An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil IV Cáin Chorparáide i ndáil le Cuideachtaí Monaraíochta Airithe) Ar Aghaidh (Caibidil VI Cáin Ioncaim, Cáin Chorparáide, Cáin Bhrabús Corparáide agus Cáin Ghnóchan Caipitiúil)

18 1977

AN tACHT AIRGEADAIS, 1977

Caibidil V

Cánachas ar Ghnóchain Inmhuirearaithe

Leasú ar alt 3 (cánachas ar ghnóchain chaipitiúla agus an ráta muirir) den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 .

33. —Déantar leis seo, le héifeacht amhail ar an agus ón 6ú lá d'Aibreán, 1976, alt 3 (3) den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 , a leasú trí “ailt 6 agus 32” a chur in ionad “alt 6” agus tá an fo-alt sin (3), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TABLA

(3) Faoi réir ailt 6 agus 32, 26 faoin gcéad an ráta cánach gnóchan caipitiúil.

Leasú ar alt 31 (iontaobhais aonad) den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 .

34. —Déantar leis seo, le héifeacht amhail ar an agus ón 6ú lá d'Aibreán, 1976, alt 31 den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 , a leasú—

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (5)—

“(5A) Ní gnóchain inmhuirearaithe aon ghnóchain a fhaibhreoidh ar aonaid in iontaobhas aonad a dhiúscairt i gcás—

(a) cónaí agus gnáthchónaí sa Stát a bheith ar iontaobhaithe an iontaobhais aonad gach uile thráth (ach gan aon tráth roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1974, a chur i gcuntas), agus

(b) gurb é rud é an t-iontaobhas aonad scéim a bunaíodh agus é de chuspóir nó d'éifeacht aici, d'aontoisc nó go formhór, saoráidí a sholáthar chun an pobal a bheith rannpháirteach, mar thairbhithe, faoi iontaobhas, i mbrabúis nó in ioncam as urrúis nó aon mhaoin eile a fháil, a theachtadh, a bhainistí nó a dhiúscairt agus atá á riaradh ag sealbhóir ceadúnais faoin Acht Arachais, 1936 , agus ar gá, chun bheith rannpháirteach inti, maidir le haonaid ar tar éis an 14ú lá de Mheitheamh, 1973, a eisíodh ar dtús iad, polasaí árachais ar shaol duine a chur i gcrích (ach sin ar dhóigh nach dtiocfaidh na haonaid chun bheith ina maoin de chuid úinéir an pholasaí mar shochair nó eile).”,

agus

(b) trí na focail “agus in alt 32” i bhfo-alt (6) go dtí deireadh an fho-ailt sin a scriosadh,

agus tá an fo-alt sin (6), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TABLA

(6) San alt seo ciallaíonn “dáileadh caipitil” aon dáileadh as iontaobhas aonad, lena n-áirítear dáileadh i gcúrsa an t-iontaobhas aonad a fhoirceannadh, in airgead nó i luach airgid ach amháin dáileadh ar ioncam chun críocha cánach ioncaim é i lámha an fhaighteora.

Iontaobhais aonad: faoiseamh i gcásanna áirithe.

35. —Déanfar, le héifeacht amhail ar an agus ón 6ú lá d'Aibreán, 1976, an t-alt seo a leanas a chur in ionad alt 32 den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 :

“32.—(1) Bainfidh an t-alt seo—

(a) le hiontaobhas aonad (dá ngairtear ‘iontaobhas aonad cáilitheach’ dá éis seo san alt seo)—

(i) ar scéim iontaobhais aonad chláraithe é de réir brí alt 3 den Acht um Iontaobhais Aonad, 1972 .

(ii) ar sa Stát atá cónaí agus gnáthchónaí ar a iontaobhaithe,

(iii) a bhfoilsíonn na bainisteoirí go rialta praghsanna na n-aonad ann,

(iv) ar aonaid ar aon-luach a dtéann na cearta céanna leo na haonaid go léir ann, agus

(v) a chomhlíon, riamh ó cláraíodh é sa chlár a bunaíodh faoin Acht um Iontaobhais Aonad, 1972 , ach faoi réir fho-alt (6), na coinníollacha a shonraítear i bhfo-alt (5), agus

(b) le diúscairtí sócmhainní ar aonaid iad in iontaobhas aonad cáilitheach (dá ngairtear ‘aonaid cháilitheacha’ dá éis seo san alt seo).

(2) Beidh gnóchain inmhuirearaithe a fhaibhreoidh chuig iontaobhas aonad cáilitheach i 1976-77 nó aon bhliain mheasúnachta dá éis sin inmhuirearaithe i leith cánach gnóchan caipitiúil de réir leath an ráta a shonraítear in alt 3 (3).

(3) Maidir le 1976-77 nó le haon bhliain mheasúnachta dá éis sin—

(a) i gcás gur ó aonaid cháilitheacha a dhiúscairt a dhíorthaigh méid iomlán na ngnóchan inmhuirearaithe a d'fhaibhrigh chuig duine sa bhliain mheasúnachta, déanfar an cháin ghnóchan caipitiúil (más ann) a bheidh inmhuirearaithe ar an duine sin (ar leith ón alt seo) don bhliain a laghdú 50 faoin gcéad,

(b) i gcás a mbeidh ar áireamh an mhéid iomlán gnóchan inmhuirearaithe a d'fhaibhrigh chuig duine, sula ndéantar aon asbhaint faoi alt 5 (1), sa bhliain mheasúnachta—

(i) méid i leith na ngnóchan inmhuirearaithe sin ar aonaid cháilitheacha a dhiúscairt, agus

(ii) méid i leith na ngnóchan inmhuirearaithe sin ar shócmhainní seachas aonaid cháilitheacha a dhiúscairt.

déanfar an méid cánach gnóchan caipitiúil (más ann) is inmhuirearaithe ar an duine sin (ar leith ón alt seo) don bhliain a laghdú cibé méid a mbeidh idir é agus an méid sin cánach an chomhréir chéanna a bheidh idir leath an mhéid dá dtagraítear i bhfo-mhír (i) agus iomlán na méideanna dá dtagraítear i bhfomhíreanna (i) agus (ii).

(4) Maidir le haon tréimhse chuntasaíochta de chuid cuideachta, ar tréimhse chuntasaíochta í a bhfuil cáin chorparáide inmhuirearaithe ar an gcuideachta ina haghaidh i leith gnóchan inmhuirearaithe—

(a) i gcás gur ó aonaid cháilitheacha a dhiúscairt an méid iomlán gnóchan inmhuirearaithe a d'fhaibhrigh chuig an gcuideachta don tréimhse chuntasaíochta, déanfar an méid a bheadh (ar leith ón alt seo) le háireamh i leith gnóchain inmhuirearaithe i mbrabúis iomlána na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta faoi alt 13 (1) den Acht Cánach Corparáide, 1976 , a laghdú 50 faoin gcéad,

(b) i gcás a mbeidh ar áireamh an mhéid iomlán gnóchan inmhuirearaithe a d'fhaibhrigh chuig an gcuideachta don tréimhse chuntasaíochta, sula ndéantar aon asbhaint faoi alt 13 (1) den Acht Cánach Corparáide, 1976

(i) méid i leith na ngnóchan inmhuirearaithe sin ar aonaid cháilitheacha a dhiúscairt, agus

(ii) méid i leith na ngnóchan inmhuirearaithe sin ar shócmhainní seachas aonaid cháilitheacha a dhiúscairt,

déanfar an méid a bheadh (ar leith ón alt seo) le háireamh i leith gnóchan inmhuirearaithe i mbrabúis iomlána na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta faoi alt 13 (1) den Acht Cánach Corparáide, 1976 , a laghdú cibé méid a mbeidh idir é agus an méid a bheidh le háireamh amhlaidh an chomhréir chéanna a bheidh idir leath an mhéid dá dtagraítear i bhfomhír (i) agus iomlán na méideanna dá dtagraítear i bhfomhíreanna (i) agus (ii).

(5) Is iad na coinníollacha dá dtagraítear i bhfo-alt (1) (a) (v):

(a) go raibh 80 faoin gcéad ar a laghad de na haonaid ar teachtadh ag daoine a fuair iad de bhun tairiscint a tugadh don phobal i gcoitinne,

(b) nár lú ná 50 líon na sealbhóirí aonad agus nach raibh aon sealbhóir aonad ina úinéir tairbhiúil ar níos mó ná 5 faoin gcéad de na haonaid a bhí eisithe aon tráth agus, chun críocha na míre seo, measfar gur aon sealbhóir aonad amháin duine agus aon daoine eile lena bhfuil baint aige,

(c) nár lú luach na n-urrús luaite a bhí ar teachtadh ag na hiontaobhaithe thar ceann an iontaobhais aonad ná 80 faoin gcéad de réir luacha de na sócmhainní a bhí ar teachtadh amhlaidh ag na hiontaobhaithe, agus

(d) nár mhó na hurrúis a bhí ar teachtadh ag na hiontaobhaithe thar ceann an iontaobhais aonad in aon chuideachta áirithe ná 15 faoin gcéad de réir luacha de na hurrúis go léir a bhí ar teachtadh amhlaidh ag na hiontaobhaithe.

(6) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim déileáil le hiontaobhas aonad mar iontaobhas aonad cáilitheach chun críocha an ailt seo d'ainneoin ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha a shonraítear i bhfo-alt (5) a bheith gan chomhlíonadh i ndáil leis an iontaobhas aonad—

(a) in imeacht na tréimhse dar críoch an 5ú lá d'Aibreán, 1978, i gcás ar cláraíodh an t-iontaobhas aonad sa chlár a bunaíodh faoin Acht um Iontaobhais Aonad, 1972 , roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1976, agus

(b) in imeacht na tréimhse dar críoch dáta nár dhéanaí ná dhá bhliain tar éis an dáta a cláraíodh an t-iontaobhas aonad sa chlár sin i gcás an t-iontaobhas aonad a chlárú amhlaidh an 6ú lá d'Aibreán, 1976, nó dá éis.

(7) San alt seo—

folaíonn ‘urrúis’ urrúis lena mbaineann alt 19 agus stoic, scaireanna, bannaí agus oibleagáidí le haon rialtas, bardas cathrach, cuideachta nó comhlacht corpraithe eile;

ciallaíonn ‘urrúis luaite’ urrúis a bhfuil nó a raibh margadhluachanna luaite orthu ar stocmhargadh sa Stát nó in áit éigin eile tráth ar bith a bheidh siad le cur i gcuntas chun críocha an ailt seo, nó tráth ar bith i rith na tréimhse sé bliana díreach roimh an tráth sin.”