An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I Réamhráiteach agus Ginearálta) Ar Aghaidh (Caibidil II Anaclanna agus Tearmainn)

39 1976

AN tACHT UM FHIADHÚLRA, 1976

CUID II

Fiadhúlra a Chaomhnú agus a Chosaint

Caibidil I

Ginearálta

Feidhmeanna an Aire maidir le fiadhúlra.

11. —(1) Is feidhm de chuid an Aire é a áirithint go gcaomhnófar fiadhúlra.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh an tAire go háirithe gach ní nó aon ní acu seo a leanas a dhéanamh:

(a) cúnamh nó comhairle a thabhairt d'aon duine ar aon ábhar a bhaineann le fiadhúlra,

(b) má mheasann an tAire gurb inmhianaithe, ar mhaithe le fiadhúlra, aon talamh nach bhfuil leas aige ann a bheith á bhainistí, nó a bainistíocht a bheith á maoirsiú, aige féin nó thar a cheann, féadfaidh sé an talamh a bhainistí nó a chur faoi deara é a bhainistí, nó a bainistíocht a mhaoirsiú, nó a chur faoi deara í a mhaoirsiú, ar cibé téarmaí agus faoi réir cibé coinníollacha ar a gcomhaontófar idir é féin agus duine a bhfuil leas aige sa talamh,

(c) comhaontú a dhéanamh, agus a chur i gcrích, le duine eile chun páirtiú i scéim, i ngnóthas nó i dtionscadal le haghaidh caomhnú fiadhúlra agus, chun críocha na scéime, an ghnóthais nó an tionscadail sin, aon cheann nó cinn de na feidhmeanna a shannfar chuige faoin Acht seo a chomhlíonadh,

(d) deontais nó iasachtaí a thabhairt ar mhaithe le tionscadail nó gníomhaíochtaí arb é is cuspóir dóibh fiadhúlra i gcoitinne a chaomhnú, gné áirithe den chaomhnú sin nó áiseanna agus gustail fiaigh a fhorbairt agus iad a úsáid go cuí,

(e) scéimeanna nó tionscadail a thionscnamh, go díreach nó go hindíreach, cibé acu go haonrach nó i dteannta daoine eile é, chun fiadhúlra a chacmhnú agus a úsáid níos fearr nó chun aon damáiste, nó bunadh damáiste, do fhiadhúlra a chosc, a laghdú nó a dhíchur.

(3) Féadfaidh an tAire, go díreach nó i gcomhar le duine eile nó trí bhíthin duine eile—

(a) taighde a dhéanamh, nó a chur á dhéanamh, is inmhianaithe, dar leis, chun a fheidhmeanna faoin Acht seo a chomhlíonadh,

(b) eolas agus tuiscint a chothú ar ábhair atá gaolmhar leis na feidhmeanna a shannfar dó faoin Acht seo.

(4) Ní dhéanfaidh aon ní san alt seo srianadh, dochar ná difear maidir le comhlíonadh aon fheidhme ag an Aire Talmhaíochta agus Iascaigh a d'fhéadfadh sé a chomhlíonadh díreach roimh thosach feidhme an ailt seo.

Oibleagáidí ginearálta Airí Stáit agus údarás agus comhlachtaí áirithe eile maidir le hanaclanna agus tearmainn dúlra.

1963, Uimh. 28 .

1976, Uimh. 20 .

12. —(1) Baineann an t-alt seo—

(a) le húdarás áitiúil,

(b) leis na Coimisinéirí,

(c) le haon chomhlacht eile—

(i) is comhlacht a bunaíodh le reacht nó faoi reacht agus a mhaoinítear go hiomlán nó go páirteach trí bhíthin iasachtaí nó deontas arna dtabhairt ag Aire Stáit,

(ii) is cuideachta (dá ngairtear cuideachta Stát-tionscanta san fho-alt seo) de réir brí Acht na gCuideachtaí, 1963 , ina bhfuil tromlach na scaireanna ar teachtadh ag Aire Stáit nó thar a cheann,

(iii) is cuideachta de réir brí an Achta sin ina bhfuil formhór na ngnáthscaireanna ar teachtadh ag cuideachta Stát-tionscanta, nó comhlacht arna bhunú agus arna mhaoiniú mar a shonraítear i bhfo-mhír (i) den mhír seo, agus

a bhfuil i bhfeidhm ina leith de thuras na huaire treoir arna tabhairt chun críocha an ailt seo ag an Aire.

(2) Faoi réir fho-alt (3) den alt seo, déanfaidh Aire Stáit seachas an tAire agus gach údarás nó comhlacht lena mbaineann an t-alt seo—

(a) sula gcinnfear aon ábhar nó a dhéanfar aon ní atá, dar leis nó leo, nó a mbeidh sé curtha in iúl ag an Aire, don Aire Stáit eile nó don údarás nó don chomhlacht, gurb ábhar nó ní é is dócha nó is baolach a rachadh in éifeacht nó a chuirfeadh isteach ar oiriúnacht aon talún le haghaidh anaclainne nó tearmainn dúlra, cibé acu é, ar talamh é a mbaineann ordú bunaithe, ordú aitheantais nó ordú sainiúcháin leis, nó ar bhainistíocht talún de bhun agus de réir comhaontú faoi alt 18 den Acht seo, comhairle a ghlacadh leis an Aire maidir leis an éifeacht nó an cur isteach sin a sheachaint nó a mhaolú, agus

(b) gach beart is oircheas a chur chun feidhme d'fhonn an éifeacht nó an cur isteach sin a sheachaint nó a mhaolú.

(3) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (2) den alt seo i gcás—

(a) aon chinneadh nó aon ní a dhéanfar in éigeandáil,

(b) feidhmeanna an Aire Rialtais Áitiúil nó údaráis phleanála faoi Chodanna III agus IV den Acht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 , nó faoi Chuid V den Acht sin (seachas ailt 47, 48 agus 49), nó faoin Acht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1976, nó

(c) feidhmeanna an Bhoird, nó

(d) feidhmeanna na gCoimisinéirí faoi na h Achta Siltin Airtéirigh, 1945 agus 1955.

(4) Féadfaidh an tAire treoir chun críocha an ailt seo a thabhairt maidir le comhlacht a thuairiscítear i bhfo-alt (1) (c) den alt seo agus tiocfaidh aon treoir den sórt sin i bhfeidhm nuair a thabharfar í agus fanfaidh sí i bhfeidhm go dtí go gcealóidh an tAire í.

An Chomhairle um Fhiadhúlra.

13. —(1) Déanfaidh an tAire, le hordú, comhlacht a bhunú dá ngairfear sa Ghaeilge an Chomhairle um Fhiadhúlra agus sa Bhéarla The Wildlife Advisory Council (comhlacht dá ngairtear an Chomhairle san Acht seo) chun na feidhmeanna a chomhlíonadh a shanntar di leis an Acht seo.

(2) Féadfaidh an Chomhairle, dá deoin féin nó ar iarratas ón Aire, moltaí a dhéanamh don Aire i dtaobh bheartas ginearálta an Aire (lena n-áirítear beartas riaracháin) i ndáil le caomhnú fiadhúlra nó i dtaobh aidhmeanna a bheidh le socrú nó cláir a bheidh le cur i ngníomh ag an Aire i ndáil leis an gcaomhnú sin, ach ní fhorléireofar aon ní san fho-alt seo mar ní á chumasú don Chomhairle aon mholadh a dhéanamh don Aire i dtaobh ábhar áirithe riaracháin.

(3) Déanfaidh an tAire cibé bearta is iomchuí leis chun an Chomhairle a choinneáil ar an eolas faoi ábhair a bhaineann le caomhnú fiadhúlra is dóigh leis a chuideodh leis an gComhairle chun na feidhmeanna a shanntar di le fo-alt (2) den alt seo a chomhlíonadh.

(4) Féadfaidh an tAire a iarraidh ar an gComhairle a tuairim a thabhairt dó maidir le haon fheidhm a shanntar dó leis an Acht seo nó maidir le haon ábhar a mheasfaidh sé a bheith bainteach le haon fheidhm den sórt sin agus beidh de dhualgas ar an gComhairle déanamh de réir aon iarratais den sórt sin.

(5) Faoi réir fho-alt (6) den alt seo, féadfaidh an tAire, le hordú arna dhéanamh le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí sa mhéid go mbaineann sé le liúntais do chomhaltaí den Chomhairle, foráil a dhéanamh le haghaidh cibé ní nó nithe acu seo a leanas is iomchuí leis:

(a) comhdhéanamh na Comhairle,

(b) an tréimhse a bheidh, agus na téarmaí agus na coinníollacha faoina mbeidh, comhaltaí na Comhairle i seilbh oifige,

(c) an tslí ina bhféadfaidh comhalta den Chomhairle éirí as oifig agus an modh agus na himthosca ina bhféadfaí comhalta di a chur as oifig,

(d) gnó agus nós imeachta na Comhairle.

(e) liúntais shonraithe a íoc le comhaltaí den Chomhairle,

(f) aon ábhar atá coimhdeach nó foghabhálach le haon ní acu sin roimhe seo.

(6) Sula ndéanfaidh an tAire ordú faoin alt seo ina mbeidh forálacha maidir le comhdhéanamh na Comhairle, rachaidh sé i gcomhairle le haon Aire Stáit eile nó le comhlacht arna bhunú le reacht, nó á rialú faoi reacht, a measfaidh an tAire gur dá gcúram é.

(7) Is é an tAire a cheapfaidh comhaltaí na Comhairle agus áireofar orthu cibé méid daoine a measfaidh sé, de dhroim a n-eolas nó a gcleachtadh, nó a gcúram sa talamhaíocht, san iascach, i spóirt mhachaire, i gcaomhnú fiadhúlra nó in eolaíocht éigin eile, gur daoine iad a áiritheoidh go gcabhróidh an Chomhairle go táigiúil le caomhnú an fhiadhúlra a chur chun cinn.

Boird a bhunú chun seirbhísí áirithe a sholáthar nó a riaradh.

1895, c. 16.

14. —(1) Má mheasann an tAire go n-éascófaí dá bhíthin soláthar nó riaradh aon seirbhíse a gcumasaítear dó faoin Acht seo í a sholáthar nó a riaradh, féadfaidh sé, le toiliú an Aire Airgeadais agus Aire na Seirbhíse Poiblí agus tar éis dul i gcomhairle le cibé Aire Stáit eile (más ann) a measfaidh an tAire gur cuí dul i gcomhairle leis sna himthosca, bord (ar a dtabharfar an t-ainm a shonrófar san ordú) a bhunú, le hordú, chun an tseirbhís sin a sholáthar nó a riaradh, nó chun í a sholáthar agus a riaradh thar a cheann, de réir cibé treoracha (a gcloífidh an Bord leo) a thabharfaidh sé ó am go ham i ndáil le beartas ginearálta an Aire i dtaobh fiadhúlra.

(2) Beidh feidhm maidir le bord a bhunóidh an tAire faoin alt seo ag cibé forálacha, dá bhfuil sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, a shonróidh an tAire le hordú, agus chun feidhm a thabhairt d'aon fhoráil den sórt sin maidir le bord áirithe a sonrófar an fhoráil sin ina leith amhlaidh, déanfar aon tagairt sa Sceideal sin don Bhord a fhorléiriú mar thagairt don bhord áirithe sin.

(3) Féadfaidh an tAire le hordú, más iomchuí leis é, a fhoráil go bhféadfaidh an tAire a threorú do bhord sonraithe, arna bhunú faoin alt seo, gníomhú thar a cheann i gcomhlíonadh cibé feidhmeanna dá chuid faoin Acht seo (seachas ionchúiseamh i gcion) a bheidh sonraithe san ordú, agus comhlíonfaidh an Bord a bheidh sonraithe amhlaidh aon treoir den sórt sin agus beidh aige gach cumhacht is gá chun aon treoir a thabharfaidh an tAire dó de bhun an ordaithe a chur in éifeacht.

(4) (a) Maidir le gach bliain chuntasaíochta déanfaidh bord arna bhunú ag an Aire faoin alt seo, laistigh den tréimhse shonraithe a thosóidh díreach tar éis bliain chuntasaíochta an Bhoird, tuarascáil a thabhairt don Aire ar a ghníomhaíochtaí i gcaitheamh na bliana sin, agus cuirfidh an tAire faoi deara go leagfar cóipeanna den tuarascáil faoi bhráid gach Teach den Oireachtas.

(b) Déanfaidh an tAire, maidir le bord arna bhunú aige faoin alt seo, tréimhse a shonrú chun críocha mhír (a) den fho-alt seo, agus gairtear an tréimhse shonraithe sa mhír sin den tréimhse a shonrófar amhlaidh.

(5) Ní dhéanfaidh an tAire cúlghairm ar ordú faoin alt seo ag bunú boird gan toiliú an Aire Airgeadais agus Aire na Seirbhíse Poiblí araon.

(6) I gcás ina gcúlghairfidh an tAire ordú faoin bhfo-alt seo beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas:

(a) an mhaoin uile, réadach nó pearsanta (lena n-áirítear ábhair i gcaingean), a bhí, díreach roimh thosach feidhme an ordaithe, dílsithe don bhord lena mbaineann an t-ordú cúlghairthe (dá ngairtear an bord anseo feasta san fho-alt seo) nó dá chuid féin aige nó ar teachtadh ar iontaobhas nó faoi réir coinníollacha dó, agus na cearta, na cumhachtaí agus na pribhléidí uile a bhaineann nó a ghabhann le haon mhaoin den sórt sin, tiocfaidh siad, ar thosach feidhme an ordaithe gan aon tíolacadh ná sannadh, ach faoi réir a n-aistrithe, más gá sin, i leabhair aon bhainc, chorparáide nó chuideachta, chun bheith, agus beidh siad, dílsithe don Aire nó ina maoin de chuid an Aire nó ar teachtadh ar iontaobhas nó faoi réir coinníollacha (mar is gá sa chás) don Aire le haghaidh an leasa uile chun a raibh an céanna, díreach roimh an tosach feidhme sin, dílsithe don bhord nó dá chuid féin aige, nó ar teachtadh ar iontaobhas nó faoi réir coinníollacha dó, ach faoi réir na n-iontaobhas, na gcoinníollacha agus na gcothromas uile a bhaineann leis an gcéanna agus a bhí ar marthain agus inchomhlíonta an uair sin,

(b) an mhaoin sin a bhí, díreach roimh an tosach feidhme sin, breactha i leabhair aon bhainc nó cláraithe i leabhair aon bhainc, corparáide nó cuideachta in ainm an bhoird iomchuí, déanfaidh an banc, an chorparáid nó an chuideachta sin, ar an Aire dá iarraidh sin tráth ar bith tráth an tosach feidhme sin nó dá éis, í a aistriú sna leabhair sin chun ainm an Aire,

(c) féadfaidh an tAire, ar an tosach feidhme sin nó dá éis, agra a dhéanamh i leith aon ábhar i gcaingean a aistrítear leis an alt seo, nó é a ghnóthú nó a chur i bhfeidhm ina ainm féin, agus ní gá don Aire fógra i dtaobh an aistrithe a dhéantar leis an alt seo a thabhairt don duine a bheidh faoi cheangal ag an ábhar i gcaingean sin,

(d) gach fiach agus gach dliteanas eile (lena n-áirítear dliteanais neamhleachtaithe as tortanna nó as sáruithe conartha) a bhí, díreach roimh an tosach feidhme sin, dlite ón mbord agus gan íoc aige nó tabhaithe agus gan urscaoileadh aige, tiocfaidh sé chun bheith agus beidh sé, ar an tosach feidhme sin, ina fhiach nó ina dhliteanas ar an Aire agus íocfaidh nó urscaoilfidh an tAire é agus féadfar é a ghnóthú ón Aire agus a chur i bhfeidhm ina choinne dá réir sin, agus

(e) más rud é, díreach roimh an tosach feidhme sin, go mbeidh aon imeachtaí dlíthiúla ar feitheamh ar páirtí iontu an bord, cuirfear ainm an Aire in ionad an bhoird, agus ní rachaidh na himeachtaí ar ceal mar gheall ar an ionadú sin.

(7) Ní bheidh feidhm ag alt 12 den Finance Act, 1895, maidir le maoin nó cearta a aistrítear le fo-alt (6) den alt seo a dhílsiú don Aire.