12 1976


Uimhir 12 de 1976


AN tACHT UM AN BRITISH & IRISH STEAM PACKET COMPANY LIMITED (FÁIL) (LEASÚ), 1976

[An tiontú oifigiúil]

ACHT A CHUMASÚ DON AIRE AIRGEADAIS SCAIREANNA BREISE SA BRITISH & IRISH STEAM PACKET COMPANY LIMITED A CHEANNACH AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEANN LEIS AN gCUIDEACHTA SIN. [13 Aibreán, 1976]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1. —San Acht seo ciallaíonn “an Chuideachta” an British & Irish Steam Packet Company Limited.

An tAire Airgeadais do cheannach scaireanna breise sa British & Iritsh Steam Packei Company Limited.

1971, Uimh. 11 .

2. —Leasaítear leis seo alt 2 den Acht um an British & Irish Steam Packet Company Limited (Fáil) (Leasú), 1971, trí “ocht milliún déag gnáthscair” a chur in ionad “trí mhilliún gnáthscair”, agus tá an t-alt sin 2, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TABLA

Féadfaidh an tAire Airgeadais ocht milliún déag gnáthscair, ar a mhéid, sa Chuideachta £1 an ceann a cheannach, i dteannta na ngnáthscaireanna a cheannaigh sé faoin gcomhaontú dar tugadh formheas le halt 2 den Phríomh-Acht.

Luach saothair an phríomh-oifigigh etc.

3. —Íocfaidh an Chuideachta lena príomh-oifigeach (cibé acu Ard-Bhainisteoir nó eile a thugtar de thuairisc ar an oifigeach sin) cibé luach saothair agus liúntais a chinnfidh an Chuideachta le ceadú an Aire Iompair agus Cumhachta arna thabhairt le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí.

Gearrtheideal agus comhlua.

4. —(1) Féadfar an tAcht um an British & Irish Steam Packet Company Limited (Fáil) (Leasú), 1976, a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna um an British & Irish Steam Packet Company Limited (Fáil), 1965 go 1976, a ghairm de na hAchtanna um an British & Irish Steam Packet Company Limited (Fáil), 1965 agus 1971, agus den Acht seo le chéile.