14 1977


Uimhir 14 de 1977


ACHT NA bPRÍOSÚN, 1977

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ ACHT NA bPRÍOSÚN, 1972 . [26 Bealtaine, 1977]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Leasú ar Acht na bPríosún, 1972 .

1972, Uimh. 7 .

1. —Leasaítear leis seo alt 2 d'Acht na bPríosún, 1972 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) Leanfaidh an t-alt seo i ngníomh go dtí an 31ú lá de Bhealtaine, 1980.”.

Gearrtheideal agus comhlua.

2. —(1) Féadfar Acht na bPríosún, 1977 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar Achtanna na bPríosún, 1826 go 1977, a ghairm d'Achtanna na bPríosún, 1826 go 1974, agus den Acht seo le chéile.