Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL)

14 1976


Uimhir 14 de 1976


AN tACHT UM AN DLÍ COIRIÚIL (DLÍNSE), 1976

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEATHNÚ DLÍ COIRIÚIL AN STÁIT CHUN BAINT LE GNÍOMHARTHA ÁIRITHE A RINNEADH I dTUAISCEART ÉIREANN, DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN GLACADH LE FIANAISE A GHEOFAR TRÍ FHINNÉITHE A SCRÚDÚ I dTUAISCEART ÉIREANN I dTRIALACHA I nDÁIL LE CIONTA MAIDIR LEIS NA GNÍOMHARTHA SIN, DÁ CHUMASÚ FIANAISE A FHÁIL TRÍ FHINNÉITHE A SCRÚDÚ SA STÁT DO THRIALACHA I dTUAISCEART ÉIREANN I gCÁS CIONTA DEN SÓRT CÉANNA FAOI DHLÍ THUAISCEART ÉIREANN MAIDIR LE GNÍOMHARTHA A RINNEADH SA STÁT, D'ATHCHÓIRIÚ AN DLÍ CHOIRIÚIL I SLITE EILE AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE GAOLMHARA. [6 Bealtaine, 1976]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1960, Uimh. 27 .

1. —(1) San Acht seo folaíonn “príosún” Foras Naomh Pádraig (de réir brí an Achta um Dhlínse Choiriúil, 1960 ).

(2) Folaíonn tagairtí san Acht seo do ghníomh tagairtí do fhaillí agus folaíonn tagairtí do ghníomh a dhéanamh tagairtí do fhaillí a dhéanamh.

(3) Forléireofar tagairtí san Acht seo d'aon achtachán mar thagairtí don achtachán sin arna leasú nó arna leathnú le haon achtachán ina dhiaidh sin, lena n-áirítear an tAcht seo.

(4) (a) Aon tagairt san Acht seo d'alt nó do Sceideal is tagairt í d'alt den Acht seo, nó don Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe.

(b) Aon tagairt san Acht seo d'fho-alt nó do mhír is tagairt í don fho-alt nó don mhír den fhoráil ina bhfuil an tagairt mura gcuirtear in iúl gar tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe.

Cionta i dTuaisceart Éireann agus cionta gaolmhara sa Stát.

2. —(1) I gcás ina ndéanfaidh duine gníomh i dTuaisceart Éireann ar chion a shonraítear sa Sceideal é dá mba sa Stát a dhéanfaí é, beidh sé ciontach i gcion agus ar é a chiontú ar díotáil dlífear an pionós a ghearradh air a dhlífí a ghearradh air dá mba sa Stát a dhéanfadh sé an gníomh.

(2) I gcás duine—

(a) do chabhrú nó do neartú le cion a dhéanamh nó do chomhairliú cion a dhéanamh nó do thabhairt ciona chun críche, sa Stát nó i dTuaisceart Éireann, ar cion é faoi fho-alt (1) nó faoi alt 3, nó

(b) do chabhrú nó do neartú le cion a dhéanamh nó do chomhairliú cion a dhéanamh nó do thabhairt ciona chun críche, i dTuaisceart Éireann, ar cion é a shonraítear sa Sceideal.

beidh sé ciontach sa phríomh-chion iomchuí agus féadfar é a dhíotáil, a thriail agus a phionósú mar gheall air agus beidh feidhm dá réir sin ag na forálacha seo a leanas den Acht seo a bhaineann le haon phríomh-chion den sórt sin a dhéanamh.

(3) I gcás duine—

(a) do dhéanamh iarrachta nó comhcheilge, nó do ghríosú duine eile, le cion a dhéanamh, sa Stát nó i dTuaisceart Éireann, ar cion é faoi fho-alt (1) nó faoi alt 3, nó

(b) do dhéanamh iarrachta nó comhcheilge, nó do ghríosú duine eile, le cion a dhéanamh. i dTuaisceart Éireann. ar cion é a shonraítear sa Sceideal.

beidh sé ciontach i gcion agus ar é a chiontú ar díotáil dlífear pionós a ghearradh air nach mó ná an pionós a dhlífí a ghearradh air dá mba sa phríomh-chion iomchuí a chiontófaí é.

(4) I gcás ina mbeidh duine tar éis cion faoi fho-alt (1) nó faoi alt 3 a dhéanamh nó tar éis iarracht a thabhairt ar aon chion den sórt sin a dhéanamh, beidh aon duine eile ciontach i gcion a dhéanfaidh, gan leithscéal réasúnach, sa Stát nó i dTuaisceart Éireann, agus a fhios aige nó é á chreidiúint an duine sin a bheith ciontach sa chion nó san iarracht nó i gcion nó in iarracht éigin eile dá shórt, aon ghníomh le hintinn a ghabháil nó a ionchúiseamh sa Stát nó i dTuaisceart Éireann a bhac.

(5) Más rud é, ar chion faoi fho-alt (1) nó faoi alt 3 nó ar iarracht ar aon chion den sórt sin a dhéanamh a thriail ar díotáil, go gcruthófar go ndearnadh an cion a bheidh sa chúiseamh (nó cion éigin eile a bhféadfaí an cúisí a chiontú ann ar an gcúiseamh sin), ach go gcinnfear an cúisí a bheith neamhchiontach ann, féadfar an cúisí a chiontú in aon chion faoi fho-alt (4) a gcruthófar é a bheith ciontach ann i ndáil leis an gcion a bheidh sa chúiseamh (nó leis an gcíon eile sin).

(6) I gcás ina mbeidh duine tar éis cion a dhéanamh a shonraítear sa Sceideal nó tar éis iarracht a thabhairt ar aon chion den sórt sin a dhéanamh, beidh aon duine eile ciontach i gcion a dhéanfaidh, gan leithscéal réasúnach, i dTuaisceart Éireann, agus a fhios aige nó é á chreidiúint an duine sin a bheith ciontach sa chion nó san iarracht nó i gcion nó in iarracht éigin eile dá shórt, aon ghníomh le hintinn a ghabháil nó a ionchúiseamh sa Stát nó i dTuaisceart Éireann a bhac.

(7) Más rud é, ar chion a shonraítear sa Sceideal nó ar iarracht ar aon chion den sórt sin a dhéanamh a thriail ar díotáil, go gcruthófar go ndearnadh an cion a bheidh sa chúiseamh (nó cion éigin eile a bhféadfaí an cúisí a chiontú ann ar an gcúiseamh sin), ach go gcinnfear an cúisí a bheith neamhchiontach ann, feadfar an cúisí a chiontú in aon chion faoi fho-alt (6) a gcruthófar é a bheith ciontach ann i ndáil leis an gcion a bheidh sa chúiseamh (nó leis an gcion eile sin).

(8) Duine a dhéanfaidh cion faoi fho-alt (4) nó (6) le hintinn gabháil nó ionchúiseamh duine eile a bhac dlífear ar é a chiontú ar díotáil príosúnacht a chur air de réir tromaíocht an chiona a rinne an duine eile nó ar thug an duine eile iarracht ar é a dhéanamh, mar a leanas:

(a) i gcás inar dúnmharú an cion sin, dlífear príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná deich mbliana a chur air;

(b) i gcás inar cion é ar féidir pianbhreith phríosúnachta ar feadh téarma ceithre bliana déag a thabhairt ina leith ar dhuine (lán-aoise, lán-inniúlachta, nár ciontaíodh roimhe sin). dlífear príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná seacht mbliana a chur air;

(c) i gcás nach cion é atá ar áireamh i mír (a) nó (b) ach gur cion é ar féidir pianbhreith phríosúnachta ar feadh téarma deich mbliana a thabhairt ina leith ar dhuine (lán-aoise, lán-inniúlachta, nár ciontaíodh roimhe sin), dlífear príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná cúig bliana a chur air;

(d) in aon chás eile, dlífear príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná trí bliana a chur air.

(9) Na hachtacháin agus na rialacha dlí maidir leis an tráth is féidir duine a cúisíodh i gcion a rinneadh sa Stát a chiontú i gcion eile beidh feidhm acu ionas gur féidir duine a cúisíodh i gcion faoi fho-alt (1) a chiontú i gcion eile, is cion faoin bhfo-alt sin, nó in iarracht a thabhairt ar an gcion a bheidh sa chúiseamh, nó ar an gcion eile sin, a dhéanamh, agus ionas gur féidir duine a cúisíodh i gcion faoi alt 3 a chiontú in iarracht a thabhairt ar an gcion sin a dhéanamh.

Ealú as coimeád i dTuaisceart Éireann.

3. —(1) (a) Duine a bheidh cúisithe nó ciontaithe i dTuaisceart Éireann—

(i) i gcion faoi dhlí Thuaisceart Éireann is gníomhartha (cibé acu sa Stát nó i dTuaisceart Éireann a rinneadh iad) ar cion a shonraítear sa Sceideal nó cion faoi alt 2 iad freisin, nó.

(ii) i gcion faoi dhlí de chuid Thuaisceart Éireann atá ar comhréir leis an alt seo,

agus a éalóidh as aon choimeád dleathach ina mbeidh sé i dTuaisceart Éireann beidh sé ciontach i gcion.

(b) Folaíonn an tagairt i mír (a) do chion a shonraítear sa Sceideal cabhrú, neartú nó comhairliú le cion a shonraítear ansin a dhéanamh nó cion a shonraítear ansin a thabhairt chun críche, nó iarracht a thabhairt ar chion a shonraítear ansin a dhéanamh, nó comhcheilg a dhéanamh nó duine eile a ghríosú le cion a shonraítear ansin a dhéanamh nó cion is gníomh a dhéanamh, gan leithscéal réasúnach, le hintinn gabháil nó ionchúiseamh duine a bhac a rinne, agus ar feasach nó a gcreideann an duine atá i gceist go ndearna sé, cion a shonraítear ansin.

(c) An tagairt i mír (a) do choimeád dleathach is tagairt í d'aon choimeád dleathach ina bhfuil an duine iomchuí, chun críche na n-imeachtaí maidir leis an gcion faoin dlí de chuid Thuaisceart Éireann dá dtagraítear i mír (a), aon uair idir tráth an cúiseamh a thionscnamh i ndáil leis an gcion sin agus deireadh a thrialach (lena n-áirítear aon achomharc nó atriail) mar gheall ar an gcion sin nó ina bhfuil sé le linn dó a bheith ag cur isteach pianbhreithe a tugadh air ar é a chiontú sa chion sin.

(2) Beidh duine ciontach i gcion a éalóidh as coimeád dleathach le linn dó bheith i dTuaisceart Éireann de bhun ordaithe faoi alt 11 (2).

(3) Duine a bheidh ciontach i gcion faoin alt seo dlífear, ar é a chiontú ar díotáil, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná seacht mbliana a chur air.

Abhair phléascacha.

1883, c.3.

4. —Leasaítear leis seo an Explosive Substances Act, 1883, trí na hailt seo a leanas a chur in ionad ailt 2 agus 3:

“2.—A person who in the State or (being an Irish citizen) outside the State unlawfully and maliciously causes by an explosive substance an explosion of a nature likely to endanger life, or cause serious injury to property, shall, whether any injury to person or property is actually caused or not, be guilty of an offence and, on conviction on indictment, shall be liable to imprisonment for life.

3.—A person who in the State or (being an Irish citizen) outside the State unlawfully and maliciously—

(a) does any act with intent to cause, or conspires to cause, by an explosive substance an explosion of a nature likely to endanger life, or cause serious injury to property, whether in the State or elsewhere, or

(b) makes or has in his possession or under his control an explosive substance with intent by means thereof to endanger life, or cause serious injury to property, whether in the State or elsewhere, or to enable any other person so to do,

shall, whether any explosion does or does not take place, and whether any injury to person or property is actually caused or not, be guilty of an offence and, on conviction on indictment, shall be liable to imprisonment for a term not exceeding twenty years, and the explosive substance shall be forfeited.”

Robáil.

1916, c. 50.

5. —Leasaítear leis seo an Larceny Act, 1916, tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 23:

“23. (1) A person is guilty of robbery if he steals, and immediately before or at the time of doing so, and in order to do so, he uses force on any person or puts or seeks to put any person in fear of being then and there subjected to force.

(2) A person guilty of robbery, or of an assault with intent to rob, shall be liable on conviction on indictment to imprisonment for life.”

Buirgléireacht.

6. —Leasaítear leis seo an Larceny Act, 1916, tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 23:

“23A. (1) A person is guilty of burglary if—

(a) he enters any building or part of a building as a trespasser and with intent to commit any such offence as is mentioned in subsection (2); or

(b) having entered any building or part of a building as a trespasser, he steals or attempts to steal anything in the building or that part of it, or inflicts or attempts to inflict on any person therein any grievous bodily harm.

(2) The offences referred to in subsection (1) (a) are offences of stealing anything in the building or part of a building in question, of inflicting on any person therein any grievous bodily harm or raping any woman therein and of doing unlawful damage to the building or anything therein.

(3) References in subsections (1) and (2) to a building shall apply also to an inhabited vehicle or vessel, and shall apply to any such vehicle or vessel at times when the person having a habitation in it is not there as well as at times when he is there.

(4) A person guilty of burglary shall be liable on conviction on indictment to imprisonment for a term not exceeding fourteen years.”

Trombhuirgléireacht.

7. —Leasaítear leis seo an Larceny Act, 1916, tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 23A (a cuireadh isteach le halt 6):

“23B. (1) A person is guilty of aggravated burglary if he commits any burglary and at the time has with him any firearm or imitation firearm, any weapon of offence or any explosive; and, for this purpose—

(a) ‘firearm’ includes an airgun or air pistol, and ‘imitation firearm’ means anything that has the appearance of being a firearm, whether capable of being discharged or not;

(b) ‘weapon of offence’ means any article made or adapted for use for causing injury to or incapacitating a person. or intended by the person having it with him for such use; and

(c) ‘explosive’ means any article manufactured for the purpose of producing a practical effect by explosion, or intended by the person having it with him for that purpose.

(2) A person guilty of aggravated burglary shall be liable on conviction on indictment to imprisonment for life.”

Arm tine nó lón lámhaigh a shealbhú in imthosca amhrasacha.

1964, Uimh. 1 .

8. —Leasaítear leis seo Acht na nArm Tine, 1964 , tríd an alt seo a leanas a chur insteach i ndiaidh alt 27:

“27A. (1) Duine a mbeidh arm tine nó lón lámhaigh ina sheilbh nó faoina rialú in imthosca a thabharfadh mar thátal réasúnach nach chun críche dleathaí a bheidh sé ina sheilbh nó faoina rialú beidh sé, mura chun críche dleathaí a bheidh sé ina sheilbh nó faoina rialú, ciontach i gcion agus ar é a chiontú ar díotáil dlífear príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná cúig bliana a chur air.

(2) Nuair a bheidh alt 2 den Acht um an Dlí Coiriúil (Dlínse), 1976 , á fheidhmiú ar an alt seo, toimhdeofar, mura suífear a mhalairt, gur críoch atá neamhdhleathach i dTuaisceart Éireann críoch atá neamhdhleathach sa Stát.”

Arm tine a iompar le hintinn choiriúil.

9. —Leasaítear leis seo Acht na nArm Tine, 1964 , tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 27A (a cuireadh isteach le halt 8):

“27B. (1) Duine a mbeidh arm tine nó arm tine bréige leis le hintinn cion indíotála a dhéanamh nó a ghabháil féin nó gabháil duine eile a chomhrac nó a chosc, i gceachtar cás le linn dó an t-arm tine nó an t-arm tine bréige a bheith leis, beidh sé ciontach i gcion agus ar é a chiontú ar díotáil dlífear príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná deich mbliana a chur air.

(2) In imeachtaí mar gheall ar chion faoin alt seo beidh cruthú go raibh arm tine nó arm tine bréige ag an gcúisí leis agus go raibh beartaithe aige cion indíotála a dhéanamh nó gabháil a chomhrac nó a chosc ina fhianaise go raibh beartaithe aige é a bheith aige leis le linn sin a dhéanamh.”

Feithiclí a urghabháil go neamhdhleathach.

10. —(1) Duine a dhéanfaidh go neamhdhleathach, le forneart nó le bagairt fornirt, nó le haon chineál eile imeaglaithe, aon fheithicil (cibé acu is feithicil inneallghluaiste í nó nach ea) nó aon long nó sciorrárthach a urghabháil nó rialú a fheidhmiú ar an gcéanna nó a chuirfidh isteach ar shlí eile ar rialú an chéanna nó a chuirfidh iallach ar dhuine éigin eile nó a aslóidh duine éigin eile chun an céanna a úsáid chun críche neamhdhleathaí beidh sé ciontach i gcion agus ar é a chiontú ar díotáil dlífear príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná cúig bliana déag a chur air.

(2) Nuair a bheidh alt 2 á fheidhmiú ar an alt seo, toimhdeofar, mura suífear a mhalairt, gur críoch atá neamhdhleathach i dTuaisceart Éireann críoch atá neamhdhleathach sa Stát.

(3) San alt seo—

ciallaíonn “sciorrárthach” feithicil atá deartha le bheith, ag gluaiseacht di, ar foluain go hiomlán nó go páirteach ar aer a sceitheann an fheithicil agus a ndéanann adhairt de ar teorainneacha di an talamh, an t-uisce nó an foréadan eile faoin bhfeithicil;

folaíonn “long” aon bhád nó árthach eile;

folaíonn “feithicil” traein iarnróid nó aon fheithicil iarnróid eile.

Fianaise a thógáil i dTuaisceart Éireann le haghaidh trialach coiriúla sa Stát.

11. —(1) Chun críocha cion faoi alt 2 nó 3 a thriail ag cúirt speisialta a bunaíodh faoi Airteagal 38.3.1° den Bhunreacht nó chun críocha aon achomhairc i ndáil leis an triail, déanfaidh cúirt na trialach, ar iarratas ón ionchúisitheoir nó ón gcúisí, mura deimhin léi nach den cheartas sin a dhéanamh, agus féadfaidh sí uaithi féin, agus féadfaidh aon chúirt achomhairc ar iarratas den sórt sin nó uaithi féin, socrú a dhéanamh le hordú go n-eiseofar litir iarratais chuig Tiarna-Phríomh-Bhreitheamh Thuaisceart Éireann á iarraidh go dtógfaidh breitheamh d'Ard-Chúirt Bhreithiúnais Thuaisceart Éireann, i láthair na gcomhaltaí den chúirt a rinne an t-ordú, fianaise i dTuaisceart Éireann ó fhinné a bheidh sonraithe san ordú.

(2) I gcás ina ndéanfaidh cúirt ordú faoin alt seo cuirfidh sí in iúl don chúisí—

(a) go bhfuil de cheart aige bheith i láthair i gcoimeád phóilíneacht Thuaisceart Éireann le linn an fhianaise dá dtagraítear san ordú a bheith á tógáil agus má fheidhmíonn sé an ceart go seachadfar i gcoimeád é isteach i gcoimeád phóilíneacht Thuaisceart Éireann,

(b) cibé acu a bheidh nó nach mbeidh sé i láthair le linn an fhianaise a bheith á tógáil, go bhfuil de cheart aige an t-abhcóide agus an t-aturnae (nó an t-aturnae ina aonar) a ionadaíonn dó sa chúirt nó abhcóide agus aturnae eile (nó aturnae ina aonar) ag a bhfuil teideal cleachtadh sa Stát nó cleachtadh i dTuaisceart Éireann dá ionadú,

(c) go bhféadfaidh sé féin, mura mbeidh abhcóide ná aturnae ag ionadú dó, an finné a thabharfaidh an fhianaise a cheistiú,

(d) go mbeidh sé, le linn dó bheith i gcoimeád i dTuaisceart Éireann chun críche an fhianaise a thógáil, díolmhaithe ó choinneáil, agus ó aon chineál agra nó próise dlí, i leith aon chúise nó ábhair, sibhialta nó coiriúil, a d'éirigh roimh theacht isteach i dTuaisceart Éireann dó chun na críche réamhráite,

agus má chuireann an cúisí in iúl don chúirt gur mian leis bheith i láthair le linn an fhianaise a bheith á tógáil, déanfaidh an chúirt ordú ag ordú an cúisí a sheachadadh nuair is gá agus a mhinice is gá isteach i gcoimeád phóilíneacht Thuaisceart Éireann.

(3) (a) Beidh ráiteas fianaise finné a tógadh i gcomhlíonadh litreach iarratais faoin alt seo, agus a mbeidh deimhnithe ag an mbreitheamh den Ard-Chúirt Bhreithiúnais i dTuaisceart Éireann a thóg í gur ráiteas fíor, cruinn é ar an bhfianaise a tógadh amhlaidh, inghlactha, má bhí comhaltaí uile na cúirte i láthair ar feadh an ama go léir a bhí an fhianaise á tógáil, sa triail nó san achomharc lena mbainfidh mar fhianaise ar aon fhíoras a bheidh ráite ann a mbeadh fianaise air inghlactha sa triail nó san achomharc,

(b) Doiciméad a airbheartóidh gur deimhniú é ó bhreitheamh d'Ard-Chúirt Bhreithiúnais Thuaisceart Éireann agus a bheith sínithe aige measfar, chun críocha an ailt seo, gur deimhniú den sórt sin é agus é a bheith sínithe amhlaidh mura suífear a mhalairt.

(4) Duine a ndéanfar ordú faoi fho-alt (2) ina chás—

(a) déanfaidh an Garda Síochána, nuair is gá agus a mhinice is gá, é a thabhairt go dtí ionad caothúil éigin imeachta as an Stát agus é a sheachadadh ansin isteach i gcoimeád phóilíneacht Thuaisceart Éireann agus, má bhíonn sé faoi bhannaí, tógfar i gcoimeád an Gharda Síochána é 24 huaire a chloig ar a mhéid roimh thráth aon seachadta den sórt sin agus coimeádfar sa choimeád sin é nó go ndéanfar an seachadadh sin, agus

(b) ar theacht ar ais sa Stát dó ar thógáil na fianaise lena mbainfidh an t-ordú a bheith críochnaithe nó a bheith curtha ar atráth, tógfar i gcoimeád an Gharda Síochána é, agus—

(i) má bhíonn ceangal ann de bhun ordaithe aon chúirte é a choinneáil i gcoimeád, cuirfear ar ais sa choimeád sin é a luaithe is féidir, agus

(ii) má bhíonn sé faoi bhannaí, scaoilfear saor é air sin.

(5) Ní oibreoidh ordú faoi fho-alt (2) ar shlí a bhrisfidh leanúnachas aon phianbhreithe a tugadh in aon imeachtaí eile.

Fianaise a thógáil sa Stát le haghaidh trialach coiriúla i dTuaisceart Éireann.

12. —(1) I gcás ina dtabharfaidh an tArd-Aighne ar aird nó ina dtabharfar ar aird thar a cheann don Phríomh-Bhreitheamh, ina shuí dó ar shlí seachas go poiblí, litir iarratais a d'eisigh cúirt i dTuaisceart Éireann faoi fhorálacha de dhlí Thuaisceart Éireann atá ar comhréir le halt 11 á iarraidh go dtógfaí fianaise sa Stát ó fhinné a bheidh sonraithe sa litir iarratais—

(a) ainmneoidh an Príomh-Bhreitheamh breitheamh den Ard-Chúirt chun fianaise an fhinné a thógáil, agus

(b) an breitheamh a ainmneofar amhlaidh (dá ngairtear an Coimisinéir anseo feasta) tógfaidh sé faoi mhionn (agus údaraítear dó leis seo daoine a chur faoi mhionn) fianaise an fhinné.

(2) Faoi réir forálacha an ailt seo—

(a) ceapfaidh an Coimisinéir dátaí, tráthanna agus ionaid a shuíonna,

(b) cinnfidh an Coimisinéir nós imeachta na suíonna,

(c) tionólfaidh an Coimisinéir na suíonna seachas go poiblí, ach amháin cibé tráthanna agus ar cibé ócáidí a threoróidh sé, agus

(d) féadfaidh an Coimisinéir a threorú nach nochtfar ainm agus seoladh aon fhinné d'aon duine seachas an Coimisinéir agus a oifigigh, comhaltaí na cúirte i dTuaisceart Éireann lena mbainfidh agus aon oifigigh a ainmneoidh siad, na páirtithe sna himeachtaí i dTuaisceart Éireann, a n-abhcóidí agus a n-aturnaetha agus, i gcás inar dóigh leis an gCoimisinéir gur gá é ar mhaithe leis an gceartas, aon duine eile a shonróidh an Coimisinéir sa treoir nó in aon treoir dá éis sin.

(3) Féadfaidh an Coimisinéir—

(a) a threorú d'aon duine a mbeidh sé lena fhianaise a thógáil freastal ar dháta, tráth agus in áit a shonrófar sa treoir agus fianaise a thabhairt ansin os comhair an Choimisinéara agus aon doiciméad nó ní ina sheilbh nó ina chumhacht agus a shonrófar sa treoir a thabhairt ar aird,

(b) a threorú don duine sin aon doiciméad nó ní sonraithe ina sheilbh nó faoina chumhacht a thabhairt ar aird dó,

(c) aon treoracha eile a thabhairt (lena n-áirítear treoracha go soláthrófar ateangairí agus aistritheoirí) chun críocha an cheistithe is dealraitheach dó a bheith réasúnach agus cóir, agus

(d) ar na himeachtaí a chur ar atráth uair ar bith, más dóigh leis gurb iomchuí é a dhéanamh, ar iarratas ón gcúisí nó ón ionchúisitheoir, údarás a thabhairt chun an cúisí dul ar ais go sealadach go Tuaisceart Éireann.

(4) Beidh comhaltaí na cúirte i dTuaisceart Éireann lena mbainfidh agus aon oifigigh don chúirt sin a ainmneoidh siad i dteideal bheith i láthair ag gach suí de chuid an Choimisinéara, agus socróidh an Coimisinéir a shuíonna lena urasú dóibh bheith i láthair agus, faoi réir fho-alt (6), déanfaidh sé de réir aon iarratais ó na comhaltaí sin ar aon cheist nó ceisteanna áirithe a chur ar an bhfinné.

(5) Beidh an cúisí sna himeachtaí i dTuaisceart Éireann, a abhcóide agus a aturnae agus an t-abhcóide agus an t-aturnae don ionchúisitheoir i dteideal bheith i láthair ag gach suí de chuid an Choimisinéara, agus beidh ag na habhcóidí nó ag na haturnaetha sin agus ag an gcúisí (mura mbeidh abhcóide ná aturnae mar ionadaí aige) an ceart céanna aon fhinné a cheistiú, agus aighneachtaí nó uiríolla a dhéanamh chuig an gCoimisinéir, atá ag abhcóide nó ag aturnae i dtriail ar díotáil sa Stát. Ní dhéanfaidh an fo-alt seo difear do chumhacht an Choimisinéara, faoi fho-alt (2) (b), aon duine a eisiamh ó shuí má mheasann an Coimisinéir gur gá sin a dhéanamh le hord a choimeád.

(6) (a) Finné a mbeidh a fhianaise tógtha nó á tógáil nó le tógáil ar coimisiún faoin alt seo beidh teideal aige chun na bpribhléidí agus na ndíolúintí céanna a mbíonn teideal chucu ag finné sa Phríomh-Chúirt Choiriúil, agus cinnfidh an Coimisinéir éilimh ar phribhléid agus ar dhíolúine.

(b) Cinnfidh an Coimisinéir de réir dlí an Stáit ceisteanna i dtaobh aon fhianaise béil a eisiamh, nó i dtaobh aon doiciméid nó ní a choimeád siar, ar fhoras leas an phobail.

(7) Duine—

(a) a mbeidh treoraithe dó faoi fho-alt (3) (a) freastal os comhair an Choimisinéara, agus a mbeidh aon suim tairgthe dó i leith caiteachais i ndáil lena fhreastal a mbeadh finné a thoghairfí chun freastal os comhair na Príomh-Chúirte Coiriúla i dteideal go dtairgfí dó í, agus a dhiúltóidh don treoir gan cúis nó leithscéal réasúnach,

(b) agus é ag freastal os comhair an choimisinéara, a dhiúltóidh an mionn a ghlacadh ar an gCoimisinéir á cheangal air sin a dhéanamh, a dhiúltóidh aon cheist a fhreagairt a iarrfaidh an Coimisinéir air a fhreagairt nó a dhiúltóidh aon doiciméad nó ní a thabhairt ar aird a threoróidh an Coimisinéir dó a thabhairt ar aird,

(c) a dhiúltóidh do threoir faoi fho-alt 2 (d) nó (3) (c), nó

(d) a dhéanfaidh aon ní eile i ndáil leis na himeachtaí os comhair an Choimisinéara ar dhíspeagadh ar an bPríomh-Chúirt Choiriúil é dá mba finné sa chúirt sin a dhéanfadh é i ndáil le himeachtaí os a comhair,

beidh sé ciontach i gcion agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná £200 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile a chur air.

(8) Má thugann duine fianaise bhréagach os comhair an Choimisinéara in imthosca a thabharfadh, dá mba os comhair cúirte a thabharfadh sé an fhianaise, go mbeadh sé ciontach i mionnú éithigh, beidh sé ciontach sa chion sin.

(9) Ar thógáil fianaise faoin alt seo a bheith críochnaithe a raibh an cúisí i láthair lena linn agus ar an gcéanna a chur ar atráth uair ar bith a dtabharfar údarás maidir leis faoi fho-alt (3) (d), tabharfaidh an Garda Síochána an cúisí a luaithe is féidir go dtí ionad caothúil éigin imeachta as an Stát agus seachadfar ansin é isteach i gcoimeád phóilíneacht Thuaisceart Éireann.

Forálacha a bhaineann le coimeád agus díolúine daoine sa Stát chun fianaise a thógáil faoi alt 12 agus le daoine atá saor go neamhdhleathach.

13. —(1) Le linn do chúisí bheith sa Stát i bhfeidhmiú a chirt faoi alt 12 bheith i láthair le linn fianaise a bheith á tógáil faoin alt sin agus go dtí go n-aistreofar ón Stát é nuair a chríochnófar nó aon uair a chuirfear ar atráth tógáil na fianaise, coimeádfar i gcoimeád an Gharda Síochána nó i bpríosún i gcónaí é.

(2) Le linn do dhuine bheith sa Stát sna himthosca a luaitear i bhfo-alt (1) agus é go cuí i gcoimeád, beidh sé díolmhaithe ó choinneáil, agus ó aon chineál agra nó próise dlí, i leith aon chúise nó ábhair, sibhialta nó coiriúil, a d'éirigh roimh theacht isteach sa Stát dó sna himthosca a luaitear san fho-alt sin.

(3) Bainfidh alt 6 (2) den Acht um Dhlínse Choiriúl, 1960 (a dhéanann foráil le daoine a bhíonn saor go neamhdhleathach a phionósú), agus alt 7 den Acht sin (a thugann cumhacht don Gharda Síochána duine atá saor go neamhdhleathach a ghabháil agus é a thabhairt go dtí an áit a bhfuil sé de cheangal é a choinneáil ann) le haon duine a éalóidh as aon choimeád a gceanglaíonn fo-alt (1) nó alt 11 (4) nó 14 (3) é a choimeád ann.

Rogha ar thriail i dTuaisceart Éireann.

1967, Uimh. 12 .

14. —(1) Faoi réir forálacha an ailt seo, féadfaidh duine a chúiseofar i gcion faoi alt 2 nó 3 roghnú dul i gcoimeád go Tuaisceart Éireann lena thriail ansin in ionad é a thriail sa Stát sa chion sin agus maidir le cearta an duine faoin alt seo—

(a) cuirfidh an Chúirt Dúiche na cearta sin in iúl dó, ar é láithriú den chéad uair os comhair na cúirte sin i ndáil leis an gcúiseamh, agus

(b) cuirfidh an chúirt a thrialfaidh sa chion é na cearta sin in iúl dó, sula dtaifeadfaidh sé a phléadáil ar é a dhíotchúiseamh.

(2) (a) Faoi réir forálacha an ailt seo, más deimhin leis an gcúirt. aon tráth sula dtaifeadfar pléadáil an chúisí ar é a dhíotchúiseamh i gcion faoi alt 2 nó 3. go bhfuil barántas i bhfeidhm a eisíodh go cuí i dTuaisceart Éireann de dhroim faisnéis a thug comhalta de phóilíneacht Thuaisceart Éireann á údarú an cúisí a ghabháil mar gheall ar chion arb éard é na gníomhartha arb iad an cion iad faoi alt 2 nó mar gheall ar an gcion arb éard é éalú as coimeád i dTuaisceart Éireann sna himthosca a luaitear in alt 3, de réir mar a bheidh, agus go bhfuil iarrtha ag an gcúisí ar an gcúirt é sin a dhéanamh, déanfaidh an chúirt ordú á ordú go seachadfar an cúisí isteach i gcoimeád phóilíneacht Thuaisceart Éireann.

(b) San fho-alt seo ciallaíonn “an chúirt”—

(i) an Ard-Chúirt,

(ii) le linn an réamhscrúdú a bheith á dhéanamh sa Chúirt Dúiche faoi Chuid II den Acht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967 , ar an gcúiseamh i ndáil leis an gcion iomchuí, an Chúirt Dúiche, agus

(iii) le linn don chúisí bheith os comhair na cúirte a thriailfidh é, an chúirt sin.

(3) Faoi réir fho-ailt (4) agus (5), déanfaidh an Garda Síochána duine a mbeidh ordú faoi fho-alt (2) nó (4) déanta ina chás a thabhairt a luaithe is féidir go dtí ionad caothúil éigin imeachta as an Stát agus seachadfar ansin é isteach i gcoimeád phóilíneacht Thuaisceart Éireann agus coimeádfar idir an dá linn é i gcoimeád an Gharda Síochána nó i bpríosún.

(4) (a) Faoi réir forálacha an ailt seo, maidir le duine a mbeidh ordú déanta ina chás faoi fho-alt (2) nó faoin bhfo-alt seo, má fhaightear sa Stát é—

(i) tar éis dó éalú as coimeád sa Stát sular seachadadh é faoi fho-alt (3) nó faoin bhfo-alt seo,

(ii) tar éis dó éalú as aon choimeád ina raibh sé i dTuaisceart Éireann chun críche na n-imeachtaí maidir leis an gcion a mbeidh roghnú déanta aige ina leith faoin alt seo, nó

(iii) tar éis dó éalú as aon choimeád ina raibh sé i dTuaisceart Éireann le linn dó bheith ag cur isteach pianbhreith a tugadh air ar é a chiontú sa chion sin,

tabharfar é os comhair breithimh aon chúirte (a fhéadfaidh é a athchur ó am go ham i gcoimeád) agus déanfaidh an breitheamh sin, má bhíonn sé deimhnitheach maidir leis na hábhair a luaitear san fho-alt seo, ordú go seachadfar é isteach i gcoimeád phóilíneacht Thuaisceart Éireann a luaithe is féidir tar éis dáta an ordaithe.

(b) Folaíonn na tagairtí i mír (a) do dhuine éalú as coimeád i dTuaisceart Éireann tagairtí d'aon mhainneachtain aige láithriú nó bheith in aon áit a mbeidh de cheangal air láithriú ann nó bheith ann chun críche na n-imeachtaí dá dtagraítear sa mhír sin nó chun aon phianbhreith a chur isteach a cuireadh air ar é a chiontú sa chion dá dtagraítear i mír (a).

(5) Má tharlaíonn, an tráth a bheidh duine le seachadadh de bhun ordaithe faoin alt seo isteach i gcoimeád phóilíneacht Thuaisceart Éireann, go mbeidh sé cúisithe nó ciontaithe i gcion seachas an cion ar ina leith a rinneadh an t-ordú, déanfar an seachadadh a luaithe is féidir tar éis críoch a bheith leis na himeachtaí i leith an chiona eile sin agus le haon phianbhreith choinneála i bpríosún a tugadh sna himeachtaí sin.

(6) (a) Beidh deimhniú lena mbaineann an fo-alt seo inghlactha in aon imeachtaí faoi fho-alt (4) mar fhianaise ar aon fhíoras dá sonraítear i mír (b) a bheidh ráite sa deimhniú.

(b) Baineann an fo-alt seo le deimhniú—

(i) a airbheartaíonn a bheith sínithe ag comhalta de phóilíneacht Thuaisceart Éireann agus a deir gur éalaigh duine a bhfuil a ainm sa deimhniú (arb é an duine é lena mbaineann na himeachtaí faoi fho-alt (4)) as an gcoimeád ina raibh sé aige chun críche aon imeachtaí a shonraítear sa deimhniú,

(ii) a airbheartaíonn a bheith sínithe ag an duine i gceannas príosúin nó ionaid choinneála eile i dTuaisceart Éireann agus a deir gur éalaigh duine a bhfuil a ainm sa deimhniú (arb é an duine é lena mbaineann na himeachtaí faoi fho-alt (4) as coimeád ina raibh sé sa phríosún sin nó san áit sin, nó gur mhainnigh sé láithriú ansin nuair a bhí de cheangal air láithriú amhlaidh, chun críche aon imeachtaí a shonraítear sa deimhniú nó chun aon phianbhreith choinneála a shonraítear amhlaidh a chur isteach, nó

(iii) a airbheartaíonn a bheith sínithe ag comhalta d'aon chúirt nó ag oifigeach d'aon chúirt i dTuaisceart Éireann agus a deir gur mhainnigh duine a bhfuil a ainm sa deimhniú (arb é an duine é lena mbaineann na himeachtaí faoi fho-alt (4) láithriú os comhair na cúirte sin nuair a bhí de cheangal air láithriú amhlaidh chun críche aon imeachtaí a shonraítear sa deimhniú.

(c) Doiciméad a airbheartóidh gur deimhniú é lena mbaineann an fo-alt seo measfar gur deimhniú den sórt sin é, agus é a bheith sínithe ag an duine a n-airbheartaítear é a bheith sínithe aige, mura suífear a mhalairt.

(7) San alt seo folaíonn “imeachtaí” aon achomharc nó atriail.

Cosc ar chontúirt dúbailte.

15. —Dearbhaítear leis seo go bhfuil duine a éigiontaíodh nó a ciontaíodh i gcion faoi dhlí Thuairsceart Éireann i dteideal a éigiontú nó a chiontú a phléadáil mar urchosc in aon imeachtaí sa Stát i ndáil le cion arbh éard é na gníomhartha arbh iad an cion iad inar éigiontaíodh nó inar ciontaíodh amhlaidh é.

Ceart éisteachta.

16. —Beidh ag daoine atá i dteideal cleachtadh mar abhcóidí nó mar aturnaetha i dTuaisceart Éireann ceart éisteachta os comhair aon chúirt a mbeidh imeachtaí i ndáil le cion faoi alt 2 nó 3 ar siúl agus os comhair Coimisinéir a bheidh ag tógáil fianaise faoi alt 12.

Cumhacht a thoirmeasc ainmneacha agus seoltaí finnéithe a fhoilsiú.

17. —(1) Féadfaidh cúirt a mbeidh imeachtaí i ndáil le cion faoi alt 2 nó 3 ar siúl os a comhair a threorú nach ndéanfar ainm agus seoladh aon fhinné nó aon duine a rinne ráiteas ó bhéal nó i scríbhinn a tugadh don chúirt nó aon duine a mbeidh ordú faoi alt 11 déanta ag an gcúirt chun a fhianaise a thógáil a nochtadh d'aon duine seachas comhaltaí agus oifigigh na cúirte, na páirtithe sna himeachtaí, a n-abhcóidí agus a n-aturnaetha agus, i gcás inar dóigh leis an gcúirt gur gá é ar mhaithe leis an gceartas, aon duine eile a shonróidh an chúirt sa treoir nó in aon treoir ina dhiaidh sin.

(2) Beidh duine a sháróidh treoir faoi fho-alt (1) ciontach i gcion agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná £200 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile a chur air.

Srian le halt 7 den Acht um Nós (meachta Coiriúil, 1967.

18. —Ní thabharfaidh alt 7 (2) den Acht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967 , teideal don ionchúisitheoir ná don chúisí le linn réamhscrúdaithe ar chion indíotála ag breitheamh den Chúirt Dúiche faoi Chuid II den Acht sin a cheangal go bhfreastalódh duine os comhair an bhreithimh nó é a cheistiú ar mhodh teistíochta faoi mhionn más dealraitheach don bhreitheamh gur lasmuigh den Stát atá an duine agus nach bhfuil sé réasúnta indéanta a áirithiú go bhfreastalódh sé os comhair an bhreithimh lena cheistiú faoin alt sin.

Gabháil gan bharántas.

19. —(1) Is féidir le duine ar bith aon duine a ghabháil gan bharántas a bhfuil, nó a bhfuil sé in amhras, agus cúis réasúnach aige leis sin, go bhfuil cion faoi alt 2 (1) á dhéanamh aige.

(2) I gcás cion faoi alt 2 (1) nó 3 a bheith déanta, is féidir le duine ar bith aon duine a ghabháil gan bharántas atá, nó a bhfuil sé in amhras, agus cúis réasúnach aige leis sin, go bhfuil sé ciontach sa chion.

(3) I gcás comhalta den Gharda Síochána a bheith in amhras, agus cúis réasúnach aige leis sin, go bhfuil cion faoi alt 2 (1) nó 3 déanta, is féidir leis aon duine a ghabháil gan bharántas a bhfuil sé in amhras, agus cúis réasúnach aige leis sin, go bhfuil sé ciontach sa chion.

(4) Is féidir le comhalta den Gharda Síochána aon duine a ghabháil gan bharántas atá, nó a bhfuil sé in amhras, agus cúis réasúnach aige leis sin, go bhfuil sé ar tí cion faoi alt 2 (1) a dhéanamh.

(5) Is féidir le comhalta den Gharda Síochána, le duine a ghabháil faoi aon chumhacht a thugtar leis an alt seo, dul isteach (le forneart, más gá sin) agus cuardach a dhéanamh in aon áit ina bhfuil an duine sin nó a bhfuil an comhalta in amhras, agus cúis réasúnach aige leis sin, go bhfuil sé ann.

(6) Bainfidh forálacha an ailt seo le hiarracht ar chion a dhéanamh mar a bhaineann siad leis an gcion sin a dhéanamh.

(7) Ní dhochróidh an t-alt seo aon chumhacht ghabhála a thugann an dlí ar leith ón alt seo.

Forálacha forlíontacha.

1965, Uimh. 17

20. —(1) Féadfar imeachtaí i leith cion faoi alt 2 nó 3, nó faoi alt 2 nó 3 (a chuireann alt 4 isteach mar ailt ionaid) den Explosive Substances Act, 1883, a thionscnamh in aon áit sa Stát agus féadfar déileáil chun gach críche teagmhasaí leis an gcion mar chion a rinneadh san áit sin.

(2) I gcás ina gcúiseofar duine i gcion faoi alt 2 nó 3, ní thionscnófar ach amháin ag an Ard-Aighne nó le toiliú an Ard-Aighne aon imeachtaí eile san ábhar ach athchur nó athchuir i gcoimeád nó faoi bhannaí de réir mar a mheasfaidh an chúirt is gá.

(3) D'ainneoin aon ní san alt sin 2 nó 3 den Explosive Substances Act, 1883, beidh duine ciontach i gcion faoi alt 2 nó 3 cibé náisiúntacht ar di é.

(4) (a) I gcás duine a éigiontú nó a chiontú i gcion faoi alt 2 nó 3, ní dhéanfar ordú faoi alt 47 den Acht um Eiseachadadh, 1965 , i ndáil le cion aige arb é na gníomhartha céanna é,

(b) I gcás cion a rinneadh sa Stát ar cion freisin é faoi dhlí Thuaisceart Éireann ar an aon-chúis go bhfuil foráil ar comhréir le halt 2 nó 3 sa dlí sin, ní dhéanfar ordú faoi alt 47 den Acht um Eiseachadadh, 1965 , chun críche trialach i dTuaisceart Éireann i ndáil leis an gcion deiridh sin.

(5) Duine a tugadh suas don Stát de réir barántas gabhála a formhuiníodh i dTuaisceart Éireann, i Sasana, sa Bhreatain Bheag, in Albain, in Oileán Mhanann nó in Oileáin Mhuir nIocht faoi dhlí ar comhréir le Cuid III den Acht um Eiseachadadh, 1965 , ní thionscnófar imeachtaí ina aghaidh, ní chuirfear pianbhreith air ná ní chuirfear i bpríosún é ná ní shrianfar a shaoirse phearsanta ar aon slí eile mar gheall ar chion faoi alt 2 nó 3 (nach cion a shonraítear sa bharántas formhuinithe) a rinneadh sular tugadh suas é mura rud é—

(a) go mbeidh barántas i bhfeidhm a eisíodh go cuí i dTuaisceart Éireann de dhroim faisnéis a thug comhalta de phóilíneacht Thuaisceart Éireann á údarú an cúisí a ghabháil mar gheall ar chion arb éard é na gníomhartha arb iad an cion iad faoi alt 2 nó mar gheall ar an gcion arb éard é éalú as coimeád i dTuaisceart Éireann sna himthosca a luaitear in alt 3, de réir mar a bheidh, nó

(b) go raibh saoirse ag an gcúisí imeacht as an Stát i rith tréimhse leanúnach seacht lá tar éis deireadh a bheith leis na himeachtaí i leith an chiona ar mar gheall air a tugadh suas é agus ar dheireadh a bheith le haon tréimhse choinneála i bpríosún a cuireadh air sna himeachtaí sin nó ar shlí eile nó gur fhill sé ar an Stát tar éis dó imeacht as i rith na tréimhse céadluaite:

Ar choinníoll nach measfar, chun críocha mhír (b), saoirse a bheith ag duine imeacht as an Stát, nó gur fhill sé ar an Stát, aon tráth nuair a bhí sé faoi bhannaí.

(6) I gcás ina mbeadh, mura mbeadh an fo-alt seo, ceangal ann de bhua alt 2 (1) breith bháis a thabhairt ar dhuine, tabharfar breith phríosúnachta lena shaol air.

(7) (a) Déanfar na forálacha de dhlí an Stáit a fheidhmítear de bhua an Achta seo ar ghníomhartha a rinneadh i dTuaisceart Éireann a léamh chun críocha an Achta seo fara aon mhodhnuithe is gá agus go háirithe amhail is dá bhfolódh tagairtí do gach a bhfuil dleathach nó neamhdhleathach gach a bhfuil dleathach nó neamhdhleathach faoi dhlí Thuaisceart Éireann.

(b) Gan dochar do ghinearáltacht mhír (a), le linn alt 27A (a cuireadh isteach le halt 8) d'Acht na nArm Tine, 1964 , a bheith á fheidhmiú ar ghníomhartha a rinneadh i dTuaisceart Éireann, is imthoisc a thabharfadh mar thátal réasúnach nach chun críche dleathaí seilbh i gcás gan aon cheadúnas ná údarás eile is gá faoi dhlí Thuaisceart Éireann i ndáil le hairm tine a bheith ann nó i gcás coinníoll a ghabhann le haon cheadúnas nó údarás eile den sórt sin a shárú.

(8) Is feileonachtaí cionta—

(a) faoi ailt 2 agus 3 den Explosive Substances Act, 1883, agus

(b) faoi ailt 23, 23A agus 23B den Larceny Act, 1916,

is ailt atá curtha in ionad alt eile nó a chuirtear isteach leis an Acht seo.

Aisghairm, leasuithe agus foráil idirlinne.

1861, c. 97.

1954, Uimh. 25 .

1925, Uimh. 17 .

1951, Uimh. 2 .

21. —(1) Aisghairtear leis seo ailt 24 go 27 den Larceny Act, 1916.

(2) Beidh ar áireamh na bhfoirgneamh lena mbaineann an Malicious Damage Act, 1861, aon fhoirgneamh de chuid an Stáit, de chuid údaráis Stáit (de réir brí an Achta Maoine Stáit, 1954 ) no de chuid aon stáit eile; agus chun críocha an ailt sin, déileálfar le foirgneamh de chuid rialtais nó de chuid aon bhrainse nó orgain rialtais stáit eile nó le cuid den chéanna mar fhoirgneamh de chuid an stáit sin.

(3) Leasaítear leis seo alt 28 (1) den Larceny Act, 1916, trí “commit any burglary” a chur in ionad “break and enter into any building and to commit any felony therein”.

(4) Leasaítear leis seo alt 15 d'Acht na nArm Teine, 1925 , trí “i bpríosún ar feadh téarma nach faide ná ceithre bliana déag” a chur in ionad“fé phian-tseirbhís ar feadh téarma nach sia ná fiche bliain, nó fé phríosúntacht i dteanta nó d'éagmais daor-oibre ar feadh téarma nach sia ná dhá bhliain”.

(5) Leasaítear leis seo an Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht um Cheartas Coiriúil, 1951 , maidir le cionta a dhéanfar tar éis tosach feidhme an Achta seo trí “23A, 23B” a chur in ionad “25, 26, 27” (a cuireadh isteach leis an Acht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967 ) i gcolún 2 ag uimhreacha tagartha 14 agus 15 (a shonraíonn na cionta faoin Larceny Act, 1916, ar féidir déileáil leo go hachomair).

(6) Leasaítear leis seo Acht na nArm Tine, 1964

(a) trí “alt 28” a chur in ionad “ailt 23 agus 28” in alt 25 (1),

(b) trí “príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná seacht mbliana” a chur in ionad “fíneáil nach mó ná cúig chéad punt nó, de rogha na cúirte, pianseirbhís ar feadh téarma nach faide ná cúig bliana nó an fhíneáil agus an phianseirbhís sin araon” in alt 26 (1), agus

(c) trí “príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná ceithre bliana déag” a chur in ionad “fíneáil nach mó ná cúig chéad punt nó, de rogha na cúirte, pianseirbhís ar feadh téarma nach faide ná cúig bliana nó an fhíneáil agus an phianseirbhís sin araon” in alt 27 (2).

(7) Má chúisítear duine, mar mhalairt, go ndearna sé, roimh thosach feidhme an Achta seo, cion faoi fhoráil den Larceny Act, 1916, a aisghairtear le fo-alt (1) agus go ndearna sé, tar éis an tosach feidhme sin, cion buirgléireachta nó cion trombhuirgléireachta, agus go gcruthófar go ndearna sé na gníomhartha arb iad cionta an chúisimh iad, ach nach gcruthófar an roimh an tosach feidhme sin nó dá éis a rinneadh na gníomhartha, féadfar é a chiontú sa chion iomchuí faoin bhforáil aisghairthe den Larceny Act, 1916, ach ní dhlífear pionós a chur air is mó ná an pionós is lú de na pionóis uasta a fhoráiltear don dá chion a mbeidh sé cúisithe iontu.

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

22. —(1) Féadfar an tAcht um an Dlí Coiriúil (Dlínse), 1976 , a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire Dlí agus Cirt le hordú.