An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I Cáin Ioncaim, Forcháin, Cáin Bhrabús Corparáide, Cáin Chorparáide agus Cáin Ghnóchan Caipitiúil) Ar Aghaidh (Caibidil III Cánachas ar Bhrabúis Feirmeoireachta)

16 1976

AN tACHT AIRGEADAIS, 1976

Caibidil II

Cáin Ioncaim i Leith Díolaíochtaí Áirithe

Leathnú ar Chaibidil IV (cáin ioncaim i leith díolaíochtaí áirithe) de Chuid V den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

15. —Beidh feidhm, le héifeacht ar an agus ón 6ú lá d'Aibreán, 1976, ag Caibidil IV de Chuid V den Acht Cánach Ioncaim, 1976, maidir leis na díolaíochtaí go léir is inmheasúnaithe i leith cánach ioncaim faoi Sceideal E seachas na díolaíochtaí a shonraítear i míreanna (b) agus (c) d'alt 125 den Acht sin

Forálacha eatramhacha.

16. —(1) (a) San alt seo—

tá le “liúntas caipitiúil” an bhrí chéanna atá leis in alt 33 den Acht Airgeadais, 1975 ;

ciallaíonn “asbhaint i leith ranníocaí” aon asbhaint a lamháiltear de bhua alt 222, 224 nó 233 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , nó Chaibidil II de Chuid I den Acht Airgeadais, 1972 ;

ciallaíonn “asbhaint i leith caiteachas” asbhaint a lamháiltear faoi Riail 3 nó faoi Riail 4 de na Rialacha (dá ngairtear Rialacha Sceideal E anseo feasta) is infheidhme maidir le Sceideal E atá i Sceideal 2 a ghabhann leis an Acht Cánach Ioncaim, 1967 ;

ciallaíonn “díolaíochtaí”—

(i) i ndáil leis an mbliain 1975-76, díolaíochtaí is inmheasúnaithe i leith cánach faoi Sceideal E don bhliain 1975-76 agus a raibh cáin inbhainte astu faoi aon cheann de Rialacha Sceideal E, agus

(ii) i ndáil le gach ceann de na blianta iomchuí, díolaíochtaí is inmheasúnaithe i leith cánach faoi Sceideal E don bhliain sin agus a mbeadh, mura mbeadh forálacha alt 15, cáin inbhainte astu faoi Rialacha Sceideal E;

ciallaíonn “na blianta iomchuí” na trí bliana 1976-77, 1977-78 agus 1978-79;

ciallaíonn “cáin” cáin ioncaim;

ciallaíonn “cáin is iomchuí do na díolaíochtaí”, i ndáil le naon phearsa aonair, méid na cánach arna chinneadh de réir na foirmle—

A

____

×C

A+B

i gcás—

arb é A méid díolaíochtaí na pearsan aonair (dá ngairtear “glandíolaíochtaí” anseo feasta) do bhliain mheasúnachta áirithe (lena n-áirítear, i gcás duine phósta, aon díolachtaí de chuid a bhanchéile a meastar, de réir forálacha alt 192 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , gur ioncam dá chuid iad, tar éis a méid comhiomlán seo a leanas a bhaint astu—

(a) an oiread sin de gach méid díobh seo a leanas a bheidh le cur i gcuntas le linn cáin a bheith á muirearú ar na díolaíochtaí:

(i) aon asbhaint i leith caiteachas;

(ii) aon asbhaint i leith ranníocaí; agus

(iii) aon liúntas caipitiúil;

agus

(b) an oiread sin d'aon chaillteanas a áirítear, faoi fhorálacha alt 307 (4) (b) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , mar asbhaint as na díolaíochtaí sin,

arb é B comhiomlán ioncam na pearsan aonair, seachas díolaíochtaí, don bhliain mheasúnachta sin ó gach bunadh (lena n-áirítear, i gcás duine phósta, aon ioncam, seachas díolaíochtaí, de chuid a bhanchéile a meastar, de réir forálacha alt 192 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , gur ioncam dá chuid iad) tar éis an oiread sin de gach méid díobh seo a leanas is inchurtha go díreach i leith gach bunaidh, faoi seach, a bhaint as ioncam an bhunaidh sin:

(i) aon asbhaint i leith caiteachas;

(ii) aon asbhaint i leith ranníocaí;

(iii) aon liúntas caipitiúil; agus

(iv) aon chaillteanas de réir brí alt 89 nó Chaibidil I de Chuid XIX den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ,

arb é C an cháin is iníoctha ar ioncam iomlán na pearsan aonair don bhliain sin sula ndéantar aon fhaoiseamh dá bhforáiltear leis an alt seo a chur i gcuntas.

(b) I gcás, i ndáil le haon phearsa aonair, gur ó níos mó ná bunadh amháin a d'eascair na díolaíochtaí a áirítear in A san fhoirmle i mír (a), déanfar an cháin is iomchuí do na díolaíochtaí ó gach bunadh a chinneadh ar leithligh agus is é a bheidh inti méid a mbeidh idir é agus an cháin is iomchuí do na díolaíochtaí an chomhréir chéanna a bheidh idir glanmhéid na ndíolaíochtaí ó gach bunadh agus A réamhráite.

(2) (a) I gcás pearsa aonair a bheith ag fáil díolaíochtaí d'aon tréimhse arb í na blianta iomchuí go léir nó cuid díobh í, beidh sé i dteideal, de réir forálacha fho-alt (4), faoiseamh a fháil don tréimhse sin ar cóimhéid (dá ngairtear “logha” anseo feasta) le leath na cánach is iomchuí do dhíolaíochtaí na bliana 1975-76:

Ar choinníoll nach mó an logha na comhiomlán na cánach is iomchuí do dhíolaíochtaí na mblianta iomchuí.

(b) I gcás ar logha i leith díolaíochtaí ó níos mó ná bunadh amháin an logha, is é méid an logha i leith na ndíolaíochtaí ó gach bunadh méid a mbeidh idir é agus an logha an chomhréir chéanna a bheidh idir glanmhéid na ndíolaíochtaí ón mbunadh sin agus A san fhoirmle i bhfo-alt (1) (a).

Ar choinníoll nach mó an logha i leith na ndíolaíochtaí ó aon bhunadh ná comhiomlán na cánach is iomchuí do dhíolaíochtaí na mblianta iomchuí ón mbunadh sin.

(3) (a) Bean a fhaigheann díolaíochtaí d'aon tréimhse arb í na blianta iomchuí go léir nó cuid díobh í, beidh sí i dteideal an logha i leith cánach ar dhíolaíochtaí, más ann, a d'eascair chuici sa bhliain 1975-76 mar bhean neamhphósta nó mar bhaintreach:

Ar choinníoll nach mó comhiomlán an logha a bheidh dlite i leith na ndíolaíochtaí a d'eascair chuici mar bhean neamhphósta nó mar bhaintreach agus i leith díolaíochtaí, más ann, a d'eascair chuici agus a meastar, de réir forálacha alt 192 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , gur ioncam de chuid a fearchéile iad, ná comhiomlán na cánach is iomchuí do na díolaíochtaí a d'eascair chuici do na blianta iomchuí (lena n-áirítear aon díolaíochtaí a meastar, de réir forálacha alt 192 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , gur ioncam de chuid a fearchéile iad).

(b) An logha a bheidh dlite do bhean phósta i leith díolaíochtaí a d'eascair chuici sa bhliain 1975-76 mar bhean neamhphósta nó mar bhaintreach, tabharfar é i dtosaíocht ar aon logha a bheidh dlite i leith díolaíochtaí, más ann, a d'eascair chuici agus a meastar, de réir forálacha alt 192 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , gur ioncam de chuid a fearchéile iad.

(c) Faoi réir forálacha fho-ailt (2) agus (4), beidh baintreach i dteideal an logha, go hiomlán nó go páirteach, i leith aon díolaíochtaí a d'eascair chuici agus ar measadh, de réir alt 192 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , gur ioncam de chuid a fearchéile iad agus a mbeadh teideal ag a fearchéile chuige dá mbeadh sé gan éag.

(4) Déanfar an logha a thugtar de bhua forálacha an ailt seo a lamháil, trian dá mhéid, gach bliain de na blianta iomchuí comhleanúnacha, ag tosú leis an gcéad bhliain, faoi réir na Coimisinéirí Ioncaim a bheith sásta gur íocadh trí asbhaint nó eile cáin is iomchuí do na díolaíochtaí a d'eascair gach bliain de na blianta sin agus nár lú a méid ná an trian sin den logha:

Ar choinníoll, i gcás ar mó trian den logha ná an cháin is iomchuí do na díolaíochtaí d'aon bhliain de na bhlianta sin, go bhféadfar an barrachas a lamháil a mhéid is féidir in aghaidh cáin is iníoctha d'aon bhliain amháin nó níos mó de na blianta iomchuí eile tar éis an chuid sin den logha is inlamhála don bhliain sin de bhua forálacha an ailt seo a asbhaint.

(5) I gcás a bhfaighidh aon duine, in aghaidh aon tréimhse arb í na blianta iomchuí go léir nó aon chuid díobh í, pinsean nó aoisliúntas eile (dá ngairtear “pinsean” anseo feasta) i leith seirbhísí a raibh an phearsa aonair a d'éag ag fáil díolaíochtaí ina leith don bhliain 1975-76, beidh an duine sin i dteideal aon logha nó aon iarmhéid d'aon logha a mbeadh an phearsa aonair, dá mbeadh sé gan éag agus go mbeadh díolaíochtaí á bhfáil aige in aghaidh na mblianta iomchuí go léir nó in aghaidh aon choda díobh, ina theideal i leith díolaíochtaí seachas díolaíochtaí de chuid banchéile a meastar, de réir forálacha alt 192 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , gur díolaíochtaí de chuid a fearchéile iad:

Ar choinníoll nach mó comhiomlán an logha a mbeidh teideal ag an duine sin chuige de bhua an fho-ailt seo agus aon logha a mbeidh teideal aige chuige de bhua fho-alt (2) i leith an phinsin sin ná an cháin is iomchuí don phinsean do na blianta iomchuí.

(6) Chun críocha an ailt seo, measfar pinsean i leith seirbhísí a raibh díolaíochtaí á bhfáil ag pearsa aonair ina leith don bhliain 1975-76 a theacht ón mbunadh céanna leis na díolaíochtaí sin.

(7) Déanfar gach coigeartú agus gach aisíoc cánach is gá chun éifeacht a thabhairt d'fhorálacha an ailt seo.

(8) Leasaítear leis seo alt 193 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (d) i bhfo-alt (2):

“(dd) sa mhéid gur ó fhaoiseamh dó faoi alt 16 den Acht Airgeadais, 1976 , i gcomhréir leis na glandíolaíochtaí atá ar áireamh in A san fhoirmle i bhfo-alt (1) (a) den alt sin.”.

Déileáil chun críocha cánach le luach saothair neamhíoctha áirithe.

17. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “tréimhse chuntasaíochta”, i ndáil le trádáil nó gairm, tréimhse 12 mhí dar críoch an dáta ar anuas go dtí é a dhéantar cuntais na trádála nó na gairme amach de ghnáth, agus i gcás nach mbeidh cuntais na trádála nó na gairme déanta amach, ciallaíonn sé cibé tréimhse nach faide ná 12 mhí a chinnfidh na Coimisinéirí Ioncaim;

ciallaíonn “dáta scoir”, i ndáil le hoifig nó fostaíocht, an dáta a scoireann duine de bheith ag sealbhú na hoifige nó na fostaíochta;

ciallaíonn “dáta tosaithe”, i ndáil le hoifig nó fostaíocht, an dáta a thosaíonn an duine ag sealbhú na hoifige nó na fostaíochta;

ciallaíonn “tréimhse chuntais”, i ndáil le trádáil nó gairm, aon tréimhse, seachas tréimhse chuntasaíochta, dá ndearnadh cuntais na trádála nó na gairme amach;

ciallaíonn “tréimhse faibhrithe”, i ndáil le luach saothair i leith oifige nó fostaíochta i dtrádáil nó i ngairm, an tréimhse dar tosach—

(a) an chéad lá de thréimhse chuntasaíochta, nó de thréimhse chuntais, de chuid na trádála nó na gairme, nó

(b) dáta tosaithe na hoifige nó na fostaíochta,

cibé acu is déanaí, agus dar críoch—

(c) an lá deiridh de thréimhse chuntasaíochta nó de thréimhse chuntais, nó

(d) dáta scoir na hoifige nó na fostaíochta,

cibé acu is luaithe;

ciallaíonn “dáta iomchuí”—

(a) i ndáil le tréimhse chuntasaíochta, an lá deiridh den tréimhse,

(b) i ndáil le tréimhse chuntais—

(i) i gcás ar giorra ná 12 mhí an tréimhse chuntais, an lá deiridh den tréimhse;

(ii) i gcás ar faide ná 12 mhí an tréimhse chuntais, an lá 5ú lá d'Aibreán sa tréimhse agus an lá deiridh den tréimhse;

folaíonn “luach saothair” na tuarastail, na táillí, an pá, na peircisí nó na sochair uile go léir ó oifig nó ó fhostaíocht.

(2) I gcás luach saothair (dá ngairtear “luach saothair neamhíoctha” anseo feasta) is inasbhainte mar chostas le linn brabúis nó ioncam trádála nó gairme do thréimhse chuntasaíochta nó do thréimhse chuntais a bheith á ríomh chun críocha Sceideal D a bheith gan íoc ar dháta iomchuí—

(a) measfar gur díolaíochtaí lena mbaineann Caibidil IV de Chuid V den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , an luach saothair neamhíoctha agus measfar é a bheith íoctha de réir forálacha fho-alt (3), agus

(b) beidh feidhm ag na forálacha go léir den Chaibidil sin IV agus de rialacháin faoin gCaibidil sin agus d'ailt 7. 8 agus 9 den Acht Airgeadais, 1968 , modhnaithe mar is gá, maidir leis an luach saothair neamhíoctha ionann is dá mba gur íocadh amhlaidh é.

(3) (a) Measfar luach saothair neamhíoctha faibhriú ó lá go lá i gcaitheamh iomlán na tréimhse faibhrithe agus measfar gur íocadh, gach dáta iomchuí, an oiread sin de a bhí faibhrithe anuas go dtí an dáta sin nó, má ba luaithe é, go dtí dáta scoir na hoifige nó na fostaíochta ar ina leith is iníoctha an luach saothair neamhíoctha—

(i) i gcás gan aon dáta iomchuí a bheith ann roimhe sin, ó thosach na tréimhse faibhrithe nó, má ba dhéanaí é, ó dháta tosaithe na hoifige nó na fostaíochta ar ina leith is iníoctha an luach saothair neamhíoctha, agus

(ii) i gcás dáta iomchuí a bheith ann roimhe sin, ón lá tar éis an dáta sin nó, má ba dhéanaí é, ón dáta tosaithe sin.

(b) I gcás a measfaí, de bhua forálacha mhír (a), luach saothair neamhíoctha a bheith íoctha ar dháta ba luaithe ná an 5ú lá d'Aibreán, 1976, measfar gurb é an 5ú lá d'Aibreán, 1976, a íocadh an luach saothair sin.

(4) Ní bhainfidh forálacha an ailt seo:

(a) le díolaíochtaí lena mbaineann alt 125 (c) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ; ná

(b) le luach saothair neamhíoctha a íoctar—

(i) roimh dháta éagtha 6 mhí tar éis an dáta (dá ngairtear “an dáta measta” anseo feasta) a meastar, de bhua fho-alt (3), a íocadh an luach saothair sin, nó

(ii) i gcás ar faide ná 12 mhí an tréimhse chuntais, roimh dháta éagtha 18 mí ón gcéad lá den tréimhse chuntais sin más déanaí an dáta éagtha ná an dáta measta.