. —I gcás ina dtiocfaidh duine, faoi dhiúscairt, chun teideal tairbhiúil seilbhe a bheith aige chun aon sochair agus, faoi théarmaí na diúscartha, go bhféadfaidh an teideal, nó aon chuid den teideal, foirceannadh ar theagmhas tarlú (seachas cúlghairm an teidil ar an diúscróir d'fheidhmiú cumhacht de shórt dá dtagraítear in alt 30), déanfar luach inchánach aon bhronntanais inchánach nó aon oidhreachta inchánach a ghlac an duine sin ar theacht dó amhlaidh chun bheith i dteideal an tsochair sin a fhionnadh ionann is dá mba nach bhfoirceannfadh aon chuid den teideal amhlaidh; ach, má fhoirceannann agus a mhéid a fhoirceannfaidh an teideal amhlaidh, déanfar an cháin is iníoctha ag an duine sin a choigeartú an méid sin (dá mba lú an méid cánach ab iníoctha aige dá ndéanfaí sin) ar an bhforas gur ghlac sé leas seilbhe ar feadh tréimhse cinnte ba chomhfhad le ré iarbhír a theidil thairbhiúil seilbhe:

Ar choinníoll nach ndéanfaidh aon ní san alt seo aon mhuirear i leith cánach a dhochrú ar an duine sin do ghlacadh bronntanais nó oidhreachta ionaid ar theagmhas den sórt sin tarlú.

An dáta luachála chun críocha cánach.

21. —(1) Faoi réir forálacha fho-alt (7) is é dáta luachála bronntanais inchánach dáta an bhronntanais.

(2) Is é dáta luachála oidhreachta inchánach dáta báis an éagaigh ar ar bhás a fháil dó a ghlactar an oidhreacht má ghlacann an comharba nó aon duine le ceart an chomharba nó thar a cheann an oidhreacht—

(a) mar donatio mortis causa;

(b) mar gheall ar mhainneachtain cumhacht chúlghairme a fheidhmiú.

(3) Má dhéanann oidhreacht de bhronntanas mar gheall ar é a ghlacadh faoi dhiúscairt i gcás inar dáta laistigh de dhá bhliain roimh bhás an diúscróra dáta na diúscartha, cinnfear dáta luachála an chéanna ionann is dá mba bhronntanas é.

(4) Is é dáta luachála oidhreachta inchánach, seachas oidhreacht inchánach dá dtagraítear i bhfo-alt (2) nó (3), an dáta is luaithe acu seo a leanas—

(a) an dáta is luaithe ar a bhfuil ionadaí pearsanta nó iontaobhaí nó an comharba nó aon duine eile i dteideal ábhar na hoidhreachta a choinneáil chun sochair don chomharba nó d'aon duine eile le ceart an chomharba nó thar a cheann;

(b) an dáta ar a gcoinnítear amhlaidh ábhar na hoidhreachta; nó

(c) dáta ábhar na hoidhreachta a sheachadadh don chomharba, a íoc leis nó a shásamh nó a urscaoileadh ar shlí eile chun sochair dó nó a sheachadadh d'aon duine le ceart an chomharba nó thar a cheann, nó a íoc le haon duine nó thar a cheann nó a shásamh nó a urscaoileadh ar shlí eile chun sochair dó nó thar a cheann.

(5) Más féidir aon chuid d'oidhreacht inchánach dá dtagraítear i bhfo-alt (4) a choinneáil, nó má dhéantar aon chuid den sórt sin a choinneáil, a sheachadadh, a íoc nó a shásamh ar shlí eile, ar mhodh páirt-íocaíochta, airleacain, íocaíochta ar cuntas nó ar aon mhodh eile, roimh aon chuid nó codanna eile den oidhreacht sin, cinnfear an dáta luachála iomchuí do gach cuid den oidhreacht de réir an fho-ailt sin ionann is dá mba oidhreacht ar leith gach cuid den sórt sin faoi seach.

(6) Féadfaidh na Coimisinéirí fógra i scríbhinn a thabhairt do dhuine cuntasach ag insint an dáta a mbeidh cinnte acu gurb é an dáta luachála é i leith iomlán oidhreachta nó aon choda di, agus, faoi réir aon chinneadh ar achomharc de bhun fho-alt (9), measfar gurb é an dáta a bheidh cinnte amhlaidh an dáta luachála.

(7) Má dhéantar oidhreacht inchánach dá dtagraítear i bhfo-alt (4) nó (5) a dhiúscairt, má chríochnaíonn sí nó má thagann deireadh léi, roimh an dáta luachála dá dtagraítear sna fo-ailt sin in imthosca a thugann do bronntanas inchánach a bheith ann, is é an dáta céanna an dáta luachála i leith an bhronntanais inchánach sin agus dáta luachála na hoidhreachta inchánach.

(8) D'ainneoin aon ní san alt seo, féadfaidh na Coimisinéirí, má bhíonn amhras ann, le comhaontú i scríbhinn ón duine cuntasach nó óna ghníomhaire, dáta luachála aon oidhreachta inchánach go hiomlán nó aon choda di a chinneadh agus cuirfear an dáta luachála a chinnfear amhlaidh in ionad an dáta luachála ab infheidhmithe de bhun an ailt seo mura mbeadh sin.

(9) Beidh ábhar achomhairc ann in aghaidh aon chinneadh a dhéanfaidh na Coimisinéirí faoi fho-alt (6) agus beidh feidhm ag forálacha alt 52, modhnaithe mar is gá, i ndáil le hachomharc faoin bhfo-alt seo mar atá feidhm acu i ndáil le hachomharc in aghaidh measúnachta cánach.