|
|||||
|
AN tACHT AIRGEADAIS, 1976
Caibidil V Sochair Chomhchineáil | ||
[EN] |
Muirearú i leith cánach faoi alt 52 (Sceideal D) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , a leathnú. |
22. —(1) I gcás a sealbhaíonn duine (dá ngairtear “an fostaí” san alt seo) oifig nó fostaíocht agus— |
[EN] | (a) go bhfuil na brabúis nó na gnóchain a eascraíonn chuige ón oifig nó ón bhfostaíocht sin inchurtha, de bhua alt 52 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , faoi cháin faoi Chás III de Sceideal D, agus | |
[EN] | (b) go bhfaigheann sé suim i leith caiteachas nó go gcineann sochar chuige ar suim nó sochar é lena mbaineann an t-alt seo, | |
[EN] | beidh an méid sonraithe ar áireamh na mbrabús nó na ngnóchan ón oifig nó ón bhfostaíocht sin is inmheasúnaithe i leith cánach agus muirearófar cáin air dá réir sin. | |
[EN] | (2) Baineann an t-alt seo le haon suim a fhaigheann fostaí nó le haon sochar a chineann chuig fostaí agus a mbeadh cáin le muirearú ina leith de bhua Chaibidil III de Chuid V den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , dá mba oifig nó fostaíocht a mbeadh na brabúis nó na gnóchain aisti inchurtha faoi cháin faoi Sceideal E an oifig nó an fhostaíocht sin aige. | |
[EN] | (3) Is é an méid sonraithe dá dtagraítear i bhfo-alt (1) an méid a bheadh inchurtha faoi cháin de bhua na Caibidle sin III i leith na suime nó an tsochair lena mbaineann an t-alt seo dá mbeadh na sochair nó na gnóchain ón oifig nó ón bhfostaíocht dá dtagraítear san fho-alt sin inchurtha faoi cháin faoi Sceideal E. | |
[EN] |
Sochar comhchineáil: íosmhuirear cánach i leith úsáid feithicle. |
23. —I gcás a mbeidh, de bhua alt 117 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , cáin le muirearú ar aon duine i leith an tsochair a chin chuige ó fheithicil a sholáthar de réir brí alt 30 den Acht Airgeadais, 1973 , ní lú an méid a mbeidh cáin le muirearú air i leith an tsochair sin, don bhliain 1976-77 nó d'aon bhliain mheasúnachta dá éis sin, ná an méid is mó den dá mhéid seo a leanas— |
[EN] | (a) £300, nó | |
[EN] | (b) 15 faoin gcéad de chostas cuí na feithicle de réir brí alt 32: | |
[EN] | Ar choinníoll go ndéanfar na méideanna a shonraítear i míreanna (a) agus (b) a laghdú, i gcás gur ar feadh coda de bhliain mheasúnachta a bhí an fheithicil ar soláthar, ar aon chomhréir leis an gcomhréir idir an chuid sin den bhliain agus an bhliain sin |