|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (AN tACHT UM FHIADHÚLRA, 1976) | Ar Aghaidh (CUID II Fiadhúlra a Chaomhnú agus a Chosaint) |
AN tACHT UM FHIADHÚLRA, 1976
[EN] | ||
[EN] |
CUID I Réamhráiteach agus Ginearálta | |
[EN] |
Gearrtheideal, tosach feidhme agus comhlua. |
1. —(1) Féadfar an tAcht um Fhiadhúlra, 1976 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a shocrófar chuige sin le hordú nó le horduithe ón Aire, go ginearálta nó maidir le haon chríoch nó foráil áirithe, agus féadfar laethanta éagsúla a shocrú le haghaidh críocha éagsúla agus forálacha éagsúla den Acht seo. | |
[EN] | (3) Féadfar na hAchtanna Foraoiseachta, 1946 go 1976, a ghairm de na h Achta Foraoiseachta, 1946 agus 1956, agus d'ailt 55 agus 63 den Acht seo i dteannta a chéile. | |
[EN] |
Mínithe. 1919, c. 57. |
2. —(1) San Acht seo— |
[EN] | ciallaíonn “Acht 1919” an Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919; | |
[EN] | ciallaíonn “Acht 1946” an tAcht Foraoiseachta, 1946 ; | |
[EN] | ciallaíonn “Acht 1956” an tAcht Foraoiseachta, 1956 ; | |
[EN] | folaíonn “talmhaíocht” gortóireacht; | |
[EN] | ciallaíonn “aerghunna” aon arm, lena n-áirítear aer-raidhfil nó aerphiostal, ar a bhfuil bairille as ar féidir slugaí miotail nó slugaí eile a chaitheamh; | |
[EN] | ciallaíonn “duine údaraithe” duine arna cheapadh faoi alt 72 den Acht seo ag an Aire le bheith ina dhuine údaraithe chun críocha an Achta seo; | |
[EN] | ciallaíonn “an Bord”, ach amháin in alt 14 agus sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, An Bord Pleanála; | |
[EN] | tá le “oibríocht fhoirgníochta” an bhrí chéanna atá leis in alt 2 den Acht Monarchan, 1955 ; | |
[EN] | ciallaíonn “na Coimisinéiri” Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn”; | |
[EN] | ciallaíonn “caomhnú” úsáid talún i ndáil le leasanna fiadhúlra a bhainistí agus a rialú agus, nuair is iomchuí, talamh a fhorbairt agus a fheabhsú ag féachaint do na leasanna sin; | |
[EN] | ciallaíonn “an Chomhairle” an comhlacht a bhunaítear le halt 13 den Acht seo; | |
[EN] | tá le “ordú sainiúcháin” an bhrí a shanntar dó le halt 17 den Acht seo; | |
[EN] | tá le “hordú bunaithe” an bhrí a shanntar dó le halt 15 den Acht seo; | |
[EN] | tá le “mamach fiáin díolmhaithe” an bhrí a shanntar dó le halt 25 den Acht seo; | |
[EN] | ciallaíonn “fabhcúnacht” fiach le héin den ord Falconiformes atá tréineáilte do sheabhcóireacht spóirt; | |
[EN] | ciallaíonn “fauna” gach ainmhí fiáin (idir uiscí agus talúnta) agus folaíonn sé go háirithe éin fhiáine, mamaigh fhiáine, reiptílí, ainmhithe agus amfaibiaigh inveirteabracha neamhuiscí, agus uibheacha agus óga na n-ainmhithe fiáine sin uile, ach maidir le héisc nó le hainmhithe inveirteabracha uiscí (nó lena n-uibheacha nó lena sceathrach nó lena n-ál nó lena n-óga) ní fholaíonn sé ach éisc agus na hainmhithe inveirteabracha uiscí sin is de speiceas arna shonrú i rialacháin faoi alt 23 den Acht seo a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire; | |
[EN] | ciallaíonn “arm tine” aon arm tine marfach nó arm marfach eile de thuairisc ar bith (lena n-áirítear aerghunna) as ar féidir aon ghrán, piléar, sluga nó diúracán eile a chaitheamh; | |
[EN] | ciallaíonn “flora” gach planda (idir uiscí agus talúnta) san fhianas (laistigh nó lasmuigh den Stát) nach crainn, toir ná plandaí eile a bhíonn á bhfás i gcúrsa talmhaíochta nó gortóireachta, agus folaíonn sé go háirithe léicin, caonaigh, aelusanna, fungais, algaí agus plandaí soithíocha, is é sin le rá, plandaí bláthiompair, raithneacha agus plandaí raithneachúla agus aon chumann plandaí den sórt sin; | |
[EN] | tá le “urthrá” an bhrí atá le “imeall trágha” in alt 1 den Acht Imeall Trágha, 1933 ; | |
[EN] | folaíonn “feidhmeanna” cumhachtaí agus dualgais; | |
[EN] | ciallaíonn “ordú giorriacha” ordú arna dhéanamh ag an Aire faoi alt 25 den Acht seo a sonraítear aon speiceas giorriacha ann; | |
[EN] | ciallaíonn “fiach” stalcaireacht, tóraíocht, seilg, tiomáint, dúiseacht, gabháil, cúrsáil, mealladh, leanúint, cuardach, oirchilliú, tógáil, gaistiú nó lámhach ar dhóigh ar bith, i dteannta nó d'éagmais gadhar, agus, ach amháin in ailt 28 agus 29, folaíonn sé marú le linn fiaigh, ach ní fholaíonn sé san Acht seo stalcaireacht, mealladh, cuardach nó oirchilliú ar fauna ar bith ag duine neamharmtha d'aontoisc chun faireacháin nó chun pictiúir fótagrafacha nó eile a thógáil nó a dhéanamh, agus forléireofar focail ghaolmhara dá réir sin; | |
[EN] | ciallaíonn “uiscí intíre” aon uiscí a chuimsítear in uiscí inmheánacha nó intire an Stáit; | |
[EN] | folaíonn “leas” aon eastát, téarma, éasúint nó profit à prendre: | |
[EN] | folaíonn “talamh”, mar a gceadaíonn an comhthéacs é, talamh faoi uisce, agus maidir le fáil talún folaíonn sé freisin aon éasúint, profit à prendre nó ceart eile i dtalamh nó in uisce nó chun an chéanna nó ar an gcéanna (lena n-áirítear aon éasúint, profit à prendre nó ceart eile a deonaíodh don Aire nó atá ar teachtadh aige); | |
[EN] | ciallaíonn “na Coimisinéirí Tuata” Coimisinéirí Choimisiún Talún na hÉireann seachas an Coimisinéir Breithiúnais; | |
[EN] | ciallaíonn “déileálaí ceadúnaithe i bhfiadhúlra” duine is sealbhóir de thuras na huaire ar cheadúnas déileálaí i bhfiadhúlra; | |
[EN] | ciallaíonn “údarás áitiúil” údarás áitiúil chun críocha an Achta Rialtais Áitiúil, 1941 ; | |
[EN] | ciallaíonn “an tAire” an tAire Tailte; | |
[EN] | ciallaíonn “úinéir” maidir le talamh— | |
[EN] | (a) i gcás an talamh a bheith dílsithe faoi na hAchtanna Talamh-Cheannaigh do Choimisiún Talún na hÉireann, ach gan a bheith dílsithe do thionónta-cheannaitheoir ná do cheannaitheoir na talún, an duine arb é de thuras na huaire tionónta-cheannaitheoir, nó ceannaitheoir, cibé acu é, na talún sin, agus | |
[EN] | (b) in aon chás eile, úinéir an eastáit is ísle sa talamh arb eastát é is indíolta faoi na hAchtanna Talamh-Cheannaigh, | |
[EN] | ciallaíonn “údarás pleanála” údarás pleanála chun críocha na nAchtanna Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 agus 1976; | |
[EN] | ciallaíonn “forordaithe” forordaithe le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire faoin Acht seo; | |
[EN] | tá le “ainmhí fiáin cosanta” an bhrí a shanntar dó le halt 23 (4) den Acht seo; | |
[EN] | tá le “éan fiáin cosanta” an bhrí a shanntar dó le halt 22 (3) den Acht seo; | |
[EN] | tá le “ordú aitheantais” an bhrí a shanntar dó le halt 16 den Acht seo; | |
[EN] | ciallaíonn “babhta cúrsála rialaithe” babhta cúrsála arna chur ar bun de réir na rialacha le haghaidh na mbabhtaí sin a bheidh de thuras na huaire foilsithe agus ceadaithe ag Club Cúrsála na hÉireann de bhun Acht Tionscail na gCon, 1958 ; | |
[EN] | folaíonn “speiceas” fo-speicis agus hibridí; | |
[EN] | ní fholaíonn “cearta spóirt” cearta iascaireachta; | |
[EN] | ciallaíonn “farraigí teorann an Stáit” an pháirt sin den fharraige arb é atá inti, chun críocha an Achta um Dhlínse Mhuirí, 1959, farraigí teorann an Stáit; | |
[EN] | folaíonn “éan fiáin” gearrcach nár eitil fós de chuid éin fhiáin; | |
[EN] | ciallaíonn “déileálaí i bhfiadhúlra” aon duine ag a mbíonn gnó déileála i bhfiadhúlra á sheoladh; | |
[EN] | tá le “ceadúnas déileálaí i bhfiadhúlra” an bhrí a shanntar dó le halt 48 den Acht seo; | |
[EN] | ciallaíonn “lacha fhiáin” lacha fhiáin de speiceas ar bith; | |
[EN] | folaíonn “mamach fiáin” mamaigh fhiáine, idir uiscí agus talúnta, agus a n-óga; | |
[EN] | ciallaíonn “fiadhúlra” fauna agus fiora; | |
[EN] | tá le “hobair innealtóireachta” an bhrí chéanna atá leis in alt 2 den Acht Monarchan, 1955 . | |
[EN] | (2) Aon tagairt san Acht seo do dhíol folaíonn sé tagairt do dhiúscairt i modh babhtála, do thairiscint díola agus do thairiscint cheannaigh a lorg, agus forléireofar dá réir sin focail san Acht seo atá gaolmhar le díol agus, lasmuigh d'alt 47 agus d'alt 55, folaíonn aon tagairt san Acht seo do cheannach tagairt do fháil i modh babhtála, do thairiscint cheannaigh agus do thairiscint díola a lorg. | |
[EN] | (3) Chun críocha an Achta seo ciallaíonn gnó déileála i bhfiadhúlra gnó ceannaithe aon éin fhiáine chosanta nó ainmhithe fiáine cosanta lena n-athdhíol agus folaíonn sé bheith ag gabháil do sheitheadóireacht i ndáil leis na héin nó na hainmhithe sin. | |
[EN] | (4) Ní fhorléireofar aon ní san Acht seo mar ní a chuireann cosc nó srian ar ghníomh a dhéanamh ag duine ar bith, cibé acu mar fhostaí nó ar dhóigh eile é, seachas fauna a mharú, is gníomh a dhéanann an duine sin agus é ag cabhrú le duine eile chun fauna a fhiach go dleathach. | |
[EN] |
Fógraí, etc., a sheirbheáil. |
3. —(1) I gcás ina gceanglaíonn an tAcht seo, seachas alt 48, 60 nó 61, nó aon rialachán arna dhéanamh faoin Acht seo, fógra, cóip d'ordú nó cóip de rialacháin, a sheirbheáil ar dhuine nó a thabhairt dó nó a chur chuige, déanfar, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, é a sheoladh chuige agus é a sheirbheáil air, a thabhairt dó nó a chur chuige ar dhóigh acu seo a leanas: |
[EN] | (a) i gcás é a sheoladh chuige faoina ainm, trína sheachadadh dó; | |
[EN] | (b) trína fhágáil ag seoladh a ghnátháite cónaithe nó, i gcás seoladh le haghaidh seirbheála a bheith tugtha, ag an seoladh sin; | |
[EN] | (c) trína chur leis an bpost i litir chláraithe réamhíoctha arna seoladh chuige ag seoladh a ghnátháite cónaithe nó, i gcás seoladh le haghaidh seirbheála a bheith tugtha, ag an seoladh sin; | |
[EN] | (d) i gcás nach féidir seoladh a ghnátháite cónaithe a chinntiú trí fhiosrú réasúnach agus go gceanglaítear nó go n-údaraítear amhlaidh an fógra nó an chóip a sheirbheáil nó a thabhairt i leith aon talún nó áitribh, tríd an bhfógra nó an chóip a sheachadadh do dhuine éigin os cionn sé bliana déag d'aois a chónaíonn nó atá fostaithe ar an talamh nó san áitreabh sin nó trína ghreamú in áit fheiceálach ar an talamh nó ar an áitreabh sin nó ina aice. | |
[EN] | (2) I gcás ina gceanglaíonn an tAcht seo, seachas alt 48, 60 nó 61, nó aon rialachán arna dhéanamh faoin Acht seo, fógra, cóip d'ordú nó cóip de rialacháin, a sheirbheáil ar áititheoir nó a thabhairt dó nó a chur chuige, agus nach féidir ainm an áititheora a chinntiú trí fhiosrú réasúnach, féadfar é a sheoladh go dtí “an t-áititheoir” gan é a ainmniú. | |
[EN] | (3) Chun críocha an ailt seo, measfar cuideachta de réir brí Acht na gCuideachtaí, 1963 , a bheith ina gnáthchónaí ag a hoifig chláraithe, agus measfar gach comhlacht corpraithe agus gach comhlacht neamhchorpraithe eile a bheith ina ghnáthchónaí ag a phríomhoifig nó a phríomháit ghnó. | |
[EN] |
Caiteachais. |
4. —Íocfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas. |
[EN] |
Airgead a gheobhaidh an tAire a chur chun feidhme. |
5. —Déanfar an t-airgead go léir a gheobhaidh an tAire faoin Acht seo a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste ar cibé dóigh a ordóidh an tAire Airgeadais. |
[EN] |
Bronntanais. |
6. —Féadfaidh an tAire aon bhronntanas a ghlacadh a thabharfar dó chun gach ceann nó aon cheann de chríocha an Achta seo agus, faoi réir a théarmaí, féadfaidh sé é a chur chun feidhme chun na gcríocha sin. |
[EN] |
Tuarascálacha. |
7. —Déanfaidh an tAire, maidir le gach bliain airgeadais, tuarascáil a ullmhú ar a imeachtaí faoin Acht seo i gcaitheamh na bliana sin agus cuirfidh sé faoi deara an tuarascáil a leagan faoi bhráid dhá Theach an Oireachtais an t-am céanna a leagfar amhlaidh tuarascáil na bliana sin ar a imeachtaí faoi Acht 1946. |
[EN] |
Rialacháin agus orduithe. |
8. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun aon ábhar a fhorordú a luaitear san Acht seo mar ábhar forordaithe, ar choinníoll, sa mhéid go bhforálfaidh aon rialacháin den sórt sin táillí a mhuirearú, nach ndéanfar iad ach amháin le toiliú ón Aire Airgeadais. |
[EN] | (2) Faoi réir fho-alt (3) den alt seo agus ailt 14 (5), 15 (5), 15 (6), 16 (4), 17 (3) agus 17 (13) den Acht seo, féadfaidh an tAire, le hordú, aon ordú (seachas ordú ceannaigh de réir brí alt 55 den Acht seo) arna dhéanamh aige faoin Acht seo (lena n-áirítear ordú arna dhéanamh faoin bhfo-alt seo) a chúlghairm nó a leasú. | |
[EN] | (3) I gcás ina gceanglaíonn an tAcht seo ar an Aire, roimh ordú nó rialachán a dhéanamh faoin Acht seo, dul i gcomhairle le haon Aire Stáit eile, leis na Coimisinéirí, le húdarás pleanála nó le haon chomhlacht eile, ní dhéanfaidh an tAire cúlghairm ná leasú ar an ordú nó an rialachán gan dul i gcomhairle amhlaidh. | |
[EN] | (4) Gach rialachán agus gach ordú a dhéanfaidh an tAire faoin Acht seo, seachas ordú faoi alt 1 (2) nó ordú ceannaigh de réir brí alt 55 den Acht seo, leagfar é faoi bhráid gach Teach den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán nó a t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin nó an ordaithe, beidh an rialachán nó an t-ordú ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a bheidh déanta roimhe sin faoin rialachán nó faoin ordú. | |
[EN] |
Ceadúnais. |
9. —Féadfaidh an tAire coinníollacha a chur ag gabháil le haon cheadúnas a dheonóidh sé chun aon chríocha de chuid an Achta seo nó rialachán arna ndéanamh faoin Acht seo, agus féadfaidh sé na coinníollacha sin a athrú agus aon cheadúnas den sórt sin a chúlghairm seachas ceadúnas arna dheonú ag an Aire faoi alt 29 den Acht seo. Faoi réir alt 32 (5) den Acht seo, oibreoidh ceadúnas arna dheonú ag an Aire faoin Acht seo, má bhíonn sin sainráite ann, chun a údarú d'aon duine d'aicme nó de thuairisc a bheidh sonraithe sa cheadúnas, |
[EN] | (a) aon ní a dhéanamh a gceadóidh an ceadúnas é a dhéanamh, nó | |
[EN] | (b) aon ní a dhéanamh a gceadófar amhlaidh é a dhéanamh agus is d'aicme nó de thuairisc a bheidh sonraithe amhlaidh. | |
[EN] |
Aisghairm. |
10. —Déantar leis seo na hachtacháin a luaitear sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a shonraítear sa tríú colún den Sceideal sin. |